8.3.11

Easpa cúirtéise Fine Gael!

Anois is arís deanaim teangabháil leis an páirtithe polataíochta, ranna Rialtais nó an Post, BSL, (nó fiú an CLG!). I nGaeilge amháin a scríobhfainn agus bheinn ag súil le freagra sa teanga chéanna. Go ró-mhinic is i mBearla a scrítear thar n-ais chugam!

Entirely commited...?
Deireann na páirtaithe uilig ó dheas go bhfuil siad "i bhfabhar" na teanga, pé brí atá leis seo. Ní baintear úsáid as an teanga ar aon cheann de na suíomhanna idirlín acu.

An ráiteas a rinne Fine Gael (Béarla) agus Lucht Oibre (Béarla) ag an Deiredh Seachtaine is i mBearla amháin a éisíodh é ag an am agus níorbh fhéidir liom an leagan Gaeilge a fháil ar na suíomhanna.

Bhí sampla uafásach den fimínteacht seo le feiceáil i nGaelscéal ar an Aoine. Bhí imní ag cailín óg Gaeltacht i dtaobh polasaí Fhine Gael i leith na Gaeilge agus scríobh sí chuca ina a teanga féin, teanga phobal Rath Chairn. Ba náireach míchúirtéiseach an fhreagra a fuair sí ó Phil Hogan, Stiúirtheoir Toghchánaíochta Fine Gael. Scríobh sé chuig Rath Chairn, An Mi (sic) agus i mBéarla amháin gan oiread is focail amháin Gaeilge ann agus ag maoimh, "....that Fine Gael is entirely committed to the Irish language and it's future."

Agus is féidir linn léamh idir na línte ".....but for God's sake don't ask us to use it!"
Share/Save/Bookmark

1 comment:

  1. Tá Regina Doherty (an contae céanna) i gcoinne na Gaeilge..

    Chuir mé ríomhphost chuig an lucht oibre ag iarraidh an PFG le fáil i nGaeilge. Táim fós ag fanacht ar an bhfreagra

    ReplyDelete