2.9.10

Cuairt ón Aire!

Cuairt ón Aire Carey, TD ar Chruinniú Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Aire Pat CareyThug an tAire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, Pat Carey TD, cuairt aréir ar chruinniú de bhalleagraíochtaí Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Is í Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge lár-chomhairle phobal na Gaeilge, agus tá sí comhdhéanta faoi láthair de 24 balleagraíocht, ó mhór-réimsí uile na hearnála timpeall na tíre.

Thug ionadaithe ó bhalleagraíochtaí na Comhdhála léiriú don Aire ar a gcuid oibre, chomh maith leis na deiseanna agus na dúshláin atá rompu. Ag éirí as léiriú na n-eagras, lean plé leathan ar obair na hearnála agus na deacrachtaí i láthair na huaire a bhaineann le héiginnteacht mhaoinithe.

Luaigh Uachtarán Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Dr Helen Ó Murchú, go raibh flosc chun athraithe léirithe ag an earnáil, agus í réidh chun cabhrú le Straitéis Fiche Bliain Don Ghaeilge 2010-2030 an Rialtais a chur i bhfeidhm, ach go raibh an comhthéacs ag athrú go síoraí, agus gur theastaigh cinnteacht ón earnáil i dtaobh a todhchaí.

Labhair an tAire Carey ar thábhacht na hearnála deonaí i gcoitinne agus thug sé ardmholadh d’earnáil dheonach na Gaeilge de bharr an oiread dul chun cinn atá á dhéanamh ar bhonn leanúnach acu i dtaobh chur chun cinn na Gaeilge agus an fhorbairt atá tagtha ar sheirbhísí Gaeilge.

Ag labhairt dó ar thodhchaí na teanga, dúirt an tAire, “Tá Straitéis fadtéarmach ag an Rialtas i dtaobh na Gaeilge, tá spriocanna uaillmhianacha leagtha amach sa Straitéis sin, agus beidh an Rialtas ag brath ar pháirtnéireachtaí le hearnáil na Gaeilge chun na spriocanna sin a bhaint amach agus chun na Straitéise a chur i gcrích”.

Bhronn an tUachtarán tuairisc ar an Aire ar obair bhalleagraíochtaí na Comhdhála, agus bhronn Stiúrthóir na Comhdhála, Pádraig Mac Criostail, Fáinne Óir ar an Aire, mar aitheantas ar an tacaíocht a thugann an tAire Carey do chur chun cinn na Gaeilge.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment