| An bhfuil aon tuar dóchais don Ghaeilge sna Gaeltachtaí? (Gaelport 6/3/2011) |
![]() |
| An Ghaeltacht i súile an Rialtais |
Bhí eolaithe ó Alba, Gaeltacht na hOileán Thiar, le eolas a roinnt linn ar atá a tarlúint ansin ó thaobh úsáid Gaidhlig na hAlban. Scéal a bhí thar a bheith cosúil le cúrsaí anseo i nGaeilge ach go raibh dlithe, agus an córas ar fad naimhdeach do teanga go dtí go bfuaireadar a Rialtas féin le deanaí nuair a tháinig dearcadh eile ann. An ceist is mó is docha ná ar tháinig sé ró déanach?
Ná labhair é, déan é!
![]() |
| Pobal na Gaeilge i mBéal Feiriste |
![]() |
| An Ghaeltacht mar atá go fóill! |
Bhí an-chuid eile a chuala mé i rith an lae. Toradh ar an dian obair atá déanta sa "disciplín" nua - domsa pé scéal é - an Pleanáil Teanga. Scannal atá ann a laghad aird atá a thabhairt don gcorpus eolais atá anois le fáil ag na hUdaráis ón Rialtas anuas. Mar shampla bhí moladh ann bliain nó dhó ó shin ó saineolaithe Scéim Labhairt na Gaeilge a fheabhsú agus a theannadh len é a dhéanamh níos éifeachtaí. Freagra ón Rialtas? Deireadh iomlán a chuir leis.
I ndairíre chuir sé imní agus, chun an fhirinne a rá, an-eagla orm an díneasc agus an dícheangal atá idir na Ranna Rialtais, Oideachas, Imshaoil, Sláinte, Leasa Shóisialaigh, Gaeltacht agus a gcuid gníomhairí agus an bpobal i gcoitinne, go mór mór pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. An rud is measa faoi ná nach bhfuil fhios acu cé chomh aineolach is atá siad sna cúrsaí seo.
| Ag deireadh na scoile seoladh leabhair nua le h-ainm an oiriúnach air: An Chonair Caoch. le Conchúr, Brian Ó Curnáin agsu Ciarán Lenoach. "Plé oscailte macánta agus dioscúrsa leathan a chothú maidir leis an mionteangachas i gcomhthéacs an dátheangachais aontreoch." Bhfuil éinne sa Rialtas chun é a léamh? (Foilsitheoir: Leabhair Breach!) 'Déantar athbhreithniú ar pholasaí dátheangachais an Stáit' (Irish Times 14/3/2012) |




No comments:
Post a Comment