10.6.14

Mar a labhair An Coimisinéir Teanga leis an gCoiste Oireachtais!

D'fhoilsíomar le deanaí cur i láthair Julian de Spáin, Rúnaí Chonradh na Gaeilge don Fhochoiste Oireachtais um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 agus Rudaí Gaolmhara. Anois tá aitheasc An Choimisinéara Teanga, Rónán Ó Domhnaill ag an bhFochoiste chéanna againn. (Is linne na chinn tideal!)

A Chathaoirligh, a Theachtaí agus a Sheanadóirí,
Is cúis áthais dom a bheith anseo in bhur dteannta ar maidin den chéad uair mar Choimisinéir Teanga. Tá cearta teanga lucht labhartha na Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht go mór i mbéal an phobail le tamall anuas agus tá áthas orm go bhfuil deis ag an gCoiste seo plé a dhéanamh ar an gceist i gcomhthéacs phríomhfhorálacha Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2014.

Ba mhaith liom ar dtús mo bhuíochas a chur in iúl don chéad Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, as an gcabhair agus an tacaíocht a chuir sé ar fáil dom ó ainmníodh mé mar Choimisinéir Teanga. Ní miste dom an méid sin a chur ar thaifead Thithe an Oireachtais agus go deimhin go n-aithneofaí an obair cheannródaíochta a rinne sé le linn a thréimhse mar an chéad Choimisinéir Teanga.

Rónán Ó Domhnaill á cheapadh mar Coimisinéir
Teanga ag Uachtarán na hÉireann!
Glanadh an scamall
Tá beagán le cois dhá mhí caite ó bronnadh an onóir ormsa tabhairt faoin bpost seo. Cé go bhfuil mé go fóill ag socrú isteach i mo ról nua tugann cinntí suntasacha atá glactha sa tréimhse sin ugach dom agus mé ag dul i mbun mo chuid cúraimí. Fáiltím go mór roimh chinneadh an Rialtais gan leanúint leis an gcónascadh a bhí beartaithe idir m’Oifigse agus Oifig an Ombudsman. Is cinneadh stuama ciallmhar é an cinneadh seo a ghlanann an scamall a bhain le todhchaí na hOifige. Cinntíonn sé go leanfaidh Oifig an Choimisinéara Teanga uirthi ag feidhmiú mar eagraíocht iomlán neamhspleách agus í ag tabhairt cosaint do chearta teanga phobal na tíre seo.

In imeacht na mblianta d’éirigh le m’Oifig tionchar suntasach a imirt ar eagraíochtaí Stáit agus í ag cinntiú go bhfaigheadh saoránaigh na cearta teanga agus na seirbhísí a bhí ag dul dóibh faoi dhlí na tíre seo. Ní féidir le haon Oifig Stáit, ar nós m’Oifigse, feidhmiú go héifeachtach gan foireann leis an leibhéal údaráis cuí agus leis na scileanna oiriúnacha. Tugann sé sástacht dom go bhfuil cead faighte ag an Oifig anois an folúntas a bhí ag an leibhéal Stiúrthóireachta le os cionn dhá bhliain anuas a líonadh. Is céim chun cinn í seo agus ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl d’Aire Stáit na Gaeltachta agus a Roinn as an gcomhoibriú atá curtha ar fáil dom ó chuaigh mé i mbun mo chuid cúraimí. Mar cheann de na heagraíochtaí Stáit is lú a fhaigheann maoiniú ón Státchiste creidim nach bhfuil an leibhéal barrmhaitheasa foirne bainte amach ag m’Oifig go fóill. Tá súil agam le himeacht ama agus faoi mar a thagann feabhas ar chúrsaí eacnamaíochta go mbainfear amach an sprioc sin.

A Chathaoirligh, is í an phríomhchúis gur tugadh cuireadh dom teacht in bhur láthair inniu ná labhairt libh faoi Cheannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla atá foilsithe ag an Rialtas. Cé go ndearnadh leasuithe ar fhorálacha éagsúla de chuid Acht na dTeangacha Oifigiúla roimhe seo, is iad seo na chéad mhórleasuithe atáthar a mholadh a dhéanamh ar an Acht agus an chéad uair in imeacht 10 mbliana a rinneadh athbhreithniú ar fheidhmiú an Achta. Eascraíonn an t-athbhreithniú seo as gealltanas a tugadh i gClár an Rialtais go ndéanfaí:
“….athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla chun a chinntiú go mbainfear an leas is fearr as caiteachas ar an teanga chun an teanga a fhorbairt agus chun a chinntiú go bhforchuirtear dualgas go cuí de réir éilimh ó shaoránaigh”.

Ní easaontaímse leis an gcuspóir sin agus luíonn sé le réasún go ndéanfaí athbhreithniú ar phíosa úrnua reachtaíochta tar éis dó a bheith ag feidhmiú ar feadh tamall de bhlianta. Ní féidir a shéanadh ach go bhfuil pobal líonmhar sa tír seo ar mian leo a gcaidreamh a dhéanamh leis an Státchóras trí Ghaeilge. Tá an pobal seo scaipthe fud fad na tíre agus é de cheart acu go gcaithfí go cóir leo agus iad ag lorg bunseirbhísí riachtanacha ina dteanga féin, céad-teanga oifigiúil na tíre seo.

Ná dearmad bunchuspóir an Achta!
Anois agus an t-athbhreithniú seo á thabhairt go dtí céim na reachtaíochta, níor cheart go ligfí i ndearmad bunchuspóir an Achta, is é sin an Ghaeilge a chur chun tosaigh chun críoch oifigiúil sa Stát. Ba phíosa reachtaíochta ceannródaíoch a bhí in Acht na dTeangacha Oifigiúla agus é múnlaithe ar an reachtaíocht teanga a bhí in úsáid i gCeanada agus sa Bhreatain Bheag. Tá an deis anois ann leas a bhaint as na ceachtanna atá foghlamtha againn le blianta beaga anuas a chinntiú go dtiocfaidh an tAcht leasaithe chun sochair na ndaoine sin ar mian leo a gcuid gnó a dhéanamh leis an Stát trí Ghaeilge.

Má tá aon ní foghlamtha againn le 10 mbliana anuas is é sin nach féidir le reachtaíocht teanga feidhmiú i bhfolús. Teastaíonn struchtúir agus córais tacaíochta a chinnteoidh go mbuanaítear cultúr sa Státchóras a aithníonn an riachtanas agus an tábhacht a bhaineann le freastal orthu siúd ar mian leo seirbhísí a bheith curtha ar fáil dóibh i gcéad-teanga oifigiúil na tíre seo. Thar aon ní eile ní féidir seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge gan an acmhainn foirne a bheith ann chun an méid sin a dhéanamh. Tá sé aitheanta cheana féin, agus ní gá domsa an argóint a dhéanamh an athuair, go bhfuil easpa mhór foirne le cumas Gaeilge sa Státchóras faoi láthair. Caithfear dul i ngleic leis seo ar bhealach cuimsitheach a aithníonn an cohórt foirne atá de dhíth chun gur féidir leis an Stát leibhéal sásúil seirbhíse a chur ar fáil trí Ghaeilge. Gan é seo a bheith curtha ina cheart beifear de shíor ag strácáil le seirbhís mar is ceart a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Níl sé i gceist agamsa, agus go deimhin ní bheadh sé cuí dom, a bheith sáite in aon díospóireacht pholaitiúil faoi na ceannteidil atá foilsithe ag an Rialtas. Tá de chumhacht agam tráchtaireachtaí a dhéanamh ar fheidhm phraiticiúil agus ar oibriú an Achta agus ní dochar dom trácht a dhéanamh chomh maith ar an tuarascáil (pdf) a d’eisigh an chéad Choimisinéir Teanga i mí Iúil 2011 maidir le feidhmiú an Achta. Bhí na tuairimí a nochtadh sa tuarascáil sin bunaithe ar thaithí na mblianta ar fheidhmiú an Achta mar aon leis na cleachtais a bhí in úsáid i dtíortha eile. Tacaím mar Choimisinéir Teanga leis na moltaí tomhaiste stuama a rinneadh inti.

Soláthar seirbhísí Stáit sa Ghaeltacht
Is mian liomsa anois, mar a rinne an Tuarascáil ar Fheidhmiú an Achta, déileáil leis an riachtanas speisialta teanga a bhaineann le soláthar seirbhísí Stáit sa Ghaeltacht. Ba cheart go mbeadh ar chumas an Stáit seirbhísí ar chomhchaighdeán a chur ar fáil trí Ghaeilge do phobal na Gaeltachta. Ní éileamh míréasúnach é sin. In imeacht na mblianta tá imscrúduithe go leor déanta ag m’Oifig a léirigh easpa cumais an Stáit seirbhísí a chur fáil trí Ghaeilge sa Ghaeltacht, leithéidí maor pobail gan Ghaeilge i gceantar Gaeltachta Chonamara, seirbhís cigireachta réamhscoile a bhí i mBéarla amháin, cur chuige an chórais oideachais i leith na Gaeltachta agus líon suntasach Gardaí i gceantar Gaeltachta Ghaoth Dobhair gan Ghaeilge.

Má aithníonn an Stát an stádas teangeolaíochta a bhaineann le ceantair Ghaeltachta nach ceart mar sin go gcosnódh an reachtaíocht teanga cearta na bpobal sin a gcuid seirbhísí a fháil trí Ghaeilge

D’fhéadfaí an cás a dhéanamh nach raibh cúram mar is ceart déanta ón tús de sheachadadh seirbhísí Stáit trí Ghaeilge sa Ghaeltacht nuair a tháinig an tAcht i bhfeidhm an chéad lá riamh. Tá an deis ann anois, ach an toil a bheith ann chuige, é sin a chur ina cheart.

Ní chuireann an staitistic a bhí luaite sa cháipéis a d’fhoilsigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta mar thráchtaireacht ar thorthaí an tsuirbhé a bhí mar chuid de phróiseas athbhreithnithe an Achta aon iontas orm. Léiríodh ansin gur chuir “beagnach gach freagróir (99%) in iúl go raibh sé tábhachtach nó an-tábhachtach go mbeadh oifigigh comhlachtaí poiblí, atá lonnaithe sa Ghaeltacht nó atá ag freastal ar phobail Ghaeltachta, líofa i nGaeilge”.

Ba chóir prionsabal soiléir a leagan síos i bpríomhreachtaíocht teanga na tíre seo go gcaithfidh Gaeilge ar a dtoil a bheith ag fostaithe an Stáit a bhíonn lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó a bhíonn ag tabhairt seirbhís don phobal sna ceantair aitheanta sin. Chuideodh dualgas soiléir reachtúil den chineál seo le cultúr a bhuanú sa Státchóras go gcaithfear aird faoi leith a thabhairt ar an mbealach a gcuirtear seirbhísí ar fáil sna ceantair Ghaeltachta. Ba chóir seo a dhéanamh sa reachtaíocht féin seachas mar chuid d’aon scéim teanga.

Na Scéimeanna Teanga
Tá ceisteanna ann chomh maith faoi easpa feidhmiúlachta Chóras na Scéimeanna Teanga. Tá sé aitheanta cheana féin nach bhfuil ag éirí mar ba chóir le córas na scéimeanna teanga an bhunaidhm a bhí leo a bhaint amach. Dúirt an Dochtúir John Walsh mar shampla in alt san iris Comhar mí an Mhárta i mbliana, agus é ag déanamh tagairt do na scéimeanna teanga: “Tá cuid de na gealltanais chomh lag sin nárbh fhiú am agus acmhainní a chur amú á ndaingniú i gcáipéis reachtúil.”

Níl aon cheist ach go raibh roinnt scéimeanna teanga níos fearr ná a chéile agus d’éirigh leo sin méid áirithe seirbhísí fiúntacha breise a chur ar fáil trí Ghaeilge. Ach mar chóras tá mé amhrasach maidir lena bhfíoréifeacht agus is léiriú é an easpa tráthúlachta a bhaineann le haontú scéimeanna teanga nua go bhfuil ag cliseadh ar an gcóras le tamall fada de bhlianta. Tá samplaí feicthe againn freisin de bhealaí ar éirigh le heagraíochtaí Stáit gealltanais a bhí tugtha acu i scéimeanna teanga a leasú nuair nár fheil tionchar na ngealltanas sin dóibh. Cé gur tréith maith an tsolúbthacht a bhaineann le scéimeanna teanga, uaireanta ní chun leasa cearta teanga a théann an iomarca solúbthachta.

An moladh atá againne ná go maolófaí go mór réimse feidhme na scéimeanna teanga. In ionad an chórais reatha molaimid go leagfaí dualgais dhíreacha, i bhfoirm Rialachán, ar chatagóirí d’eagraíochtaí Stáit ag brath ar an teagmháil a bhí acu leis an bpobal agus na cineálacha seirbhísí a bhí á gcur ar fáil acu. D’fhéadfaí córas níos teoranta a fheidhmiú do scéimeanna teanga a thacódh leis na Rialacháin sin. Ba le leas lucht labhartha na Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht a bheadh sé seo.

Dírím aird chomhaltaí an Chomhchoiste ar an Tuarascáil ar Fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 (pdf) agus ar an óráid seo atá ar shuíomh idirlín na hOifige agus tá súil agam go mbeidh an dá cháipéis mar thaca daoibh agus sibh ag scrúdú an Bhille seo.

Mar fhocal scoir ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do phobal bríomhar na Gaeilge agus na Gaeltachta agus do na heagraíochtaí Gaeilge atá tar éis a léiriú gur cás leo an leibhéal seirbhíse trí Ghaeilge atá ar fáil ónár Státchóras féin. Is cúram don Oireachtas anois na glórtha sin a chloisteáil agus an reachtaíocht oiriúnach a chur in áit a chinnteoidh go mbeidh cosaint teanga mar is ceart ar fáil dóibh siúd arb í an Ghaeilge a rogha teanga agus iad i mbun teagmhála le Státchóras na tíre seo.

A Chathaoirligh agus a chomhaltaí an Oireachtais, gabhaim buíochas libh as bhur bhfoighne agus as ucht cluas éisteachta a thabhairt dom inniu.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment