20.4.16

Earráid faoin gcarta fleisce!

"Mar a thuigfidh tú, tá súil agam, tarlaíonn earráidí uaireanta, nuair a bhítear ag déileáil le roinnt ócáidí ag an am céanna." Roinn na Toaisigh.


Níor chreid mé ar dtús é nuair a léigh mé an cárta a bhí ar bhlaithfhleasc an Taoisigh ag Reilig Glas Naoín le deanaí ag nochtadh an bhalla chuimhneacháin ann. (Má cuimhin leat sé seo an balla ina deineadh mí-litriú den fhocal "Éirí" air agus atá ceartaithe faoin am seo.)

Ní raibh fhios agam ar tháinigh an carta agus na botúin ann faoi dlínse nó údarás an Choimisinéara Teanga agus mar sin scríobh mé chuige (ag eolas@coimisineir.ie) mar seo.

"Seo pic den chárta a bhí ar bhlathfhleasc an Taoisigh. Mar a fheiceann tú tá roinnt bhotúin san 'leagan Gaeilge' de. Tá an píosa i mBéarla i gcear tá mé ag ceapadh.

"Tá fhios agam nach féidir aon rud a dhéanamh faoi anois. Tá an damáiste déanta! Ach sílim gur fiú a pointe a dhéanamh lena Roinn faoi."

D'fhreagair siad mé "le casadh an phoist" ag rá go ndéanfadh siad fiosraithe faoi.

Ansin fuair mé freagra níos iomláine seachtain ó shin mar seo:

"Tagraím don ghearán uait go raibh botúin ar an leagan Gaeilge den chárta ar bhláthfhleasc an Taoisigh, ag comóradh Éirí Amach na Cásca 1916.

Mar is eol duit, tharraingíomar do ghearán anuas le Roinn an Taoisigh agus tá freagra faighte againn uatha anois ag rá gur aistríodh an téacs i gceart ach nár cóipeáladh an t-aistriúcháin ceart go cruinn ar an gcárta. Ghlac an Roinn leithscéal as an mbotún seo agus dhearbhaigh siad go bhfuil nósanna imeachta ar bun anois lena chinntiú go ndéanfaidh an dara ball foirne gach aistriúcháin a phrofáil sula gcuirtear i gcló iad (cóip faoi iamh).

Go raibh maith agat as aird na hOifige a dhíriú ar an gcás seo."

Agus seo an teachtaireacht ó Roinn an Taoisigh:



A dtárlaíonn rudaí mar seo le haon rud a scríofá i mBéarla - nó aon teanga eile seachas an Teanga Náisiúnta?



Ná dearmad gur féidir teangmháil a dhéanamh leis an gCoimisinéir Teanga ag eolas@coimisineir.ie nó 091 504006.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment