20.2.15

Cur chuige an mhéir fhadachais! - An Coimisinéir Teanga.

"Faraor is beag aird atá tugtha ar na moltaí sin sna Ceannteidil foilsithe agus tá siad níos boichte dá bharr."

Bhí Comhdháil Chearta Teanga ar siúl i mBaile Átha Cliath i lár mí Feabhra 2015 ag a pléadh láidriú Bille na dTeangacha Oifigiúla 2015 (leasú) ó dheas atá le bheith ag dul tríd Tithe an Oireachtais go luath agus na céimeanna atá le glacadh chun deireadh a chur leis an maolú ar úsáid na Gaeilge san Aontas Eorpach agus na deiseanna eile atá ann don Ghaeilge san Eoraip. Tá tuairiscí ar míreanna éagsúla ón gComhdháil foilsithe i dTuairisc.ie agus is féidir blaiseadh den ocáid a fháil ar twitter faoin haisclip #CeartaAnois. Bhí an ocáid eagraithe ag Conradh na Gaeilge. I measc na cainteoirí a labhair faoi leasú an Achta bhí an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnall.  Seo chuid den méid a dúirt sé.

(Seans go bhfuil botún gharamdaí/litriú anseo mar rinne mé go sciopadh é. Maith dhom iad!)

Rónán Ó Dómhnall
Tús
Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl d’Uachtarán Chonradh na Gaeilge Cóilín Ó Cearbhall agus d’Ard-Rúnaí an Chonradh Julian de Spáinn as an gcuireadh labhairt anseo inniu ag an gcomhdháil tábhachtach seo. Cuirim mór fháilte freisin roimh Choimisinéir na Catalóine, Rafael Ribó, atá linn inniu.  Is mór an t-aitheantas don chomhdháil seo go bhfuil Rafael anseo chun a thaithí a roinnt linn.  Tá muid beirt agus coimisinéirí teanga eile as gach cearn den domhan inár mbaill de Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéir Teanga, cumann a bunaíodh anseo i mBaile Átha Cliath beagnach 2 bhliain ó shin.  Mar choimisinéirí bíonn teagmháil rialta eadrainn agus tuigeann muid go bhfuil cuid mhaith ábhair comónta againn.

Cé nach bhfuil baileach bliain caite ó ceapadh mé mar Choimisinéir Teanga airím go bhfuil cuid mhaith tarlaithe i réimse an chearta teanga sa tréimhse sin.  Gan cheist is í an gníomh is suntasaí atá tarlaithe ná foilsiú Ceannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla (pdf), i mí Aibreán na bliana seo caite (2014).

Sula gcaithim súil ghéar ar an gcineál Acht leasaithe gur féidir linn a bheith ag súil leis de thoradh na gCeannteidil, ní miste ar dtús comhthéacs a thabhairt don Bhille seo.

Cúlra
Tá an tAcht ar an bhfód anois le h-os cionn 10 mbliana.  Píosa reachtaíochta ceannródaíoch a bhí i gceist agus deirim é sin le fios go bhfuil ceann de phríomhailtirí na reachtaíochta ar an bpainéal anseo inniu.  Bhí an tAcht féin ag freagairt don stádas atá ag an teanga i mBunreacht na hÉireann.  Tá sé mar chuspóir ag an Acht an Ghaeilge a chur chun cinn chun críoch oifigiúil sa Stát.  Go praiticiúil leag sé amach córas rialaithe ina bhféadfadh an stát seirbhísí a chur ar fáil do shaoránaigh na tíre gan orthu dul i muinín na gCúirteanna chun a gcearta a éileamh.

De réir an eolais atá ar shuíomh gréasáin Thithe an Oireachtais foilsíodh 44 Acht Oireachtais anuraidh agus níl ach 7 gcinn acu sin ar fáil i nGaeilge go fóill.  Léiriú b’fhéidir ar céard is féidir tarlú nuair a laghdaítear dualgais reachtúla teanga.
Thar na mblianta rinneadh roinnt leasaithe ar an Acht, tugadh isteach comhlachtaí poiblí nua faoin Acht sa bhliain 2006, cé nach bhfuil an sceideal leasaithe ó shin.  Chomh maith leis sin rinneadh leasaithe ar an Acht maidir le húsáid logainmneacha agus laghdaíodh an dualgas gur go comhuaineach sa dá theanga oifigiúil a chaithfí Achtanna an Oireachtais a fhoilsiú.  Is féidir iad a fhoilsiú go leictreonach i mBéarla amháin anois leis an leagan Gaeilge a bheith ar fáil ag tráth níos deireanaí.  Spéisiúil go maith de réir an eolais atá ar shuíomh gréasáin Thithe an Oireachtais foilsíodh 44 Acht Oireachtais anuraidh agus níl ach 7 gcinn acu sin ar fáil i nGaeilge go fóill.  Léiriú b’fhéidir ar céard is féidir tarlú nuair a laghdaítear dualgais reachtúla teanga.

Is i gClár an Rialtais na bliana 2011 a fógraíodh go raibh athbhreithniú le déanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus é mar chuspóir leis “go mbainfear an leas is fearr as caiteachas ar an dteanga chun an teanga a fhorbairt agus chun a chinntiú go bhforchuirtear dualgas go chuí de réir éilimh ó shaoránaigh”.

I mí na Samhna 2011 fógraíodh go rabhthas chun tabhairt faoi phróisis comhairliúcháin phoiblí agus bhí go dtí deireadh mí Eanáir 2012 ag an bpobal chun a dtuairimí a nochtadh.  Ghlac an pobal go fonnmhar leis an gcuireadh sin, le h-os cionn 1,400 suirbhé seolta ar aghaidh agus beagnach 500 aighneacht déanta.  Fad agus a bhí an próiseas sin faoi lán tseoil fógraíodh go mbeadh Oifig an Choimisinéara Teanga le cónascadh le hOifig an Ombudsman mar chuid den Chlár Athchóirithe ar an tSeirbhís Phoiblí.  Is fios don saol mór faoin dtráth seo an chonspóid a tharraing an próiseas seo, mháirseáil na mílte ar na sráideanna, agus faoi dheireadh na bliana 2013 bhí sé fógraithe ag an gCoimisinéir Teanga go raibh sé le h-éirí as Oifig.  Tá sé fíor a rá go raibh míshástacht le brath faoin gcur chuige ginearálta i leith polasaí Gaeilge an stáit.  Níl aon cheist mar sin ach gur le cuid mhaith anró a tugadh Ceannteidil an Bhille seo ar an bhfód.

Go macánta ní hé an oiread sin atá le moladh faoi na ceannteidil atá foilsithe.   Ar ndóigh fáiltím roimhe na gnéithe sin a chuireann le ceart an tsaoránaigh, an ceart a bhaineann leis an leagan Gaeilge d’ainm agus seoladh a úsáid, an cur chuige a chinnteoidh go dtabharfar comhlachtaí poiblí nua faoin Acht go huathoibríoch.  Ach seachas iad sin agus mion athraithe teicniúla eile níl aon rud in sna ceannteidil a láidríonn cearta teanga.
Má tá leasú le déanamh ar Acht bíodh na leasaithe sin ann chun Acht oiriúnach, feidhmeannach a thabhairt dúinn a chuireann le cearta teanga an tsaoránaigh.  Go macánta ní hé an oiread sin atá le moladh faoi na ceannteidil atá foilsithe.   Ar ndóigh fáiltím roimhe na gnéithe sin a chuireann le ceart an tsaoránaigh, an ceart a bhaineann leis an leagan Gaeilge d’ainm agus seoladh a úsáid, an cur chuige a chinnteoidh go dtabharfar comhlachtaí poiblí nua faoin Acht go huathoibríoch.  Ach seachas iad sin agus mion athraithe teicniúla eile níl aon rud in sna ceannteidil a láidríonn cearta teanga.

I mí Iúil na bliana 2011 d’fhoilsigh m’Oifig tráchtas ar fheidhmiú an Achta faoi mar atá ceadaithe do Choimisinéir Teanga a dhéanamh.  In sa doiciméad sin rinneadh cur síos ar an chuid sin den Acht a bhí ag feidhmiú go maith, aithníodh na laigí a bhí le brath agus rinneadh moltaí ar bhealaí ina bhféadfaí an tAcht a neartú.  Tá an cháipéis seo le fáil ar shuíomh gréasáin na hOifige agus mholfainn do chuile dhuine gur spéis leo an t-ábhar seo an doiciméad sin a léamh.  Creidimse go leagann an doiciméad sin amach creat chun leasaithe tairbheacha agus fiúntacha a dhéanamh ar an reachtaíocht reatha.

Faraor is beag aird atá tugtha ar na moltaí sin sna Ceannteidil foilsithe agus tá siad níos boichte dá bharr.

Cé gur iomaí sin moladh atá déanta chun an tAcht a láidriú ba mhaith liomsa béim faoi leith a leagan ar 3 mhór leasú a mheasaim a thiocfadh go mór chun tairbhe na reachtaíochta - moltaí iad atá fágtha ar lár óna ceannteidil

Rialacháin
Ar an moladh is suntasaí atá á dhéanamh agam ná go gcuirfí go mór leis an réimse seirbhísí atá clúdaithe faoi chóras rialacháin agus dá réir go laghdófaí réimse feidhme na scéimeanna teanga.  Cheana féin tá rialacháin déanta maidir le comharthaíocht, stáiseanóireacht agus fógairtí taifeadta béil.  Go simplí oibríonn siad.

Tá sé de bhuntáiste leis an gcóras seo go leagan sé síos caighdeán soiléir seirbhíse gur féidir leis an saoránach a bheith ag súil leis agus go gcaithfidh an t-eagraíocht stáit cloí leis.  Tuigeann an saoránach mar shampla go bhfuil sé in aghaidh an dlí comharthaí a chur in airde i mBéarla amháin. Tá sé de bhuntáiste breise go bhfuil an córas seo éasca le feidhmiú ó thaobh an riaracháin de.  Nuair a bhíonn na caighdeáin seirbhíse leagtha síos agus amchlár forfheidhmithe curtha in áit ní gá drannadh leo arís.

Ní fheicim aon chúis nach gcuirfí go mór leis an réimse seirbhísí a bhíonn clúdaithe ag rialacháin, seirbhísí ar nós suíomhanna gréasáin, córais ar-líne, foirmeacha, bileoga, preasráitis, agus foilseacháin i measc ábhair eile.  Go deimhin d’fheicinn go n-oibreodh an cur chuige seo i gcás gach cineál seirbhíse nach bhfuil ag brath go díreach ar fhoireann le Gaeilge.

Is é seo cur chuige an mhéir fhadachais.
Faoi láthair is faoi scéimeanna teanga a dhéantar socraithe le heagraíochtaí stáit ar na seirbhísí seo.  Scéimeanna a aontaítear ina gceann is ina gceann, le gealltanais difriúil i ngach ceann acu sin gan fios ag an saoránach céard go díreach atá sé ina theideal.  Tá sé feicthe againn freisin go mbaineann ualach riaracháin le daingniú scéimeanna teanga.  I láthair na huaire tá 94 iarratas ar scéimeanna a aontú fós ag seasamh amach, agus nach mór 60% de na hiarratais sin ag seasamh amach le h-os cionn 3 bliana.  Ní aon fhreagra ar an bhfadhb seo go méadófaí tréimhse na scéimeanna teanga ó 3 go dtí 7 mbliana faoi mar atá molta sna ceannteidil.  Is é seo cur chuige an mhéir fhadachais.

In ainneoin na n-iarrachtaí atá déanta ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta borradh a chuir faoi chóras na scéimeanna teanga, táim go mór in amhras an éireoidh le córas na scéimeanna teanga an bunaidhm a bhí leo a bhaint amach.  Thug mo chomhghleacaí Meri Huws, Coimisinéir Teanga na Breataine Bige (Breatnais/Béarla), le fios do Choiste Oireachtais (Bearla) le gairid go raibh siadsan anois ag tabhairt droim lámha do chóras na scéimeanna teanga agus ag dul i dtreo córas caighdeáin.

Creidim gurbh é seo an bealach is fearr agus is stuama gur féidir a chinntiú go gcuirfear seirbhís ar chomhchaighdeán ar fháil do lucht labhartha na Gaeilge, fud fad na tíre seo.

Rangú
I dteannta le níos mó seirbhísí a bheith ag teacht faoi chóras rialacháin, mholfainn go láidir go ndéanfaí rangú ar chomhlachtaí poiblí agus go leagfaí dualgais orthu de réir an chumarsáid agus an teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal, pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta san áireamh.  Is furasta córas a shamhlú ina mbeadh rangú déanta ar chomhlachtaí poiblí agus de réir an rangú sin go dtitfeadh cúram níos troime ar na heagraíochtaí sin is mó a bhíonn i dteagmháil leis an bpobal.  I mo thuairim tá an dá ní sin fite fuaite sna chéile.

An Ghaeltacht
Mar is eol do go leor agaibh atá anseo inniu tá sé de chúram ar phobail Gaeltachta fud fad na tíre seo tabhairt faoi phleananna teanga a aontú leis an Aire má tá siad chun a stádas mar Ghaeltacht a choinneáil.  Tá sainmhíniú tugtha ar Ghaeltacht anois mar Limistéir Pleanála Teanga.  Ach de réir cosúlachta is iad na pobail féin agus ní don stát an phleanáil teanga sin a dhéanamh.  Má táthar ag iarraidh ar na pobail sin úsáid na Gaeilge a neartú nach díchéilligh an cás é mura bhfuil an stát in ann a chuid seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge sna ceantair céanna?

