15.1.15

An Coimisinéir & Comhchoiste eile!

Beagnach bliain ó shin, (23 Ean 2014) bhí an iar Choimisinéir Seán Ó Cuireáin ós comhair coiste Oireachas ag tabhairt miniú ar a chinneadh éirí as oifig agus a léiriú ar conas mar abhí ag éirií leis an Straitéis Fiche Bliain, má bhí. Bhí a chomharba mar Choimisinéir Teanga, Rónán Ó Dómhnaill ós comhair Chomhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha ar an 14 Eanáir 2015. Bh sé ann le cearta lucht labhartha Gaeilge agus Acht na Gaeilge a phlé inné.

Dúirt Trevor Ó Clochartaigh, Urbhlábhraí Shinn Féin ar na gcúrsaí sin agus ball den Chomhchoiste,  “Rinne an Iar-choimisinéara, Seán Ó Cuirreáin cáineadh láidir ar mholtaí an rialtais, ach is iad na cinnbhille céanna atá dhá phlé fós. Rinne Rónán Ó Domhnaill moltaí praiticiúla eile don chomhchoiste agus ba chóir go ndéanfaidh an rialtas iad a áireamh.
“Imeasc na bun éileamh tá; gur chóir rangú a dhéanamh ar na comhlachtaí poiblí ó thaobh éileamh ar sheirbhísí gaeilge uathu, gur cheart breathnú ar rialacháin seachas scéimeanna teanga a bheith ann agus gur gá seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a bheith ar fáil sna Gaeltachtaí gan cheist, gan choinníoll.
"Rinneadh moltaí nua freisin ar nós ról níos mó a thabhairt don chomhchoiste maidir le brú a chur ar chomhlachtaí poiblí agus eagraíochtaí stáit maidir lena gcuid dualgais le forálacha an achta a chomhlíonadh. Tá an Choimisinéar ag moladh freisin go mbeadh sórt ‘clár ciontóirí Gaeilge’ ann do na chomhlachtaí nach bhfuil ag feidhmiú de réir an Achta.'

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill, go raibh gá le clár poiblí le brú a chur ar eagraíochtaí neamh ghéilliúla cloí lena gcuid dualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Lean sé “Cé go ndírítear aird phoiblí ar thuarascálacha a chuirim faoi bhráid Thithe an Oireachtais ag tráth a bhfoilsithe níl aon chlár lárnach poiblí ann a thugann le fios go héasca agus go leanúnach cé hiad na comhlachtaí poiblí atá neamhghéilliúil do reachtaíocht teanga nó go deimhin do reachtaíocht eile.”

Is i gcomhthéacs an scrúdú atá á dhéanamh ag an gcoiste Oireachtais ar ról, feidhm agus éifeacht na gcórais ina n-oibríonn oifigí Ombudsman fúthu a iarradh ar an gCoimisinéir teacht os comhair an comh-choiste agus dúirt Rónán Ó Domhnaill go bhféadfadh ról a bheith ag coiste Oireachtais chun a leithéid de chlár a chothabháil.

“D’fheicfinn go bhféadfadh ról a bheith ag Coiste Oireachtais comhlachtaí poiblí a chlárú nó a bhaint den taifead, tar éis an cás a mheas. Ba ionann a leithéid de thaifead agus aitheantas an Oireachtais go raibh an sárú suntasach a dhóthain le bheith aitheanta.”

Leag an Coimisinéir béim freisin, agus bille leasuithe d’Acht na dTeangacha Oifigiúla á dhréachtadh, ar an gá le hAcht le cur ar a chumas cosaint a dhéanamh ar chearta teanga an tsaoránaigh, chomh maith le bealach éifeachtúil chun comhlachtaí poiblí nua a thabhairt faoi scáth an Achta.

“Fáiltím mar sin roimh an moladh atá déanta sna ceannteidil don Acht leasuithe go dtabharfar comhlachtaí poiblí nua faoi scáth na reachtaíochta go huathoibríoch. Cuirfidh sé seo ar mo chumas freastal ar líon suntasach gearáin atá á fháil agam, nach bhfuil cumhacht agam faoi láthair gníomhú ina leith.”

Seo mar a labhair sé:

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an gComhchoiste as cuireadh a thabhairt dom teacht in bhur láthair inniu agus labhairt libh maidir le ról m’Oifige i gcomhthéacs ról oifigí Ombudsman go ginearálta. Tá Oifig an Choimisinéara Teanga ar an bhfód anois le breis agus 10 mbliana agus faoi réir Acht na dTeangacha Oifigiúla tá cheithre phríomhchúram leagtha ag an Oireachtas ormsa mar Choimisinéir Teanga. Is iad sin:

  • déileáil le gearáin a dhéanann baill den phobal maidir le heaspa seirbhísí trí Ghaeilge a bhíonn ar fáil ó chomhlachtaí poiblí
  • monatóireacht nó faireacháin a dhéanamh ar an mbealach a chuireann comhlachtaí poiblí a gcuid dualgais i bhfeidhm faoin Acht
  • comhairle a chur ar an bpobal maidir le cearta teanga agus
  • comhairle a chur ar chomhlachtaí poiblí maidir lena ndualgais faoin Acht

Sa tréimhse 10 mbliana go dtí deireadh na bliana 2013 bhí sa bhreis ar 6,000 gearán faighte ag m’Oifig, 96 imscrúdú oifigiúil seolta againn agus 213 léirmheas nó iniúchtaí déanta ar chur i bhfeidhm scéimeanna teanga chomh maith le monatóireacht déanta ar ghnéithe eile den Acht.
Ba cheart dom a rá ón tús gur Oifig bheag í m’Oifigse le 6 státsheirbhísí atá ar iasacht ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Is soláthar de €567,000 a bhí ceadaithe do m’Oifig don bhliain 2014 agus ba mhaith liom fáiltiú roimh an ardú go €670,000 atá ceadaithe don Oifig don bhliain 2015. Fiú leis an ardú atá tagtha ar sholáthar airgid na hOifige fágtar fós go bhfuil sí ar cheann de na hOifigí Stáit is lú sa tír.

Ról mar Ombudsman
Tá sé fíor thábhachtach go mbeadh oifig neamhspléach ann le cumhachtaí faoi mar atá ag aon Oifig Ombudsman eile chun déileáil le réimse cearta teanga. Roimh theacht ar an bhfód d’Acht na dTeangacha Oifigiúla bhí ar shaoránaigh go mba chás leo easpa seirbhísí trí Ghaeilge ón státchóras dul i muinín na gcúirteanna chun sásamh a fháil ar údar a ngearáin. Is cur chuige costasach agus anróiteach, ó thaobh an tsaoránaigh agus an Stáit, a bhí ag baint le cás bunreachtúil a thionscnaimh chun faoiseamh a fháil. Ó tharla cearta teanga an tsaoránaigh a bheith ag eascairt ó stádas na Gaeilge sa Bhunreacht ba iad na cúirteanna an t-aon bhealach a bhí ar fáil chun na cearta sin a chosaint.

Leagan an tAcht amach creat inár féidir leis an saoránach a chuid cearta a éileamh ar bhealach atá níos éasca ó thaobh an riaracháin agus an chostais de. Léiríonn líon na ngearáin a fhaigheann m’Oifig go bhfuil muinín ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta as ár gcumas dul i ngleic le gearáin a bhaineann le heaspa seirbhísí trí Ghaeilge a bheith ar fáil ón státchóras. Teastaíonn oifig neamhspléach mar go bhfuil sé léirithe cheana féin gurbh é seo an t-aon bhealach ar féidir leis an bpobal a bheith muiníneach go mbeidh tuiscint ar chúrsaí cearta teanga agus cumhachtaí cuí ar fáil chun dul i ngleic leis na deacrachtaí a thagann chun cinn.

A Chathaoirligh, tá iarrtha ag an gComhchoiste orm mo chuid tuairimí a roinnt libh maidir le ról, feidhm agus éifeacht na gcórais ina n-oibríonn oifigí Ombudsman fúthu. Déanfaidh mé sin i gcomhthéacs m’Oifig féin.

Acht éifeachtach agus cuimsitheach
Tosóidh mé leis an Acht féin mar is é sin an bunchloch ar a bhfuil cearta reachtúil teanga an tsaoránaigh agus mo chumhachtaigh mar Choimisinéara chun na cearta sin a chosaint leagtha amach. Múnlaíodh an tAcht ar dhá chóras a bhí in úsáid i ndlínsí eile, córas an Choimisinéara Teanga a bhí bunaithe i gCeanada agus córas na scéimeanna teanga a bhí in úsáid sa Bhreatain Bheag. Déileálann an tAcht leis na cearta teanga a bhaineann le húsáid na dteangacha oifigiúla i dTithe an Oireachtais, in Achtanna an Oireachtais, sna Cúirteanna, i measc comhlachtaí poiblí agus úsáid na logainmneacha oifigiúla. Go príomha is iad comhlíonadh na ndualgais atá leagtha ar chomhlachtaí poiblí faoin Acht is mó a bhíonn m’Oifig ag déileáil leo. Ní miste liom a shoiléiriú gur líon teoranta dualgais dhíreacha a leagtar ar gach comhlacht poiblí a thagann faoi scáth na reachtaíochta.

Baineann na dualgais sin le húsáid na dteangacha oifigiúla ar stáiseanóireacht, comharthaíocht agus fógairtí taifeadta béil agus cumarsáid scríofa áirithe. Chomh maith leis sin tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí líon teoranta doiciméid a fhoilsiú sa dá theanga oifigiúil. Ina dhiaidh sin tá na dualgais atá ar chomhlachtaí poiblí ag brath ar an méid a bhíonn daingnithe ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta in aon scéim teanga leis an gcomhlacht poiblí. Ní gá dom a thabhairt le fios in athuair an t-imní atá léirithe agam roimhe seo maidir le feidhmiú chóras na scéimeanna teanga.

Mar is eol daoibh tá ceannteidil an bhille leasaithe d’Acht na dTeangacha Oifigiúla foilsithe anois le roinnt míonna. Roimhe sin d’fhoilsigh m’Oifig tráchtas ar fheidhmiú an Achta inár leagadh amach moltaí ar bhealaí ina bhféadfaí cearta teanga an tsaoránaigh a chosaint ar bhealach níos éifeachtaí. Ar aon léamh idir an dá cháipéis sin is léir go bhfuil bearnaí suntasacha eatarthu. Baineann na bearnaí sin go príomha leis na cearta teanga a chóir a bheith ar fáil do phobail ina bhfuil an Ghaeilge fós in uachtar iontu mar theanga labhartha laethúil agus ról na scéimeanna teanga sa chreat cearta teanga. Baineann cearta teanga le gach saoránach, cearta atá cosanta ní amháin i reachtaíocht ach freisin i mBunreacht na tíre. San Acht leasaithe tá sé ríthábhachtach go leagfaí amach cur chuige soiléir a fhreastalóidh ar na riachtanais a eascraíonn óna cearta sin.
Tuigim nach scrúdú ar na ceannteidil atá mar ábhar do sheisiún an lae inniu agus dá bhrí sin níl sé i gceist agam déileáil go mion leis an ábhar seo. Ba mhaith liom mar sin féin an pointe ginearálta a dhéanamh go bhfuil mo chumas cosaint a dhéanamh ar chearta teanga an tsaoránaigh ag brath ní h-amháin ar na cumhachtaí atá ar fáil dom ach freisin ar an reachtaíocht atá mar bhonn agus mar thaca do na cearta sin. Ar an ábhar sin tá sé spéisiúil gur bhain 28% de na himscrúduithe a rinneadh go dtí seo le fórálacha teanga a bhí déanta i reachtaíocht seachas Acht na dTeangacha Oifigiúla, reachtaíochta ar nós an tAcht Oideachais 1998, Acht an Gharda Síochána 2005, An tAcht Iompair 1950 i measc cinn eile.

Ní miste liom a lua freisin nach dtagann gach comhlacht poiblí faoi scáth na reachtaíochta. Is iad na comhlachtaí poiblí sin amháin atá ainmnithe faoi sceideal an Achta a thagann faoi scáth na reachtaíochta. Is don Aire nuashonrú a dhéanamh ar an sceideal sin, gníomh nár rinneadh ach an t-aon uair amháin sa bhliain 2006. Fáiltím mar sin roimh an moladh atá déanta sna ceannteidil go dtabharfaí comhlachtaí poiblí faoi scáth na reachtaíochta go huathoibríoch agus tá sé tábhachtach go ndéanfaí an méid sin.

Neamhspleáchas agus acmhainní
Tá sé ar cheann d’fhorálacha an Achta gur oifig neamhspleách í Oifig an Choimisinéara Teanga. Is féidir liom a dhearbhú go bhfeidhmíonn m’Oifig ar an mbunús sin. An méid sin ráite tá an soláthar airgid agus acmhainní daonna atá ar fáil do m’Oifig ag brath ar thoil an Aire. Mar atá ráite agam roimhe seo is oifig Stáit an-bheag í m’Oifig agus cosúil le heagraíochtaí eile beidh éifeacht agus tionchar ár gcuid oibre ag brath ar dóthain foirne a bheith ar fáil dúinn chun ár gcuid dualgais a chomhlíonadh. Cé nach raibh aon tionchar aige ar m’Oifig go dtí seo is éasca an ceangal a dhéanamh gur féidir tionchar a imirt ar éifeacht eagraíocht nuair atáthar ag brath ar sholáthar airgid agus foirne an mháthair eagraíocht. Tacaím mar sin leis an dearcadh gur cheart an múnla atá in úsáid do mhaoiniú a dhéanamh ar sheirbhísí Ombudsman a scrúdú.

Feidhmeanna agus cumhachtaí
Mar Choimisinéir Teanga tá sé de chumhacht agam imscrúdú a dhéanamh le fáil amach ar bhféadfadh gur sháraigh comhlacht poiblí forálacha an Achta nó forálacha aon achtacháin eile a bhaineann le stádas nó úsáid teanga oifigiúil. Is féidir liom é seo a dhéanamh de thoradh gearán, ar mo thionscnamh féin nó ar iarraidh ón Aire. Feidhmíonn m’Oifig córas neamhfhoirmiúil ina réitítear formhór mhór na ngearáin a thagann faoi mo bhráid. I gcásanna ina ndéanaim imscrúdú reachtúil agus a n-eisítear tuarascáil le fionnachtain agus moltaí, is féidir le haon pháirtí nó duine ina bhféadfadh an méid sin difear a dhéanamh dó nó di, achomharc a dhéanamh chun an Ard Chúirt ar phonc dlí i gcoinne an chinnidh.

Más amhlaidh nach gcuireann comhlacht poiblí moltaí a bhíonn déanta i dtuarascáil imscrúduithe i bhfeidhm tar éis tréimhse réasúnach ama a bheith caite, is féidir liom an méid sin a thuairisciú chuig Tithe an Oireachtais. Go dtí seo tá 6 thuarascáil leagtha againn faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

I bhformhór na gcásanna a chuir m’Oifig faoi bhráid Thithe an Oireachtais go dtí seo níor shéan na comhlachtaí poiblí na fionnachtain a bhí déanta sna tuarascálacha imscrúdaithe. Is é gur mhaígh siad nach raibh dóthain acmhainní acu chun na seirbhísí ábhartha a bhí á gcur ar fáil i mBéarla a chur ar fáil i nGaeilge chomh maith. Tá ról tábhachtach ag an gCoiste seo mínithe a lorg ó chomhlachtaí poiblí ar na cúiseanna a roghnaíonn siad gan moltaí a bhíonn déanta i dtuarascáil reachtúil a chur i bhfeidhm i gcásanna den chineál seo. Is é ár dtaithí go bhfuil tionchar éifeachtach ag an bhforáil seo sa chinneadh a dhéanann comhlacht poiblí maidir le moltaí reachtúla a chur i bhfeidhm.

Má bhíonn an comhlacht poiblí den tuairim áfach go raibh na fionnachtain a rinneadh sa chéad dul síos lochtach tá an rogha ar fáil dóibh dúshlán an chinneadh sin a thógáil sna cúirteanna, áit gur féidir léirmhíniú dlíthiúil a fháil. Feicim mar sin féin go bhféadfadh comhlachtaí poiblí a easaontaíonn le cinntí imscrúduithe, ar bhonn léirmhínithe, a bheith ag roghnú gan dúshlán cúirte a thógáil i gcoinne na gcinntí sin ach ina ionad sin teacht i láthair Coiste Oireachtais chun a gcás a chur os a gcomhair. D’fhéadfadh gur iarracht a bheadh anseo an dá thrá a fhreastal.

Cé go ndírítear aird phoiblí ar thuarascálacha a chuirim faoi bhráid Thithe an Oireachtais ag tráth a bhfoilsithe níl aon chlár lárnach poiblí ann a thugann le fios go héasca agus go leanúnach cé hiad na comhlachtaí poiblí atá neamhghéilliúil do reachtaíocht teanga nó go deimhin do reachtaíocht eile. D’fheicfinn go bhféadfadh ról a bheith ag a leithéid de chlár mar shlí le cur ina luí ar chomhlachtaí poiblí cloí le moltaí a bhíonn déanta in imscrúduithe reachtúil. D’fheicfinn go bhféadfadh ról a bheith ag Coiste Oireachtais comhlachtaí poiblí a chlárú nó a bhaint den taifead, tar éis an cás a mheas. Ba ionann a leithéid de thaifead agus aitheantas an Oireachtais go raibh an sárú suntasach a dhóthain le bheith aitheanta.

A Chathaoirligh agus a chomhaltaí, is é bun agus barr an Achta ná go mbeadh cearta teanga ar fáil do shaoránaigh na tíre seo gur mian leo a úsáid a bhaint as an chéad teanga oifigiúil ina gcuid gnóthaí oifigiúla leis an Stát. Is é mo ról ná cosaint a thabhairt do na cearta sin. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh libh as an deis labhairt libh inniu agus d’fháilteoinn roimh aon cheisteanna atá agaibh.
Rónán Ó Domhnaill leis an gcéad Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin le chéile in Aras an Uachtaráin ar lá a cheapacháin mar an dara Chomisinéir Teanga

Share/Save/Bookmark

1.1.15

Friotal an chine?

Is gá do phobal na Gaeltachta freagracht a ghlacadh, is cinnte nach féidir bheith ag brath ar an stát.

Chuir an clár "An mar a chéile muid?" an chuid daoine ag smaoineamh, mé fhéin ina measc! Is cuimhin liom go maith an floscadh ag an am sin. An caint, an argóint, an polataíocht, agus eile. Léigh mé píosaí sna seascadaí ag  Deasún Fennell san Sunday Press ag caint faoin borradh a bhí ag tosú i nGaeltacht Iarthar na Gaillimhe, go raibh sé de mhisneach aige a shaol agus saol a chlainne a athrú go h-iomlán ar imeall na Farraige i Muighnis, nó mar a scríobh sé fhéin Maoinis, (nod d'fhear mór na Síne).

Bóithre na smaointe!
Thuig mé, mar duine nach ón tuath mé agus ar bheagán Ghaeilge, go raibh "rud éigin" aige mar a déarfá. Thuig sé nach faoi theanga amháin gur cóir dúinn ár n-iarrachtaí a dhíriú, ach ar phobal.  Thuig sé nár leor screamh Ghaeilge a bhualadh anuas ar smaointe lucht an Bhéarla. Ar ndóigh mar fáidh in aon tír níor ghlacadh leis a bhí á rá aige. Seafóid, cumanachas, briongloídi a dúradh ach maidir liom féin ba guth nua a bhí ann agus dár liom bhí radharc éagsúil aige a thuig mé agus a bhí difriúil ón na siobailit ag Gluaiseacht na Gaeilge agus ag an mbunaíocht bunaithe san bPríomh Chathair.

Níl fhios agam an toisc smaointe Fennell nó an as a stuaim féin d'éirigh ag an am céanna rud éigin nua sa Ghaeltacht, Conamara, Tír Chonaill agu Corca Dhuibhne. Gluaiseacht Cearta Sibhialta na Geltachta a bhí ar i gConamara agus bhí níos mó eolas agam-sa ar an gceantair sin, an ceantair ar bhaist Fennell leis an tsean-ainm Iarchonnacht. Ar ndóigh bhí easaontas ann ní h-amháin i measc Pobal Chonamara ("Níl sibh ceart agus níl sibh sibhialta!" a dúradh mar luaigh Seosamh Ó Cuaig in alt le déanaí.), ach i measc baill GCnaG féin agus idir iad féin agus Fennell, agus (ar ndóigh) ag "lucht Bhaile Átha Cliath", an cuid is mó de bunaithe ar mí thuiscint. Fiú inniú nuair a luadh an tearma a bhí á úsáid ag Fennell, "Iosráel in Iarchonnachta!" deireann daoine gur seafóid nó rud níos measa fós atá ansin. Tá sé éasca rud a ionsaí mar sin ach nach fiú go mór rudaí a iniúcadh sular caithtear amach iad? Dár liomsa nuair atá duine ag cáineadh smaointe nua ní mór é a iniúcadh ar dtús agus ansin moladh níos fearr a chuir ós ár gcomhair.

Ach ar bhealach nach beag bhíodar, Fennell agus GCnaG agus na dreamanna sna ceantracha eile Gaeltachta,  ag troid ar son rud céanna, cumhacht a thabhairt thár n-ais don phobal, cumhacht atá sciobtha ó Phobal Chonamara, (agus Pobal na hÉireann i gcoitinne) le fada. Ar ndóigh sa Ghaeltacht tá rud éigin so-bhreis thar Phobal ar bith eile, traidisiúin ársa cheoil, amhránaíochta, teanga a síneann siar níos mó na míle bliain agus rud atá a chur faoi chois ag maorlathas na tíre. Agus inniú? Nach bhfuil sé "..á ruaigeadh ar leataobh go leanúnach chuig imeall na sochaí, agus áirím anseo cuid mhaith den riarachán poiblí....go bhfuil fórsaí níos láidre agus níos forleithne fós ann ar cuma leo ann nó as dár dteanga náisiúnta." (Seán Ó Cuirreáin, Eanáir 2014)



Do Dheasún

Guth ag glaoch san fhásach
ar an taobh eile den tSionainn!
Guth dúchas é, guth a thuigim,
ach cé ghéillfidh dó?

Is ionann a fhriotal

agus friotal an chine:
is ionall a aisling
agus aisling na Romani,
a tháining go hÁrainn.
Ach tá na céadta blian,
agus na glúnta máthar,
idir sinn agus iad.

Ba é liodán na máthar

ina hainnise is ina brácha:
'Soir leat a ghatlaigh,
fag an Gaeilge ag na faoileáin!
Soir leat ón mbualtrach
go sráide na cathrach
go só agus teaspach.
Níl ach ceachtaireacht thiar!'

Tá caiseal le tógáil!

Tá teallaigh le cóiriú!
Tá anam le beoú!
Tá ríocht nua le gnóthú!

Pádraig Ó Fiannachta, Inniú 28 Márta 1969
Bhí sé mar seo i gcónaí!
Ní rud nua é seo áfach mar sa bhliain 1922 agus an triú Dáil ina suí dúirt Pádraig Ó Conaire: "Sa tríú Dáil nuair a bheidh ceist an-chorraithe á phlé (sic) ag na teachtairí, is beag alt ann nach gcuirfear ina naghaidh. Ach bíonn gach duine dearfa gurb é an t-alt a bhaineann leis an teanga Ghaeilge an t-aon alt amháin nach gcuirfear ina aghaidh ... Agus tá daoine ar an tríú dáil seo, agus ní hé amháinn gur cuma leo an teanga ach is fuath leo í ina chroí istigh - cén fath mar sin, nach gcuireann said in aghaidh an ailt seo atá i gceist agam? An é an chaoi gur dóigh leo go mbeadh sé fánach acu? Ní hea ar chor ar bith, ach go bhfuil fhios acu go rímhaith nach bhfuil san alt ach ornáideachas. Tá a fhios ag cáirde na teanga é chomh maith le naimhde na teanga, agus fagann an dá dhream mar sin é mar scéal"

Bhí an méid sin fíor go dtí 2012 nuair a brúadh Acht na Gaeltachta sa Dáil gan tacaíocht ón Fhreasúra nuair a shiúladar amach.

Ar na imeall
Ach mar a dúirt mé ní ceist teanga amháin atá anseo. Is gnáth daoine iad pobal na Gaeltachta, ní gníomhairí teanga iad, ní fhreathnaíonn siad ortha féin mar iarsmalann nó foinnse na Gaeilge. Is léir go gceapann an Rialtas FG/LO é sin mar níl ann "..ach fo-rannóg ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta – fo-rannóg de roinn atá mór agus ilghnéitheach...Agus tá an fho-rannóg sin lonnaithe i bhfad ó lár na cumhachta (thiar sna Forbacha i gConamara)." (Seosamh Mac Donnacha)  Bhí níos mó chiall leis an mar chuid den Roinn Pobal, Tuaithe & Gaeltachta ná chuid de Roinn na hEalaíona agus Iarsmalanna.

Tá mo chuid thuairimí féin ar chonas ar éirigh leo a chuid aidhmeanna a bhaint amach. An rud is tabhachtaí a tháinig as ná Raidío na Gaeltachta, rud a nascann na ceantreacha le chéile. (Ach an bhfuil baol anois ann "Má leanann cúrsaí mar atá, feicim an lá nach mbeidh i TG4 & RnaG ach rannógaí do i RTE, BAC agus ní bheith gá le Roinn ná Udáras, " Seán Ó Cualáin ar twitter 30/12/2014)

Smaointe eile!
• Aindrias Ó Cathasaigh 5/1/2015
• Aonghus Ó hAlmhain 31/12/2014
• Conchbbhair Ó Liatháin 31/12/2014
Roim an gclár
• Seosamh Ó Cuaig 30/1/2014
Cé dhéanfaidh é?
Ach is beag ó thaobh caomhniú phobail atá déanta ag an "establishment." Sea, chuireadar infhéistiú i monarchanna ach is beag aird a thugadar don teanga nó do chultúr na ndaoine. Mar sin is in olcas atá rudaí ag dul. Mar a dúirt Joe Steve Ó Neachtain, cén mhaitheas a bheidh le pé dul chun cinn atá déanta más pobal Béarla a bheidh ann ag an deireadh?

Dár liomsa an teip is mó a bhí ann na Údarás na Gaeltachta gan bheith ina Chomhairle Chontae, tofa ag an bpobal le cumhacht chomhairle chontae ar chursaí pleanála, bóithre, reiligí, uisce agus na rudaí a bhaineann le saol an gnáth duine agus bhí áthas orm gurb é sin ceann de na rudaí a lúadh go láidir ar an gclár ag an dream nua. Is gá do phobal na Gaeltachta freagracht a ghlacadh, ni féidir brath ar an stát.

Dúradh san chlár úd tá jab anois le críochniú ag comharbaí na Gluaiseachta. Mar a scríobh an tAth Pádraig Ó Fiannachta i 1969.

"Tá caiseal le tógáil!
"Tá teallaigh le cóiriú!
"Tá anam le beoú!
"Tá ríocht nua le gnóthú!"



Share/Save/Bookmark