7.6.10

I dteach na n-asal!


Bhí mé sa leathreas i dTesco (Breatnais) i nCaer Gybi na Breataine Bige agus chonaic mé an fógra seo.

An bhfeicfeá fógra mar seo in Éirinn meas tú?

Bhfuil oiread agus leathanach amháin i nGaeilge ag TESCO. Féach Tesco supporting Ireland!(Béarla). Agus muid ag caint faoi teangacha dúchasacha á úsáid féach ar seo ó chomhairle Oileán Móna (Ynys Môn). Déan comparáid le Comhairle Chontae na Gaillimhe - an comhairle leis an nGaeltacht is mó sa tír!

Dála an scéal molfainn d'éinne gan pictiúirí a ghlacadh sa leithreas poiblí. D'fheadfadh daoine bheith ag caint fút!
Share/Save/Bookmark

3 comments:

  1. An ceart agat céad faoin gcéad. Ach tá an galar ar na Breatnaigh a bhíonn orainn in amanta: feicim trí bhotún sa phíosa. Cheartóinn mar seo é 'Mae sychwyr dwylo yn effeithlon yn helpu i leihau ein ol troed carbon.' (Mo leithscéal gan to bach a bheith agam ar an o in ol. Tesco! Seachnaím é oiread agus is féidir liom.

    ReplyDelete
  2. Diolch! Níl ach cúpla focal Breatnais agam agus níor thuig mé go raibh botún ann. Ach mar sin féin tá iarracht de chineál éigin.

    Agus dála an scéal, ag caint faoi bhotúin, táim fós ag lorg na paistí a bhíonn ag treasnú an bóthar in aice leis an scoil!

    ReplyDelete
  3. Bhí mé fhéin in IKEA i gCardiff le gairid agus bhí gach uile rud scríofa sa Bhreatnais acu. Níos fearr ná na siopaí áitiúla, mar shampla. Is minic a bhíonn níos mó measa ag an eachtrannach ar an rud dúchasach.

    ReplyDelete