Pages

31.3.11

Gramadach gan stró!

Tá eagrán nua de ghraiméar móréilimh Éamoinn Uí Dhónaill, Gramadach gan Stró!, díreach foilsithe ag Gaelchultúr. Díoladh na cóipeanna go léir den chéad eagrán agus tá 20% níos mó ábhair agus cleachtaí san eagrán úrnua seo.

Le fáil ó siopa.ie
Gramadach gan Stró! á úsáid ag ranna Gaeilge i gcoláistí éagsúla sa tír agus ag daoine atá ag obair trí mheán na Gaeilge. Tá sé dírithe orthu siúd a bhfuil caighdeán réasúnta maith bainte amach acu sa Ghaeilge labhartha cheana féin ach ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid gramadaí. Ní fhéachtar sa leabhar le cur síos cuimsitheach a thabhairt ar ghramadach na Gaeilge; tá príomhghnéithe na gramadaí sin roghnaithe ag an údar agus tá iarracht déanta aige iad a chur i láthair go simplí sothuigthe.

Foilsíodh an chéad eagrán de Gramadach gan Stró! in 2008 agus díoladh 5,000 cóip den leabhar taobh istigh de dhá bhliain go leith. Tá Ó Dónaill dóchasach go mbeidh ráchairt ar an eagrán nua seo chomh maith.

“Fuair mé moltaí agus aiseolas luachmhar ó go leor de lucht úsáidte an chéad eagráin,” arsa Ó Dónaill, “agus chuir mé an méid sin san áireamh agus an dara heagrán á ullmhú agam. Tá dearadh an leabhair athraithe go mór againn chomh maith. Tá cuma i bhfad níos fearr ar an eagrán nua agus measaimid go gcabhróidh an scéim dathanna leis an úsáideoir nithe a aimsiú go gasta.


“Tá cartún ag tús gach aonaid fosta, rud a chuireann go mór leis an leabhar, measaim. Dírítear sna cartúin seo ar na hearráidí a dhéantar sa Ghaeilge go rialta: ‘fear le féasóg’, cuir i gcás, agus ‘Dé Déardaoin’. Tá súil agam go mbainfidh lucht úsáidte an leabhair sult as na cartúin seo agus go bhfoghlaimeoidh siad rud éigin uathu fosta!”

No comments:

Post a Comment