24.6.14

Deireadh ré!



Gaelport.com
Meas an dá Rialtas ar obair Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Gaelport. 

Comhartha aitheantas ar an maitheas a bhí á dhéanamh acu ina luí i scipe bruscair taobh amuigh den oifig i Sr Chill Dara inné.

Bíodh sé mar leac uaighe ar tuama na gluaiseachtaí, mar Chomhluadar, atá daortha chun bháis ag Foras Na Gaeilge.

Bíodh muid buíoch as an obair chrua thár na mblianta atá déanta ag foireann Chomhdháil Náisiunta na Gaeilge agus fóirne na heagraíochtaí eile le 70+ bliain anuas!


Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge 
1943 -2014

Is ceann de sraith cinntí gan dealraimh iad seo:  Beo, Comhluadar, Iontaobhas Ultach, Pobal agus eile mar aon le neart foilseacháin!

• Alt i mBéarla faoi dhúnadh na Chomhdhála  anseo - Tragedy in Kildare Street!

Share/Save/Bookmark

21.6.14

Ní teip i Roinn Forbartha Gaeilge ach teip i Roinn na Bóithre!

Bhí mé ar ag dul siar chuig an Ceathrú Rua seachtain ó shin agus thug mé faoi deara go raibh comharthí nua ar thaobh an bhóthair idir Chasla agus an baile fhéin. In ainm is a bheith dhá theangach a bhíodar, ach, bhí miniú difriúil ar fad idir an rud a bhí scríofa i dteanga na ndaoine agus an rud a bhí scríofa i mBéarla.

Is dócha go léiríonn an méid a thárla ansin, an dearcadh nó an meon atá ag Comhairle Chontae na Gaillimhe i leith na Gaeilge agus i leith pobal na Gaeltachta.

Scríodh chuig Rúnaí na Comhairle:

Bhí orm dul chuig an Ceathrú Rua ar maidin agus thug mé faoi deara go raibh comharthaí aisteach ar an mbóthar idir Chasla agus an Ceathrú Rua!

Bhí ar a laghad ceann amháin a dúirt “Unfinished Surface” i mBéarla amháin. Bhí cinn eile ann a bhí dhá theangach ach bhí an Gaeilge chomh beag san nach raibh mé i ndán í a leamh agus mé ag tiomáint.

Bhí níos mó ann a bhí in ainm is a bheith dhá theangach ach ní raibh an miniú céanna ag an dá leagan. “Ná marcáil Bóthair” a bhí i nGaeilge ach “No Road Markings” a bhí i mBéarla. Ar ndóigh bhí an leagan Gaeilge níos lú ná an leagan Bearla. Ar bhealach is masla é do phobal na h-áite.

Is ceantair Ghaeltachta é seo agus már sin is ceart a bheith cúramach nuair atá comharthaí á chuir suas agaibh.

Tá súil agam go mbeidh an leagan chart ann sar i bhfad.

Nuair a scríonn mé chuig duine, is cuma cé h-é, bím ag súil le freagra uaidh, nó freagra ag rá go bhfuil sé ag iarraidh ar dhuine éigin eile le níos mó eolas ar an ábhar é a fhreagairt. Ar ndóigh bhain an chás seo le cúrsaí bhainistiú bhóithre agus ní h-amháin nár scríobh an Rúnaí ar ais chugam, ach chuir sé ar aghaidh mo litir chuig an Oifigeach Forbartha Gaeilge agus ní chuig an Oifigeach Boithre. Tá an nós sin ann i gcónaí in an-chuid Udaráis - "Another letter in Irish give it to the Irish Officer!" Ní teip i Roinn na Gaeilge a bhí anseo ach teip i Roinn na Boithre!

Fuair mé freagra deas ón Oifigeach Ghaeilge:

Go raibh maith agat as ucht do theachtaireacht a tháinig chugam tríd an Rúnaí Contae.

Tá an scéal seo dhá fhiosrú againn le Rannóg na mBóithre faoi láthair go bhfeicfear an le Comhairle Chontae na Gaillimhe na comharthaí seo nó le conraitheoir príobháideach.


Tiocfaidh mé ar ais chugat a luaithe agus atá scéala faighte againn ina leith.

Ar an lá céanna is a fuair mé an fhreagra seo bhí orm dul siar arís agus bhí athrú aisteach tagaithe ar na comharthaí athchiontaithe. Bhí an Gaeilge cludaithe ar fad agus ní raibh fágtha ach Béarla ionta! Litir eile ach ag an am seo chuig an Oifigeach Forbartha Gaeilge mar fhreagra ar a litir siúd:

Gura maith agat as an bhfreagra.

Ar maidin agus mé ag tiomáint siar bhí téip duchta gramaithe ar na comharthaí sin agus ar pé Ghaeilge a bhí scríofa ar comharathaí a bhí ag fógairt go raibh drompla garbh nó sealadach ar an mbóthair chéanna (Ní cuimhin liom go díreach na focail!). Fágann sé sin nach bhfuil fógra ar bith i nGaeilge sa cheantair Gaeltachta seo!

Léiríonn a fhreagra an-chuid meon aisteach i leith na teangan ag an gComhairle (seachas meoin anOifigigh Forbartha Gaeilge féin.):

Go raibh maith agat as ucht do theachtaireacht.

D’fhiosraigh mé an scéala leis an Rannóg Seirbhísí Uisce agus an t-innealtóir cónaitheach sinsearach atá ag plé le Scéim Uisce Réigiúnach Chasla agus dhearbhaigh sé mar seo leanas.


Is comharthaí iad seo a bhaineann leis na hoibreacha atá ar siúl ar Scéim Uisce Réigiúnach Chasla. Chuir an conraitheoir atá i mbun na hoibre na comharthaí seo in airde Dé hAoine seo caite de bharr oibreacha bóthair atá ar siúl. Tar éis do na botúin a bheith curtha ar a n-aire ag an gComhairle ar an Luan, ag leanacht do ghearáin an phobail, chlúdaigh an conraitheoir an téacs fabhtach sa gcaoi agus nach mbeadh sé ag cur isteach ar dhaoine agus d’fhéach le comharthaí nua a ordú. 


Cé go mb’fhearr leo na comharthaí fabhtacha a bhaint anuas ar fad dhearbhaíodar nárbh fhéidir leo sin a dhéanamh ar chomhairle oifigeach sábháilteachta an chonraitheora. Tá comharthaíocht nua ordaithe agus táthar ag súil go mbeidh sé tagtha chuig an láthair inniu. Cuirfear an chomharthaíocht nua in airde a luaithe agus a thagann sí.

Tá súil agam go soiléiríonn sé seo an scéala duit. Má tá aon fhiosrúchán bhreise agat nó aon eolas eile uait ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh liom.

Nach deireann an teachtaireacht sin go rí-shoiléir nach bhfuil aon éifeacht le teanga Phobal na Ceathrún Rua i gcúrsaí sabháltachta? Má deireann comhartha mar "Níl aon mharcháil ar an mbóthar seo!" níl éifeacht ar bith leis ach amháin nuair atá Béarla leis!

Inné bhí teachtaireacht roinnte ar facebook leis an bpictiúir seo:
"Tá roinnt acu seo crochta anois - ar chaon ceann an bhóthair nach bhfuil cead ag na gaeil a mharcáil.(na marcáíl bóthair) Tá na sean comharthaí fós ar na pollaí (i mBéarla agus an droch Ghaeilge clúdaithe). "

Meas tú cé mhéad airgead agus ama a cuireadh amú tré comharthaí mí cheart a chuir ar an mbóthar mar ba cheart? Bhí teangabháil le Rúnaí na Comhairle, an Oifigeach Forbartha Gaeilge, an t-Innealtóir Cónaitheach Sinsearach sa Rannóg Seirbhísí Uisce atá ag plé le Scéim Uisce Réigiúnach Chasla, An Conraitheoir agus an té a deineann na fógraí. Agus tá muide ag íoch as seo go léir!

Cur amú airgid atá ann nach dtárlódh dá mbeadh meas ag an Comhairle Chontae ar theanga phobal na h-áite.

An dtárlódh a leithéid arís?
Share/Save/Bookmark

13.6.14

Tá muid ag fás! Tá muid i mbun gnímh! Dea scéal ó @tuismitheoiri #Gaeilge


Tuariscíodh droch scéal faoin eagrais teaghlaigh Chomhluadar le déanaí, nuair a bhí ortha an foireann a chuir chun siúil de bharr chinneadh tubaisteach Fhoras na Gaeilge. Foilsíodh pictiúir de na bhreagáin agus eile, áiseanna do pháistí le Gaeilge á chur ar leathtaobh, a bhrisfeadh do chroí.

Bhí Comhluadar ag obair i measc theaghlacha taobh amuigh den Gaeltacht den chuid is mó. Tá eagraíocht anseo i gConamara a déanann freastal ar an bpobal Tuismitheoirí na Gaeltachta - Conamara. Agus fuair mé dea scéal uatha ar maidin - Tá siad ag fás!

"Is cúis mhór ríméid agus bróid dúinn a chur in iúl daoibh go bhfuil craobh de Thuismitheoirí na Gaeltachta le bunú i nDún na nGall," a deireann an teachtaireacht. "Tá grúpa tuismitheoirí tagtha le chéile agus cúpla ócáid eagraithe acu cheana féin. Beidh ionadaithe ó choiste Chonamara ag taisteal go Dún na nGall ag deireadh na míosa le cúnamh agus tacaíocht a chur ar fáil dóibh."


Is cosúil go bhfuil siad an eagraithe ó thuaidh mar tá roinnt eolais faoi na himeachtaí atá beartaithe acu. Má deireann muintir Chonamara, is cosúil go mbeidh siad "busy" go leor le cupla seachtaine.  Féach ar an clár atá beartaithe


28 Meitheamh: 
Áit: Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Am: 10am -1pm  Siompóisiam. "Goitse go Gaoth Dobhair"
Beidh ionadaí ó Thuismitheoirí na Gaeltachta Conamara ag labhairt faoi bheith ag tógáil clainne le Gaeilge.
Am: 8pm: 
Cur i láthair ó Thuismitheoirí na Gaeltachta, Conamara. Seans bualadh le baill de choiste Chonamara agus clárú le craobh Dhún na nGall. (Ballraíocht 10 euro). Achan eolas faoin eagraíocht, idir ghníomhaíochtaí agus pholasaithe, agus faoi na campaí samhraidh atá beartaithe i nDún na nGall.

30 Meitheamh -4 Iúil: 
Campa samhraidh cumarsáide i gcomhar leis an Acadamh i nGaoth Dobhair do pháistí 12-15bl. Beidh na daoine óga seo ag sealbhú scileanna praiticiúla cumarsáide (ceamara, fuaim, eagarthóireacht, ríomhaireacht) chomh maith le scileanna cumarsáide pearsanta (cur i láthair, plé smaointe, obair foirne agus rl) uilig tré mheán na Gaeilge. Ionad an champa: Acadamh na hOllscolaíochta i nGaoth Dobhair. Tá 15 áit ar an chúrsa seo. 
Costas 35 euro. 
Téigh i dteagmháil le Máire ar 087 674 0673/9560657 nó ag an seoladh ríomhphoist mairenicniallais@gmail.com

7-11 Iúil: 
Campa drámaíochta do pháistí 5-11 bl. le Suzanne Uí Ghallchóir agus Marina Nic Giolla Bhríde. 
Beidh gné ealaíne i gceist chomh maith mar go mbeidh am curtha ar leataobh achan lá le hobair ar seit i gcomhar le háisitheoir ealaíne. Beidh dráma beag a chur i láthair do na tuismitheoirí ar an Aoine. (Beidh an campa lonnaithe ar an eastáit tionsclaíoch mar sin beidh siad ag tabhairt cuairt ar an áit súgraidh chomh maith i rith na seachtaine.) 
Tá 20 áit ar an champa seo. 
Ionad: An Dánlann, Carraic an tSeascáin. 
Costas 35 euro. 
Déan teagmháil le Suzanne ag 087 252 9258 nó ag bunabhaile1@gmail.com

Tá na tuismitheoirí seo le moladh agus tá muintir Chonamara ag súil go mór lena dturas ó thuaidh.




Share/Save/Bookmark

10.6.14

Mar a labhair An Coimisinéir Teanga leis an gCoiste Oireachtais!

D'fhoilsíomar le deanaí cur i láthair Julian de Spáin, Rúnaí Chonradh na Gaeilge don Fhochoiste Oireachtais um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 agus Rudaí Gaolmhara. Anois tá aitheasc An Choimisinéara Teanga, Rónán Ó Domhnaill ag an bhFochoiste chéanna againn. (Is linne na chinn tideal!)

A Chathaoirligh, a Theachtaí agus a Sheanadóirí,
Is cúis áthais dom a bheith anseo in bhur dteannta ar maidin den chéad uair mar Choimisinéir Teanga. Tá cearta teanga lucht labhartha na Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht go mór i mbéal an phobail le tamall anuas agus tá áthas orm go bhfuil deis ag an gCoiste seo plé a dhéanamh ar an gceist i gcomhthéacs phríomhfhorálacha Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2014.

Ba mhaith liom ar dtús mo bhuíochas a chur in iúl don chéad Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, as an gcabhair agus an tacaíocht a chuir sé ar fáil dom ó ainmníodh mé mar Choimisinéir Teanga. Ní miste dom an méid sin a chur ar thaifead Thithe an Oireachtais agus go deimhin go n-aithneofaí an obair cheannródaíochta a rinne sé le linn a thréimhse mar an chéad Choimisinéir Teanga.

Rónán Ó Domhnaill á cheapadh mar Coimisinéir
Teanga ag Uachtarán na hÉireann!
Glanadh an scamall
Tá beagán le cois dhá mhí caite ó bronnadh an onóir ormsa tabhairt faoin bpost seo. Cé go bhfuil mé go fóill ag socrú isteach i mo ról nua tugann cinntí suntasacha atá glactha sa tréimhse sin ugach dom agus mé ag dul i mbun mo chuid cúraimí. Fáiltím go mór roimh chinneadh an Rialtais gan leanúint leis an gcónascadh a bhí beartaithe idir m’Oifigse agus Oifig an Ombudsman. Is cinneadh stuama ciallmhar é an cinneadh seo a ghlanann an scamall a bhain le todhchaí na hOifige. Cinntíonn sé go leanfaidh Oifig an Choimisinéara Teanga uirthi ag feidhmiú mar eagraíocht iomlán neamhspleách agus í ag tabhairt cosaint do chearta teanga phobal na tíre seo.

In imeacht na mblianta d’éirigh le m’Oifig tionchar suntasach a imirt ar eagraíochtaí Stáit agus í ag cinntiú go bhfaigheadh saoránaigh na cearta teanga agus na seirbhísí a bhí ag dul dóibh faoi dhlí na tíre seo. Ní féidir le haon Oifig Stáit, ar nós m’Oifigse, feidhmiú go héifeachtach gan foireann leis an leibhéal údaráis cuí agus leis na scileanna oiriúnacha. Tugann sé sástacht dom go bhfuil cead faighte ag an Oifig anois an folúntas a bhí ag an leibhéal Stiúrthóireachta le os cionn dhá bhliain anuas a líonadh. Is céim chun cinn í seo agus ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl d’Aire Stáit na Gaeltachta agus a Roinn as an gcomhoibriú atá curtha ar fáil dom ó chuaigh mé i mbun mo chuid cúraimí. Mar cheann de na heagraíochtaí Stáit is lú a fhaigheann maoiniú ón Státchiste creidim nach bhfuil an leibhéal barrmhaitheasa foirne bainte amach ag m’Oifig go fóill. Tá súil agam le himeacht ama agus faoi mar a thagann feabhas ar chúrsaí eacnamaíochta go mbainfear amach an sprioc sin.

A Chathaoirligh, is í an phríomhchúis gur tugadh cuireadh dom teacht in bhur láthair inniu ná labhairt libh faoi Cheannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla atá foilsithe ag an Rialtas. Cé go ndearnadh leasuithe ar fhorálacha éagsúla de chuid Acht na dTeangacha Oifigiúla roimhe seo, is iad seo na chéad mhórleasuithe atáthar a mholadh a dhéanamh ar an Acht agus an chéad uair in imeacht 10 mbliana a rinneadh athbhreithniú ar fheidhmiú an Achta. Eascraíonn an t-athbhreithniú seo as gealltanas a tugadh i gClár an Rialtais go ndéanfaí:
“….athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla chun a chinntiú go mbainfear an leas is fearr as caiteachas ar an teanga chun an teanga a fhorbairt agus chun a chinntiú go bhforchuirtear dualgas go cuí de réir éilimh ó shaoránaigh”.

Ní easaontaímse leis an gcuspóir sin agus luíonn sé le réasún go ndéanfaí athbhreithniú ar phíosa úrnua reachtaíochta tar éis dó a bheith ag feidhmiú ar feadh tamall de bhlianta. Ní féidir a shéanadh ach go bhfuil pobal líonmhar sa tír seo ar mian leo a gcaidreamh a dhéanamh leis an Státchóras trí Ghaeilge. Tá an pobal seo scaipthe fud fad na tíre agus é de cheart acu go gcaithfí go cóir leo agus iad ag lorg bunseirbhísí riachtanacha ina dteanga féin, céad-teanga oifigiúil na tíre seo.

Ná dearmad bunchuspóir an Achta!
Anois agus an t-athbhreithniú seo á thabhairt go dtí céim na reachtaíochta, níor cheart go ligfí i ndearmad bunchuspóir an Achta, is é sin an Ghaeilge a chur chun tosaigh chun críoch oifigiúil sa Stát. Ba phíosa reachtaíochta ceannródaíoch a bhí in Acht na dTeangacha Oifigiúla agus é múnlaithe ar an reachtaíocht teanga a bhí in úsáid i gCeanada agus sa Bhreatain Bheag. Tá an deis anois ann leas a bhaint as na ceachtanna atá foghlamtha againn le blianta beaga anuas a chinntiú go dtiocfaidh an tAcht leasaithe chun sochair na ndaoine sin ar mian leo a gcuid gnó a dhéanamh leis an Stát trí Ghaeilge.

Má tá aon ní foghlamtha againn le 10 mbliana anuas is é sin nach féidir le reachtaíocht teanga feidhmiú i bhfolús. Teastaíonn struchtúir agus córais tacaíochta a chinnteoidh go mbuanaítear cultúr sa Státchóras a aithníonn an riachtanas agus an tábhacht a bhaineann le freastal orthu siúd ar mian leo seirbhísí a bheith curtha ar fáil dóibh i gcéad-teanga oifigiúil na tíre seo. Thar aon ní eile ní féidir seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge gan an acmhainn foirne a bheith ann chun an méid sin a dhéanamh. Tá sé aitheanta cheana féin, agus ní gá domsa an argóint a dhéanamh an athuair, go bhfuil easpa mhór foirne le cumas Gaeilge sa Státchóras faoi láthair. Caithfear dul i ngleic leis seo ar bhealach cuimsitheach a aithníonn an cohórt foirne atá de dhíth chun gur féidir leis an Stát leibhéal sásúil seirbhíse a chur ar fáil trí Ghaeilge. Gan é seo a bheith curtha ina cheart beifear de shíor ag strácáil le seirbhís mar is ceart a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Níl sé i gceist agamsa, agus go deimhin ní bheadh sé cuí dom, a bheith sáite in aon díospóireacht pholaitiúil faoi na ceannteidil atá foilsithe ag an Rialtas. Tá de chumhacht agam tráchtaireachtaí a dhéanamh ar fheidhm phraiticiúil agus ar oibriú an Achta agus ní dochar dom trácht a dhéanamh chomh maith ar an tuarascáil (pdf) a d’eisigh an chéad Choimisinéir Teanga i mí Iúil 2011 maidir le feidhmiú an Achta. Bhí na tuairimí a nochtadh sa tuarascáil sin bunaithe ar thaithí na mblianta ar fheidhmiú an Achta mar aon leis na cleachtais a bhí in úsáid i dtíortha eile. Tacaím mar Choimisinéir Teanga leis na moltaí tomhaiste stuama a rinneadh inti.

Soláthar seirbhísí Stáit sa Ghaeltacht
Is mian liomsa anois, mar a rinne an Tuarascáil ar Fheidhmiú an Achta, déileáil leis an riachtanas speisialta teanga a bhaineann le soláthar seirbhísí Stáit sa Ghaeltacht. Ba cheart go mbeadh ar chumas an Stáit seirbhísí ar chomhchaighdeán a chur ar fáil trí Ghaeilge do phobal na Gaeltachta. Ní éileamh míréasúnach é sin. In imeacht na mblianta tá imscrúduithe go leor déanta ag m’Oifig a léirigh easpa cumais an Stáit seirbhísí a chur fáil trí Ghaeilge sa Ghaeltacht, leithéidí maor pobail gan Ghaeilge i gceantar Gaeltachta Chonamara, seirbhís cigireachta réamhscoile a bhí i mBéarla amháin, cur chuige an chórais oideachais i leith na Gaeltachta agus líon suntasach Gardaí i gceantar Gaeltachta Ghaoth Dobhair gan Ghaeilge.

Má aithníonn an Stát an stádas teangeolaíochta a bhaineann le ceantair Ghaeltachta nach ceart mar sin go gcosnódh an reachtaíocht teanga cearta na bpobal sin a gcuid seirbhísí a fháil trí Ghaeilge

D’fhéadfaí an cás a dhéanamh nach raibh cúram mar is ceart déanta ón tús de sheachadadh seirbhísí Stáit trí Ghaeilge sa Ghaeltacht nuair a tháinig an tAcht i bhfeidhm an chéad lá riamh. Tá an deis ann anois, ach an toil a bheith ann chuige, é sin a chur ina cheart.

Ní chuireann an staitistic a bhí luaite sa cháipéis a d’fhoilsigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta mar thráchtaireacht ar thorthaí an tsuirbhé a bhí mar chuid de phróiseas athbhreithnithe an Achta aon iontas orm. Léiríodh ansin gur chuir “beagnach gach freagróir (99%) in iúl go raibh sé tábhachtach nó an-tábhachtach go mbeadh oifigigh comhlachtaí poiblí, atá lonnaithe sa Ghaeltacht nó atá ag freastal ar phobail Ghaeltachta, líofa i nGaeilge”.

Ba chóir prionsabal soiléir a leagan síos i bpríomhreachtaíocht teanga na tíre seo go gcaithfidh Gaeilge ar a dtoil a bheith ag fostaithe an Stáit a bhíonn lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó a bhíonn ag tabhairt seirbhís don phobal sna ceantair aitheanta sin. Chuideodh dualgas soiléir reachtúil den chineál seo le cultúr a bhuanú sa Státchóras go gcaithfear aird faoi leith a thabhairt ar an mbealach a gcuirtear seirbhísí ar fáil sna ceantair Ghaeltachta. Ba chóir seo a dhéanamh sa reachtaíocht féin seachas mar chuid d’aon scéim teanga.

Na Scéimeanna Teanga
Tá ceisteanna ann chomh maith faoi easpa feidhmiúlachta Chóras na Scéimeanna Teanga. Tá sé aitheanta cheana féin nach bhfuil ag éirí mar ba chóir le córas na scéimeanna teanga an bhunaidhm a bhí leo a bhaint amach. Dúirt an Dochtúir John Walsh mar shampla in alt san iris Comhar mí an Mhárta i mbliana, agus é ag déanamh tagairt do na scéimeanna teanga: “Tá cuid de na gealltanais chomh lag sin nárbh fhiú am agus acmhainní a chur amú á ndaingniú i gcáipéis reachtúil.”

Níl aon cheist ach go raibh roinnt scéimeanna teanga níos fearr ná a chéile agus d’éirigh leo sin méid áirithe seirbhísí fiúntacha breise a chur ar fáil trí Ghaeilge. Ach mar chóras tá mé amhrasach maidir lena bhfíoréifeacht agus is léiriú é an easpa tráthúlachta a bhaineann le haontú scéimeanna teanga nua go bhfuil ag cliseadh ar an gcóras le tamall fada de bhlianta. Tá samplaí feicthe againn freisin de bhealaí ar éirigh le heagraíochtaí Stáit gealltanais a bhí tugtha acu i scéimeanna teanga a leasú nuair nár fheil tionchar na ngealltanas sin dóibh. Cé gur tréith maith an tsolúbthacht a bhaineann le scéimeanna teanga, uaireanta ní chun leasa cearta teanga a théann an iomarca solúbthachta.

An moladh atá againne ná go maolófaí go mór réimse feidhme na scéimeanna teanga. In ionad an chórais reatha molaimid go leagfaí dualgais dhíreacha, i bhfoirm Rialachán, ar chatagóirí d’eagraíochtaí Stáit ag brath ar an teagmháil a bhí acu leis an bpobal agus na cineálacha seirbhísí a bhí á gcur ar fáil acu. D’fhéadfaí córas níos teoranta a fheidhmiú do scéimeanna teanga a thacódh leis na Rialacháin sin. Ba le leas lucht labhartha na Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht a bheadh sé seo.

Dírím aird chomhaltaí an Chomhchoiste ar an Tuarascáil ar Fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 (pdf) agus ar an óráid seo atá ar shuíomh idirlín na hOifige agus tá súil agam go mbeidh an dá cháipéis mar thaca daoibh agus sibh ag scrúdú an Bhille seo.

Mar fhocal scoir ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do phobal bríomhar na Gaeilge agus na Gaeltachta agus do na heagraíochtaí Gaeilge atá tar éis a léiriú gur cás leo an leibhéal seirbhíse trí Ghaeilge atá ar fáil ónár Státchóras féin. Is cúram don Oireachtas anois na glórtha sin a chloisteáil agus an reachtaíocht oiriúnach a chur in áit a chinnteoidh go mbeidh cosaint teanga mar is ceart ar fáil dóibh siúd arb í an Ghaeilge a rogha teanga agus iad i mbun teagmhála le Státchóras na tíre seo.

A Chathaoirligh agus a chomhaltaí an Oireachtais, gabhaim buíochas libh as bhur bhfoighne agus as ucht cluas éisteachta a thabhairt dom inniu.
Share/Save/Bookmark

2.6.14

Oireachtas i gCois Fharraige 1974 á gcomóradh?

Cruinniú a eagrú ar an Máirt sa Chrann Taca.

Toradh na cruinnithe!  Is ar an dara deireadh seachtaine de Mheán Fómhair a bheidh an comóradh ann.
Féile cultúrtha is ea An tOireachtas (nó Oireachtas na Samhna) faoi bhráid Chonradh na Gaeilge. Cuireadh tús le féile aon lae i 1897, ceithre bliana tar éis bhunú an Chonartha i 1893. Bhí an chéad Oireachtas ar an Luan, 17 Bealtaine 1897, agus é ar siúl i Seomra Cruinn an Rotunda i mBaile Átha Cliath. Thainig meath ar an Oireachtas ag tús na 1920í agus tar éis Oireachtas na bliana 1923 ní raibh ceann eile go dtí 1939 nuair a bhí aththosú air i mBaile Átha Cliath. D'fhan sé sa phríomhchathair le linn na 1940í, 1950í agus 1960í.

Cruinniú: Crann Taca 3 Meith 2014 8.30in
Chun brú a chur ar Chonradh na Gaeilge é a bhogadh amach as an nGalltacht cuireadh Oireachtas Na nGael ar bun i Ros Muc i 1971, i dTír An Fhia i 1971, i gCorca Dhuibhne i 1972 agus i gCill Chiarán i 1973. D'éirigh leis an bhfeachtas agus reáchtáladh Oireachtas Na Gaeilge 1974 i gCois Fharraige (Conamara). Ó shin ar aghaidh bíonn an tOireachtas ag bogadh suímh ó bhliain go bliain agus é ag dul ó neart go neart.

Tá spéis ag Cumann Forbartha Chois Fharraige comóradh a eagrú thar deireadh seachtaine, Meán Fómhair seo chugainn, ar Oireachtas na Gaeilge 1974, an chéad Oireachtas riamh a reachtáileadh sa Ghaeltacht agus an chéad Oireachtas a reachtáileadh taobh amuigh de Bhleá Cliath ón bhliain 1939, nuair a athbhunaíodh an fhéile.

Áine Ní Dhonnacha a bhuaigh
Corn Uí Riada ag Oireachtas
1974 leis an amhrán
An Buachaillín Múinte
Chuige sin tá cruinniú á eagrú ar an Máirt seo, 3 Meitheamh sa Chrann Taca (ar chúl Séipéal an Chnoic) ag 8.30pm de dhaoine le spéis acu sa smaoineamh agus ar mhian leo cúnamh a thabhairt leis an eagrú i mbealach ar bith.

Ag an gcruinniú ar an Máirt déanfar plé ar an mbealach ab fhearr tabhairt faoin eagrúchán, foinsí airgid a aimsiú, na imeachtaí a fhéadfaí a eagrú, dátaí a bheadh feiliúnach etc. Ag deireadh na hoíche bheadh súil againn go mbeadh coiste beag oibre curtha le chéile le tabhairt faoi.

Más mian leat aon eolas breise is féidir teagbháil a dhéanamh liom ag ceachtar dena huimhreacha thíos nó ar ríomhphost, más fearr leat.
Share/Save/Bookmark