11.12.15

Teachtaireacht eile thar a bheith simplí maidir le tábhacht na teanga! #Stratéis

Tuarascálacha cúig bliana ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 foilsithe ag na Ranna Rialtais go léir!

D'fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh TD tuarascálacha cúig bliana ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ag na Ranna Rialtais go léir.

Fís

Is é aidhm pholasaí an Rialtais i leith na Gaeilge ná úsáid agus eolas ar an nGaeilge a mhéadú mar theanga phobail ar bhonn céimiúil.

Is aidhm ar leith de chuid an Rialtais é a chinntiú go bhfuil an oiread saoránach agus is féidir dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla.

Tá sé ina dhlúthchuid de pholasaí an Rialtais i leith na teanga go ndéanfaí cúram agus soláthar ar leith don teanga sa Ghaeltacht go háirithe i bhfianaise an taighde a léiríonn go bhfuil géarchéim ann maidir le hinmharthanacht na Gaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh sa Ghaeltacht.


Dúirt sé: go raibh lúcháir air "go bhfuil na tuarascálacha seo ar chur i bhfeidhm na Straitéise ó 2010 go 2015 foilsithe inniu ag na Ranna Rialtais go léir, 16 acu san iomlán. Léiríonn na tuarascálacha seo an méid atá déanta faoin Straitéis le cúig bliana anuas. Níl aon dabht ach go bhfuil dúshraith mhaith anseo ar féidir tógáil air don tréimhse cúig bliana ó 2016 ar aghaidh."

Ní féidir a rá go bhfuil lúcháir ar mórán eile faoi. Is cinnte cé go bhfuil an chuid focail scríofa ann ní léir gur mór atá déanta ag an Rialtas má léitear an Straitéis féin - a bhí aontaithe ag chuile páirtí san Oireachtas cúig bliain  ó shin.  Tá ‘díomá’ ag Conradh na Gaeilge faoin ‘easpa dul chun cinn’ a léirítear sna tuarascálacha cúig bliana ar chur i bhfeidhm na Straitéise.

Ní gá ach breathnú ar an méid atá scríofa ag Roinn an Toisigh - an céad caoga fhocail mar a deireann Tuairisc.ie - chun blaiseadh a fháil ar na tuarascálacha “gearra easnamhacha” a luann Éamon Ó Cuív.  

Seo tuairisc ó Roinn an Taoisigh:

"Cur i bhFeidhm na Straitéise
Tá an Taoiseach ina chathaoirleach i gcónaí ar an gCoiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht a dhéanann maoirseacht, i gcomhar leis an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ar fud Rann a Rialtais ábhartha. Tháinig an Coiste le chéile 3 huaire le linn 2013 agus dhá uair go dtí seo i mbliana.

Maolú na Gaeilge san Aontas Eorpach
Tá an Roinn, i gcomhar leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, i mbun plé páirtithe leasmhara éagsúla, institiúidí an AE ina measc, chun moltaí sonracha a cheapadh maidir leis an gcur chuige is fearr don todhchaí i leith maolú na Gaeilge in institiúidí an AE.

Bearta le haghaidh na Gaeilge sa tSeirbhís Phoiblí 
An Cathaoirleach
Cé nach bhfuil poist shonracha in a bhfuil líofacht sa Ghaeilge de dhíth sainaitheanta ag an Roinn go dtí seo, aithníonn an Roinn go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh líon áirithe foirne sa Roinn atá líofa sa teanga agus in ann seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge. I gcomhréir le beartas an Rialtais, aithneofar i scéimeanna teanga de chuid na Roinne amach anseo faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla na poist lena mbaineann riachtanas inniúlachta sa Ghaeilge."

Bhí cúig cruinnithe ag Coiste Rialtais ar an nGaeilge ó thús 2013.
  • Bhfuil miontuairiscí ann? 
  • Cé bhí ann?  
  • Cad go díreach atá ar siúl ag na cruinnithe seo atá in ainm is a bheith ag déanamh maoirseacht? 
  • An mbíonn an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i láthair? 
  • Cén sórt eolas atá aicí ar chúrsaí nuair nach dtuigeann sí an teanga fiú? 
  • Ar thug sí cuairt ar aon cheantair Gaeltachta ó thainig sí in oifig. 
  • Cén fáth nach bhfuil an Aire Stáit luaite?  
  • An féidir ráiteas faoin a Roinn le deanaí "... it’s really important in terms of national profile, in terms of funding, the drop since the recession might suggest that is not as important as other aspects (of government)."
  • D'éirigh Coimisinéir Teanga as díreach roimh an tréimhse seo, mar ní raibh sé sásta "a bheith páirteach sa chur i gcéill." Ar pléadh san riamh ag an gcoiste?
Deireann ráiteas ó Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta go bhfuil plépháipéar foilsithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ina ndírítear ar shaincheisteanna straitéiseacha ar leith chun fócas a thabhairt don phróiseas comhairliúcháin atá á reáchtáil mar chuid den díospóireacht oscailte ar pholasaí.

Chuir an tAire Stáit lena chuid cainte: “Ba mhaith liom tathant ar na páirtithe leasmhara uilig aighneachtaí a chur chuig mo Roinn faoin phlépháipéar faoin Aoine 18 Nollaig.”

Tá pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge trom tuirseach ag chuir aighneachtaí  isteach chuig an Roinn go mór mór nuair nach léir go léitear iad.

Níl! Níl! Níl!
Chuir na gluaiseachtaí Plean Infheistíochta  isteach le déanaí chuig na páirtithe poilitiúla ar son breis is 70 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta. Rinne láithreoir Cormac@5 acoimre ghearr de agus chuir sé ceisteanna ar Chathaoirleach Choiste Rialtais ar an nGaeilge.
  • Aire Shinsear Gaeltachta? Níl a dúirt an Taoiseach!
  • Coiste Dála Gaeilge & Gaeltachta? Arís - díultú ón dTaoiseach
  • Infheistíocht €18milliún i dtógraí áirithe a bhí luait sa phlean (€4milliun níos lú ná an méid a cuireadh ar fáil don teanga 8 mbliain ó shin). Arís diúltú ón dTaoiseach agus ar san ba léir nár léigh sé nó ní léir an raibh fhios aige go raibh an plean seo foilsithe agus ag Aire Stáit na Gaeltachta, plean a bhí chostáilte.
Bhfuil aon athrú ar chúrsaí ó mí Eanáir 2013 nuair a dúirt Seán Ó Cuirreáin, "An bhfuil, mar sin, an Straitéis á cur i bhfeidhm? Níl a fhios agamsa. Agus, i gcead daoibh mar Fhochoiste, ní shílim go bhfuil a fhios agaibhse ach an oiread mar nach bhfuil aon iniúchadh ná léirmheastóireacht neamhspleách á dhéanamh ar fheidhmiú na Straitéise. 

Féin-mheastóireacht amháin atá i gceist agus ón taithí atá agamsa agus ag m’Oifig le 10 mbliana anuas i mbun iniúchadh ar scéimeanna teanga na n-eagras Stáit, is beag tábhacht nó luach atá le cur i ndeireadh na dála ar fhéin-mheastóireacht. In aon réimse den saol is deacair iontaofacht a chur i léirmheas ó pháirtithe leasmhara, ach os a choinne sin, tá ríthábhacht le fianaise atá bunaithe ar thaighde. Tá rud eile foghlamtha againn in imeacht na mblianta – go bhfuil bunús leis an fhrása “what gets measured, gets done!”  Mura bhfuil iniúchadh agus meastóireacht neamhspleách á dhéanamh, ní chreidim gur féidir le haon duine barántas a thabhairt faoin fheidhmiú. "

Agus mé ag léamh na "Tuairiscí" féin-mheastóireachta seo tá sé deacair gan focail An Choimisinéara Teanga reatha a úsáidi ina leith. Go bhfuil an Rialtas seo "ag tabhairt teachtaireacht thar a bheith simplí maidir le tábhacht na teanga."

Share/Save/Bookmark