
Fuarathas nóta ó Úna Bhreathnach, Bainisteoir Eagarthóireachta i bhFiontar, le chúnamh a lorg le forbairt nua atá á cruthú againn ar an suíomh logainmneacha. BD'iarr sí orainn triail a bhaint as an gcomhéadan nua léarscáilíochta, atá ar fáil go trialach anseo. Tá sé i gceist acu an comhéadan seo a chur in áit an chinn théacsúil atá in úsáid faoi láthair.
Ba mhaith leithi go mbreathnófaí ar an gcomhéadan seo, agus aon aiseolas – maidir le inúsáidteacht, fadhbanna, moltaí feabhais nó aon rud eile dá laghad nó dá mhéid – a chur chuchu. Go háirithe, ba mhaith leo ár n-aird a dhíriú ar na ceisteanna seo a leanas:
- - An dtuigeann tú céard atá le déanamh nuair a osclaíonn tú an suíomh don chéad uair?
- - An bhfuil an suíomh ag obair? (An bhfeiceann tú léarscáil?)
- - Nuair a dhéantar cuardach, taispeántar na torthaí ar an léarscáil. An bhfuil sé seo sásúil?
- - An bhfuil tú sásta leis seo mar leagan nua den suíomh?
- - An dtaitníonn sé leat?
- - An bhfuil sé úsáideach?
Beidh an comhéadan seo ar fáil go trialach ag www.logainm.ie/mapz go ceann roinnt seachtainí, agus bheadh siad buíoch ach aiseolas a chur chuchu roimh lár mhí an Mhárta.




