11.8.16

Cúngaigeantacht Banc Aontas Éireann!

Bhí fadhb agam ar maidin logáil isteach ag suíomh bhaincéireachta Bhanc Aontas Éireann. Chuir me giolch amach ar mo chúntas ar twitter á rá - ag iarraidh fháil amach an raibh an fhadhb céanna ag éinne eile.

Fuair mé freagra ó dhuine eile ar an gcóras gur chualathas go raibh fadhb ann ceart go leor agus go rabhthas ag obair air.

Ach ansin fuair mé freagra ón mbanc féin ag rá go raibh sé "aontaithe ag an AIB" freagraí i mBéarla a thabhairt ar a gcuid chustaiméirí go léir. Ní deirtear cé h-iad lena aontaigh siad polasaí chomh cúngaigeantach! Is cosúil nach bhfuil a chud Béarla chomh maith sin.
Nach mbeadh sé níos cirte a rá go bhfuil sé mar polasaí acu Béarla a úsáid lena gcuid chustaiméirí. Nó an mbeadh sé níos macánta a rá nach bhfuil siad sásta Gaeilge, Teanga Náisiúnta na hÉireann a úsáid lena gcuid chustaiméirí?

An bhfuil sé ceart ag aon chomhlucht gur le cáin íochóirí na hÉireann níos mó ná 95% den gcomhlucht diúltú seirbhís i nGaeilge a thabhairt?

Mo ghiolch agus freagra ón mBanc!

 @AIBIreland @askAIB @IRLDeptFinance @ceartateanga

Share/Save/Bookmark

8.8.16

Oscailt Scoil Samhradh an Phiarsaigh 2016.

Bhí Scoil Samhraidh an Phiarsaigh i Ros Muc le déanaí mar chuid de Chomóradh Céad Bliain an Éirí Amach ag Comhairle Chontae na Gaillimhe.

Bunaíodh an Scoil chun comóradh a dhéanamh ar Phádraig Mac Piarais agus le “hábhar atá bainteach le fís an Phiarsaigh don Ghaeilge” agus do chothú na teanga a chíoradh, ina measc an Ghaeltacht, an Litríocht, an Cultúr agus an tOideachas. Bhí clár iomlán ann ó mhaidin go hoíche a thosigh le léacht leis an Dochtúir Mary Harris, ‘Brionglóid an Phiarsaigh’ ag a 10 a chlog ar maidin agus a chríochnóidh le ‘Díospóireacht Mhór na Gaeltachta agus na Gaeilge'

Tá na pictiúirí anso ón Scoil Samhradh ag Seán Ó Mainín ar shuiomh Tuairisc.ie. Tá tuairisc gearr agus nascanna eile le fáil in alt ar an mBlag Ag Seasamh an Fhód: Ag Scoil Samhraidh an Phiarsaigh! Is féidir tagartaí ar imeachtaí na scoile a léamh ar an gcóras giolcaireachta twitter faoin haisclip #SSandP16.

D'oscail Rónán Ó Domhnaill imeachtaí na scoile ar an oíchr roimhe agus seo mar a labhair sé:

A Chathaoirligh agus a dhaoine uaisle is mór an phribhléid domsa gur iarraidh orm an Scoil Samhraidh seo a oscailt go hoifigiúil anseo anocht.

Rónán Ó Domhnaill - Coimisinéir Teanga
Tá creidiúint mhór ag dul do Chomhairle Contae na Gaillimhe agus go háirithe don Oifigeach Forbartha Gaeilge, Páid Ó Neachtain, as an Scoil Samhraidh seo a eagrú. D’fhreastal mé ar an Scoil Samhraidh anseo anuraidh mar chainteoir agus ba léir ag an am sin go raibh spéis mhór ag an bpobal in imeachtaí na scoile. Tá mé sásta gur fhan an Chomhairle dílis dá bhfocal agus gur eagraíodh an Scoil arís i mbliana agus gur cuireadh léi. Tá súil agam gur imeacht rialta bliantúil a bhéas inti as seo amach.

Tá clár thar a bheith spéisiúil agus bríomhar curtha le chéile ag an gComhairle a chlúdaíonn an dlí, cúrsaí oideachais, an pholaitíocht agus ár bhféiniúlacht mar Ghaeil agus mar phobal Gaeltachta. Níl an siamsaíochta, na healaíona ná na hábhair logánta fágtha ar lár ach an oiread. Ní dóigh liom gur thrí aon thimpiste é gur ábhair iad seo uilig a aithnítear go mór le ceann de phearsa agus de laochra móra na linne seo agus an té go bhfuil an scoil samhraidh seo in ómós dó, Pádraig Mac Piarais. Tá aitheantas á thabhairt sa scoil samhraidh seo do na hábhair a bhí gar do chroí an Phiarsaigh sa gceantar a ba ansa leis.

Le gairid d’fhreastal mé ar ócáid eile a bhí eagraithe mar chuid den chlár comórtha céad bliain i Scoil Éanna inar labhair Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn faoi shaol Phádraig Mac Piarais agus ar thug sé aitheanta do ghlúin na réabhlóide as an méid a rinne siad chun saoirse a bhaint amach dár dtír. Le linn a chuid cainte thagair an tUachtarán den ról ceannaireachta a bhí ag an bPiarsach ní amháin le linn an Éirí Amach ach freisin an cur chuige ceannródaíochta a ghlac sé i saol an oideachais agus i ngluaiseacht athbheochana na Gaeilge ag tús an chéid seo caite.

Fear ilghnéitheach.
Ina shaol gearr bhí an Piarsach ina oideachasóir, ina dhlíodóir, ina iriseoir, ina eagarthóir, ina cheannaire míleata, ina fhile agus ina scríbhneoir, agus tuilleadh leis. ‘S ina chuid scéalta is fearr a fhaigheann muid léargas ar dhearcaí agus ar smaointe an Phiarsach. Nuair a insítear dúinn faoi Pheaitín Pháraic bheith ag léamh amach an nuacht ón iasacht ón nuachtán ag tús an scéal dár teideal Na Bóithre baineann an scéalaí úsáid as frása ar leith. “Scéalta ón Domhan Thiar is ón Domhan Thoir” a thugtar ar an nuacht thar lear. Bhí an teideal céanna ar an nuacht idirnáisiúnta sa Claidheamh Soluis sa saol fíor: is é sin le rá go mbaineann Mac Piarais leas as frásaíocht na scéalta gaisce chun cur síos a dhéanamh ar mhór scéalta na cruinne.

D’aimsigh an Piarsach téarma breá dúchasach chun cur síos a dhéanamh ar imeachtaí an domhain mhóir. Ach léamh Chonamara ar an domhan sin atá i gceist ins Na Bóithre agus tá Conamara agus Éire, dá imeallaí iad, sa lár.

Is cuí mar sin go bhfuil scoláirí agus seanadóirí, teachtaí dála agus airí rialtais ag bailiú le chéile anseo chun plé a dhéanamh ar oidhreacht an Phiarsaigh, fear a raibh fís idirnáisiúnta aige agus fear a thuig tábhacht an phobail bhig, an ‘domhan beag innti féin’ de chuid Chéitinn a luaigh sé féin níos déanaí.

I bhfad roimh imeachtaí móra míleata 1916 thuig an Piarsach an tábhacht agus an chumhacht a bhain le slógaí agus tionóil cruthaitheacha agus intleachtúla. Ba é a mhol don Chonradh clár imeachtaí sóisialta agus cultúrtha a chur ar bun agus thug sé cuairt ar Eisteffodd na Breatine Bige agus Mod na hAlban chun foghlaim faoin gcur chuige a bhí ar bun maidir le cur chun cinn an chultúir dúchais sa dá thír san. Chuimsigh a fhís féin do chultúr na hÉireann… litríocht an Bhéarla agus litríocht na Gaeilge, an ealaín, an stair agus an eolaíocht féin.

"Nuair a léiríonn an Státchóras drochmheas ar ár dteanga, nuair a theipeann uirthi bunsheirbhísí a chur ar fáil go sásúil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta táthar ag ísliú a stádas i measc lucht a labhartha agus an pobal trí chéile. Mura léiríonn lucht na cumhachta meas ar an nGaeilge ar chóir go mbeadh aon iontas orainn dá dtréigfeadh an aos-óg í?"
Rónán Ó Domhnaill
Chastaí cinnirí cultúrtha na hÉireann le chéile ag Scoil Éanna agus thug an Piarsach camchuairt ar cheantair Ghaeltachta na hÉireann. Bhí sé lárnach chomh maith mar Chonraitheoir agus mar iriseoir i gcur chun cinn féile an Oireachtais. Bheadh an Piarsach ríshásta le clár na scoile seo; le éigse agus ealaín, cainteanna agus díospóireachtaí ann.

Thaitneodh fís na scoile samhraidh seo leis an bPiarsach agus na réimsí inar shaothraigh sé féin á bplé go neamheaglach: an t-oideachas, an phleanáil teanga agus an Ghaeltacht. …….. Beidh ábhar leabhair eile, seans, sa phlé a dhéanfar sna laethanta romhainn. Thuig an Piarsach an tábhacht a bhain le lucht físe a chur i gcomhluadar a chéile agus rinne sé cinnte tae agus siamsaíocht a chur taobh leis na drámaí agus na léachtaí. Tuigeann muintir Ros Muc cé chaoi scíth a ligean chomh maith agus cá bhfios cén aicsean a leanfaidh an phlé agus an oiread daoine anseo a bhfuil idir fhís agus fhuinneamh acu, iad ina gcinnirí pobail agus ina saineolaithe agus an dá rud in éindí.

Mar is as caidreamh daonna den sórt sin a gineadh an fuinneamh as ar fáisceadh an tÉirí Amach. Tá sé suimiúil gur lonnaigh an Piarsach a dhráma deireanach, The Singer (má ba i mBéarla féin é), i gConamara, agus gur léirigh an dráma sin an tábhacht a bhaineann leis an éigse agus leis an slógadh áitiúil agus pobal á fhuascailt.

Ar ndóigh bhí méid áirithe neamhspleáchais bainte amach le linn ré an Phiarsaigh féin agus cuireadh na Comhairlí Contae ar bun tar éis achtú an Acht Um Rialtas Áitiúil nó an Local Government of Ireland Act sa bhliain 1898. Is mithid, mar sin, arís an obair atá déanta ag Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Páid, agus an scoil seo á pleanáil, a aithint.

Agus bliain chomórtha an Stáit faoi lán tseoil is iomaí snáithe atá curtha lenar dtuiscint ar 1916 agus ar an bPiarsach féin le míonna beaga anuas.

Pleanáil Teanga
Bhí suim ag an bPiarsach sa cheist ar a dtugaimidne sa lá atá inniu ann “an phleanáil teanga.” D’éirigh leis féin agus a chomhghleacaithe i gConradh na Gaeilge stádas a bhaint amach don Ghaeilge i réimsí éagsúla saoil- mar ábhar iontrála don Ollscoil nua, mar shampla agus mar mheán teagaisc. D’fhoilsigh sé nuafhocail Ghaeilge sa Chlaidheamh agus chuir Mac Piarais suim i bhforbairt téacsleabhair Ghaeilge don teagasc trí Ghaeilge. Tá áthas ar leith orm go bhfuil plé le déanamh ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht amárach, plé atá ar bun, dar ndóigh i bpobail éagsúla Gaeltachta cheana féin.
An paineál díospóireachta leis an gcathaoirleach Páidí Ó Lionáird. Éamon Ó Cuív, TD, An Seanadóir Trevor Ó Clchartaigh agus Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne
Ar an oíche agus ar an ócáid atá ann ní sé i gceist agam labhairt ró-dhomhain faoi chúrsaí reachtaíochta ná cúrsaí cearta teanga. Ach ba mhaith liom an méid seo a rá: teastaíonn athrú meoin agus athrú cur chuige maidir leis an mbealach a gcaitheann an Státchóras le lucht labhartha na Gaeilge agus lenár dteanga náisiúnta. Nuair a léiríonn an Státchóras drochmheas ar ár dteanga, nuair a theipeann uirthi bunsheirbhísí a chur ar fáil go sásúil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta táthar ag ísliú a stádas i measc lucht a labhartha agus an pobal trí chéile. Mura léiríonn lucht na cumhachta meas ar an nGaeilge ar chóir go mbeadh aon iontas orainn dá dtréigfeadh an aos-óg í?

Gnéithe den chlár.
Is tráthúil chomh maith agus fís an Phiarsaigh maidir leis an oideachas á mheabhrú againn go mbeidh Muireann Ní Mhóráin ag tabhairt píosa cainte amárach a thabharfaidh léargas dúinn ar áit na Gaeilge sa chóras oideachais.

I ngearrscéal dá chuid, An Bhean Chaointe thug an Piarsach aghaidh ar an imeallú a bhí déanta ar mhuintir na Gaeltachta maidir leis an gcóras dlí. Is rí-fheiliúnach, mar sin, an t-ábhar plé a bheidh ag an Iarchoimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin – scéal Mhám Trasna agus na himpleachtaí tromchúiseacha a bhain le heaspa láithreachta na Gaeilge i bhfearann an dlí – ag seisiún tosaigh ár scoile. Is duine é Séan ar a bhfuil ard-mheas agamsa agus againne air agus tréaslaím a shaothar nua leis.

Théis na cainte sin beidh léiriú againn ón gcomhlacht drámaíochta ceannródaíoch Fíbín, a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu, léiriú a chuirfeadh gliondar ar chroí an Phiarsaigh féin, duine ar tharraing na drámaí agus glór-réimeanna a léirigh sé féin na sluaite de lucht éisteachta le linn a ré. Thuig an Piarsach an draíocht a imrítear sa drámaíocht, an tabhairt chun beochana a tharlaíonn nuair a scaoiltear leis an tsamhlaíocht. Thuig sé chomh maith cumhacht na drámaíochta agus táim cinnte go mblaisfimid den draíocht agus den chumhacht sin anocht.

Beidh deis againn éisteacht le léamh scoth na scoláirí agus na smaointeoirí i gcaitheamh an lae amárach agus tabharfar ár ndúshlán arís is arís eile. Tá taighde thábhachtach déanta ag duine de na scoláirí sin a bheidh ag caint amárach, an Dr Mary Harris, ar an mbaint a bhí ag an bPiarsach leis an iris The Irish Review. Thug an Piarsach cuntas fileata ar a thuiscintí ar an nGaelachas agus ar an nGaeltacht ins an scéal An Choill, a foilsíodh san iris sin i samhradh na bliana 1914.

‘Siad na scéalta éagsúla sin, an léamh eile sin a luaigh an Piarsach atá romhainn anocht agus amárach: súil eile na Gaeltachta ar fhís an Phiarsaigh.

Mír eile i scéal an Phiarsaigh a bheidh in imeachtaí an Scoil Samhraidh seo ...agus mír eile inár scéal féin.

Taispeántás ealaíne fáinleoga i Ros Muc ag Nuala Ní Fhlathúin

#SSanP16 #Éire2016 @ceartateanga #Ireland2016

Share/Save/Bookmark

5.8.16

Brúscar Bhearna le moladh!

Sa cúr agus cúiteamh faoi chúrsaí bhruscar nach deas an rud é dea-sceal a insint?

Nuair a baineadh an t-seirbhís bhailiú bhruscair ón na údaráis áitiúil is cosúil gur cailleadh an cearta a bhí ar lucht bhruscair seirbhís sa Teanga Náisiúnta a sholathar. Anseo i nGaeltacht Chonamara tá comhlucht amháin, Brúscar Bhearna, ag bailiú brúscar le fada. Bhí sé de nós againne malaí a cheannach sa siopa áitiúil agus mar sin ní raibh teangabháil díreach againn leis an gcomhlacht de gnath. Ach athraíonn an córas nua é sin ina iomláin agus ní mór do dhuine conradh de short éigin a bheith leo.

Rinne mise iarracht teangabháil a dhéanamh leo i nGaeilge, cé go raibh siad i ndán mé a thuiscint d'fhreagair siad i mBearla mé ar dtús. Dúradar ansin, "Unfortunately not all of our customer care team would be fluent in Irish." 

Scríobh mé chuig an Coimisinéir Teanga le clarú ó thaobh dlí de agus duradh nach rabhadar "faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla toisc gur comhlacht príobháideach iad." Ach cheap mise féin go mfhéidir go mbeadh dualgas táinisteach ós rud é go bhfuil siad ag tabhairt seirbhís ar son, nó faoi cheadúnas ag, an Chomhairle Contae ach is cosúil nach bhfuil sé sin ró shoiléir.

Cheanníomar roinnt málaí sa siopa ach táin go léir imithe faoin am seo agus bhí orm teangabháil a dhéanamh leo arís. Rinne mé sin i nGaeilge agus an uair seo 'd'fhreagair sid sa teanga céanna agus bhí mé i ndán mo chuid gnó a dhéanamh leo i nGaeilge gan aon trioblóid.

Is trua nach bhfuil chuile chomhlucht a thugann seirbhís d'aon saghas aitheantas a thabhairt don Teanga Náisiúnta go mór mór sna cheantair ina bhfuil sé á úsáid mar theanga phobal gan ceist gan coinníol.


Share/Save/Bookmark