Má táthar ag iarraidh ar na pobail sin úsáid na Gaeilge a neartú nach díchéilligh an cás é mura bhfuil an stát in ann a chuid seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge sna ceantair céanna?
Ní féidir leis an stát a bheith ag súil go n-iompróidh na pobail in sna limistéir pleanála teanga ualach níos troime ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge ná mar atá an stát féin sásta a iompar.  Caithfidh an stát ceannaireacht a léiriú agus ní féidir léi, tríd a cuid gníomhaíochtaí nó go deimhin easpa gníomhaíochtaí baint ó na hiarrachtaí atá ar siúl ag na pobail chun feidhm a thabhairt don phleanáil teanga.

Caithfear foráil a chur i bpríomh-reachtaíocht teanga na tíre a dhéanann cinnte de go mbeidh de dhualgas ar an stát seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil sna pobail ina bhfuil an Ghaeilge fós in uachtar iontu agus iad aitheanta ag an stát féin mar limistéir pleanála teanga.  Caithfear cultúr a chruthú taobh istigh den státchóras go dtuigtear go soiléir go gcaithfidh Gaeilge a bheith ag baill foirne a bhíonn lonnaithe nó ag cur seirbhísí ar fáil sna pobail sin.

Creidim gur trí leasú iad seo a bheadh réasúnta éasca le héifeacht a thabhairt dóibh in san reachtaíocht agus creidim go gcuirfidís go mór, thar am, leis an gcreat reathaíochta teanga.  I mo thuairim tagann na moltaí seo le téama an tseisiúin seo – Láidriú Acht na dTeangacha Oifigiúla – ach is moltaí iad atá fágtha ar lár óna ceannteidil.  

Foireann le Gaeilge
A fheabhas agus a bheadh leasaithe den sórt atá á mholadh agam caithfear aghaidh a thabhairt freisin ar an gconstaic is mó a bhaineann le cumas an stáit seirbhísí a sholáthar i dhá theanga oifigiúil na tíre.

Is féidir linn a oiread dualgais agus is mian linn a leagan ar eagraíochtaí stáit ach mura bhfuil dóthain foirne ar fáil leis an gcumas sa teanga is ag snámh in aghaidh easa a bheas muid.  Ní chreidim gur fios don stát cén líon foirne a theastaíonn chun mbeifí in ann seirbhísí mar is ceart a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.  Deirim é sin mar ní eol dom go bhfuil aon anailís déanta ar na riachtanais ná go deimhin ar an líon foirne le Gaeilge atá ag obair sa státchóras.
Is léir...gur go drogallach agus go teoranta atá Rann Rialtais ag aithint na poist lena mbainfidh riachtanais Gaeilge leo. Ní haon ábhar dóchais an méid seo.

Ach ní thugann an méid atá ar eolas againn aon chomharthaí móra dóchais dúinn.  Mar fhreagra ar cheist Dála a cuireadh le gairid is léir gur faoi bhun 3% atá an líon foirne le Gaeilge in ocht Rann Rialtais.  Is léir freisin gur go drogallach agus go teoranta atá Rann Rialtais ag aithint na poist lena mbainfidh riachtanais Gaeilge leo.  Ní haon ábhar dóchais an méid seo.

Nuair a fhoilseofar an Bille leasaithe tá súil agam, cé nach ionann sin agus dóchas a bheith agam, go dtabharfar aird ar na moltaí atá déanta agam mar Choimisinéir Teanga, go dtabharfar cluas éisteachta in áit an chluas bhodhar d’aighneachtaí an phobail agus go gcuirfear san áireamh na moltaí atá déanta ag Comhchoiste an Oireachtais. Tá tuilleadh chruthúnais againn anois, má bhí a léithid ag teastáil, ón bpobalbhreith ag Millward-Brown, coimisiúnaithe ag Conradh na Gaeilge le déanaí go bhfuil lucht labhartha na Gaeilge ag lorg agus ag éilimh go mbeadh seirbhísí ar ard chaighdeáin a fháil trí Ghaeilge ón Stát.

Tá téama amháin comónta againn uile, sé sin go teastaíonn uainn an tAcht a neartú ní í a lagú nó fiú í fhágáil in sa riocht ina bhfuil sí ann.

Seo an painéal de chainteoirí a bhí ann ar an lá.
Rafael Ribó i Massó, Rónán Ó Domhnail, Máirín Ní Ghadhra (Cathaoir), Éamon Ó Cuív TD, Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh agus Seán Kyne TD.


Share/Save/Bookmark