8.7.11

Aitheantas don chead uair!

An Straitéis Náisiúnta chun Feabhas a Chur ar Litearthacht agus Uimhearthacht i measc Páistí agus Daoine Óga 2011-2020
Tá straitéis nua fadréimseach foilsithe ag an Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D. agus é mar aidhm aici a chinntiú nach bhfágann aon pháiste an scoil gan scileanna na litearthachta agus na huimhearthachta a bheith foghlamtha aige/aici.
Colún lárnach de Chlár an Rialtais is ea Litearthacht agus Uimhearthacht don Fhoghlaim agus don Saol, an Straitéis Náisiúnta chun feabhas a chur ar litearthacht agus uimhearthacht i measc páistí agus daoine óga. 
Ag labhairt dó ag an lainse, dúirt an tAire Quinn “Creideann an Rialtas nár cheart go bhfágfadh aon pháiste an scoil gan a bheith in ann léamh agus scríobh agus feidhm a bhaint as an matamaitic chun fadhbanna a réiteach.  Tá fhios againn go bhfuil feabhas mór de dhíth faoi láthair agus leagann an straitéis seo amach an plean oibre le spriocanna agus leasuithe inláimhsithe a dhéanfaidh deimhin de go bhfaigheann na páistí, ón luath-óige go dtí an dara leibhéal, máistreacht ar na scileanna lárnacha seo.”
Tá spriocanna uaillmhianacha socraithe faoin Straitéis le baint amach faoi 2020.   Ar fud an náisiúin, áiríonn na spriocanna seo:
Ag an mbunleibhéal, 5 phointe céatadáin a chur leis an líon páistí atá ag feidhmiú ag Leibhéal 3 nó os a chionn sin (na leibhéil is airde) i measúnuithe náisiúnta na léitheoireachta agus na matamaitice 
An céatadán atá ag feidhmiú ag an leibhéal is ísle (Leibhéal 1) nó faoina bhun sin a laghdú de 5 phointe céatadáin
Ag an iarbhunleibhéal, 5 phointe céatadáin ar a laghad a chur leis an líon mac léinn 15 bliain d’aois atá ag feidhmiú ag Leibhéal 4 nó os a chionn sin (na leibhéil is airde) i dtástáil PISA (Clár Idirnáisiúnta um Measúnú Daltaí) na litearthachta agus na matamaitice de chuid an ECFE 
Na líonta atá ag feidhmiú ag Leibhéal 1 (an leibhéal is ísle) i dtástáil PISA na litearthachta agus na matamaitice a laghdú de leath
Feabhas a chur ar an oideachas luath-óige agus ar dhearcthaí an phobail i leith na léitheoireachta agus na matamaitice.
Tá sé mar aidhm ag an Straitéis a chinntiú go mbíonn fócas láidir ag múinteoirí agus ag scoileanna ar scileanna na litearthachta agus na matamaitice, laistigh de churaclam leathan cothromaithe.   Leagann sé amach clár fadréimseach leasuithe i gcúrsaí tosaigh oideachas múinteoirí, i bhforbairt ghairmiúil do mhúinteoirí agus príomhoidí scoile, agus in inneachar an churaclaim ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal, d’fhonn na scileanna riachtanacha seo a bhaint amach.
Bainfidh na scoileanna níos mó feidhme as tástálacha caighdeánaithe sa léitheoireacht agus sa mhatamaitic sa dara agus sa séú rang sa bhunscoil agus tabharfaidh siad na tástálacha seo isteach do dhaltaí na 2ú bliana san iarbhunscoil.  Tuairisceoidh siad na torthaí do thuismitheoirí, do bhoird bainistíochta agus don Roinn Oideachais agus Scileanna.  Éileofar ar scoileanna pleananna feabhsaithe scoile a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm de réir treoraíochta ó Chigireacht na Roinne.
Adúirt an tAire Quinn, “Ceist cothromais í seo.  Is minic a choinnítear duine óg nó duine fásta ó rannpháirtíocht iomlán sa tsochaí más rud é nach mbíonn scileanna na litearthachta agus na huimhearthachta ag an duine sin.  Tarlaíonn go bhfágtar i bpoist droch-íoctha iad nó go bhfágtar gan fhostú iad agus gur saolré de bhochtanas agus d’eisiamh a bhíonn rompu.  Is dá bhrí sin atáim cinnte gurb é an cion tairbhe is mó dár féidir linn a dhéanamh don chomhionannas agus don cheart sóisialta sa tír seo againne ná scileanna maithe litearthachta agus uimhearthachta a chur ar fáil don óige.”
Tá líon áirithe de na bearta sa Straitéis á gcur i bhfeidhm cheana féin.  Eiseofar ciorclán chuig na bunscoileanna go gairid ag éileamh orthu an t-am atá ar fáil don litearthacht a mhéadú go dtí 90 nóiméad in aghaidh an lae agus an t-am don mhatamaitic go dtí 50 nóiméad in aghaidh an lae (i gcomparáid le 36 nóiméad faoi láthair) ó mhí Mhéan Fómhair seo chugainn.
D’fhógair an tAire go bhfuiltear chun teorainn de 8 a chur le líon na n-ábhar scrúdaithe sa Teastas Sóisearach chun níos mó ama a fhágáil chun scileanna litearthachta agus uimhearthachta na mac léinn a fhorbairt, agus chun tuilleadh grinnfhoghlama a dhéanamh.  Dúirt sé go mba é an rud is fearr ná go dtiocfadh an t-athrú seo chun cinn i gcomhair mac léinn a bheadh ag dul isteach sa scoil dara leibhéal i mí Mhéan Fómhair 2012.  Tá athbhreithniú níos leithne den timthriall shóisearach á ghabháil de láimh ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta agus eiseoidh sí sin moltaí sa bhfómhar.
Táthar ag déanamh dul chun cinn le hullmhú do chúrsaí forbartha gairmiúla do mhúinteoirí agus príomhoidí.  Chomh maith leis sin, tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta chun tosaíocht a thabhairt don churaclam Gaeilge agus Béarla a athbhreithniú i scoileanna lán-Ghaeilge agus d’obair ar ábhar treorach do na hábhair seo agus don mhatamaitic ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal.
I bhfianaise na sriantachtaí atá ar an dtír, dúirt an tAire Quinn go rabhthas tar éis an Straitéis a fhorbairt i mbealach a choinníonn na costais bhreise ag an íosleibhéal.
“Ciallaíonn sé seo go mbeidh orainn na hacmhainní is gá don litearthacht agus don uimhearthacht a fháil trí thosaíochtaí úra a chur ar chaiteachas mar atá faoi láthair, trí ghearradh siar ar ghníomhaíochtaí a bheadh inmhianta, b’fhéidir, ach gur lú an tábhacht a bhaineann leo, agus trína chinntiú go bhfaighimid na torthaí is fearr ar fad ar pé acmhainní daonna nó airgeadais atá againn,” adúirt an tAire.
Meastar gur costas €6 mhilliún a bheidh ar fheidhmiú na Straitéise i 2012 agus go n-éireoidh sé seo go dtí €19 milliún in aghaidh na bliana faoi 2017. 
Barrchríoch ar phróiseas forleathan comhairlithe is ea foilsiú na Straitéise. D’fhoilsigh an Roinn dréachtphlean i mí na Samhna 2010.
Fuarthas aighneachtaí scríofa ó bheagnach 480 duine agus eagraíocht agus thionól oifigigh den Roinn cruinnithe comhairlithe le breis is 60 ghrúpa leasmhara, ní hamháin ón earnáil oideachais ach ó earnálacha pobail agus eile freisin.
Adúirt an tAire Quinn mar fhocal scoir, “Cruthaíonn an líon mór daoine a ghlac páirt sa phróiseas seo go bhfuil muintir na hÉireann tiomanta go láidir do fheabhas a chur ar chaighdeáin litearthachta agus uimhearthachta.  Is mian liom leas a bhaint as an dtiomantas sin agus é a fhócasú mar chomhiarracht náisiúnta chun scileanna litearthachta agus uimhearthachta den scoth a bhaint amach i measc na bpáistí agus na ndaoine óga againn.“
Lainseáil an tAire Oideachais, Ruairí Quinn An Straitéis Náisíúnta Litearthachta agus Uimhearthachta inniú i mBÁC agus don chead uair ariamh aithnítear sa Straitéis go bhfuil riachtanas teangeolaíoch faoi leith ag Scoileanna Gaeltachta, agus go bhfuil riachtainais sainiúla teanga ag cainteoirí dúchais Gaeilge agus ag na foghlaimeoirí Gaeilge a dhéanann freastal ar an scoileanna sin agus ar Ghaelscoileanna.

Tá an tuarascáil iomlán ar fail ar shíuomh na Roinne Oideachais i nGaeilge (PDF) agus i mBéarla. Seo docuiméid (ó Guth na Gaeltachta) (Word) le roinnt de na píosaí is tábhachtái ó thaobh na Gaeilge de ón chead léamh. Seo thíos dha shampla:


lth 12: Sa straitéis litearthachta agus uimhearthachta seo aithnítear go bhfuil riachtanais foghlama atá an-éagsúil ag foghlaimeoirí i scoileanna Gaeilge agus gur gá dóibh na scileanna litearthachta a fhorbairt i nGaeilge (mar an chéad teanga atá acu nó mar chéad teanga na scoile) agus i mBéarla.

lth 58:  Tá riachtanais litearthachta ar leith ag scoláirí i nGaelscoileanna a fhoghlaimíonn trí Ghaeilge, scoláirí a bhfuil an Ghaeilge mar an teanga bhaile acu ina measc, nach dtugtar fúthu go hiomlán sa churaclam bunscoile(agus meanscoile lth 60) reatha. Ní mór dúinn tabhairt faoi na riachtanais ar leith seo trína chinntiú go ndéanann curaclam na Gaeilge T12* (do Ghaelscoileanna) foráil d'fhorbairt na scileanna litearthachta ar bhealach cosúil leo siúd a ndéantar foráil dóibh i gcuraclam an Bhéarla, forbairt a scileanna cognaíocha agus scileanna ardoird smaointeoireachta leanaí san áireamh.

Déanann an Ghaeilge mar L1 tagairt do theagasc na Gaeilge mar an chéad teanga nó i nGaelscoileanna. Déanann an Ghaeilge mar T2 tagairt do theagasc na Gaeilge mar an dara teanga, i.e. teagasc na Gaeilge i scoileanna ina bhfuil an Béarla mar an phríomhtheanga teagaisc.

Glacann úrlabhraí baill Ghuth na Gaeltachta bhuíochas leis na heagraíochtaí uilig a rinne aighneacht leis an Roinn Oideachais ar an ábhar seo, COGG Gaelscoileanna, Forbairt Naíonraí Teoranta, An Foras Patrúnachta agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta san aireamh.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment