Tá firinne sa ráiteas "Beatha teanga í a labhairt!" nó a scríobh!
Uaireanta chuireann sé íontas orm an méid "Gaeilgeóirí" a scríobhann i mBéarla ar facebook nó ar twitter, fiú daoine atá ag obair san "earnáil Gaeilge!" Muna n-úsáideann siad san a dteanga cén mhaitheas éinne é a dhéanamh.
Ar bhealach is obair in aisce a bheith ag cur brú ar an Rialtas len é seo nó é siúd a dhéanamh "don teanga" nó "don Gaeltacht."
Déileáil le gach Roinn Rialtas, Comhairle Chontae, Comhlacht Poiblí agus an Aontas Eorpach i nGaeilge amháin agus diúltú aon teanga eile a úsáid. Tá dualgas ortha tú a fhreagairt i nGaeilge.
Deireann an Daonáireamh i 2011 go bhfuill 1.7milliún daoine le Gaeilge acu. Dá mbeadh siad san sásta an teanga sin a úsáid leis na forais nó chomhlucht nach ndeanfadh sé difríocht? Nó fiú milliún? Nó fiú leath milliún? Nó fiú céad míle? nó fiu caoga míle?
Bhí litir (Béarla) ag Ceannaire Shinn Féin sa Dáil san Irish Times le déanaí mar fhreagra ar alt Mhiriam Lord sa páipéar ina dúirt sé gur ceart do chuile duine le Gaeilge acu í a labhairt i gcónaí i ngach áit! (Feach leis ar an alt i nGaelscéal - 17 Deareadh Fomhair 2012 - ‘Gaeilge-phobia’ sa Dáil, ag Colm Ó Broin!)
Nach ceart na gluaiseachtaí Gaeilge díriú air an 1.7milliún a deireann iad féin go bhfuil Gaeilge acu ná díriú ar Rialtas agus iad siúd nach bhfuil mórán spéis acu sa teanga.
Má scríonn tú chuig do Theachta Dála, cén teanaga a úsáideann tú? Má scríonn tú le hAire Stáit, cén teanga a úsáideann tú? Má déanann tú teangabhaíl leis an Roinn Leasa Shóisialaigh cén teanga a úsáideann tú? Má chuireann tú scairt ar an VHI cén teanga a úsáideann tú. Má tá tú ag lorg cead pleanála cén teanga a úsáideann tú.
Cén freagra a thabhairfá-sa ar an gceist, "Céard a rinne tusa ar son na teanga, a Dhaideo?"
Bíodh muid sa G spota!
Solas - Sólás!
-
Bhí sé dorcha le trí lá anuas.
Ó rud é nach raibh aon chumhacht sa teach chinneamar dulr soir isteach sa
cathair le haghaidh béile ceart. Níl tine oscailt...
7 hours ago
No comments:
Post a Comment