20.5.20

Ardú suntasach ar líon na ngearán

"Tá géarchéim teanga sa Ghaeltacht mar atá agus mura gcloítear leis an dlí atá ann le cosaint a thabhairt don Ghaeilge sa Ghaeltacht is amhlaidh gur in olcas a rachaidh an scéal,” 


Sháraigh Comhairle Contae Chiarraí an dlí pleanála nuair nár chuir sí i bhfeidhm coinníoll teanga a bhí ag dul le cead pleanála do scéim tithíochta i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, de réir imscrúdú a rinne an Coimisinéir Teanga.

Dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, gur “imscrúdú tábhachtach” a bhí anseo mar gheall ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag ardú ar líon na ndaoine nach cainteoirí Gaeilge iad “ar thodhchaí na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht”.

“Tá géarchéim teanga sa Ghaeltacht mar atá agus mura gcloítear leis an dlí atá ann le cosaint a thabhairt don Ghaeilge sa Ghaeltacht is amhlaidh gur in olcas a rachaidh an scéal,” arsa an Coimisinéir Teanga.

Siod í an chéad uair a rinneadh fiosrúchán maidir le foráil de chuid an Achta um Pleanáil agus Forbairt, 2000. Tá eolas faoin imscrúdú sin le fáil i dTuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga, a foilsíodh inniu.

De réir na tuarascála, tháinig ardú suntasach (11%) ar líon na ngearán a rinneadh le hOifig an Choimisinéara Teanga anuraidh. Dúirt an Coimisinéir Teanga gur léiriú é an t-ardú ar líon na ngearán ar na deacrachtaí leanúnacha atá ag daoine seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a fháil.

Bhain formhór na ngearán le comharthaíocht agus stáiseanóireacht, freagraí i mBéarla ar chumarsáid i nGaeilge, comharthaí bóthair agus deacrachtaí maidir le húsáid ainmneacha agus sloinnte i nGaeilge.

"Ní raibh ar ár gcumas thart ar leath na ngearán a fhiosrú de bharr nár tháinig ábhar na ngearán sin, den chuid is mó, faoi chuimsiú Acht na dTeangacha Oifigiúla ná faoi chuimsiú aon achtachán eile a bhain le stádas nó le húsáid teanga oifigiúla." Léiríonn sé seo an géar ghá atá ann Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003 - 17 mbliain déag ó shin) a leasú.

In 2019 chomh maith (Mí Iúl), foilsíodh a chéad Tuarascáil Faireacháin ag an gCoimisinéir. Dhírigh sé ar an líon foirne le hinniúlacht sa Ghaeilge i ranna rialtais, suíomhanna gréasáin na n-údarás áitiúil agus ar chomharthaíocht ag suíomhanna oidhreachta. Tá súil aige Tuairascáil nua a fhoilsiú sa Samhradh.

Tugtar uasdátú sa Tuarascáil Bhliantúil ar an bhfreagra a thug RTÉ ar chinneadh an Choimisinéara gur sháraigh RTÉ an dlí craolacháin maidir lena dhualgas i leith na Gaeilge agus 99.3% dá sceideal teilifíse i mBéarla amháin.

D’fháiltigh an Coimisinéir Teanga roimh ghealltanas a fuair sé ó RTÉ go dtiocfadh ardú suntasach ar líon na gclár Gaeilge a chraolfar ar chainéil teilifíse an stáisiúin i mbliana, ach dúirt sé go gcaithfí tuilleadh a dhéanamh chun a chinntiú go mbeadh a ndualgais teanga faoin Acht á gcomhlíonadh go hiomlán ag an gcraoltóir.

Leag an Coimisinéir Teanga béim chomh maith ina thuarascáil ar an ngá le hAcht na dTeangacha Oifigiúla a leasú. Dúirt sé nach dtéann an Bille leasaithe a foilsíodh ag deireadh na bliana anuraidh i ngleic mar ba chóir leis an easpa seirbhísí Stáit atá ar fáil trí Ghaeilge. Tharraing sé aird chomh maith ar an scéala nach raibh sprioc-am luaite sa Bhille maidir le líon na gcainteoirí Gaeilge a deirtear a earcófar sa tseirbhís phoiblí.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment