6.5.16

Buaileadh bos...buaileadh lapa!

Deineadh gearán le déanaí faoi áiritheoirí dhaonáirimh áirithe agus a ndearcadh faoin nGaeilge. Fiú anseo sa Ghaeltacht bhí gearáin nach raibh cuid acu sásta nó ábalta Gaeilge a labhairt. Fiú anseo, i gceantair láidir Ghaeltachta, tháinig duine chuig an teach s'againne agus nuair nach raibh éinne sa bhaile fágadh nóta beag ag rá san. Carta dhá theangach Gaeilge ar thaobh amháin agus Béarla ar an taobh eile ach líonadh an taobh Bhéarla.

Ach ní ag gearán atá mé inniú ach ag moladh.

Is cosúil gur tháinig Cigire Cheadúnais Madraí ón gComhairle Chontae agus arís ní raibh éinne roimhe. Mar sin d'fhág sé nóta oifigiúil aon teangach á rá san. Bhí sé iomlán i nGaeilge, mar is ceart i gceantair Ghaeltachta.

Cén fáth nach féidir gach gníomhaire riaracháin ag obair sa Ghaeltacht bheith mar sin?

Ní gá anois ach Gaeilge a mhúineadh le gaidhríní na Gaeltachta!



Share/Save/Bookmark

1 comment:

  1. Dea scéal, fair play dhó.
    Sliocht as - 'Gugalaí Gug':
    "Meig meig" a deir an gabhar
    "what what" a deir an caora
    "by dad" a deir an gabhar, "tá Béarla ag an gcaorach!"
    (agus trácht in aice leis ag caint faoin nós Gaeltacht a bheith ag caint leis na gadhair i mBéarla sin mar a smaoineamh mé air)

    ReplyDelete