tag:blogger.com,1999:blog-913620164134023317.post8955585621561931131..comments2023-10-16T16:51:17.880-07:00Comments on gaeltacht21: Geilleagar na Gaeilge?Unknownnoreply@blogger.comBlogger1125tag:blogger.com,1999:blog-913620164134023317.post-23395917083192944472010-12-08T08:31:42.839-08:002010-12-08T08:31:42.839-08:00Preas Ráiteas ón Roinn!
07.12.10 CÁINAISNÉIS 2011...Preas Ráiteas ón Roinn!

07.12.10 CÁINAISNÉIS 2011: Cistiú don Ghaeltacht, don Ghaeilge agus do na hOileáin

Dúirt an tAire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta go leithdháilfear cistiú cuí ar an nGaeltacht, ar na hoileáin agus ar chur chun cinn na Gaeilge sa bhliain 2011 leis na seirbhísí is tábhachtaí a chothabháil, sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre araon.

“Bíodh is go laghdófar cistiú reatha do na scéimeanna agus do na seirbhísí atá ann cheana, déanfar na seirbhísí duine le duine is tábhachtaí a chosaint a mhéid is féidir. Mar shampla, táim chun an cistiú a chuirtear ar fáil chun tacú le seirbhísí rochtana ríthábhachtacha do phobail ar na hoileáin a choinneáil ag an leibhéal reatha de €5.7 milliún.

Ó thaobh na Gaeilge de, tá cur chuige níos nua-aimseartha, níos straitéisí, níos comhoibrí ag teastáil chun an teanga a chur chun cinn agus a chothú, lena n-áirítear caidreamh níos fearr le pobail Ghaeltachta ná mar a bhí againn leo san am a caitheadh, b'fhéidir. Cuirfear creat ar fáil trí bhíthin na Straitéise nua 20 Bliain don Ghaeilge de chuid an Rialtais a chabhróidh linn an cuspóir sin a bhaint amach agus acmhainní a dhíriú ar réimse na pleanála teanga ar bhealach níos fearr.”

Agus laghdú suntasach ar an gcistiú caipitil a chuirfear ar fáil don Ghaeltacht sa bhliain 2011 á aithint aige, dúirt an tAire gur chóir féachaint ar an gcoigeartú sin i gcomhthéacs chistiú laghdaithe na gclár caipitil i ngach réimse de chaiteachas an Rialtais.

“Ar bhotúnaí an tsaoil, laghdófar go mór an cistiú a bheidh ar fáil do thionscadail chaipitil an bhliain seo chugainn, ach toisc gur cuireadh feabhas suntasach ar bhonneagar na Gaeltachta le blianta beaga anuas, ní mór dúinn tús áite a thabhairt do sheirbhísí duine le duine agus cúinsí mar atá. Bíodh is go mbeidh €62 milliún de bhuiséad caipitil mo Roinne ar buiséad de €86 milliún é ag teastáil le haghaidh an Chláir Forbartha Tuaithe, a chuirfidh ar ár gcumas an cistiú AE is mó is féidir a íostarraingt, ní mór a aithint go mbainfidh an Ghaeltacht agus na hoileáin tairbhe shuntasach as an gClár sin go fóill trí bhíthin obair Mheitheal Forbartha na Gaeltachta agus Chomhar na nOileán. Beidh cistiú caipitil ar fáil chomh maith chun roinnt príomhthionscadal a chur chun cinn nó a thabhairt chun críche, lena n-áirítear oibreacha ar ché Chill Rónáin agus na háiseanna tacaíochta pobail/teaghlaigh i mBaile na Finne, ar an gCeathrú Rua agus san Fheothanach.”

Cuirfear cistiú de isteach is amach le €40.025 milliún ar fáil don Ghaeltacht agus do na hoileáin sa bhliain 2011 (lena n-áirítear leithdháileadh €19.6 milliún d'Údarás na Gaeltachta) agus is isteach is amach le €12.2 milliún den chistiú sin costas na ngnéithe caipitil. Cuirfear leithdháileadh breise de isteach is amach le €5.27 milliún ar fáil do chur chun cinn agus do chothú na Gaeilge i gceantair lasmuigh den Ghaeltacht.Eoin Ó Riainhttps://www.blogger.com/profile/04728243485596910873noreply@blogger.com