29.1.14

Uasdátú! Ceart & Comhionnas.

Seo uasdátú is déanaí maidir leis an bhfeachtas Ceart agus Comhionannas atá ar siúil ag éirí as an gcruinniú i mBaile Átha Cliath agus éirí as an Choimisinéara Teanga.

Ar dtús, is léir go bhfuil an-obair ag dul ar aghaidh do LÁ MÓR NA GAEILGE. Tá busanna á chur in áirithe i mBoirche Íochtar, Ard Mhacha, Gaoth Dobhair, Corcaigh, Tiobraid Árainn, agus dhá cheann i nGaillimh cheana féin.

Chomh maith leis sin beidh cruinnithe poiblí ar siúl go luath sna háiteanna seo a leanas le díriú ar an LÁ MÓR agus le gníomhaíochtaí eile gur féidir a dhéanamh go háitiúil a aontú:


Tá an-aiseolas ag teacht ar ais ó scoileanna thart ar BÁC agus Cill Dara freisin.

Bheadh sé go hiontach dá bhféadfadh daoine cabhrú le haon cheann de na moltaí thíos a tháinig chun cinn ón ngrúpa oibre:
  • An scéal a scaipeadh ar scoileanna sa chéad sheachtain eile.

  • Tá an Conradh le físeán spreagúil a chur le chéile mar bholscaireacht don lá agus ba bhreá leo taifid a fháil de dhaoine ar fud na tíre ag rá na bhfocal ‘Tá Mé’ nó ‘Tá Muid’ nó ‘Tá Siad’ i slí an-spreagtha. Is leor taifead ó ghuthán póca nó eile agus é a chur ar an ríomhphost nó trí nasc youtube ag lagaeilge@cnag.ie faoi Dé Sathairn, 1 Feabhra más féidir in aon chor. Bheadh sé go hiontach canúintí agus suíomhanna éagsúla a fháil don fhíseán

  • Tá na hábhair bholscaireachta a d’ordaigh roinnt mhaith daoine an tseachtain seo caite imithe sa phost. Cuir scéal chuig an Chonradh má tá níos mó ag teastáil

Seo fógra faoin gcruinniú i gConamara:




Share/Save/Bookmark

23.1.14

An Coimisinéir ós comhair fochoiste stratéis 20 Bliain do Ghaeilge - 23 Ean 2014

Nótaí Cainte; An Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin ag an Fhochoiste Oireachtais faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 23 Eanáir 2014, 2.15pm.

A chathaoirligh agus a dhaoine uaisle,


An English Translation of these remarks my be found here!
Ba mhaith liom buíochas a thabhairt daoibh as bhur gcuireadh teacht in bhur láthair inniu. Nuair a labhair mé le comhchoiste eile de chuid Thithe an Oireachtais i dtús na míosa seo caite, níor mheas mé go mbeinn ar ais anseo arís inniu ach is mór an onóir agus an phribhléid dom bhur gcuireadh a fháil. D’fhógair mé anseo i dtús mhí na Nollag go raibh cinneadh déanta agam seasamh siar ó mo cheapachán mar Choimisinéir Teanga mí ón lá inniu, ar an 23 Feabhra, tráth a mbeidh 10 mbliana caite agam i mbun chúraimí na hOifige sin. Ba mhaith liom an deis seo a thapú le mo bhuíochas ó chroí a thabhairt do gach duine a rinne teagmháil liom ó shin; is mór agam na teachtaireachtaí dea-mhéine ar fad a tháinig chugam go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.
Oscailt Oifigiúil na hOifige ag a Soilse Uachtarán na hÉireann (2005)
Sula ndírím ar an phríomhábhar cainte anseo inniu – an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge – ba mhaith liom na cúiseanna a ndearna mé an cinneadh seasamh siar ó bheith i mo Choimisinéir Teanga a chur faoi bhur mbráid. Go bunúsach, thuig mé i mo chroí istigh gur beag eile a d’fhéadfainn a bhaint amach go pearsanta i dtaca le cearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta sa tréimhse ama dhá bhliain a bheadh fágtha agam sa phost.

Imeallú na teanga
Creidim go bhfuil an teanga á ruaigeadh ar leataobh go leanúnach chuig imeall na sochaí, agus áirím anseo cuid mhaith den riarachán poiblí. Ní chreidim ar chor ar bith gur ar an aicme pholaitiúil is mó atá an locht ina leith seo ach feictear dom, cé go bhfuil daoine sa státchóras a thacaíonn go láidir leis an Ghaeilge, go bhfuil fórsaí níos láidre agus níos forleithne fós ann ar cuma leo ann nó as dár dteanga náisiúnta.

Tá dul chun cinn áirithe déanta le 10 mbliana anuas ó tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm – go speisialta maidir le húsáid na Gaeilge ar chomharthaíocht phoiblí, i stáiseanóireacht agus i bhfoilseacháin éagsúla. Tá méadú ar an tuiscint ar chearta teanga agus tá an Oifig s’againne ann mar thaca aige sin.

Ach tá teorannú suntasach déanta ar an dul chun cinn a d’fhéadfadh a bheith i gceist de bharr na faillí i bhfeidhmiú chóras na scéimeanna teanga faoin Acht. Ní chreidim go bhfuil aon seans ann go n-éireoidh leis an chóras nua atá beartaithe méadú a chur ar líon na státseirbhíseach le Gaeilge. Níltear sásta barántas a thabhairt go mbeidh seirbhísí stáit á soláthar i nGaeilge do phobal na Gaeltachta gan cheist gan choinníoll, rud a chiallaíonn go bhfuil an státchóras le leanúint de bheith ag rá le pobal na Gaeltachta: “Labhraígí Gaeilge le chéile ach ná labhraígí linne í”.

Tá breis agus dhá bhliain caite i mbun athbhreithniú ar an Acht Teanga ach, fós féin, níl an chéad chéim leis an Acht a leasú, is é sin, foilsiú ‘chinn an bhille’, tógtha fós. Fógraíodh an tseachtain seo caite gur as seo go samhradh an sprioc nua d’fhoilsiú na leasuithe.

Rinneadh cinneadh m’Oifig a chónascadh le hOifig an Ombudsman i ngan fhios dom féin agus don Ombudsman ag an am, ach arís agus níos mó ná dhá bhliain imithe, níl aon mhionsonraí ar fáil go poiblí faoina bhfuil molta ná faoin bhealach a cheaptar a n-oibreodh sé. Fógraíodh le linn na seachtaine seo caite go mbeadh an cónascadh sin déanta roimh Mheán Fómhair na bliana seo.

Creidim nár tugadh don Oifig riamh na hacmhainní riachtanacha lena cúraimí reachtúla a chomhlíonadh go cuí agus go hiomlán.

Don té a chreideann gur cheart go mbeadh cearta teanga ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, is tréimhse í seo atá lán le héiginnteacht. Mheas mé riamh nárbh fhéidir nó nár cheart breathnú ar an tacaíocht a theastaíonn don Ghaeilge i státchóras na tíre seo mar ábhar roghnach breise. Is buanchearta iad cearta teanga; ní lamháltais ná pribhléidí iad a thugtar le linn aimsir na flúirse.

Mura féidir leis an Stát dearbhú a thabhairt i dtaca le húsáid na Gaeilge i mbun cumarsáide le pobal na Gaeltachta gan cheist, gan choinníoll agus a chinntiú go mbeidh dóthain foirne le cumas sa Ghaeilge sa chóras riaracháin phoiblí nuair a bheas an tAcht Teanga á leasú, creidim go dtuigfear ansin gur cur i gcéill a bheas ann.

An rogha a bhí agam ná seasamh siar ó mo cheapachán mar Choimisinéir Teanga ar bhonn prionsabail le haird a dhíriú ar na ceisteanna seo nó leanúint orm agus, ar an bhealach sin, a bheith páirteach sa chur i gcéill.  Creidim go láidir i mo chroí istigh go ndearna mé an rogha cheart. Tá tús curtha anois le próiseas le Coimisinéir úr a cheapadh agus guím gach rath agus beannacht ar cibé duine a bheas mar chomharba agam.

An Straitéis
Tuigim go bhfuil fócas ar leith agaibhse mar Fhochoiste ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus go bhfuil fonn oraibh go ndíreoinn cuid áirithe de mo chuid cainte ar an ábhar sin inniu.

Ghlac mé páirt ghníomhach in ullmhú na Straitéise – d’fhoilsigh mé moltaí ar an ábhar agus chas mé leis an ghrúpa saineolaithe idirnáisiúnta a bhí curtha le chéile le comhairle a sholáthar i dtaca le dréachtú na Straitéise féin.

Dúirt mé – agus mé ag seoladh Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge sa bhliain 2008 – go bhféadfadh feidhmiú na Straitéise a bheith ar na gníomhartha is tábhachtaí do thodhchaí na teanga ó bunaíodh an Stát. Ach thug mé an rabhadh an-soiléir seo fosta ag an am: “Tá sé tábhachtach nach ligfimis i ndearmad, áfach, nach fiú tráithnín féir aon straitéis mura gcuirtear i bhfeidhm í. Caithfidh aontú agus foilsiú na straitéise a bheith ina thús ar aistear nua seachas ina cheann scríbe.”

Dúirt mé an bhliain ina dhiaidh sin go mbeadh sé riachtanach go gcuirfí tús éifeachtach agus gasta le cur i bhfeidhm iomlán na Straitéise agus mura raibh sin le tarlú, agus go rabhthas le caitheamh léi mar a tharla le hiliomad tuarascálacha inmholta roimhe sin, go mb’fhearr dá gcaithfí i leataobh láithreach í ar mhaithe le tuilleadh soiniciúlachta a sheachaint. Beart de réir briathra a theastaigh in áit focail mhilse, a dúirt mé ag an am.

An bhfuil, mar sin, an Straitéis á cur i bhfeidhm? Níl a fhios agamsa. Agus, i gcead daoibh mar Fhochoiste, ní shílim go bhfuil a fhios agaibhse ach an oiread mar nach bhfuil aon iniúchadh ná léirmheastóireacht neamhspleách á dhéanamh ar fheidhmiú na Straitéise.

Féin-mheastóireacht amháin atá i gceist agus ón taithí atá agamsa agus ag m’Oifig le 10 mbliana anuas i mbun iniúchadh ar scéimeanna teanga na n-eagras Stáit, is beag tábhacht nó luach atá le cur i ndeireadh na dála ar fhéin-mheastóireacht. In aon réimse den saol is deacair iontaofacht a chur i léirmheas ó pháirtithe leasmhara, ach os a choinne sin, tá ríthábhacht le fianaise atá bunaithe ar thaighde. Tá rud eile foghlamtha againn in imeacht na mblianta – go bhfuil bunús leis an fhrása “what gets measured, gets done!”  Mura bhfuil iniúchadh agus meastóireacht neamhspleách á dhéanamh, ní chreidim gur féidir le haon duine barántas a thabhairt faoin fheidhmiú.

Ach is féidir le duine tuairim a bheith aige: seo ceann ó shaineolaí amháin.

Bhí Seosamh Mac Donnacha as Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar dhuine d’údair an taighde (le Conchúr Ó Giollagáin) ar a dtugtar An Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht – an saothar taighde a spreag an Straitéis.

Agus é ag labhairt ag Tóstal na Gaeilge anuraidh, dúirt sé nach ann don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a thuilleadh. “Tá a fhios agam go bhfuil cáipéis againn ar a dtugann muid an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Ach ní ionann cáipéis agus Straitéis. Níl Straitéis bheo againn atá á cur i bhfeidhm ar bhealach seasmhach córasach..."

Bhí an méid seo le rá ag saineolaí eile, an Dr John Walsh, in eagrán na míosa seo den iris Comhar: “Is geall le corpán an Straitéis 20 Bliain anois agus tá an Ghaeilge níos imeallaí ná riamh sa státseirbhís”.

Cáipéis mharbh
“Cáipéis mharbh” a thug Seosamh Mac Donnacha ar an Straitéis agus dúirt sé freisin nach ann do Roinn na Gaeltachta níos mó  – “níl againn ach fo-rannóg ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta – fo-rannóg de roinn atá mór agus ilghnéitheach...Agus tá an fho-rannóg sin lonnaithe i bhfad ó lár na cumhachta (thiar sna Forbacha i gConamara); tá siad ag bun an tslabhra cumhachta inmheánaigh laistigh dá Roinn féin;  agus tá an mháthair-Roinn atá acu ag bun an tslabhra cumhachta lena mbaineann na Ranna Stáit i gcoitinne, rud a fhágann gur deacair di mórthionchar a imirt ar cheapadh polasaí ná ar fheidhmiú polasaí na Rann eile sin a bhfuil ról lárnach acu i bhfeidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge...”

Ba é croí an scéil aige nach bhféadfadh fo-rannóg atá ag feidhmiú faoi na cúinsí sin a bhfuil fágtha den Ghaeltacht a tharrtháil ná a chaomhnú, agus nach bhfuil muid ach ag cur dallamullóg orainn féin má cheapann muid go bhféadfadh.

Léirmheas duairc is ea é sin ach tá eagla orm, faraor, go bhfuil cuid mhór de phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a d’aontódh leis.

Dúirt an scríbhneoir, Seosamh Mac Grianna, tráth go mbíonn an fhírinne searbh: “...ní searbh atá sí ach garbh agus sin an fáth a seachantar í.”

Creidim féin, má tá rath le bheith air, gur gá go mbeadh an díospóireacht seo bunaithe ar an fhírinne, iomlán na fírinne agus an fhírinne amháin. Níor mhaith liom a bheith diúltach faoi seo ach creidim gur cheart i gcónaí tosú leis an staid réalaíoch seachas le ródhóchas bréige gan chúis. Níl ról ar bith ag grúpsmaointeoireacht i ngnó chomh tábhachtach le beatha teanga.

Bunaithe ar fhigiúirí an daonáirimh ón bhliain 2002, dúradh in 2007 nach raibh fágtha ach idir 15-20 bliain ag an Ghaeilge mar phríomhtheanga bheo an phobail sna ceantair Ghaeltachta is láidre a bhí fágtha. Ar ndóigh, mairfidh sí mar theanga agus níor saolaíodh fós an cainteoir dúchais deireanach. Ach is mór go deo idir sin agus í a bheith in uachtar mar theanga bheo an phobail agus a bheith á cur ar aghaidh ó ghlúin go glúin gan bhriseadh gan bhearna. Mar dhuine ar cás leis todhchaí na teanga agus na Gaeltachta agus mar dhuine a bhfuil formhór mór a shaoil caite aige ina chónaí sa Ghaeltacht, ní léir domsa go bhfuil mórán gníomhartha suntasacha ná céimeanna praiticiúla le dealramh tógtha ar an talamh le dul i ngleic le scála na géarchéime teanga sa Ghaeltacht ó foilsíodh an rabhadh rí-shoiléir sin seacht mbliana ó shin.  

Tic-Toc
Tá Acht Gaeltachta nua achtaithe agus níor bhain an fháilte a cuireadh roimhe aon mhacalla as cnoic agus gleannta na Gaeltachta. D’athraigh sé an struchtúr atá ar bhord an Údaráis agus bhronn sé cúraimí pleanála teanga nár iarr siad féin ar phobail na Gaeltachta agus na Gaeilge i gcomhar leis an Údarás agus Foras na Gaeilge. Ní ar phobail áitiúla a d’fhágfaí an fhreagracht maidir le pleanáil eacnamaíochta ná ní faoina gcúram a d’fhágfaí cinntí faoi fhorbairt tithíochta, bóithre ná cúrsaí comhshaoil.  Ach cúrsaí teanga, bhuel, sin scéal eile!

Tá ceantair roghnaithe agus á roghnú le pleananna teanga a ullmhú: tabharfar dhá bhliain leis na pleananna sin a ullmhú agus seacht mbliana lena bhfeidhmiú. Ach idir an dá linn, tic-toc, tá an t- am ag sleamhnú agus más fíor gur go mall a mheileann muilte Dé, is léir gur níos moille fós a mheileann muilte an státchórais, go speisialta i réimse na teanga. Nuair a fheicim an drochbhail atá fágtha ar chóras na bpleananna teanga nó na scéimeanna teanga do na heagrais stáit cheal feidhmiú éifeachtach, is deacair dom, faraor, aon mhuinín rómhór a bheith agam as an chóras nua pleanála teanga atá beartaithe faoi Acht na Gaeltachta.

Go deimhin, tá mé go mór in amhras an gcreideann fiú na daoine sin a bhfuil cúram oifigiúil orthu i dtaca le feidhmiú na Straitéise agus na pleanála teanga ina gcroí féin go bhfuil aon seans dáiríre ann go mbeidh rath nó dea-thoradh go cinnte ar na beartais seo. Agus mura gcreideann an lucht ceannais féin é, bhuel, cinnte le Dia, níl mórán cúis ag aon duine eile é a chreidiúint: ní féidir reachtaíocht shóisialta a chur i bhfeidhm mura bhfuil muinín agus tacaíocht an phobail i gcoitinne aici.  

Acht agus Straitéis
Maidir le háit na Gaeilge sa státchóras, bhí mé ag léamh tuairisce le gairid ó iar-státseirbhíseach sinsearach a dúirt go raibh, dar leis “growing evidence that there is a strategy afoot to do away with what’s left of Irish in the public life of the country.”

Chaith Seán Mag Leannáin 15 bliana mar Phríomhoifigeach sa Státseirbhís go dtí gur éirigh sé as i mí na Nollag 2009.

Dúirt sé: “The civil service establishment...are almost 100 per cent united in their view of Irish as an irritating thorn in the administration. The mandarins know there isn’t political consensus on the issue and they calculate that even to open a public debate on Irish would be to accord it a status it doesn’t deserve – far better to ignore it as if it didn’t exist and to starve the Official Languages Act of the resources to implement it. Let the whole thing wither on the vine...” Bhí an méid seo le rá aige freisin; “When the Official Languages Act was passed over 10 years ago the top civil servants adopted a minimalist, wait-and-see approach. They knew that without their active support the new legislation was never going to have much effect. But what started as passive inaction on their part now seems to have moved up a notch or two to one of active undermining.

It reminds me of a phrase used by our President Michael D Higgins, speaking at the biennial Tóstal na Gaeilge conference in Galway in 2010, when he referred to those “'for whom Irish was not half dead enough'”.


Sin dearcadh spéisiúil ó fhear misniúil a bhí i gcroílár an státchórais.

Gealladh sa Straitéis go mbunófaí córais le méadú a chur ar fhoireann na seirbhíse poiblí atá in ann feidhmiú i nGaeilge. Thagair mé níos túisce don chóras nua le cur i bhfeidhm ar bhonn píolótach ach feictear dom gur leor a rá libh gur léirigh taighde atá déanta dúinn ar fhigiúirí oifigiúla ón Roinn Oideachais agus Scileanna go dtógfadh an córas nua sin, dá gcuirfí i bhfeidhm go hiomlán agus ar an bhealach is dearfaí é, thart ar 28 mbliana le líon na foirne riaracháin sa Roinn sin le líofacht i nGaeilge a dhúbailt ón 11⁄2% atá ann faoi láthair go dtí 3%.

Gealladh freisin ar leathanach 45 den Straitéis go sonródh scéimeanna teanga amach anseo na poist laistigh d’eagraíocht a mbeadh cumas sa Ghaeilge riachtanach dóibh. Foilsíodh an Straitéis i mí na Nollag 2010 – sin breis agus trí bliana ó shin. Daingníodh 26 scéim teanga nua sna trí bliana ó shin agus go dtí seo níl oiread agus post amháin i scéim teanga amháin sonraithe go cinnte mar phost a mbeadh cumas sa Ghaeilge riachtanach lena aghaidh!

Ní miste a lua freisin go bhfuil oifigigh Ghaeilge nó daoine le cúram na teanga orthu ainmnithe ag na Ranna Rialtais éagsúla le freagracht a ghlacadh as feidhmiú an Achta Teanga agus as gníomhú mar theagmhálaithe le m’Oifigse.  Daoine cumasacha iad ar fad a oibríonn go dúthrachtach ach níl ach seisear as na sé dhuine dhéag (16) atá i gceist a bhfuil Gaeilge acu; tá deichniúir de na hoifigigh sin a bhfuil cúram na teanga orthu sna Ranna Rialtais nach bhfuil aon Ghaeilge acu féin.

Fógraíodh sraith iomlán de phleananna agus de bheartais nua d’athchóiriú an státchórais an tseachtain seo caite; go bhfios dom ní luaitear na focail ‘teanga’, ‘Gaeilge’ ná ‘Gaeltacht’ oiread agus uair amháin sna cáipéisí sin.

Oideachas

Tá béim an-mhór sa Straitéis ar an Ghaeilge sa chóras oideachais. Agus fáiltím roimh chinneadh na Roinne Oideachais agus Scileanna athbhreithniú a dhéanamh ar an soláthar oideachais sa Ghaeltacht.

Ach, ag an am chéanna, cuireann sé imní mo chroí orm nuair a smaoiním ar an dearcadh oifigiúil a léirigh an Roinn chéanna le gairid le linn dhá imscrúdú fhoirmiúla a bhí ar siúl ag m’Oifig agus a bhain le gnéithe den oideachas sa Ghaeltacht.

I gcás amháin rinne bunscoil Ghaeltachta gearán go raibh treoir á tabhairt ag an Roinn Oideachais dóibh múinteoir a cheapadh ó phainéal ar a raibh farasbarr múinteoirí, cé gur chreid na múinteoirí sin agus údaráis na scoile nach raibh dóthain Gaeilge ag aon duine acu le teagasc i scoil Ghaeltachta. Seo cúpla sampla fánach de na ríomhphoist a sheol na múinteoirí ón phainéal chuig údaráis na scoile:
  • “...With respect to you, your principal and your pupils, I feel that my standard of Irish would not reach the requirement needed for a Gaeltacht school and Gaeltacht life in general...
  • “... Chun an fhírinne a rá, táim beagáinín buartha faoi toisc gur Gaelscoil sibh agus go bhfuil cainteoirí dúchasacha ag freastal an scoil.”
  • “Tá brón orm... níl go leor Gaeilge agam chun a bheith ag obair sa Gaeltacht.”
  • “Unfortunately I don’t think I would be the best person for the job and I’m sure there’s someone on the panel with more experience in Gaelscoileanna and fluency with Irish than I have.”
D’ainneoin sin – agus an fhíric go bhféadfadh Gaeilge níos fearr a bheith ag cuid de na daltaí ná na múinteoirí féin sa chás sin – chuir an Roinn argóintí dlíthiúla agus praiticiúla i láthair le léiriú nár ghá socrú ar leith a dhéanamh don Ghaeltacht agus go raibh gach múinteoir bunscoile sa tír cáilithe le múineadh i scoil Ghaeltachta. Chinn mé, áfach, de bharr an imscrúdaithe sin go raibh forálacha éagsúla teanga de chuid an Achta Oideachais á sárú sa chás sin agus rinne mé moltaí dá réir sin.

I gcás eile, rinne an Roinn Oideachais agus Scileanna argóintí dlíthiúla agus praiticiúla fosta nach raibh dualgas uirthi rogha a chur ar fáil le go bhféadfaí ábhair an churaclaim a theagasc trí Ghaeilge go leibhéal na hArdteistiméireachta do dhaltaí scoile as ceann de na ceantair Ghaeltachta is láidre atá fágtha i dTír Chonaill. Tá sruth Gaeilge sa scoil go leibhéal an Teastais Shóisearaigh ach is beag duine a roghnaíonn é mar go mbeadh ar na daltaí a dteanga a athrú don dá bhliain is tábhachtaí – blianta na hArdteistiméireachta.  Léirigh an t-imscrúdú a rinne m’Oifig go raibh diúltú na Roinne oideachas trí Ghaeilge go leibhéal na hArdteistiméireachta a sholáthar do dhaltaí Gaeltachta ag teacht salach ar a cuid dualgas faoin dlí agus, arís, tá moltaí déanta agam leis an scéal a leigheas.

Tá mé cinnte go dtuigfidh sibh m’imní faoi ghné an oideachais den Straitéis i bhfianaise na gcásanna sin.

Ach, ar ndóigh, is í bun agus barr na faidhbe againn nach bhfuil aon cheangal ceart déanta againn idir foghlaim agus úsáid na Gaeilge sa tír seo. Cuireann an Stát dualgas ar dhaltaí an teanga a fhoghlaim ach is minic ina dhiaidh sin a chuireann an Stát céanna cosc nó bac ar na daoine sin an teanga a úsáid ina ngnóthaí oifigiúla. Tá dícheangal nó cliseadh céille i gceist ansin.

Páirtithe leasmhara
Thrácht mé níos túisce ar an easpa monatóireacht neamhspleách atá le déanamh ar an Straitéis  20 Bliain don Ghaeilge.  Tá iarrachtaí á ndéanamh le tamall a éileamh go n-aithneofaí go hoifigiúil pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta mar pháirtithe leasmhara trí ról a thabhairt dóibh i  stiúradh na Straitéise 20 Bliain – ach ar chúis éigin tá sin á dhiúltú dóibh ag an státchóras. Is deacair sin a chreidiúint agus meabhraím arís nach féidir reachtaíocht shóisialta a chur i bhfeidhm mura bhfuil muinín agus tacaíocht an phobail i gcoitinne aici.

Tá neart dordfhocal le cloisteáil ceart go leor faoi choistí idir-rannacha, cainteanna déthaobhacha agus pleananna forfheidhmithe ach an ionann sin agus gníomhartha praiticiúla, dearfacha?  Dúisíonn sé i m’intinn an scéal is deireanaí atá nochta ag an iriseoir Breandán Delap ó chomhaid na Cartlainne Náisiúnta (Béarla amháin) faoin Riail 30 Bliain. D’aimsigh sé na cáipéisí oifigiúla a bhain leis an Phlean Gníomhaíochta Ceithre Bliana don Ghaeilge a d’fhoilsigh an eagraíocht stáit Bord na Gaeilge i 1983 – cáipéis théagartha, shuntasach ba ea é inar leagadh amach spriocanna do gach gné den státchóras. I ndeireadh na dála, nuair a bhí ionchur na polaitíochta agus na Státseirbhíse curtha san áireamh, ní raibh fágtha den phlean uaillmhianach ach creatlach de choistí a bhí le bunú chun moltaí a dhéanamh i leith úsáid na Gaeilge i réimsí éagsúla den saol phoiblí.

Mheabhraigh sé don iriseoir an méid a bhí le rá ag Séamus Mallon faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta – gur “Sunningdale for slow learners” a bhí ann.  Plus ça change, plus c'est la même chose. Nár thrua dá mba í an chinniúint chéanna a bheadh i ndán don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge?

Agus mé ag ullmhú le teacht in bhur láthair anseo inniu, smaoinigh mé ar ráitis a rinne beirt dár laochra a bhásaigh anuraidh, go ndéana Dia grásta orthu – Nelson Mandela, a dúirt “If you talk to a man in a language he understands, that goes to his head. If you talk to him in his language, that goes to his heart.”

Agus Seamus Heaney, a dúirt “Not to learn Irish is to miss the opportunity of understanding what life in this country has meant and could mean in a better future.  It is to cut oneself off from ways of being at home. If we regard self-understanding, mutual understanding, imaginative enhancement, cultural diversity and a tolerant political atmosphere as desirable attainments, we should remember that knowledge of the Irish language is an essential element in their realisation.”

Rogha simplí
Tá rogha shimplí romhainn – féachaint siar ar an Ghaeilge mar theanga a chaill muid nó féachaint chun tosaigh agus í mar chuid lárnach dár bhféiniúlacht agus dár bhflaitheas.

Ach deirim an méid seo go cinnte libh inniu anseo i dTithe an Oireachtais – gur le croí trom a thabharfas pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta aghaidh ar chomóradh 100 bliain Éirí Amach na Cásca, faoi cheann dhá bhliain eile, mura bhfuil inár dteanga náisiúnta ach teanga shiombalach agus, seachas í a bheith ina croíchuid dár gcultúr agus dár n-oidhreacht bheo, go mbeadh sí brúite ar leataobh, fágtha ar an imeall agus in áit na leathphingine i saol an náisiúin seo.

Go raibh maith agaibh arís as bhur gcuireadh labhairt libh anseo inniu.


Share/Save/Bookmark

20.12.13

Cothrom na féinne...

Aire na Gaeltachta?
"Tá faillí mhillteanach déanta le fada sa Ghaeilge ag Rialtas na hÉireann, go háirithe sna ceantair Ghaeltachta agus is mithid dúinne, Gaeil a chur orthu stad iomlán a chur leis sin...

"...Tá muid bréan tuirseach den chur i gcéill mhallaithe seo atá ag cur na teanga ar bhealach a haimhleasa agus ag déanamh a bheag dúinne, Gaeil."

An aontaíonn tú leis seo? Caith do vóta-sa anseo!


Rialtas na hÉireann:
Tabhair cothrom na féinne
don Ghaeilge is don Ghaeltacht!


Share/Save/Bookmark

17.12.13

Scéal fada faoi suirbhé gearr!


D'Fhógair an Coimisinéir Teanga go raibh sé le h-éirí as ar an 4ú lá Nollaig 2013, mar nach raibh sé ag fáil tacaíocht ón Rialtas. "...creidim i mo chroí istigh i bhfianaise na faisnéise atá curtha in bhur láthair agam anseo inniu gur beag eile a d’fhéadfainn a bhaint amach go pearsanta sa tréimhse ama sin i dtaca le cearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Is trua liom a rá, mar sin, go bhfuil cinneadh déanta agam seasamh siar ó mo cheapachán mar Choimisinéir Teanga ar an 23 Feabhra seo chugainn." (Ráiteas ag an gCoiste Oireachtais 3/12/2013)

Tá an méid sin mí thuiscint ann gur shocraiamar suirbhé simplí ghearr a eagrú. I ndairíre is turgnamh dall atá ann mar ní dhearnamar a leithéid cheanna. Tá sé tabhachtach a áireamh nach bhfuil aon taithí againn. Níl fhéadfá a rá go bhfuil sé eolaíoch mar a bheadh rud a dtagana as chomhlacht staidrimh.

Mhol duine de na freagreoirí go ndéanfaimid suirbhé eile amach anseo "Níl an tsuirbhé seo sách cuimsitheach le tuairimí reatha an phobail a mheas ó thaobh cearta teanga de. Ba cheart daoibh ceann eile a dhéanamh san Athbhliain." Ar ndóigh tá an ceart aige agus b'fhéidir go ndeanfaimíd ceann eile amach anseo.

Poiblíocht!
Cuireadh fógraí amuigh ar facebook, twitter agus ar linkedIn ar an 9ú lá Nollag agus is uaidh sin a tháinig an breis is 125 daoine a fhreagair na ceisteanna. Cuireadh tagairt agus nasc i bhfreagraí de chuid The Journal.ie leis. Tuigeann muid go bhfuil lagaí áirithe sa tionscnamh ach mar sin féin tá na torthaí suimiúil.

Ceist 1: Éirí as an Choimisinéara Teanga!
D'fhógair an Coimisinéir Teanga go raibh sé le h­-éirí as mar nach raibh sé ag fáil tacaíocht ón Rialtas. An aontaíonn tú lena a chinneadh?
D'aontaigh 82% lena chinneadh. Níor aontaigh 12% agus ní raibh tuairim ag 6%.

Ceist 2: Muinín sa Choimisinéir Teanga
An bhfuil muinín agat sa Choimisinéir Teanga?
Dúirt 92% dóibh siúd a ghlac páirt sa suirbhé go raibh muinín acu as ach dúirt 8% nach raibh muinín as.

Ceist 3: Polasaí an Rialtais!
An bhfuil tú sásta le polasaí an Rialtas seo i leith na Gaeilge?
Bhí 4% a bhí sásta agus 81% nach raibh sásta. Spéisiúl gur chuir 15% de na freagróirí an cheist "Cén polasaí?"

Ceist 4: Costas Oifig an Choimisinéara!
Tá na freagraí ar an gceist seo spéisiúil. Léirigh sé nach ionann dearcaí agus réaltacht ag an-chuid dár freagróirí!

Nuair a cuireadh an cheist, "Cén costas atá ar Oifig an Choimisinéara Teanga?" bhí an-éagsúlacht sna freagraí. Bhí fhios againn nach mbeadh na figiúirí ag gach éinne agus mar sin moladh tomhas a dhéanamh. Bhí roinnt acu nach raibh sásta aon figiúir a thabhairt (7%). Bhí duine amháin (léitheoir de chuid an Sindo?) a dúirt, "Too much!" agus duine eile nach raibh sásta figiúir a thabhairt mar, "Ní féidir a luach a thomhas ar airgead - ní mór don oifig a bheith ann, mar sin níl plé faoi chostais ina chuidiú!"

Seo na torthaí:
"Cuireadh €650,000 ar fáil don Oifig don bhliain 2012 ach níor tarraingíodh ach €606,784 den airgead sin." (Tuairisc Bhliantúil 2012 na hOifige!)
Ceist 5: Gearáin ón Ghaeltacht!
Bhí sé spéisiúil na figiúirí ar freagraí ar an gceist: Cén ceadtadán de na gearáin a thagann ón nGaeltacht? Tugadh rogha do na freagróirí agus ní raibh an ceatadán ceart ach ag 21% dóibh!
"Gearáin … 6,089 go dtí an 30 Samhain 2013, (28% ón Ghaeltacht)." Ráiteas an Choimisinéara ós chomhair Coiste Oireachtais. 3 Nol 2013 
Ceist 6: Tuairimí
Seo chuid den suirbhé ina raibh cead ag daoine a rogha rud a rá. Níor chriochnaigh ach duine is caoga an píosa seo. Ní dhearnamar aon eagarthóireacht ortha. Tá chuile rud ann ó "Good riddance!" go "Coinnigh an dóchas!"

Bhfuil aon rud eile le rá agat?
is náireach an rud é gir mhothaigh sé go raibh air éirí as - lipservice á thabhairt ag an Rialtas don Ghaeilge

Ní bhíonn aon rud suntasach le tuairisciú ag an aire shóisearach nuair a chuirtear ceisteanna air faoi dhul chinn cinn... "Tógann sé am.." "Tá reachtaíocht le foilsiú amach anseo.." "Táimid ag obair air.." Leisce, easpa foirne, easpa acmhainní ó thaobh an rialtais, measaim... Maidir leis an bpobal - An bhfuil fíor-eileamh ann ar sheirbhísí trí mheán na Gaeilge? Déanann cuid againn iarracht, ach is beag an slua sinn, de réir cosúlachta. Caithfidh muid an fód a sheasamh agus cruthú go bhfuilimid ann. Caithfidh muid an fhreagracht a ghlacadh orainn féin, seachas bheith ag brath go síoraí ar oifig an choimisinéara

The cost of the office is offset by tourists visiting Ireland to study Irish and spending money into the Economy, especially in western areas!

Ta dioma orm I ndiadh an cinneadh ach tuigim me e

I nÉireann amháin ...

Tá cearta daonna ag lucht labhartha na Gaeilge ach ní ghéileann an stat go fírinneach go bhfuil na cearta sin ann.

Tá scrios á dhéanamh ag an rialtas seo ar an Ghaeilge.

Tá an rialtas seo ag plúchadh Na teangan

Ba léir ón chéad lá go mbeadh an rialtas seo go dona don Ghaeilge, nach é an chéad rud a rinne siad deireadh a chur leis an ngá na dlíthe a fhoilsiú sa dá theanga ag an am chéanna? Ina dhéidh sin is uile, bhí beagnach gach fadhb a luaigh an Cuirreánach ann nuair a bhí Ó Cuív fós ina Aire. Cibé tacaíocht bheag a fuair an Ghaeilge ón rialtas FFach, d'imigh sí le sruth nuair a thit an tóin as an gheilleagar.

Coinnigh an dóchas.

Tá mé eachtrannach. Fhoghlaim mé an Ghaeilge. Ach nach bhfuil an scéal seo ag cabhrú.

Caithfear an deannach a shéideadh de na polasaithe...ní hionann briathar agus beart.

Sílim gur fearr dúinn ann ná as é ach tuigim cad chuige a ndearna sé a chinneadh. Agus táim chóir a bheith buartha caidé bheidh in ann dúinn tar éis an méid atá feicthe agam ón Taoiseach, ón Leas-Aire Dinny McGinley agus ón Aire Oideachais Ruairí Quinn. Ní amháin go bhfuil siad ag díol an tír leis na comhlachtaí ilnáisiúnta ach tá siad ag marú na teanga agus ag déanamh 'Airstrip 2' amhail is dá mbeadh fís George Orwell a chomhlíonadh acu. Ní Éire Shaor go hÉirinn Gaelach!

Good riddance!!!

Tá Sé in am againn dul i mbun agóide

Bhí sé chomh maith an Straitéis 20 Bliain a chur sa tine mar nach bhfuil moltaí ón Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ann. Níl ann uilig ach cur i gcéill agus is mór an náire iad O Cuiv agus Dinny nach raibh in ann cinneadh ciallmhar a dhéanamh maidir le teorainneacha na Gaeltachta. Níltear ach ag breathnú amach do riachtanais na bhfoghlaimeoirí. Tá gach duine ag tabhairt suas ar an nGaeltacht.

Ní chuireann iontas Orm nach bhfuil morán tacaíocht a ar fáil ón Rialtas

Tabhair ar ais an Coimisinéir! Agus cuir polasaí ceart earcaíochta i bhfeidhm láithreach mar chomhartha dea-thola.

feall eile

Níl faoi láthair

Fair play don Chuirreánach, ach tá faitíos orm go dtiocfaidh leibide eicínt i gcomharbacht air.

Scannal amach 's amach go raibh ar dhuine chomh cumasach, ciallmhar le Seán Ó Cuirreáin seasamh siar. Mo náire an rialtas

Níl an tsuirbhé seo sách cuimsitheach le tuairimí reatha an phobail a mheas ó thaobh cearta teanga de. Ba cheart daoibh ceann eile a dhéanamh san Athbhliain.

Teaching a second language isn't rocket science. People shouldn't leave school unable to speak it, that's a ridiculous situation. Teaching and exams aren't being done according to best international practice. If that was changed then kids would come out of school speaking Irish, and wouldn't have a problem providing a service tré Ghaeilge. Those internationally accepted ways of teaching 2nd languages could also be used to upskill older people, who could then also provide a service in Irish easily. The data is out there, but it's being ignored. Talk to the people in TEG, NUI Maynooth.

Cé nach maith liom Acht na dTeangacha Oifigiúla mar go bhfuil an iomarca béime ann ar mhaorláthas gan úsáíd, is cinnte go bhfuil dualgas ar an Stat é a chur i bhfeidhm. Ní maith liom Acht na Gaeltachta 2012 ach an oiread mar gheall ar an sceannairt a rinne sé ar an nGaeltacht, ach creidim go gcaithfidh an Rialtas bheith macánta mar gheall ar an nGaeilge agus an nGaeltacht seaachas bheith de shíor ag labhairt an 'cúpla focal' agus ansan ag cur scian sa teanga ar chúπ téarmaí.

Dún an doras i do dhiaidh!!

Níl, go raibh maith agat.

faic

Níl barúil agam fá na ceisteanna a bhaineann le costas nó le céadatain. Tâ drochbhail ar an teanga istigh sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di - ar fud na tíre. Níl meas madaidh ag na meáin ná ag oifigigh an rialtais ar an teanga ná orainne, Gaeilgeoirí. Tá fearg agus díomá orm mar shaoránach de chuid na tíre seo mar gheall air seo. Éire ghallda an sprioc atá acu de réir chosúlachta.

Níl.

Níl an fhreagairt ar eolas agam do cheist a 5. Fear iontach onórach é Seán - rinne sé an rud ceart le haird a tharraingt ar an scéal.

Suas an gealge !

Tá neamh-suim níos contúirtí ná ain-suim. Ar a laghad tá gráin oscailte le sonrú ag an ain-suim!

Bhí an ceart ag gCoimisinéar éirí as Agus gan tacú leis an cur i gcéill a thuilleadh. Táim tinn tuirseach den chur i gcéill i leith na teanga. Ní caitheamh aimsir í an Ghaeilge.

Tá an praiseach ar fuaid na mias ag an Rialtas Gallda seo ó thaobh na Gaeilge de.

ní féidir a luach a thomhas ar airgead - ní mór don oifig a bheith ann, mar sin níl plé faoi chostais ina chuidiú. Gaeilgeoirí a líonfaidh isteach é seo, meas-tú an bhféadfaí an Ghaeilge a chur ar dtús sa chéad cheann eile? é an-deacair teacht ar an Ghaeilge agus é seo á dhéanamh ar an ghuthán póca!

Dhein a oifig idirghabháil ar mo shon chun seirbhís ghaeilge a fháil ó na coimis. ioncaim. D'oibrigh sé.

Níl

Gaeilge abú

Meas ollmhór agam ar an gCoimisinéir Teanga. Is trua liom go bhfuil sé tagtha chuige seo. Ní fheicim go mbeidh aon athrú suntasach dearfach déanta leis an Rialtas reatha.

Fear cróga misniúil is ea Seán Ó Cuirreáin, fear prionsabáilte. Tá sé tar éis leas na teanga a dhéanamh lena chinneadh, cé gur rud é a ghoilleann orainn ar fad. Tá sé in am dúiseacht agus corraí.

Is trua gur éirigh sé as ach tuigim dó. Fear ionraic cumasach díograiseach é Seán Ó Cuirreáin agus ghoill easpa toile agus gníomhaíochta an Rialtais i leith na Gaeilge agus cearta teanga phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge go mór air.

Go mbíonn feidhmeanaigh an stáit frith-gaelach sa lá inniu mar a raibh siad go deo.

Níl inti ach teanga, níor chóir níos mó ná sin a chur uirthi. Ní faoin rialtas amháin atá sé an teanga a bheathú.

Muna bhfuil sé ann, beidh an rialtas iontach sasta. Ní bheidh siad freagrach. D'eist mé le Dinny ar R na G ar maidin. Tá náire orthú roimh an Gaeilge.

Níl

Tá an Rialtas ag sárú an dlí agus an Bhunreacht.

Teastaíonn CT le cinntiú nach dtitfidh an Ghaeilge i léig.

Dá dtarlódh sé seo do Emily O Reilly, An Ombudsman , bheadh eirí amach ann . Ba cheart go mbeadh náire ar an rialtas seo leis an chaoi ina bhfuil siad ag caitheamh le muintir na Gaeltachta & daoine ina bhfuil suim acu an Ghaeilge a labhairt agus scríobh.

Share/Save/Bookmark

9.12.13

Suirbhé gearr!

D'Fhógair an Coimisinéir Teanga go raibh sé le h-éirí as mar nach raibh sé ag fáil tacaíocht ón Rialtas.

Tá an méid sin mí thuiscint ann gur shocraiamar suirbhé simplí ghearr a eagrú. I ndairíre is turgnamh dall atá ann mar ní dhearnamar a leithéid cheanna.

Tá an suirbhé thart anois! Bhí breis is 125 a ghlac páirt ann agus tá tuairisc ar líne againn anois anseo: Scéal fada faoi suirbhé gearr!

Gura maith acu as a ghlach páirt ann.




Share/Save/Bookmark

5.12.13

Gearán faoi ráiteas ó Dhinny McGinley!

Chuir mé gearán chuig Roinn na Gaeltachta ar maidin:

A chara,

Tá an ráiteas oifigiúil ón Aire Stáit Dinny McGinley ar shuíomh merrionstreet.ie ar éirí as an Choimisinéara Tenga aréir le fáil i mBéarla amháin.

Níl sé ar suíomh na Roinne Gaeltachta ar chor ar bith!

Nach ceart go mbeadh sé i nGaeilge chomh maith?

Tá sé le fáil ar

http://www.merrionstreet.ie/index.php/2013/12/statement-from-minister-of-state-dinny-mcginley-t-d-regarding-the-notice-from-an-coimisineir-teanga-that-he-will-retire-from-his-post-in-february-2014/?cat=12

Má brútar ar an cnaipe "Gaeilge" ní chuig an ráiteas sin ach chuig ráiteas eile ar fad a théann sé.

Sílim gur masla eile atá anse ní don Coimisinéir amháin ach do Phobal na Gaeilge agus do Phobal na Gaeltachta ar fad.

Mise, le meas,


• Cóip chuig Oifig an Choimisinéara Teanga

Fuair mé é seo mar freagra uatha um thráthnóna:

A Eoin, a chara,

Tá an ráiteas a bhí uait le fáil ar shuíomh na Roinne ag an nasc seo:

Eisíodh an preasráiteas seo chuig na meáin go dátheangach tráthnóna aréir.  Tá brón orm nach raibh sé ar fáil ar líne níos túisce.

Le gach dea-ghuí,

Micheál Ó Conaire

Príomhoifigeach Cúnta
Preasoifig agus Oifig Eolais

Tá sé le fáil ar an dá shuíomh anois sa dhá theanga! Níl mé ró shásta leis seo mar freagra sa bhliain 2013, aois na h-idirlíne! Is ceart go mbeadh gach ráiteas ón Rialtas a bheith le fáil ag gach duine sa tír i dteangacha na tíre ag an am céanna.

Ar an ábhár céanna d'éisigh úrlabharaí Ghaeltachta Fhianna Fáil ráiteas faoi éirí amach an Choimisinéara i mBéarla amháin ar suíomh a pháirtí.

Fagann sin nach raibh aon ráiteas i nGaeilge ar líne ag aon pháirtí seacha ráiteas Threvor Uí Chlochartaigh.

Polasaí Rialtais na hÉireann?


Share/Save/Bookmark

"Damnú ar pholasaí Gaeilge an Rialtais eirí as an Choimisinéir Teanga!" agus "Buille tubaisteach don Ghaeilge"

Deir an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh gur damnú ar pholasaí Gaeilge an Rialtais atá sa bhfógra a rinne an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin inniu, go bhfuil sé le n-eirí as a chuid dualgais, ar bhunphrionsabail.

Thug an Coimisinéir an méid seo le fios ag cruinniú den Chomhchoiste Achanaithe agus Formhaoirsiú Poiblí i dtithe an Oireachtais inniu.

Trevor Ó Clochartaigh
“Is lá dhubh, dorcha don Ghaeilge í seo, go bhfuil Sean Ó Cuirreáin ag eirí as tar éis deich mbliana a chaitheamh sa bpost.

“Is léir gur cinneadh ar bhunphrionsabail atá i gceist agus nach ar aon chúis eile atá seo socraithe aige.

“Rinne sé cáineadh an-láidir arís ina thuarascáil bhliantiúil ar easpa dáiríreachta na n-eagras stáit i leith a gcuid dualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

“Is léir domsa nach bhfuil an tacaíocht dhá fháil ag an oifig ón Rialtas agus na h-eagrais stáit agus dá bhrí sin nach féidir leis an gCoimisinéir a chuid dualgais a chomhlíonadh mar is ceart.
Tá teipthe ar an Rialtas seo go hiomlán ó thaobh na Gaeilge (Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 12/12/2013)

Coimisinéir an choinsiasa (Seán Tadhg Ó Gairbhí, Treaibh, 11/12/2013)

Géarchéim anois gan Coimisinéir na Gaeilge (Seachtain, 11/12/2013)

Éirí as Post an Choimisinéara Teanga (Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge, 10/12/2013)
“Tá an-díomá ar Shinn Féin faoi seo, ach molann muid Seán Ó Cuirreáin as an seasamh láidir seo a ghlacadh ag an am seo.

'Tá ardmheas ag Sinn Féin agus pobal na Gaeilge ar an obair atá déanta aige féin agus ag a fhoireann agus is cailliúint an-mhór é. Go bhfios dúinn, seo an chéad uair gur éirigh aon Ombudsman as i stair an stáit agus is ráiteas iontach láidir ann fein é sin.

'Is léir go bhfuil polasaí an Rialtais i leith na Gaeilge ag titim óna chéile agus tá gá le h-athbhreithniú práinneach le seo a chuir ina cheart.

'D'iarr mé go dtabharfaí Aire Stáit na Gaeltachta teacht os comhair an Chomhchoiste le seasamh an Rialtais ar an gcinneadh seo agus na h-impleachtaí a bhaineann leis a phlé!"

Seo ráiteas ó Chonradh na Gaeilge

Buille tubaisteach don Ghaeilge – géarchéim léirithe ag an gCoimisinéir Teanga in obair an Rialtais i leith na Gaeilge

Tá géarchéim i ndiaidh teacht chun cinn inniu, Dé Céadaoin, 4 Nollaig 2013, agus Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga, i ndiaidh a chur in iúl don Chomhchoiste um Imscrúduithe, Formhaoirsiú agus Achainíocha go bhfuil sé ag éirí as.

I measc na cúiseanna a luaigh An Coimisinéir Teanga as a chinneadh seasamh siar, rinne sé tagairt d’easpa cur i bhfeidhm na scéimeanna reachtúla teanga; caighdeán na scéimeanna féin; imeallú na teanga sa chóras riaracháin phoiblí; folús i dtaobh athbhreithniú Acht na dTeangacha Oifigiúla; cinneadh an Rialtais Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman; easpa acmhainní riachtanacha don Oifig lena cúraimí reachtúla a chomhlíonadh go cuí agus go hiomlán; easpa foirne le hinniúlacht sa Ghaeilge sa státchóras; agus córas lochtach nua atá le teacht i bhfeidhm in ionad chóras na marcanna bónais.

Dúirt Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Is cinnte gurbh é an cinneadh le héirí as oifig atá fógartha ag an gCoimisinéir Teanga inniu an buille is mó don Ghaeilge le fada an lá.
“Tuigeann Conradh na Gaeilge go maith na cúiseanna atá aige le héirí as; tá droch-chinntí i leith forbairt na Gaeilge glactha ag an Rialtas ó thosaigh siad i 2011.
“Ní gá ach breathnú ar an gcinneadh le COGG a chur isteach leis an CNCM, an neamhaird a rinne an Rialtais ar na leasuithe ar fad a moladh don Acht Gaeltachta 2012, agus fiú an t-athrú a bhí le teacht ar Oifig an Choimisinéara Teanga féin.”

Rinneadh cinneadh Rialtais i mí na Samhna 2011 Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman faoi Phlean Athchóirithe an Rialtais don tSeirbhís Phoiblí, cinneadh a rinneadh i ngan fhios don Choimisinéir Teanga agus don Ombudsman ag an am.

D’fhógair an Rialtas go gcuirfí deireadh leis an scéim marcanna bónais in earcaíocht agus ardú céime sa stát seirbhís i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo chomh maith, ach de réir ráiteas an Choimisinéara Teanga i dTithe an Oireachtais inniu, léiríonn taighde ar fhigiúirí oifigiúla ón Roinn Oideachais agus Scileanna go dtógfadh an córas nua atá beartaithe ag an Rialtas a chur ina áit thart ar 28 mbliana le líon na foirne riaracháin sa Roinn sin le líofacht i nGaeilge a mhéadú ón 1½% atá ann faoi láthair go dtí 3% – dá gcuirfí i bhfeidhm go hiomlán agus ar an mbealach is dearfaí é.

An Coimisinéir Teanga, Seán Ó Chuireánn ag comhrá le Julian de Spáinn
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Tá muinín phobal na Gaeilge agus Gaeltacht ag an gCoimisinéir Teanga. Tá obair den scoth déanta aige agus ag a oifig le breis agus 9 mbliana anuas agus is buille tubaisteach é don Ghaeilge go mbeidh sé ag éirí as.
“In ainneoin a bhfuil ráite ag an gCoimisinéir Teanga gur beag eile a d’fhéadfadh sé a bhaint amach sa dhá bhliain eile dá chonradh atá fágtha, impíonn Conradh na Gaeilge air athmhachnamh a dhéanamh ar a chinneadh seasamh siar ó chreideann muid go láidir gur chun cúil ar fad a rachaidh an troid ar son chearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta in uireasa Sheáin Uí Chuirreáin.
“Tá ráite ag an gCoimisinéir Teanga inniu, mar bhunchéim riachtanach agus Acht na dTeangacha Oifigiúla á leasú mar chuid de chlár an Rialtais, go gcaithfear foráil shoiléir a chur ann a chinnteoidh go mbeidh Gaeilge ag fostaithe an Stáit a bheidh ag freastal ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll.
“Aontaíonn Conradh na Gaeilge go hiomlán le ráiteas an Choimisinéara Teanga nach féidir leanúint ag tabhairt ar chainteoirí dúchais Gaeilge an Béarla a úsáid agus iad ag déileáil le heagraíochtaí stáit, agus creideann go gcaithfear athchuairt a thabhairt láithreach ar cheist na teanga san earcaíocht agus i gcomórtais arduithe céime sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí.
“Tá géarchéim ann agus is gá tabhairt faoin ngéarchéim sin go práinneach. Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Rialtas éisteacht le gach pointe atá déanta ag an gCoimisinéir Teanga don Chomhchoiste Oireachtais inniu agus tabhairt faoi na fadhbanna a réiteach láithreach i bpáirt leis an gCoimisnéir agus leis an bpobal.”
Share/Save/Bookmark