13.12.19

Céim thábhachtach ach tuilleadh gnímh ag teastáil...

Foilsíodh Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 inniú (13 Nol 2019)*. D'éisigh an Coimisinéir Teanga ráiteas úm thráthnóna á fháiltiú mar céim thábhachtach ach ag an am céanna tá tuilleadh gnímh ag teastáil don Ghaeltacht agus don Earcaíocht.
"Is céim thábhachtach é foilsiú Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) sa phróiseas a cuireadh ar bun le go mbeadh Acht teanga níos láidre agus níos oiriúnaí dá fheidhm againn. Is maith ann an deis a bheidh againn scrúdú a dhéanamh ar na leasuithe ach is údar imní na heasnaimh atá ar an mBille.


"Is fada muid ag cásamh na laigí ar an reachtaíocht mar atá agus ba cheart go dtabharfaí aghaidh orthu ag an tráth seo. Deis chaillte a bheadh ann gan sin a dhéanamh...
Le linn na díospóireachta sin tá sé tábhachtach go bhféachfaí i gcónaí le freastal ar riachtanais phobal na teanga agus a gcearta.."
"Tá béim leagtha agam go rialta ar thrí phríomhleasú a fheictear dom a bheith riachtanach chun bonn níos láidre a chur faoin Acht. Baineann na leasuithe sin le soláthar sheirbhísí an Stáit sa Ghaeltacht, le hathruithe ar pholasaithe earcaíochta an Stáit agus le bunú córais caighdeán teanga a leagfaidh dualgas níos soiléire ar chomhlachtaí poiblí maidir le freastal ar an bpobal i gcéadteanga oifigiúil na tíre.

"Tá tagairt déanta sa Bhille nua do na nithe sin agus do roinnt forálacha tábhachtacha eile, ach ní thugann an Bille, mar atá sé faoi láthair, aghaidh ar bhealach críochnúil ar roinnt de na ceisteanna is tábhachtaí a bhaineann le soláthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus le cearta teanga an phobail a chosaint.

An Ghaeltacht
"Is léir staid leochaileach na Gaeilge sna limistéir Ghaeltachta i dtorthaí an daonáirimh agus i saothair thaighde éagsúla le roinnt blianta. Tá sé ríthábhachtach mar sin go gcuirfí bonn reachtúil faoi sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge sa Ghaeltacht agus go ndaingneofaí sa reachtaíocht cearta teanga phobal na Gaeltachta. Faraor, ag an tráth seo, níl aon fhoráil dhaingean sa Bhille a chuirfeadh dualgas ar an Stát a chinntiú go bhfreastalófar ar phobal na Gaeltachta ina dteanga dhúchais.

Earcaíocht
"Tacaím leis an moladh go n-ullmhófaí plean reachtúil náisiúnta do sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus aontaím gur chóir do pholasaithe agus cleachtais nua earcaíochta a bheith ina ndlúthchuid den phlean sin. Is cúis imní dom, áfach, nach bhfuil dóthain ionadaíochta á thabhairt do shaineolaithe seachtracha ná don phobal ar an gCoiste Comhairleach atá le bunú faoin Acht leasaithe chun an plean feidhmithe a ullmhú. Is cúis imní dom freisin nach bhfuil sprioc-am luaite le foilsiú an phlean agus nach bhfuil dualgas reachtúil ann aon phlean a aontaítear a chur i bhfeidhm.

Córas Caighdeán
"Ar cheann de mhórfhorálacha an Bhille tá an moladh go gcuirfí córas caighdeán teanga in áit chóras na scéimeanna teanga. Moladh fiúntach é seo, ach is deacair breithiúnas a thabhairt ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an athrú seo gan na dréachtchaighdeáin a bheith ar fáil dúinn. Creidim go rachadh sé go mór chun sochair do phróiseas measúnaithe an Bhille dá gcuirfí na dréachtchaighdeáin sin ar fáil gan mhoill.

"Sna seachtainí amach romhainn beidh deis againn mionscrúdú a dhéanamh ar na leasuithe atá molta ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus go deimhin ar nithe tábhachtacha eile nach bhfuil luaite sa Bhille seo. Is fada muid ag cásamh na laigí ar an reachtaíocht mar atá agus ba cheart go dtabharfaí aghaidh orthu ag an tráth seo. Deis chaillte a bheadh ann gan sin a dhéanamh.

"Le linn na díospóireachta sin tá sé tábhachtach go bhféachfaí i gcónaí le freastal ar riachtanais phobal na teanga agus a gcearta, ag cur san áireamh stádas na Gaeilge mar theanga náisiúnta agus mar chéadteanga oifigiúil na tíre."

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019.



• Cad atá sa bhille teanga nua agus cén difear a dhéanfaidh sé do phobal na Gaeilge? - Ainailís i dTuairisc.ie
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment