7.10.13

Gluaiseacht ciúin? Gaeltacht á mharú!

Chuala mé Seosamh Ó Cuaig ar an Raidío ar maidin ag caint faoin ngéarchéim anseo i gConamara.

Tá an Roinn Coimirce Soisialaí (Béarla - Helping you build a better life!) le na seirbhísí go léir i nGaeltacht Chonamara a dhúnadh. Beidh ar poball na Gaeltachta atá ag lorg cabhair, eolas, coimirce dul go Gaillimh nó chuig an gClochán le haghaidh na seirbhísí. Níl siad ag tabhairt aon gheallúint go mbeidh seirbhís i dteanga na ndaoine sna hoifigí sin. (Ní comhartha maith é nuair a deintear iarracht "Gaeilge" a fháil ar an suíomh idirlín níl sé le fáil!)

Seosamh Ó Cuaig
Má tá duine ag brath ar taisteal poiblí, Bus Éireann, beidh costas mór ar dhuine dul soir nó ó thuaidh le sheirbhís a fháil agus muna bhfuil duine atá ábalta an gnó a dhéanamh leis nó leithí bheadh ar an duine sin dul ar ais. Agus eile má tá duine ina chónaí mar shampla i dTír an Fhia nó sna hOileáin bheadh air nó uirthi bus a fháil ar a 8.00 ar maidin agus níl bus thár n-ais go dtí 16.20. Níl fhios agam conas tá cúrsaí bus ó Charna go dtí an gClochán.

Bhi Seosamh ag deanamh an pointe nár chuala sé éinne ó "Gluaiseacht na Gaeilge" ag rá focal ar bith faoi seo.

Scaip an scéal
Plé láidir le déanamh faoi easpa seirbhísí i gConamara
Dé Domhnaigh, 10 Samhain 2013, Óstán an Dóilín, An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe.
B'fhéidir go gceapann an gluaiseacht céanna gur iarsmalann teanga atá anseo sa Ghaeltacht. Is cinnte gur sin a cheapann an Rialtas mar d'fáisceadar an Ghaeltacht istigh leis na hiarsmalanna, na dánlanna agus na fothracha sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta!

Is pobal é an Ghaeltacht thár aon rud eile agus tá riachtainisí phobal ar bith ortha. Munar leis an stáit na riachtainisí a sholáthar beidh deireadh leis an bpobal sin. Bheadh deireadh le pobal ar bith. Dúradh ag cruinniú a bhí ar an aoine gur cosúil go bhfuil ar an Rialtas seo deireadh a chur leis an tuath agus pobal na tuaithe a dhíbirt isteach sna cathreacha. Tá sé ag tárlú sna ceantreacha tuaithe Béarla chomh maith, Scoileanna, Oifigí Phoist, Oifig Leasa Shoisialaigh, Stáisiúin Ghárdaí á dhúnadh ar son na h-eacnamaíochta.

Tá na Comhairlí Áitiúil á laghdú, diaidh ar ndiaidh. Ní éistear leis na TDeanna and Seandóirí - mar a léirigh freagraí ó Sheáin Kyne (Béarla) ag an gcruinniú úd!

Bhfuil focal ar bith le rá ag Gluaiseacht na Gaeilge faoi seo.

Bhfuil siad le pobal na Gaeltachta?
Share/Save/Bookmark

2 comments:

  1. Tuigim do chás go maith. Sílim go mbionn Gluaiseacht na Gaeilge ciúin - bhíodar ciúin nuair a dúnadh Gaelscéal, mar shampla, agus iad ag smaoineamh ar an cúpla Euro a fhagadh sin le caitheamh ina dtreo - go dtagann sé go dtí a bpostanna féin. An Samhail Nua Mhaoinithe msh. Ní h-é sin le rá nach bhfuil an cheart acu bheith buartha mar gheall ar a bpostanna féin ach tá sceannairt ag titim amach ós comhair a súile agus tá siad - muid - inár dtost. Seo sampla eile den síor sceannairt, ciorrú a chuirfidh ar chumas na Roinne Coimirce Shoisialta (murach go bhfuil an 'Soisialaí' ag tagairt don t-é atá ina hAire agus ní doigh liom é!) a cúramaí i leith na Gaeilge agus i leith an phobail a sheachaint....

    ReplyDelete
  2. Níl sé sin fíor go mbionn deireadh le pobal nuair nach bhfuil rialtas ag cur 'chuile rud ar fáil dóibh. Cruthaíonn áiteacha i SAM é sin.

    Ar ndóigh, beidh deireadh le pobal atá ag brath ar an rialtas chun 'chuile rud a chur ar fáil dóibh agus 'chuile fhadbh a réiteach dóibh. Agus b'fhéidir go bhfuil á leithéid tuillte ag pobal mar sin.

    ReplyDelete