8.2.13

Litir go "Galway" a léiríonn neamhshuim.

Fuair mé litir ó Sean Kyne TD, an TD áitiúil, inniú le dhá bhileoig i mBéarla.

Bhí abairt amháin i nGaeilge, "Tá leagan Gaeilge don bhileog "Bí ar an Eolais..." ar fáil freisin. Chuir glaoch ar Áine i mo Oifig Dáil Ceantair ag 091 868 111."

Is i gcroí lár na Gaeltachta an teach seo. Ait go leor thárla an rud céanna anuireadh agus scríobh mé chuige ag gearán faoi agus cheap mé gur thuig sé mo chás ach faraoir tá sé soiléar nár thuig!

Taobh amuigh de ceist na teangan is fíor-droch mairgaíocht é seo. Tá sé leisciúil leis.

Tá an Gaeltacht is mó sa tír i nDáil Cheantair Gaillimh Thiar nó Galway mar a thugann sé ar an gcontae ar an litir. Cén fáth nach gcuireann sé litir agus bileoga i nGaeilge, le moladh d'éinne a bhí ag lorg an leagan i mBéarla, glaoch ar Áine bocht ina oifig?

Is cosúil go bhfuil an galar céanna anois agus atá ag an Rialtas seo aige. I bhfocail an iriseoir, Harry McGee "..tá polasaithe an rialtais i leith na Gaeilge fréamhaithe i réimse na neamhshuime..."

Is oth liom go bhfuil an rian sin sa litir seo ó Sheán Kyne.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment