7.2.12

Céim eile ar chúl do teanga!

Buile eile do mhúinteóireacht na tíre ó Roinn Ruairí Quinn!

Éist linn, Ruairí Quinn!
Pic: Dublin Opinion (Béarla)
Faoi láthair, íoctar as na cúrsaí 3-sheachtaine sa Ghaeltacht a fhreastalaíonn ábhair oidí orthu mar chuid éigeantach dá gcéim oideachais chun a gcuid scileanna Gaeilge a fheabhsú, ach tugadh le fios ag seisiún eolais i Sráid Marlboro ar an 05 Nollaig 2011 go mbeadh deireadh leis na deontais seo chun airgead a shábháil.

Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag cur go tréanláidir i gcoinne chinneadh na Roinne Oideachais agus Scileanna deireadh a chur le deontais d'ábhair oidí ag freastal ar chúrsaí tumoideachais Ghaeilge sa Ghaeltacht.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Agus fadhbanna tromchúiseacha cheana féin ag baint le múineadh na Gaeilge i scoileanna timpeall na tíre i láthair na huaire, ghlac an Rialtas céim ollmhór chun tosaigh sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 chun na fadhbanna seo a réiteach nuair a mhol siad go leanfadh ábhair mhúinteoirí clár sainithe do theagasc teanga sa Ghaeltacht agus go deimhin, go gcuirfí leis an am teagaisc agus freastail d'ábhair mhúinteoirí ar na cúrsaí Gaeltachta."

Anuas air sin, sna treoracha agus sa chritéir nua a d'eisigh An Chomhairle Mhúinteoireachta do na coláistí oiliúna, moladh: "Ba chóir do chláir tréimhse chónaithe sa Ghaeltacht, fadaithe agus athchoinceapaithe, a chur ar fáil, a bheidh anois mar chuid den chlár iomlán agus faoi stiúir dhíreach ag na soláthraithe oideachas múinteoirí." Cuireadh coiste ar bun leis na moltaí seo a fhorbairt.

"Céimeanna móra chun tosaigh a bhí sa dá mholadh seo chun feasacht agus scileanna cumarsáide Gaeilge ár múinteoirí a chothú, agus tógfar dhá chéim ar chúl má bhaineann an Roinn Oideachais agus Scileanna na deontais ó na mac léinn le freastail ar na cúrsaí Gaeltachta."

Tá Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag moladh go mbeadh níos mó ama á chaitheamh ag ábhar oidí sa Ghaeltacht le blianta beaga anuas, agus bhí an dá eagras an-sásta leis na moltaí san áireamh ag an Rialtais sa Straitéis 20 Bliain agus ag an gComhairle Mhúinteoireachta; molann na heagrais freisin go mbeadh an tréimhse Ghaeltachta seo le déanamh ag mic léinn ag tús na céime chun gur féidir leo leanúint leis na caidrimh lena gcomhghleacaithe nua i nGaeilge i ndiaidh an chúrsa.

Dúirt Éamonn Mac Niallais, urlabhra Ghuth na Gaeltachta: "Más sábháil airgid atá á lorg ag an Rialtas trí dheireadh a chur leis na deontais do na cúrsaí Gaeltachta, a mhalairt ar fad a bheidh mar thoradh air. Go fadtéarmach, cosnóidh sé níos mó airgid ar an Stát chun toradh an drochchinnidh seo a chur ina cheart nuair nach mbeidh caighdeán Gaeilge na múinteoirí sásúil a dhóthain leis an teanga a mhúineadh sna scoileanna amach anseo. Faoi mar a sheasann rudaí faoi láthair, tá sé deacair a shamhlú go mbeidh sé d'acmhainn ag ábhair oidí iad féin íoc as cúrsaí sa Ghaeltacht.


"Chomh maith leis sin, cuireann na cúrsaí seo go mór le geilleagar na Gaeltachta ó thaobh na Mná Tí, siopaí áitiúla, múinteoirí agus fostaithe eile na gColáistí Gaeilge de.

"Is cúis díomá mhór dúinn é go bhfuil easpa comhordú ag dul ar aghaidh idir na codanna éagsúla den Rialtas i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge. Tá Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 de chuid an Rialtais ag moladh cur leis na cúrsaí agus iad a fhorbairt agus an comhlacht reachtúil, An Chomhairle Mhúinteoireachta, ag tacú leis sin. Ag an am céanna, tá An Roinn Oideachais agus Scileanna ag iarraidh an bonn a bhaint den obair bhreá atá ar siúl acu. Cheap muid go raibh an Straitéis ann le treoir shoiléir a thabhairt do na Ranna éagsúla Stáit agus a bpáirtnéirí, ach ní mar sin atá sé ag feidhmiú faoi láthair."
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment