Seimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge 2009 Caithfear acmhainn na Gaeilge a cosaint ó chiorruithe san 20 bliain romhainn
Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, a bheidh ag labhairt ag Seimineár an Chonartha ag Oireachtas na Gaeilge in Óstán Mount Errigal (Suíomh Béarla amháin), Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall ag 11.00rn Dé Sathairn, 31 Deireadh Fómhair 2009, áit a phléifear todhchaí na teanga agus An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge de chuid an Rialtais atá le foilsiú roimh dheireadh na bliana seo.
An Ghaeilge: An 20 Bliain Romhainn atá mar theideal ar Sheimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge i mbliana agus beidh Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán an Chonartha agus Éamonn Mac Niallais, Guth na Gaeltachta ag labhairt ag an ócáid mar aon leis an Aire Ó Cuív. Is é Seán Ó Curraoin, Coimisinéir Teanga a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an Sheimineár an Chonartha.
Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Tá tábhacht nach beag ag baint leis an bplé ar chur chun cinn agus ar spreagadh úsáid na Gaeilge in Éirinn a dhéanfar ag Seimineár an Chonartha 2009 i bhfianaise an Bhoird Snip Nua agus Tuairisc an Ghrúpa Speisialta um Líon Fostaithe sa tSeirbhís Phoiblí agus um Chláir Chaiteachais a foilsíodh le déanaí. Is ar an bpobal, ar shaoránaigh, atáimid ag brath, agus caithfimid fís chomhdhaonnach a bheith againn chun teacht as an tsáinn a chruthaigh saint náisiúnta agus idirnáisiúnta.
“Ní dhéantar tagairt ar bith don Straitéis 20 Bliain i dTuairisc an Ghrúpa Speisialta agus glacann Conradh na Gaeilge leis dá réir sin nach raibh údair na tuairisce ar an eolas faoi, nó gur cheap siad nach raibh tábhacht leis. Caithfear na moltaí atá déanta ag an nGrúpa Speisialta maidir leis an nGaeilge a mheas in éineacht leis na moltaí a bheidh sa Straitéis 20 Bliain i leith na teanga, chun go dtiocfar ar an mbealach is fiúntaí chun an acmhainn chultúir, chogneolaíochta agus pobail seo a neartú agus a chur chun cinn, agus sin a bheas idir lámha ag Seimineár Oireachtais an Chonartha an Satharn beag seo.”
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha: “Beidh páirt ríthábhachtach le himirt ag pobal na Gaeilge sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, agus tá Conradh na Gaeilge ag súil go mbeidh an pobal lárnach, ní hamháin sa phlé leis an Aire Ó Cuív faoi thodhchaí na teanga ag Seimineár Oireachtais an Chonartha, ach i gcur i bhfeidhm agus cur chun cinn na straitéise trí chéile amach anseo.”
Beidh deis ag an bpobal ceisteanna agus moltaí a chur maidir le cothú agus cur chun cinn na Gaeilge sa laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht i ndiaidh díospóireacht na n-aoichainteoirí ag an Seimineár. Seolfar an fhéile nua Ghaeilge Rith 2010 agus an feachtas pobail in éadan mholtaí an Bhoird Snip Nua Guth na Gaeltachta i ndiaidh Sheimineár Chonradh na Gaeilge san Óstán Mount Errigal 31 Deireadh Fómhair 2009 ag 1.00in agus ag 1.30in faoi seach.
An Ghaeilge sa Chúirt Tá feachtas eolais seolta ag an gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, le dul i ngleic leis an tuairim go bhfuil “Béarla éigeantach” i bhfeidhm i gcúrsaí dlí, trí phobal labhartha na Gaeilge a chur ar an eolas faoina gceart reachtúil an Ghaeilge a úsáid in aon chúirt.
“Is cosúil go bhfuil go leor de phobal labhartha na Gaeilge, fiú sna ceantair Ghaeltachta is láidre, nach bhfuil ar an eolas faoina gcearta an Ghaeilge a úsáid i ngnóthaí cúirte nó atá den tuairim láidir gur chun a leasa féin a bheadh sé a gcearta agus a rogha teanga a fhágáil ar leataobh agus dul i muinín an Bhéarla mar theanga réamhshocraithe an dlí,” a dúirt sé.
Níl an drogall seo le feiceáil i measc lucht labhartha teangacha eile. Rinneadh os cionn 10,000 iarratas ar an tSeirbhís Chúirteanna anuraidh d’ateangairí maidir le 71 teanga éagsúil. Bhí an Pholainnis ar bharr an liosta don bhunseirbhís seo atá riachtanach do cheartriaradh an dlí. Ba iad na príomhtheangacha eile Rómáinis, Liotuáinis, Rúisis, Sínis Mhandairín, Laitvis, Portaingéilis, Fraincis, Seicis agus Araibis. “Ní raibh an Ghaeilge fiú i measc na chéad deich dteanga,” a dúirt Seán Ó Cuirreáin.
Is cosúil ó thuairiscí sna meáin chumarsáide go gcosnaíonn an tseirbhís ateangaireachta sna cúirteanna os cionn dhá mhilliún euro sa bhliain. De réir figiúirí oifigiúla a chuir an tSeirbhís Chúirteanna ar fáil don Choimisinéir Teanga, bhí caiteachas faoi bhun €2,000 ar sheirbhísí ateangaireachta Gaeilge sa bhliain 2006 agus thit sé go dtí €1,012 sa bhliain 2007. “Léiríonn na staitisticí seo a scéal féin,” a dúirt Seán Ó Cuirreáin. “Ar ndóigh, téann cásanna cúirte áirithe ar aghaidh trí Ghaeilge gan ateangaireacht ar bith sa chás go bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil ag an mbreitheamh agus ag na daoine eile atá páirteach sa chás, ach bheadh céatadán na gcásanna sin fíoríseal ar bhonn bliantúil agus ar scála náisiúnta.”
Tá sé de cheart ag duine an Ghaeilge a úsáid sa chúirt mar fhinné, mar chosantóir, mar ghearánach nó mar íospartach faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus ní féidir leis an gcúirt aon stró nó caiteachas breise a chur ar dhuine de bharr gur roghnaigh sé nó sí an Ghaeilge seachas an Béarla.
Baineann an ceart seo le haon chúirt agus is ar an gcúirt féin a thiteann sé cibé socrú is cuí a dhéanamh d’ateangaireacht.
Cinntíonn an reachtaíocht teanga freisin nach féidir iallach a chur ar dhuine fianaise a thabhairt in aon teanga ach an teanga oifigiúil is rogha leis nó léi féin. “Ní chuireann an reachtaíocht cosc ar aon bhealach le húsáid teangacha iasachta sa chúirt agus is treascairt ar chearta daonna a bheadh ann a bheith os comhair cúirte gan tuiscint ar theanga na cúirte,” a dúirt an Coimisinéir.
Rinne an Coimisinéir Teanga tagairt do shuirbhé a rinne Ipsos Mori d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (suíomh i mBéarla amháin) i gceantair sa Ghaeltacht sa bhliain 2007 a léirigh go ndúirt 75% den phobal gur fearr a bhí siad ábalta iad féin a chur in iúl trí Ghaeilge ná trí Bhéarla agus iad ag déileáil le lucht gairmiúil leighis.
“Luíonn sé le réasún go mbeadh an scéal amhlaidh agus iad ag déileáil leis na cúirteanna agus le cúrsaí dlí. Tá sé fíorriachtanach go mbeadh tuilleadh eolais ag daoine faoina gcearta teanga agus muinín breise acu nach mbeidís faoi aon mhíbhuntáiste dá roghnóidís an Ghaeilge,” a dúirt Seán Ó Cuirreáin. “Aithnítear go hidirnáisiúnta gur féidir teangacha atá faoi bhrú a chur i mbaol a gcaillte má chuirtear srianta nó teorainn leis na háiteanna inar féidir iad a úsáid. Má chruthaítear áit níos lárnaí don Ghaeilge sna cúirteanna i gcomhréir leis an reachtaíocht, is chun leas na teanga a bheidh sé,” a dúirt sé.
Ghlac Comhairle Contae Dhún na nGall d’aonghuth le rún tacaíochta d’achainí Ghuth na Gaeltachta ar an 28 Meán Fómhair, 2009. Ag an chruinniú a bhí acu inniu, ghlac siad le leasú ar an rún sin ag moladh gur choir an achainí a sheoladh ar aghaidh go dtí na hÚdaráis Áitiúla ar fud na tíre. Deireann Éamonn Mac Niallais, Urlabhraí, Guth na Gaeltachta, "Iarraimid oraibh mar sin labhairt le bhur gComhairleoirí Contae áitiúla agus iarraidh orthu tacú leis an rún seo nuair a thagann sé os a gcomhair.
"Ár mbuíochas le Comhairleoirí Contae Dhún na nGall as an seasamh aontaithe a ghlac siad don Ghaeltacht agus don Ghaeilge."
Beidh seoladh náisiúnta ag an bhfeachtas ar 1.30i.n. in Óstán an Mount Errigal, Leitir Ceanainn, Dé Sathairn, 31 Deireadh Fómhair 2009 le linn Oireachtas na Gaeilge.
Fás rábach sna Naíonraí gaelacha i lár an Cúlú Eacnamaíochta
Chuir Seán Ó hAdhmaill, Oifigeach Forbartha Forbairt Naíonraí Teo. fáilte roimh oscailt ceithre naíonra nua i mbliana.
Dúirt sé: “Ba mhaith liom comhghairdeas mór ó chroí a dhéanamh le stiúrthóirí agus coistí na cúig naíonraí nua as an dul chun cinn atá déanta acu agus ag obair ullmhúchán go léir atá déanta acu chun cinntiú gur oscail siad i mbliana.”
“Léiríonn oscailt na naíonraí nua seo go bhfuil méadú leanúnach tagtha ar an éileamh ó thuismitheoirí ar an réamhscolaíocht lán-Ghaeilge d’ardchaighdeán. Feictear dúinn go bhfuil tuismitheoirí anois ag aithint níos mó ná riamh buntáistí an luath-thumoideachas iomlán dá gcuid páistí.”
“Táimid i lár cúlú eacnamaíochta mar nach bhfaca go leor do na tuismitheoirí nua riamh ina saol, agus is mian leo an bunús forbartha is fearr a thabhairt dá gcuid páistí. Ofrálann an córas luath-thumoideachas iomlán na naíonraí gaelacha bunchloch an dátheangachais agus na buntáistí breise a thagann uaidh seo, ina measc, buntáistí acadúla, cognaíocha, féinmhuinín, féiniúlachta agus cumarsáide.”
Dúirt Ben Ó Floinn, Cathaoirleach na comhluchta, “Fáiltím go mór roimh oscailt na cúig naíonraí nua agus an fás leanúnach atá ag tagtha ar na naíonraí gaelach thar an tríocha cúig bliain deireanach. “Tá athraithe móra ag tarlú san earnáil réamhscolaíochta agus i sochaí na hÉireann. Beidh tionchar mór ag cinnidh an Rialtas ar thodhchaí na tíre agus thodhchaí an ghlúin óg. Má chomhlíonfar moltaí ciorruithe Tuairisc an Coimisiún um Cánachas nó Tuairisc Mac Cárthaigh déanfar dochar do struchtúr tacaíochta forbartha an linbh in Éirinn i bhfoirm na seirbhísí cúraim leanaí ina measc siúd na naíonraí gaelacha.”
Seo a leanas na Naíonraí nua a d’oscail i mbliana:
Naíonra Lios na nÓg, Áth Luain, Co. na hIarmhí.
Naíonra Montessori, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22.
Naíonra Grian na nÓg, Rath Cúil, Co. Bhaile Átha Cliath.
Naíonra na gCloch Liath, Co. Chill Mhantáin.
Little Acorns, Gaillimh, Co. na Gaillimhe.
Tá 205 naíonraí agus naíscoileanna ag feidhmiú sna 32 Chontae lasmuigh den Ghaeltacht ag cur réamhscolaíocht lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair.
Cuideachta dheonach uile-Éireann í Forbairt Naíonraí Teoranta a fheidhmíonn lasmuigh den Ghaeltacht a thacaíonn le seirbhísí, cúram agus oideachas trí Ghaeilge a chur chun cinn do pháistí ó aois an chliamháin ar aghaidh. Tugann Foras na Gaeilge agus POBAL deontais d'FNT.
Sorcha Ní Chéilleachair, Tuismitheoirí na Gaeltachta.
"Ní ceart don Stáit a bheith ag brath ar aistritheoirí chun eolas a chur ar fáil don bpobal as Gaeilge. Tá gá an teachtaireacht a chumadh as Gaeilge shoiléir nádúrtha sa chéad áit seachas é aistriú faoi bhrú ag duine gan saineolas réimse."
Giolch ó Aonghus Ó hAlmhain 2 Lúnasa 2021
Machnamh
-
De réir mar atá na blianta ag dul thart, (agus tá siad ag imeacht
an-sciobtha le blianta beaga anuas, feictear dom), déanaim iarracht gan a
bheith cantal...
Alt RTÉ Gaeilge – aistrithe
-
Seo agaibh alt a scrígh mé do RTÉ Gaeilge.
https://www.rte.ie/gaeilge/2025/0326/1503984-nosanna-an-idirlin-cad-ata-i-ndan-duinn/
Tá taifeadadh fuaime ag du...
k. 289 Kneecap, an scannán, ag LMU
-
Bíonn imeachtaí ar siúl ag LMU (Loyola Marymount University i gCathair na
nAingeal- Sea, tá a fhios agam!) go rialta. An tseachtain seo mar chuid de
Dhearc...
Cáil an bheirt?
-
Étáin, a leanbh & Máire
Aréir bhí mé féin agus mo chomhbhlagadóir Áine i gClub an tSiúcra chun
éisteacht le dís Ráth Chairn Étáin agus Máire Ní Churraoin...
Céasadh bhuachalla!
-
Bhí mé istigh i siopa Chló Iarchonnachta le leabhair áirithe a cheannach,
nó le firinne a rá le taispeáint le mo bhean cé leabhair a thaistigh uaim
mar bro...
Céad chuairt Richard II
-
Anseo thíos tá sliocht eile as Caibidil 6 de ‘Luathstair na hÉireann’,
leabhar atá á scríobh agam faoi láthair. Richard II, rí ShasanaBhain
Richard II cala...
Pobailbhreith is Déanaí
-
Már a shíleas aréir, níl seans ar bith go mbeidh am anois agam chuile
dáilcheantair sa tír a thuar is a mheas mar a rinne mé sna holltoghcháin i
2016 & 20...
"Imithe bán"
-
Cúrsaí pholaitíochta na tíre seo - Ní fheadar conas a rá "Going to hell ina
hand basket" as Gaeilge ach déarfainn go bhfuil nath cainte oiriúnach le
fáil á...
Lá Idirnáisiúnta na mBan 2020
-
Le ceithre bliana anuas bhí ócáid léitheoireachta ar siúl i dTeach an
ArdMhéara i mBaile Átha Cliath. Bhí mé in ann an chéad cheann a rith le
cuidiú ón...
KEN MAC DIARMADA
-
*Ken Mac Diarmada*
Cuireadh Ken inniu - RIP.
Bhí Ken ins Na hUaisle romham agus níos déanaí in éineacht liom.
Bhí sé sa ghrúpa Tŷ Bach a raibh sé de phr...
Cad is ANTIFA ann?
-
Is í an oirbheartaíocht is mó a bhíonn ag an eite chlé le fada an lá ná
líomhaintí a dhéanamh i leith na heite deise, ag maíomh go ndéanann siad, a
bhfrea...
Gleann na Marbh
-
Tá Valle de los Caidos conspóideach, go háirithe ó d'fhógair an Príomhaire
Pedro Sanchez gur bhfuil sé ar intinn ag a rialtas corp an deachtóra Franco
a b...
Maidhcó Ó Conaire
-
Scríobh Seoasamh Ó Cuaig alt deas faoi Maidhcó, ar dheis Dé go raibh a
anam dílis. Tá mé á chur anseo thíos mar go raibh muid an-cheanúil air.
…ar shlí ...
Die Betreuungsverfügung – ein wichtiges Dokument
-
Familien sind in vielerlei Hinsicht interessant, gerade dann, wenn man
erkennen kann, dass sich die gleiche Geschichte oft immer wiederholt.
Vielleicht gib...
Ré Pat Gilroy Tagtha Chun Deiridh
-
Briseadh an scéal aréir go bhfuil Pat Gilroy tar éis éirí as a ról mar
bhainisteoir ar fhoireanna iomána Átha Cliath. Níl aon amhras faoi ach go
bhfuil an ...
-
Leabhar nua eile foilsithe agam i mbliain seo na Gaeilge...
Tá leagan Béarla den leabhar i nGearmáinis dar dteideal *GÄLISCHE LIEDER:
Irland - Schottl...
Ag obair sna meáin chumarsáide
-
le Caoimhe Ní Chathail (Iar-mhac léinn) Gaeilge & Iriseoireacht, DCU Bhí me
san idirbhliain nuair a chuala mé iomra ar an chúrsa ‘Gaeilge agus
Iriseoireach...
Mata Bhás Teanga
-
Tá na cainteoirí deiridh Ghaeilge Chataibh Thoir amach sna blianta anois,
agus dealraíonn sé go bhfaighfidh an chanúint bás dá bharr. Rinneadh
corriarracht...
Pléimeannais: Aonteangachas & Féin-riail
-
Sular landáil mé i mBrugge, cheap mé gur tír dhátheangach a bhí sa mBeilg.
Ní hea. Agus tú ag siúl timpeal na cathrach, ní shamhlófá go raibh ceithre
milli...
Gaeilgeoirí Sa gCarrchlós
-
Cupla lá ó shin, tháinig mé amach as an YMCA i ndiaidh babhta traenála agus
shiúil mé i dtreo mo chairr sa gcarrchlós. Mar is gnáth leis na carrchlóis
mhór...
Dearg le fearg in OÉG!
-
Siod daoibh cuid den chlúdach a bhí againn sna meáin le cúpla lá anuas mar
gheall ar an agóid a d'eagraigh muid in Ollscoil na Gaillimhe in aghaidh an
chin...
Ról ghaeilge sa nua h-aois?
-
Sula thosaíom an phóstáil seo táim lán-cinnte go bfhuil cuid agaibh
ag rolláil bhur gcuid shuille, ag smaoineamh nar chuala sibh an méid sin
roimhe… ...
Wild Atlantic Way
-
People come from all over the world to get a taste of the Wild Atlantic
Way, but this is only a taste whereas we at FEICIM provide a unique
experience, a d...
SAOL NAOMH MÁIRTÍN
-
SAOL NAOMH MÁIRTÍN I nGLOINEDHAITH
MIRACLE DE L'ARBRE
------------------------------
À LA PORTE D'AMIENS
------------------------------
OFFRANT LE SAINT...
Memilih Bahan Jas Pengantin yang Cocok
-
Memilih jas terutama untuk digunakan saat hari pernikahan tentunya
membutuhkan beberapa pertimbangan yang matang. Diantara pertimbangan
tersebut adalah cor...
Cultúr, Bia agus an saol i Dubai.. Cuid a dó
-
Dia Dhaoibh Glams,
Bhuel mar a dúirt mé i mo bhlag deireanach, bhí an oiread le rá agam libh
faoi Dubai, mar sin Fáilte romhaibh go dtí Dubai..cuid a dó!!
...
Imbolc 2016: imprisean pearsanta
-
[image: Imbolc]Is fada mé ag triall ar Imbolc, féile lae a bhíonn ar siúl i
mí Feabhra gach bliana i mBaile Bhuirne in iarthar Chorcaí. Ag Imbolc bíonn
c...
Éist, a stór.......Is Alan Titley correct?........
-
gCluin tú mo ghlór 'tá ag cur do thuairisc'
Ó mhaidin go nóin is as sin go deireadh lae?
Éist, a stór, tá ceol ar an ngaoth
Is casfar le chéile sinn roi...
Nótaí Fánacha Eolaíochta I
-
Tá sé aitheanta le fada go ngineann síolta crann níos luaithe tar éis
loisce coille ná mar a bheifí ag súil leis. Agus le fada an lá ba é an
míniú air si...
An Stát Chóras - namhad na Gaeilge!
-
Sna 1970í tugadh neart Gaeilgeoirí os comhair na cúirte as a gcearta teanga
a éileamh. Bhí stát an lae, le *Conor Cruise O'Brien* mar theachta ann, go
dubh...
Lá amháin fágtha
-
Agus táimid beagnach ann! Beirt againn ag dul ag taisteal i gceann dhá lá,
Dé Céadaoin beag seo. An plean ná chun taisteal ó Bhaile Átha Cliath chuig
Pára...
An gCreidfeá?!
-
Tá an 25ú heagrán (ó uair a athbheochana) de An Gael ar fáil! Bíonn fáilte
roimh scríbhneoirí úra i gcónaí, dar ndóigh. Is iomaí duine a scríobh
dúinn c...
Sraith Iomána Allianz, Babhta 2, 2015.
-
Deireadh seachtainne eile thart ins an Sraith Náisúinta Allianz agus bhain
mé an-taitneamh as. Oíche Dé Satharn, chuaigh lucht leanúna Chorcaí go
Páirc Uí ...
Focal Off
-
Cheannaigh mé ríomhaire nua ag tús na bliana agus tá mé ag aistriú comhad
agus fillteán ón Acer a bhí agam ó thosaigh mé an coláiste cúig bliana ó
shin chu...
Scríbhneoirí Árann – Aran Writers
-
Spreag blag na míosa seo caite faoi Thomás Ó Flaithearta agus Féile na
bhFlaitheartach taighde breise ar scríbhneoirí Árann. Achar gairid sular
bhásaigh sé...
Bakso tenis alias bakso telur
-
Dari adonan bakso pentol, pada dasarnya tidak memiliki perbedaan yang
mendasar kika dibandingkan dengan aneka bakso lainnya. karena adonannya pun
dibuat ju...
Aistear Anama
-
*Réamhrá*
Leathanach samplach den Bhailiúchán Éinne a bhfuil cúpla teanga nó níos mó
ar a dtoil acu is amhlaidh go mothaíonn siad uaireanta mar scitsifré...
Feallmharfóir
-
Maidin dhrothanach i nDeireadh Fomhair atá ann agus tá mé ag siúl chun mo
chuid oibre ón stad bus i Sráid Bedford. Tá cartán tae milis lachtach ón
chíosc i...
YouTubers is fearr liom
-
Sooooo, cheap mé le haghaidh chéad blog, deanfainn rud atá easca le
tuiscint agus píosa spraoi!
Is aoibhinn liom YouTube! Oh is aoibhinn liom YouTube! Cé n...
MA maoinithe in Ollscoil Chaerdydd
-
Tá Scoil na Breatnaise in Ollscoil Chaerdydd (an áit ina dhearna mé mo PhD)
ag cuardach mac léinn MA a bheadh freagrach as modúil Ghaeilge na Scoile a
thea...
Loighic linbh.
-
“Tá dhá theanga ag an bpréachán”, ars mo dheartháir liom tar éis na scoile.
“An bhfuil? Conas a bhfuil a fhios agat?” “Mar sa scéal a léigh muid sa
rang in...
-
A chairde,
Tá an bóthair fachta ag ár mblag anso ag BLOGSPOT.
Tá muid théis bogadh go dtí Wordpress le Blag níos deise.
Tá súil againn go dtaitneoidh sé ...
Leabhair nua Cuid 3: Don dream óg
-
Ní páiste mé a thuilleadh, ach is maith liom scéalta do phaistí a léamh má
tá siad samhlaíoch. Eachtraí iontacha Earcail Aistriúchán ón mBéarla, le
pictiú...
Ón Léachtlann
-
Is dócha gur dóigh libh go bhfuilimidne ar ár gcradó ar fad le cúpla mí!
Níl is amhlaidh atá léachtaí breátha fachta againn ó Toose is na baill
bheatha go ...
Mar Eolas
-
Mar eolas daoibh a chairde, táim ag éirigh as an bhlag seo a scríobh, agus
ag bogadh ar aghaidh thug an suíomh nua seo -
http://smaointeonchampas.blogspot....
Ní fhaca tú, an bhfaca?
-
Is fuirseoir í Niamh.
Thosaigh sí ag canadh :
"A' cockatoo mo Shéamaisín, mo Shéamaisín mo Shéamaisín... "
agus í ag féachaint orainn leis an cuma uirthi a...
An Naprún
-
Creidim nach bhfuil páistí an lae inniu eolach ar an naprún a bhíodh ag
achan bhean tí.
An phríomhchúis a gcaitheadh na mná an naprún ná an chulaith istig...
Jab Déanta!
-
http://www.youtube.com/watch?v=ilaByZZFy3Q
D'éirigh linn! Théis mí bheag oibre, ag cumadh agus ag blagáil anseo,
chuir Rís ceolchoirm le chéile ar Oíche S...
Fógraí - Dé Domhnaigh 9ú Nollaig 2012
-
*An Dara Domhnach den Aidbhint*
*Suíochán Nua don Séipéal*
Tá súil againn go mbeidh na suíochán réitithe i mí Eanáir. Iarrtar ar
dhaoine a bhfuil ceann ord...
Ballaí Dhoire
-
Anocht, ar BBC 2 TÉ, ag 7:00 i.n., beidh an clár Ballaí Dhoire le feiceáil.
Is clár faisnéise nua de chuid an Ciste Craoltóireachta Gaeilge é *Ballaí
Dho...
Gaelach le Chéile? - Protastúnaigh agus an teanga
-
Ar na mallaibh léigh mé alt faoi Chomhdháil an PUP inar thug Linda Ervine
caint faoin Ghaeilge agus an phobal Protastúnach. Ar ndóigh, ní ghlacfadh
sé morá...
Deireadh na Dialainne
-
I ndiaidh roinnt mhaith blianta, táim ag cur deireadh leis an mblag seo.
Míle buíochas daoibhse uilig as na hailt anseo a léamh agus tacaíocht a
thabhairt ...
CIONN TSÁILE CIOTRÚNTA
-
Bhuel seo liom arís tar éis sos fada. Nach mise an blagadóir saothrach
treallúsach? Agus cad a mheall thar n-ais mé go dtí gort bán tréigthe seo
bhlag an ...
In aghaidh dheachtóireacht Mharcozy
-
Ceann de na huirlísí is cumhachtaí ag aon deachtóir an faitíos, an
t-imeaglú. Tá deireadh linn má thiteann an euro as a chéíle (níl). Tá
deireadh linn má...
Rún an Bhonnáin
-
Tá an leabhar seo molta cheana agus an moladh sin tuilte aige. Bheadh sé
molta dá mbeinnse i mo thost. Ach thaitin an sé chomh mór sin liom nach
dteastaíon...
M2011.10.01
-
Tá dán de chuid Brecht ag dul thart, i gciorcail áirithe, mar fhreagra den
mhór is fiú atá á dhéanamh ar son anam Stíobh Diobs agus "an méid a
chruthaigh s...
Cormac Bán
-
Níl ionam fós ach gasúr óg
Gan coicís caite ar an bhfód
Is chuige seo ar m'anam beo
Táim ceart-lár ar mo sháimhín só
Ag luascadh liom i mo chliabhán
Tát...
beirt in aon seomra - freagra
-
Cluiche fichille a bhí ann. Gháir an duine a bhain le háthas, ansin thit sé
ina chnap mar bhí sé tuirseach ó bheith ag díriú ar an chluiche ar feadh
tréi...
Dan beag
-
Ta Láidreacht go leor ar an domhain tabhair leis blian amhaun
Lig de na Mhothán fás trí gach scoilt ar an mbothar
Tabhair chead fás ar na failí ildaite, ch...
Uachtaránacht Chonradh na Gaeilge
-
Athbhliain faoi mhaise daoibh a chairde. Táim tar éis roinnt fiosruithe a
fháil ó chairde agus ó thacadóirí ag fiosrú an mbeidh mé ag seasamh
d’Uachtaránac...
Deireadh ar fad le Nuacht24 clóite
-
Tá an suíomh seo druidte. Tháinig deireadh le Nuacht24 clóite i mí Aibreáin
2010. Buíochas le gach duine a chuidigh linn is a thacaigh linn.
Tuairimí Gabriel Rosenstock
-
An mbeidh tionchar ag Baile Átha Cliath mar Chathair Litríochta UNESCO ar
an nGaeilge? Braitheann sé sin ar mhuintir na Gaeilge féin, san ardchathair
agus ...
Machnamh a haon
-
Ar maidin inniu, agus mé ar chúl an tí, sluasaid i mo lámh, ag glanadh na
faiche (tá madra mór ag m'fhear), rith liom go bhfuilim róléannta. Chaith
mé cu...
Céad slán le Santa Cruz na gréine
-
I 1987, scríobh an t-iriseoir Breandán Ó hEithir: ‘Nuair atá tú ar tí áit a
bhfuil cion agat uirthi a fhágáil ar feadh tamaill féin, tosaíonn tú ag
féachai...
Bliain nua mhaith agaibh, a chairde!
-
Tá mé i mo thost anseo le tamall, a chairde, de bharr chúrsaí oibre go
príomha. Ag tús mhí na Samhna, d'fhostaigh mé cúntóir agus d'aistrigh an
bheirt agai...
An Cogadh 3. An Rúise (Mí na Nollag 1917)
-
Bhí ríochta tréana thart fá gcuairt ar an nGearmáineach agus níorbh ionadh
go ndéanfadh sé é féin a chosaint orthu, agus cé thóigfeadh air a ghárda a
chur ...