3.11.10

Bandaí caol-láimhe ar son Ráth Tó!

Sí seo Eilís Ní Fhearnáin ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar thaithí oibre le Conradh na Gaeilge ag Oireachtas na Samhna 2010 agus í ag déanamh mainicíneachta ar bhandaí caol-láimhe an fheachtais Aitheantas chun airgead a bhailiú do Ghaelscoil Ráth Tó, Co. na Mí, a d’oscail gan aitheantas oifigiúil ón Roinn Oideachais agus Scileanna i mbliana.


Osclaíodh Gaelscoil Ráth Tó, Co. Na Mí ar an 30 Lúnasa 2010 agus is í an t-aon scoil sa tír a d’oscail gan aitheantas oifigiúil ón Roinn Oideachais agus Scileanna i mbliana. Thóg an coiste bunaithe cinneadh cróga chun dul ar aghaidh leis an scoil in ainneoin gur diúltaíodh aitheantas orthu, agus d’fhógair Conradh na Gaeilge, Glór na nGael, Comhluadar agus An Foras Pátrúnachta go bhfuil siad aontaithe ar thacaíocht a sholáthar do Choiste Bunaithe Ghaelscoil Ráth Tó, an chéad Ghaelscoil le hoscailt ó 2008, faoi ainm an fheachtais Aitheantas. 

Tá feachtas tiomsú airgid faoi bhun ag an gcomhfhiontar Aitheantas faoi láthair chun costais na scoile a chlúdach, ó nach bhfaigheann Gaelscoil Ráth Tó tacaíocht stáit ar bith gan aitheantas oifigiúil ón Roinn Oideachais agus Scileanna, agus tá crannchur á reáchtáil ar son Ghaelscoil Ráth Tó le geansaithe CLG sínithe as Gaeilge ag foirne Chorcaí, an Dúin, Thiobraid Árann agus Chill Chainnigh mar dhuaiseanna. Tá na mílte bandaí dubha le hinscríbhinn greanta i mbuí á ndíol ag Aitheantas chomh maith, áit go bhfuil an focal Gaeilge agus comhartha le hordóg in airde le feiceáil orthu. Tá costas €1 ar gach ceann; bronntanais bheaga iontacha atá iontu dóibh siúd atá ag freastal ar Ghaelscoileanna, clubanna óige Gaeilge, páistí ó theaghlaigh Gaeilge, cumainn Ghaelacha agus eile, agus téann aon bhrabús ó dhíol na mbandaí caol-láimhe i dtreo an fheachtais Aitheantas agus Ghaelscoil Ráth Tó.

Is féidir ordú a dhéanamh ar na bandaí caol-láimhe agus tuilleadh eolais ar chrannchur na ngeansaithe sínithe ar son Ghaelscoil Ráth Tó trí ríomhphost a chur go lorcan@glornangael.ie  nó aitheantas@ireland.com

nó foirm iarratais a sheoladh go:

Aitheantas,
f/ch Glór na nGael,
Ráth Chairn,
Baile Átha Buí,
Co. na Mí.


IS feidir foirm ordaithe a iosloideal ó www.aitheantas.com/

Aithníodh Ráth Tó i gCo. na Mí mar cheann de na limistéir sin go bhfuil éileamh ardaithe ann do bhunú bunscoileanna le tosú i mbun feidhmíochta i Meán Fómhair 2010 nuair a rinneadh an scéal a fhiosrú i mí Dheireadh Fómhair 2009. Athraigh an Roinn Oideachais agus Scileanna a haigne i mí Feabhra 2010 áfach, agus níor tugadh aitheantas do Ghaelscoil Ráth Tó a oscailt in am don scoilbhliain seo, in ainneoin na fianaise go mbeidh gá le scoil nua i Ráth Tó go luath sna blianta amach romhainn.

Is léir go bhfuil an-éileamh ann do Ghaelscoil Ráth Tó ó thuismitheoirí Ráth Tó agus ó phobal Ráth Tó trí chéile - bhí breis agus 30 dalta ar an liosta tinrimh sular dhiúltaigh an Roinn Oideachais agus Scileanna aitheantas a thabhairt don scoil i mbliana; tá 10 dalta ag freastal ar an scoil faoi láthair; agus tá 39 dalta do 2011; 35 dalta do 2012; 32 dalta do 2013; agus 9 dalta do 2014 ar chlár na scoile cheana féin. Creideann pobal Ráth Tó gur chóir go mbeadh rogha ag tuismitheoirí Ráth Tó a bpáistí a oiliúint trí Ghaeilge agus tá eagraíochtaí an fheachtais Aitheantas ag obair lámh i lámh lena chinntiú, ní hamháin go n-aithneofar Gaelscoil Ráth Tó, ach go n-úsáidfidh an Roinn Oideachais agus Scileanna soláthar an Ghaeloideachas mar chritéir agus iad ag roghnú áiteanna do scoileanna nua amach anseo freisin.

Tá sé beartaithe ag na heagraíochtaí gach tacaíocht a thabhairt do phobal Ráth Tó agus iad ag troid ar son cearta tuismitheoirí agus chun freastal mar ba choir a fháil ón Roinn Oideachais agus Scileanna trí aitheantas a thabhairt do Ghaelscoil Ráth Tó láithreach.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment