20.5.16

Tá Gaeilge aige... @SeanKyneTD

Bhí an imní ar Phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge nuair a ceapadh Joe McHugh mar Aire Stáit na Gaeltachta ag Enda Kenny beagnach dhá bhliain ó shin. Bhí ceist ann faoin a gcumas labhartha sa teanga agus ba léir nach raibh sé ábalta comhra símplí gan trácht ar díospóireacht a bheith aige sa teanga náisiúnta. Scríobhamar píosa leis an dtitead: Bhfuil Gaeilge aige?

Ar ndóigh rinne sé éacht go pearsanta agus faoin am seo tá líofacht maith aige rud a chuir íontas ar an scríobhnóir seo agus go leor eile. Ach ag an am céanna is le h-aire a thabhairt ar chúrsaí Ghaeltachta agus Teanga ceapadh é agus, mar a dúirt trachtaire áirithe, "ní ceapadh é le feabhas a chuir ar a chuid Gaeilge!"

Mar sin féin bhí sé go maith éisteach leis ar an Raidío na Gaeltachta ar maidin ag caint go líofa faoin a chuid cúramaí nua do dhiaspóra agus róle na Gaeilge ansin! B'shin dearcadh nár chualathas ó foinse Rialtais go dtí seo.

Níl an fhadhb sin againn leis an ceapachán nua mar Aire Stáit. Is as ceantair Gaeltachta Seán Kyne ach níor tógadh le Gaeilge é. Nuair a toghadh mar Comhairleoir Chontae deirtear go ndúirt sé le chomh chomhleoir sa cheantair go raibh aiféala air nach raibh Gaeilge aige. Ach níor stop sé ansin rinne sé beart dá réir agus faoin am a togadh mar TD é sa bhliain 2011 bhí go leor Gaeilge aige len í a labhairt ós comhair an Phobail.  Mar sin is féidir leis dul díreach isteach sa post nua atá aige. Ní gá dó dul ar ais ar scoil!

Bhí sé ábalta dul go hÁrainn díreach in ndiaidh a cheapachán agus labhair go tuiscineach faoi na fadhbanna Gaeltachta & oileánda i dteanga na ndaoine. Bhí sé i ndán agallamh a dhéanamh ar Raidío na Gaeltachta.

Ar bharr ar sin is duine é a thug tacaíocht don bhfeachtas #Gaelvóta - rud nach raibh a pháirti sásta a dhéanamh. Ar ndóigh toisc nach Aire iomlán é tá teorainn leis an méid gur féidir leis a dhéanamh agus is léir ón dearcadh an Aire Shinsearach go bhfuil obair mór roimhe. Ar a laghad is dócha go mbeidh sí sásta nach mbeidh daoine ag gearán faoi chaighdeán a chuid Gaeilge. B'fhéidir go mbeidh Seán i ndán cabhrú lena a cuid obair baile agus í ag foghlain na Gaeilge! Ar an dtaobh eile sa nua-pholataíocht seo atá anois againn beidh sé ag brath ní h-amhain ar a thaobh féin den teach ach ar an bhfreasúra chomh maith.

Bhí Acht Gaeltachta nua achtaithe nár "bhain an fháilte a cuireadh roimhe aon mhacalla as cnoic agus gleannta na Gaeltachta." (Seán Ó Cuirreáin - 23/1/2014).  Shiúl an fhreasúra amach as an dteach seachas vótáil air. Bille lochtach a bhí ann.

Anois tá Acht Teanga le reachtáil - geallta ó 2011 agus ní éireóidh leis gan tacaíocht an fhreasúra.

Is léir go dtosnaíonn Seán Kyne le dea-thoil Phobal na Geeilge/Gaeltachta dár le scéal "Fáilte curtha roimh cheapachán Kyne ag Ó Cuív agus ag an gConradh" i dTuairisc.ie. Agus labhair urlabhraí Shinn Féin chomh maith “Déanaimid comhghairdeachas leis an Aire Stáit Seán Kyne. Tá obair mhór roimhe agus táimid ag tnúth le bheith ag comhoibriú leis ar mhaithe leis an nGaeltacht agus an Ghaeilge."

Tá an dea-thoil ann anois agus súil againn - agus fios againn (?) - go bhfuil an cumas ag Seán Kyne deireadh a chuir le méar fhadachas an Stáit!

Go n–éirí leis!
Share/Save/Bookmark

18.5.16

Labhair beirt as Ghaillimh Thiar!

Nuair a bhí ráitis ar an nGaeilge & Gaeltacht sa Dáil le deanaí níor labhair ach beirt as cúigear Tdanna Ghaillimh Thiar - an Dail Cheantair ina bhfuil an ceantair Ghaeltachta is mó - Seán Kyne ar dtús agus ansin Catherine Connolly!

Deputy Seán Kyne:  Tá mé ag roinnt mo chuid ama leis an Teachta O'Dowd. Cuirim fáilte roimh an seans ráiteas a dhéanamh maidir leis an nGaeilge. Cuirim fáilte roimh an Aire, an Teachta Heather Humphreys, agus roimh an iar-Aire Stáit, an Teachta Joe McHugh. Gabhaim buíochas leis an Teachta McHugh as an obair a rinne sé sa Roinn ón am a ainmniú mar Aire Stáit é agus seans go mbeidh sé ar ais sa phost sin i gceann seachtaine.

 
Seán Kyne TD
Bhí laghdú maoinithe do chuile Roinn ar feadh tamaill mar gheall ar dhrochstádas eacnamaíoch na tíre, mar atá ar eolas ag chuile dhuine. Anois tá sé in am níos mó airgid a chur ar fáil do Roinn na Gaeltachta chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Is maith an rud é go bhfuil sé scríofa sa chlár Rialtais go mbeidh an Rialtas á dhéanamh sin. Mar a dúirt urlabhraithe eile anseo, tá sé ráite ag Conradh na Gaeilge, ag na grúpaí ón nGaeltacht agus ag na grúpaí atá ag freastal ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht go dteastaíonn sé sin uainn. Tá ról tábhachtach ag Údarás na Gaeltachta poist a chruthú sa Ghaeltacht. Teastaíonn níos mó airgid leis sin a dhéanamh. Is féidir leis an údarás tacú agus cuidiú le riachtanais ghnó. Tá foireann ag an údarás atá taithí aici ar bheith ag déileáil le daoine agus ar chomhairle a thabhairt do dhaoine gnó. Tá gnóthaí bunaithe ag na céadta sa Ghaeltacht le cabhair ó Údarás na Gaeltachta in a lán earnálacha, cosúil le turasóireacht, na healaíona, fiontar na n-oileán, seirbhísí trádála idirnáisiúnta agus próiseáil bia. Cruthaíodh 533 post sa Ghaeltacht i ngnóthaí atá comhpháirteach leis an údarás. Is toradh maith é sin agus tá plans acu níos mó post a chruthú. Tá plans acu tacú le comhlachtaí chun níos mó post a chruthú. Cuireadh €1 milliún sa bhreis ar fáil i mbuiséad 2016. Cuirim fáilte roimh an airgead sin ach teastaíonn níos mó airgid.

  Tá ról freisin ag an údarás mar gheall ar Acht na Gaeltachta 2012 ó thaobh na limistéir pleanála teanga. Tá eagraíochtaí roghnaithe ag an údarás chun na pleananna teanga a ullmhú sa Ghaeltacht. Tá ról tábhachtach ag an údarás maidir leis an teanga a chur chun cinn mar theanga pobal na Gaeltachta agus teastaíonn níos mó airgid uaidh agus ó na heagraíochtaí eile chun níos mó a dhéanamh chun an teanga a chur chun cinn. Tá príomhról ag an Roinn Oideachais agus Scileanna ó thaobh an teanga de. D'fhoilsigh an Roinn Oideachais, in éineacht le Roinn na Gaeltachta, moltaí maidir le polasaí oideachais Ghaeltachta in 2015. Fuair an Roinn aighnithe ar na polasaithe sin ó thuismitheoirí, ó mhúinteoirí agus ó bhoird bhainistíochta. Tá sé in am na polasaithe sin a chur i bhfeidhm. Tá ceist ann freisin maidir leis na scoileanna beaga ar na hoileáin. Teastaíonn polasaí difriúil ó na hoileáin as seo amach.

  Bíonn níos mó brú ar mhúinteoirí sna scoileanna Gaeltachta nuair a bhíonn orthu freastal ar pháistí a bhfuil Gaeilge líofa acu agus ar pháistí eile atá ag foghlaim na teanga sna ranganna céanna. Tá sé scríofa freisin sa chlár Rialtais go gcaithfimid an straitéis 20 bliain a chur i bhfeidhm. Chuireamar tús leis an obair sin agus tá sí ag dul ar aghaidh faoi láthair ach b'fhéidir go dteastaíonn plean gníomhaíochta don Ghaeilge, cosúil leis an bplean a d'oibrigh go maith sa Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta, sa chaoi go mbeidh a fhios ag chuile Roinn céard atá ag teastáil, go mbeidh daoine ann i ngach Roinn atá freagrach as cur chun cinn na teanga agus go mbeidh spriocdháta le chuile cuspóir a chur i bhfeidhm. Sin a theastaíonn uainn. Nuair a bheidh spriocdháta ann nó nuair a bheidh daoine ann sa tseirbhís phoiblí a bhfuil orthu rud éigin a dhéanamh agus cuspóirí a chur i bhfeidhm, beidh siad in ann é sin a dhéanamh agus beidh an Taoiseach agus na hAirí ag cur brú orthu é a dhéanamh. Sin a tharla sa Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta ó thaobh an phlean gníomhaíochta atá acu ansin.

  Maidir leis an Acht don teanga, tá na plans sin ag dul ar aghaidh agus tá sé de dhualgas ar gach ceantar fanacht laistigh den Ghaeltacht. Ní ar an Rialtas atá an dualgas sin ach ar an bpobal. Tá an t-údarás ag cabhrú leis na heagraíochtaí atá ag iarraidh na pleananna sin a chur i bhfeidhm. Tá mé ag críochnú leis seo. Ó thaobh earcaíochta sa tseirbhís phoiblí de, tá sé ráite go minic agam go mb'fhearr liom cuóta níos airde mar go bhfuil sé sin ag teastáil chun an difríocht atá ag teastáil a dhéanamh, sa chaoi go mbeidh níos mó daoine le Gaeilge sa tseirbhís phoiblí chun freastal ar an bpobal.


Deputy Catherine Connolly: Ní nach ionadh go bhfuil inmharthanacht na Gaeilge i mbaol. Tá muid sa Dáil agus níl Aire sinsearach le Gaeilge anseo ná baol uirthi í a fhoghlaim. Níl Aire sóisearach ach an oiread agus tá óráid againn ón Aire Airgeadais agus is masla é i ndáiríre do lucht na Gaeilge na sé leathanach seo. Níl iarracht ar bith déanta anailís a dhéanamh ar stádas na Gaeilge nó straitéis na Gaeilge. Ní fiú tráithnín é bheith ag liú straitéis na Gaeilge gan acmhainn chuí a chur ar fáil. Níl aon trácht ar sin chor ar bith. Níl aon iarracht an straitéis a chur i gcomhthéacs. Eascraíonn an straitéis sin díreach as an Bhunreacht agus an stádas faoi leith atá ag an nGaeilge sa Bhunreacht. Eascraíonn an document agus an cáipéis seo as na 13 cuspóir a leagadh síos siar in 2006. Anois 2016. Ar ndóigh, foilsíodh an straitéis seo in 2010 agus níl anailís ar bith déanta in óráid an Aire Airgeadais maidir leis an straitéis sin nó cad tá ag teastáil. Aontaím le rud amháin atá scríte ag an Aire sna sé leathanach atá aige agus sin mar fhocal scoir. Deir sé, "tá todhchaí na teanga ag brath go príomha ar an phobal." Cinnte tá, ach tá ról ag an Rialtas agus tiocfaidh mé ar ais go dtí an ról sin.

Is linne go léir an Ghaeilge agus níl amhras ar bith ach go bhfuil dualgas orainn go léir í a úsáid agus í a chur chun cinn. Ar ndóigh, áfach, tá deacrachtaí éagsúla ag dul leis an ndualgas seo ag brath ar chumas Ghaeilge an duine. Do dhuine amháin, is éacht é "Dia duit" nó "Slán" nó "Go raibh maith agat" a rá. Ach do dhuine eile, le sealbhú níos fearr ar an nGaeilge, tá dualgas níos tromchúisí ag dul leis an gcumas sin. Ní mór don chainteoir sin chuile sheans a thapadh an Ghaeilge a úsáid agus seirbhísí trí Ghaeilge a éileamh ón Stát.

Chomh maith lenár ndualgais agus ár n-iarrachtaí aonair, áfach, tá freagracht faoi leith ar aon Rialtas, agus go háirithe an Rialtas seo, ár dteanga dhúchas a chur chun cinn i bhfianaise, ar an gcéad dul síos, cé chomh báúil agus atá pobal na tíre don teanga. Mar shampla, tá sé soiléir ó shuirbhé a rinneadh le déanaí go dtacaíonn breis agus 93% den daonra le hathbheochan nó caomhnú na Gaeilge. Ar an dara dul síos, tá an méid Teachtaí Dála nua-tofa - faraor nach bhfuil siad sa Seomra faoi láthair - agus, de réir mar a thuigim, móramh na Dála atá taobh thiar den Ghaeilge. Ar an tríú dul síos, agus níos tabhachtaí fós, tá an taighde uilig a chuireann in iúl go bhfuil géarchéim ann maidir le hinmharthanacht na Gaeilge mar theanga phobail agus mar thenaga theaghlaigh sa Ghaeltacht. Ta sé thar a bheith soiléir nach bhfuil an dara rogha ag aon Rialtas, ach go háirithe an Rialtas seo, má tá sé i ndáiríre faoin Ghaeilge a choinneáil martheanga bheo, bhríomhar agus mar theanga chumarsáide, achbeart a dhéanamh go práinneach.

Sa chomhthéacs seo, níl drogall ar bith orm mo thacaíocht a thabhairt don chás le haghaidh maoinithe bhreise a chur ar fáil maidir le hinfheistíocht sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht agus brú a chur agus a choinneáil ar an Rialtas seo é a dhéanamh.

Níl ach €18 milliún - sin an méid - á lorg ag na heagraíochtaí a tháinig le chéile ar son na cúise. Is iad sin Foras na Gaeilge, eagraíocht a fheidhmíonn ar fud an oileáin, agus Údaras na Gaeltachta. I bhfianaise na ndea-thorthaí agus na mbuntáistí a bheadh ann ó thaobh an gheilleagair de, ó thaobh na bpost nua a bheadh gceist, agus de bharr go bhfuil an figiúr seo €5 milliún níos lú ná an buiséad €45 milliún a bhí ann i 2008, bheadh sé náireach amach is amach gan an t-airgead seo a chur ar fáil dóibh. Go deimhin, tá cás iontach soiléir déanta amach acu agus ní mór don Aire agus don Aire sóisearach, cuma cé hé nó hí - ar ndóigh, tá sé níos rúnda ná an tríú rún Fatima cé hí nó cé hé - an cháipéis seo a léamh agus an t-airgead seo a chur ar fáil.

Go sonrach, luann an cháipéis deich gcúis le tacú leis an éileamh do mhaoiniú breise don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Tá mé chun an deich gcúis sin a léamh amach. Tá tacaíocht an-laidir don Ghaeilge i measc an phobail i gcoitinne. Tá sé sin ráite ag a lán cainteoirí inniu. Ní mór deiseanna an teanga a úsáid a chur ar fáil don phobal. Tá an pobal ar aon intinn gur chóir tacaíocht bhreise a chur ar fáil.

Tá an leibhéal maoinithe atá á lorg acu €5 milliún níos ísle ná an maoiniú a cuireadh ar fáil in 2008. Is ionann an maoiniú breise atá á lorg acu ó dheas agus níos lú ná 1% den airgead breise a cheadaigh an Rialtais i gcáinaisnéis 2016. Is ionann an maoiniú breise atá á lorg acu ó thuaidh agus 0.43% den airgead breise geallta mar chuid de Chomhaontú Stormont i 2015. Nuair a laghdaíodh buiséid an Fhorais agus an Údaráis, cuireadh cúramaí breise ar an dá eagraíochtaí ag an am céanna agus níos lú airgead acu na cúramaí sin a chomhlíonadh. Is é seo an chéad chomhiarratas riamh ó na húdaráis agus ón bpobal. Cuireann sé sin in iúl cé chomh tábhachtach is atá sé an t-airgead seo a thabhairt do na heagrachtaí. Tá géarchéim i gceist.

Chruthófar breis is 1,160 post leis an maoiniú atá á lorg. Is mór an trua nach bhfuil an tAire Airgeadais fós sa seomra chun é sin a chloisteáil. Is mór an trua nach bhfuil sé anseo chun an cháipéis seo a fheiceáil dar teideal "Buntáistí geilleagracha na Gaeilge a fheictear i gCathair na Gaillimhe agus i nGaeltacht na Gaillimhe". Tá a fhios ag an Iar-Aire Stáit, an Teachta Joe McHugh, go bhfuil €136 milliún i gceist - is é sin a luach - do chathair na Gaillimhe agus don chontae.

Tá tosaíocht á lorg ag na heagraíochtaí don Ghaeilge, go háirithe sa bhliain seo agus muid i mbun ceiliúradh i 1916. Ba chóir aitheantas a thabhairt don ról ar leith a bhí ag an nGaeilge i gcuid mhaith de na heachtraí a tharla céad bliain ó shin. Chomh maith le sin, deirtear linn go mbeidh comóradh speisialta ann i 2018 chun tús athbheochan na Gaeilge a chomóradh. Ba chóir, mar sin, na scéimeanna agus na tionscadail a bheartaítear sa cháipéis seo a chur i bhfeidhm i 2016 le cinntiú go dtabharfar spreagadh ar leith don Ghaeilge faoin mbliain 2018 ag an leibhéal áitiúil go mór mór. Agus mé ag caint faoi spreagadh, ní mór don Dáil seo an Ghaeilge a úsáid chun spreagadh a thabhairt do na daoine atá timpeall na tíre ag éisteacht linn agus ag déanamh a ndícheall le beagán Gaeilge í a úsáid. Tá dualgas orainne eiseamlár a thabhairt dóibh agus a rá leo go bhfuil an Ghaeilge tábhachtach.


Tá gá le ceannaireacht ag an mbord Rialtais má táimid i ndáiríre faoin dteanga. Tá gá le hAire sinsearach le Gaeilge agus tá gá le Aire sóisearach don Ghaeilge agus Gaeilge aige nó aici. Gan dabht, beidh tábhacht faoi leith ag baint leis an gcomhchoiste Dála ó thaobh na Gaeilge de. Mar a dúirt mé cheana, ní fiú tráithnín an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge gan acmhainní cuí a chur ar fáil. Má táimid i ndáirire faoin nGaeilge, caithfimid beart a dhéanamh. Ní féidir leanúint ar aghaidh le hAire sinsearach gan Ghaeilge agus gan Aire sóisearach. Mar a duirt mé, tá sé cosúil leis an tríú rún Fatima cé hé nó cé hí. Tá sé thar am beart a dhéanamh le cur in iúl do mhuintir na tíre go bhfuilimid i ndáiríre faoin dteanga.

Tá na ráitaisí go léir le fáil anseo go dti llch17 agus anseo chomh fada le llch 33+

Share/Save/Bookmark

10.5.16

"A reachtaíocht féin...a threascairt."

"An saol a mhúin do na Gaeilgeoirí dúchais nach fiú tráithnín Státa Éireannach..." (Máirtín Ó Cadhain, 1955)

Níl aon Ghaeilge ar an bhForógra a léigh an Piarsach amach ós comhair Ard Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath cead bliain ó shin. Agus ar ndóigh mar is eol dúinn go léir tá Pobal na Gaeilge na linne seo in íslé bhrí agus tá laghdú mór leanúnach tar éis teacht ar an nGaeltacht ó baineadh amach saoirse polataíochta sna 26 chondaethe.

Agus mé i siopa Charlie Byrne's i nGaillimh le déanaí tháinig mé ar leabhar leis an údar Tomás Mac Siomóin leis an dtideal 1916: Leath-réabhlóid - Paradacsa ait na Gaeilge. Labhrán i ndairíre atá ann le timpeall 60 leathanach.

Bhí eolas agam ar an údar seo mar scríobhnóir úrscéalta. Bhí ar a laghad leabhar aige, An Tionscadal, léite agam agus thaitn sé go mór liom. Ach seo cineál eile leabhar.

Scríodh é deich mbliain ó shin mar chuid de chomóradh 90 bliain den Éirí amach (An raibh comóradh ann?). Bhí sé thar a bheith spéisiúil é a léamah agus comparáid a dhéanamh ar stád na Gaeilge ansin agus stáid na Gaeilge anois. Bhí Acht na Gaeilge trí bliaina i réim agus is suimiúil na naoi bpointí a deinean sá ag deireach an labhráin.

Seo mar a labhrann sé:

"...Agus na focla seo á scríobh agam i mí na Márta 2006, níl ceann ar bith de na forálacha seo a leanas den Acht curtha i bhfeidhm:
  • Tá an tAcht sínithe ag an Uachtarán agus ciallaíonn sé sin go bhfuil forálacha an Achta i bhfeidhm anois...ach ní chiallaíonn!
  • Is féidir leis an gCoimisinéir Teanga píonós airgid a ghearradh ar chomhlucht nach bhfuil ag comhlíonadh a chuid dualgaisí de réir an Achta... ach ní ghearrann!
  • Tá dualgas ar an stát ionstraimí reachtúla a chur ar fáil sa dá theanga oifigiúla go comhuaineach... ach ní chuireann!
  • Scríobh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta chuig an 650 comhlucht poiblí atá ainmnithe ag iarraidh ortha Scéim Teanga a ullmhú... ach níor scríobh!
  • Tá dualgas ar Eircom cloí le forálacha an Achta... ach ní chloínn!
  • Má dhéanann duine nó comhlucht ráiteas nó admháil le linn fhiosrúchán an Choimisinéir Teanga, beidh cead an ráiteas sin a úsáid i gcúirt dlí ina dhiaidh sin... ach ní bheidh!
  • Má bhíonn tú ós comhair na cúirte, tá sé de cheart agat breitheamh agus giúire le Gaeilge a fháil chun do chás a éisteacht... ach níl a leithéid de cheart agat!
  • Tá sé de dhualgas ar chomhluchtaí poiblí fógraí béil a bheith dírithe ar an bpobal a chuir ar fáil i nGaeilge... ach ní chuireann!
  • Tá sé riachtanach go mbeaidh an fhoireann atá ag obair in oifig comhlucht poiblí atá lonnaithe sa nGaeltacht in ann a cuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge... ach ní thárlaíonn seo!
Mar sin is léir go bhfuil an Ghaeilge sa riocht is go bhfuil an stat in ann - agus sásta - a reachtaíocht féin ina leith a threascairt."

Nach íontach an t-athrú atá tagtha ar chúrsaí idir an dá linn? Nó an bhfuil níos mó fhirinne sna focail seo ná mar a bhí riamh? An ionann an abairt deireannach sin agus focail úd an Phiarsaigh faoi náire an Mháthar - "a clann féin ag díol a máthair?"

Mise Éire:
Sine mé ná an Chailleach Bhéarra

Mór mo ghlóir:
Mé a rug Cú Chulainn cróga.

Mór mo náir:
Mo chlann féin a dhíol a máthair.

Mór mo phian:
Bithnaimhde do mo shíorchiapadh.

Mór mo bhrón:
D'éag an dream inar chuireas dóchas.

Mise Éire:
Uaigní mé ná an Chailleach Bhéarra.

Share/Save/Bookmark

6.5.16

Buaileadh bos...buaileadh lapa!

Deineadh gearán le déanaí faoi áiritheoirí dhaonáirimh áirithe agus a ndearcadh faoin nGaeilge. Fiú anseo sa Ghaeltacht bhí gearáin nach raibh cuid acu sásta nó ábalta Gaeilge a labhairt. Fiú anseo, i gceantair láidir Ghaeltachta, tháinig duine chuig an teach s'againne agus nuair nach raibh éinne sa bhaile fágadh nóta beag ag rá san. Carta dhá theangach Gaeilge ar thaobh amháin agus Béarla ar an taobh eile ach líonadh an taobh Bhéarla.

Ach ní ag gearán atá mé inniú ach ag moladh.

Is cosúil gur tháinig Cigire Cheadúnais Madraí ón gComhairle Chontae agus arís ní raibh éinne roimhe. Mar sin d'fhág sé nóta oifigiúil aon teangach á rá san. Bhí sé iomlán i nGaeilge, mar is ceart i gceantair Ghaeltachta.

Cén fáth nach féidir gach gníomhaire riaracháin ag obair sa Ghaeltacht bheith mar sin?

Ní gá anois ach Gaeilge a mhúineadh le gaidhríní na Gaeltachta!



Share/Save/Bookmark