2.11.12

Údarás Neamhspleách no Údarás Tarmligthe

Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. inné. "Mar thoradh ar chinneadh an Rialtais inniu, beidh Coimisinéir Teanga atá ceaptha go reachtúil lonnaithe sa Ghaeltacht i gcónaí agus leanfaidh an Coimisinéir le feidhmiú a chumhachtaí reatha go neamhspleách faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Cás an choimisinéara! (Irish Times 7 Samhain'12)
Chomh maith leis sin, tiocfaidh coiste saineolaithe, a bheidh ag feidhmiú ar bhonn pro bono, in áit an Choimisiúin Logainmneacha. Cinnteoidh an cur chuige seo go mbeidh meicníocht sheachtrach d'athbhreithniú ar logainmneacha Gaeilge ann i gcónaí, de réir dhea-chleachtas."


An Coimisinéir Teanga
"Athstructurú riaracháin amháin." a dúirt sé atá i gceist ar an Raidío faoi. "Dul chun chinn," a thug sé ar an chinneadh. Deireann sé nach bhfuil aon sabháil airgead i gceist. (i ndairíre ní chosnaíonn an Oifig seo mórán níos mó ná phinsin trí nó ceithre Airí Rialtais!)

Céard é an chinneadh atá déanta?

Tá seo ón ráiteas a éisíodh ar an 31ú Lá Deireadh Fomhair 2012:
Tarmligfear comhachtaí & feidhmeanna

Comhcheanglófar Oifig an Choimisinéara Teanga le hOifig an Ombudsman. Leanfaidh Coiminéir (sic) Teanga, a bheidh ceaptha go reachtúil agus a bheidh lonnaithe sa Ghaeltacht, ag feidhmiú cumhachtaí reatha an Choimisinéara go neamhspleách faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

• Comhcheanglófar Oifig an Choimisinéara Teanga le hOifig an Ombudsman.
• Aistreofar cumhachtaí agus feidhmeanna reachtúla an Choimisinéara Teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 chuig an Ombudsman agus tarmligfear iad chuig an gCoimisinéir Teanga faoin reachtaíocht leasaithe.
• Leanfaidh Coimisinéir Teanga, a bheidh ceaptha go reachtúil agus a bheidh lonnaithe sa Ghaeltacht, ag feidhmiú cumhachtaí reatha an Choimisinéara go neamhspleách faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003."

Maolú ar oifig agus cumhachta an Choimisinéara Teanga atá i gceist anseo i ndairíre dár leis an iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív T.D., a chaith cúig mbliain agus níos mó ag seoladh an reachtaíocht (Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003) trén Oireachtas agus a chuir Oifig an Choimisinéara Teanga ar bun. Ní dóigh liom go raibh an Acht gan locht, tá cumhacht an Coimisinéara lag go leor, mar shampla go mór mór toisc nach bhfuil aon cumhacht a deanamh na scéimeanna sna heagraíochtaí poiblí. Ach ar a laghad ba dhuine amháin a bhí ag lucht na Gaeilge agus na Gaeltachta i ndán a chuid gearán a dhíriú air ag cosaint a chuid cearta teanga le dóchas go dtarbhfar aird áirithe air é!

D'éisigh Sinn Féin ráiteas faoi leis agus dúirt a Úrlabhraí Ghaeilge & Gaeltachta Trevor Ó Clochartaigh féin gcinneadh seo, "Tá faitíos orm nach dtuigeann siad impleachtaí na gcinntí atá siad ag déanamh, ná an dochar fadtéarmach a dhéanfaidh sé do chearta Gaeilgeoirí!" Agus seo á scríobh ní fhacathas ráiteas oifigiúil ó Fhiana Fáil seachas an méid a dúirt Éamon Ó Cuív ar an Raidío. Níl tada ann ó Ubhlábhraí Gaeltachta acu, Micheál Kitt go fóill.

Ní fhacathas nó níor chualathas focal ar bith i bhfábhar an chinneadh ó éinne seachas ón Aire Deenihan agus an Aire Stáit. Dúirt an Aire Deenahan go ndeineadh "Comhairliúchán chuimsitheach" faoin gceist seo. Ní fios cé lena rinne siad an comhairliúchán ar bith bíodh sé cuimsitheach nó nach mbíodh! Go bhfios dúinn, mar níor séanadh an méid a dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh, ní le hOifig an Ombudsman ná fiú Oifig an Choimisinéara féin a rinne sé comhairliúchán!

Tarmlig!
Níl amhras ar bith ach go bhfuil neamhspleachas ag an Coimisinéir. Tá feidhmeanna an Choimisinéara soiléir faoin Acht. Tar éis beagnach naoi mbliana tá sé soiléir nach bhfuil eagla ar bith ag Seán Ó Cuirreáin an dlí a chosaint. Tá sé freagrach don Oireachtas amháin agus ceaptha ag an Uachtarán. Ach faoin gcinneadh seo is cosúil don Ombudsman a bheidh sé freagrach mar, "aistreofar cumhachtaí agus feidhmeanna reachtúla an Choimisinéara Teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 chuig an Ombudsman agus tarmligfear iad chuig an gCoimisinéir Teanga!" Muna deirtear a mhalairt is don Ombudsman, Emily O'Reilly, a bheidh sé freagrach agus ní don Oireachtas.

Cinnte is athstructurú atá ansin ach tá sé i bhfad níos mó ná athrú riaracháin. Athríonn sé cumhacht agus freagracht na hoifige go dtí an Ombudsman ón Oireachtas. Ní bheidh ach "tarmlig" nó "toscaire" ann. Ní mar "toscaire" don Ombudsman a ceapadh ag an Uachtarán é. Agus anuas ar sin ní ar mholadh an Rialtas a rinne an Uachtarán an ceapachán seo ach ar mholadh an Oireachtais. Nach mbeidh ortha an Coimisinéar reatha a bhriseadh as a bpost chun go tarmligfear é arís! 

“Cur i gCéill” atá tugtha ag Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Kevin De Barra, ar ráiteas an Aire Stáit. Dúirt sé "Ní thuigtear cén fáth a n-aistreofaí cumhachtaí ó oifig amháin go hoifig eile mura bhfuil siad ach le tairmligean go reachtúil díreach ar ais arís”.

Ní raibh mórán seans ag lucht na meáin soisialta tagairt a dhéanamh ar an gcinneadh go dtí seo. Tá an-chuid ag taisteal chuig Oireachtas na Samhna i Leitir Ceanainn agus seans nach bhfuil siad "ceangailte." Mar sin féin tá roinnt tagairtí ann:

"Spréidheadh ar an dream mhallaithe seo!"


"Mo léamh ar an bpreaseisiúint ná go mbeidh An Coimisinéar Teanga amháin
'neamhspleách' amach anseo, agus go mbeidh an Oifig comhcheangailte i. is dóch go gcaillfí poist!"

"Bheadh an léamh ceánna agam ar an sceál ... Níl cuma maith ar an scéal."

"Tá an Coimisinéar Teanga le ceangal!"

"Creimeadh de réir a chéile"

"Mo náire iad. Ta siad ag déanamh damaiste nach leigheasfar go gceann i bhfad. Na sceimeanna molta o fhoras na gaeilge ag tabhairt ar ais chuig re bord na gaeilge muid an oirthuaisceart ar an trá fhollamh. Bhel nar gheall siad ré úr don ghaeilge, ní dhearna siad mionsonrú ariamh ar cad ba chiall leis an ré úr ach mar a deirtear creimeadh a bhí i gceist!"

"Meas tú an bhfuil sé i gceist leanacht leis an gcoilleadh ach an acht úd a bheith leasaithe as éadan?"

"Coimisinéir neamhspleach, spleach, & Údarás gan fiacal - bhfuil focal níos fearr agat na "coilleadh" air?"

Bhfuil duine ar bith nach bhfuil i bhFine Gael nó sa Lucht Oibre a thuigeann cén ciall atá leis an gcinneadh seo? Bhfuil teangeolaí ar bith ar a son?

Ach thar rud ar bith eile mar a dúirt Kevin De Barra, ""Ní thuigtear cén fáth a n-aistreofaí cumhachtaí ó oifig amháin go hoifig eile mura bhfuil siad ach le tairmligean go reachtúil díreach ar ais arís”.



Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment