I dtuarascáil atá Oifig an Choimisinéara Teanga tar éis a fhoilsiú, léiríonn torthaí iniúchta gur chaith comhlachtaí poiblí €19m ar fhógraíocht i nGaeilge in 2024. Is ionann an caiteachas €19m sin agus méadú 34% ar an gcaiteachas a rinne comhlachtaí poiblí in 2023. Tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí faoi alt 10A, (Fógraíocht ag Comhlachtaí Poiblí) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, arna leasú, sciar dá bhfógraíocht a dhéanamh i nGaeilge chuile bhliain.
Tháinig méadú 32% ar an méid airgid a caitheadh ar fhógraíocht i nGaeilge ar na meáin Bhéarla freisin, ó €10.4m in 2023 go €13.7m in 2024. Deir an Coimisinéir Teanga, Séamas Ó Concheanainn gur: “ábhar misnigh i dtreisiú chearta teanga Phobal na Gaeilge an méadú €5 mhilliúin nach mór a tháinig ar chaiteachas ar fhógraíocht i nGaeilge in 2024, i gcomparáid le 2023. Is tuar dóchais é an méadú ar láithreacht agus ar fheiceálacht na Gaeilge ar na meáin nua thraidisiúnta agus dhigiteacha do neartú na Gaeilge go náisiúnta. Is maith ann an borradh a tháinig ar na meáin Ghaeilge agus na sruthanna breise ioncaim a chruthaigh an reachtaíocht. Tá Oifig an Choimisinéara Teanga ag leanúint den iniúchadh ar chomhlachtaí poiblí lena chinntiú go gcloíonn gach comhlacht poiblí aonair leis an bhforáil i dtaca le fógraíocht i nGaeilge.”
@ceartateanga
 
a.jpg)
 
 
 
 
 
a.jpg) 
 
 
 
 
 
 
