11.1.16

Tuairisc scoile ón Rialtas - Marcanna don Ghaeilge?

"There is significant progress to report."


Teachtaireacht thár 
a bheith simplí
Bhí teachtaireacht thár a bheith simplí a thabhairt ag an Rialtas nuair a d'fhoilsigh An Taoiseach agus an Tánaiste an cúigiú tuairisc ar a rinneadar i rith 2015 um thráthnóna.

Ní raibh sé le fáil sa teanga náisiúnta agus bhí sé foilsithe ag an "Department of the Taoiseach." *

Tá 66 leathannach sa tuairisc agus ós rud é nach bhfuil bua na haistriúcháin agam tá orm an ocht (6) alt atá inti a thabhairt anseo sa tSacs-Bhéarla.

Tá cuid den tuairisc ina déanann siad chur síos ar thosachtaí an Rialtais (llch9-34). Mar chuid de mír ar Comhordiniú ar Chomóradh 1916 tá an píosa seo ag a mbun:

Other projects progressed include a grant process for Irish language projects; a number of significant projects funded through the Arts Council; a range of innovative exhibitions and projects; and children’s consultation workshops. (llch 23)

Baineann an dara píosa den tuairisc ar Chlár an Rialtais. Tá alt ann ar chúrsaí Oideachas.

Oideachas,
A new Primary Language curriculum, including both English and Irish, has been developed for  junior infant to 2nd classes to be phased in from  September 2016. (llch 49)

Agus ansin tá an cuid is mó faoin nGaeltacht agus an Ghaeilge faoin cinn tideal "Culture!" Tá 13 alt sa mírín beag sin agus tá an ceathar alt faoin teanga le fáil idir alt faoi caomhnú foirgnimh stairiúil agus seoladh "The Ireland 2016 Centenary Programme" i mí Márta 2105.

Cultúr
€210m spent supporting the Irish language since 2011, with an additional €68m allocated to An Foras Teanga over the same period.

Significant progress on implementing the 20 Year Irish Language Strategy including a review of the Official Languages Act 2003 published, along with Heads of a Bill to amend the Act.

New funding arrangements in place by Foras na Gaeilge to support the development of the Irish language.

18 of the 26 Gaeltacht Language Planning Areas have begun the language planning process. (llch 58)

Is  mian liom díriú ar an píos sin faoin Straitéis 20 Bliain ann a bhfuil "Significant progress" a maoimh. Conas tá fhios acu? Ar thárla rud éigin idir tús 2014 agus an am i láthair. Ag tús 2014 dúirt an Coimisnéir Teanga (agus é ag éirí as), "An bhfuil, mar sin, an Straitéis á cur i bhfeidhm? Níl a fhios agamsa. Agus, i gcead daoibh mar Fhochoiste, ní shílim go bhfuil a fhios agaibhse ach an oiread mar nach bhfuil aon iniúchadh ná léirmheastóireacht neamhspleách á dhéanamh ar fheidhmiú na Straitéise. 

Féin-mheastóireacht amháin atá i gceist agus ón taithí atá agamsa agus ag m’Oifig le 10 mbliana anuas i mbun iniúchadh ar scéimeanna teanga na n-eagras Stáit, is beag tábhacht nó luach atá le cur i ndeireadh na dála ar fhéin-mheastóireacht. In aon réimse den saol is deacair iontaofacht a chur i léirmheas ó pháirtithe leasmhara, ach os a choinne sin, tá ríthábhacht le fianaise atá bunaithe ar thaighde. Tá rud eile foghlamtha againn in imeacht na mblianta – go bhfuil bunús leis an fhrása “what gets measured, gets done!”  Mura bhfuil iniúchadh agus meastóireacht neamhspleách á dhéanamh, ní chreidim gur féidir le haon duine barántas a thabhairt faoin fheidhmiú." 

Ní fios domsa ar tháinig aon athrú ó thaobh iniúchadh de? Arís cuirim an cheist, Conas tá fhios acu?

Agus ag caint faoin gCoimisnéir Teanga in alt i dTuairisc.ie deireann an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, "gurbh ait leis nár bhac an Rialtas tagairt d’éirí as an iar-Choimisinéara Teanga Seán Ó Cuirreáin i 2014 ná do “cúlú na teanga” ón mbliain 2011."

Bhí an Taoiseach ag caint faoi dhá-theangachas ar an Raidío (agus faoi thabhacht neamhspleachas An Coimisinéir Teanga!), ach an féidir aon dóchas a bheith againn nuair nach bhfuil an Rialtas atá in ainm is a bheith á stiúir aige i ndán nó sásta tuairisc tabhachtach a fhoilsiú i nGaeilge.

Tá teachtaireacht simplí anseo cinnte.
Caint an Taoisigh agus é ag seoladh na tuairisce ar shuíomh Gaeilge a ranna.

* Is cosúil nach bhfuil dualgas reachtúil ainm "chomhlachta poiblí" a bheith dátheangach ar fhoilseacháin den chineál seo – ní thagann sé faoi na rialacháin i dtaca le stáiseanóireacht. Ach ós os rud é gur Tuarascáil Bhliantúil é arna eisiúint ag comhlacht poiblí a thagann faoi scáth na reachtaíochta tá m ag ceapadh go bhfuil dualgas reachtúil leagan Gaeilge den tuairisc é féin a chur ar fáil go comhuaineach.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment