![]() |
Pádraig Ó hAoláin 1944-2021 |
"Is mór an onóir dár gclann go bhfuil gradam á ainmniú i gcuimhne ar m'athair," arsa Fionnuala Ní Aoláin, iníon Phádraig ar son mhuintir Uí hAoláin. "Chaith sé a shaol ag obair ar son phobal na Gaeltachta agus bhí grá mór aige don obair dheonach a rinne daoine ina bpobail féin. Tá sé thar a bheith oiriúnach go mbeidh a chuimhne á cheiliúradh trí aitheantas a thabhairt don obair iontach atá ar siúl ag coistí deonacha ar fud na Gaeltachta. Thar ceann ár gclainne, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le hÚdarás na Gaeltachta as an onóir seo a bhronnadh ar oidhreacht m'athar."
Tá réimse leathan catagóirí sa gcomórtas, lena n-áirítear:
- Fiontraíocht Shóisialta
- Turasóireacht
- Timpeallacht
- Seirbhísí Sóisialta Pobail
- Obair na gCoistí Pobail
- Tionscnaimh don Óige
Spreagtar gach eagraíocht agus coiste deonach sa Ghaeltacht le hiarratas a chur isteach, beag beann ar mhéid nó ar réimse oibre roimh spriocdháta an 25 Iúil 2025.
Dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Pobail Réigiúnaí agus Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta: "I ndiaidh an rath a bhí ar chomórtas na bliana seo caite, táimid ag súil go mór leis na hiarratais a thiocfaidh isteach i mbliana. Bhí caighdeán na n-iarratas an-ard anuraidh agus léirigh sé an obair dochreidte atá ar siúl inár bpobail Ghaeltachta. I mbliana, táimid ag súil le tuilleadh tograí nuálacha a fheiceáil, go háirithe ó na coistí deonacha beaga atá ag obair go dian ina bpobail féin."
"Is mór an onóir dúinn gradam a bhunú in ómós do Phádraig Ó hAoláin, a d'fhág oidhreacht shaibhir i bhforbairt pobail na Gaeltachta," Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin. "Is breisiú tábhachtach é seo ar Ghradaim na Gaeltachta, atá anois sa tríú bliain agus a bhfuil meas agus ardchéim bainte amach acu. Léiríonn an gradam nua seo ár dtiomantas leanúnach don phobal agus don obair dheonach atá mar chroílár shaol na Gaeltachta. Tá súil againn go spreagfaidh an gradam seo níos mó coistí agus eagraíochtaí chun a gcuid oibre luachmhaire a roinnt agus a cheiliúradh."
Moltar do gach eagraíocht agus coiste deonach sa Ghaeltacht smaoineamh ar iarratas a chur isteach agus a gcuid oibre luachmhar a chur os comhair an phobail.
Ní mór na hiarratais a chuir isteach ar an bhFoirm Iontrála Oifigiúla atá le fáil anseo.
