30.3.16

GaelVóta á leanúint i dTithe an Oireachtais.

Is beag tagairt atá a dhéanamh ar éilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta i rith fheachtais don tSeanaid ach mar sin féin tá dul chun cinn áirithe á dhéanamh sa Dáil nua thofa.

Deireann Conradh na Gaeilge o bhfuil dul chun cinn leanúnach á dhéanamh san fheachtas ó dheas chun na dtrí éileamh olltoghcháin a chur chun cinn leis na polaiteoirí a toghadh le déanaí (mar a chuireamar in iúl duit cheana, tá móramh na dTeachtaí Dála nua ag tacú leis na móréilimh).


Trí Éileamh
1. Eileamh: An cás le haghaidh maoinithe bhreise!
2. Éileamh: Aire Sinsearach!
3. Eileamh: Coiste Oireachtas.
Léiriú ar an dul chun cinn atá déanta go dtí seo ná alt a scríobh Maitiú Ó Coimín ar Tuairisc.ie, ag tuairisciú nach mbunóidh Fianna Fáil aon rialtas ná nach dtacóidh siad le bunú aon rialtais mura áirítear aire sinsearach le Gaeilge ann le cúram na Gaeltachta agus na Gaeilge air nó uirthi. (Tá feabhas ar an suíomh acu le níos mó Gaeilge le feiscint ann!)

"Is mór againn an brú a chuir tú ar do pholaiteoirí áitiúla go dtí seo, ach is gá dúinn an brú a choinneáil ar na polaiteoirí go fóill" a deireann Ard-Rúnaí an Conartha, Julian de Spáinn. "Bheimis an-bhuíoch duit dá bhféadfá na rudaí seo a leanas a dhéanamh roimh an 6 Aibreán le do thoil:
  • Ceist a chur ar na polaiteoirí a thacaíonn leis na héilimh agus a toghadh i do dháilcheantar, cén dul chun cinn atá déanta acu leis na trí éileamh a bhaint amach (tá sonraí teagmhála na bpolaiteoirí ar fáil ar shuíomh #GaelVóta)
  • Teagmháil a dhéanamh le foireann idirbheartaíochta na bpáirtithe éagsúla (m.sh. tá Barry Cowen, Charlie McConalogue, Jim O’Callaghan agus Michael McGrath mar chuid d’fhoireann idirbheartaíochta Fhianna Fáil) agus labhairt leo faoi na héilimh
  • Teagmháil a dhéanamh le baill an choiste a bunaíodh le déanaí le hathchóiriú a dhéanamh ar an gcaoi a fheidhmíonn an Dáil. Tá an-deis againn brú a chur ar an gcoiste seo go háirithe chun an tríú éileamh a bhaint amach, .i. go mbunófaí Comhchoiste Oireachtais seasta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ar comhchéim leis na Comhchoistí Oireachtais eile."
Na baill ón gcoiste nua seo a thacaíonn leis an éileamh seo (naonúr as an gcúigear déag ar an gcoiste mar eolas) ná:
    • Seán Ó Fearghaíl, Ceann Comhairle & cathaoirleach an choiste;
    • Thomas Byrne, Éamon Ó Cuív agus Darragh O’Brien ó Fhianna Fáil;
    • Louise O’Reilly agus Aengus Ó Snodaigh ó Shinn Féin;
    • Paul Murphy ó Phobal Roimh Bhrabús;
    • Thomas Pringle, Neamhspleách; agus
    • Eamon Ryan ón gComhaontas Glas.
("Cá bhfuil Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre sa liosta seo?" a deirim liom féin!)

"Tuigeann muid go bhfuil sé deacair teagmháil leanúnach a dhéanamh leis na polaiteoirí arís agus arís eile ach tá sé ríthábhachtach má táimid chun an trí éileamh a bhaint amach," a deireann de Spáinn.

@OireachtasNews @CnaG #Seanad16

Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment