12.3.13

Gabhadh tiomána nach raibh sásta Béarla a labhairt!

“Ní sárbhliain a bhí in 2012 maidir le cur chun cinn na Gaeilge i státchóras na tíre, agus ar scáth aon choiscéim a tugadh chun tosaigh, ba chosúil go raibh péire á dtabhairt ar gcúl,”

Story in English
Tá lucht ardbhainistíochta an Gharda Síochána ag cur atheagar ar an mbealach a ndéileáiltear leis an bpobal trí Ghaeilge mar thoradh ar fhiosrúchán de chuid an Choimisinéara Teanga i dtaca le heachtra i mBaile Átha Cliath – eachtra inar gabhadh fear óg agus inar tugadh i nglais lámh é chuig stáisiún Gardaí nuair a rinne sé iarracht a chuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge le Gardaí a stop é maidir le cion tráchta. Coinníodh é sa stáisiún go dtí go raibh fáil ar Gharda a bhí in ann déileáil leis trí Ghaeilge.

Ar son na cúise?
Bhí sé seo ar cheann de na cásanna a d’fhiosraigh an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, anuraidh agus a bhfuil sonraí tugtha ina leith ina Thuarascáil Bhliantúil don bhliain 2012 a foilsíodh inniu.

Chinn an Coimisinéir Teanga sa chás seo gur sháraigh an Garda Síochána an gealltanas reachtúil go n-aithníonn an fórsa ceart an phobail gnó a dhéanamh leo ina rogha teanga oifigiúil, Gaeilge nó Béarla.

Teanga eachtrannach?
Thug an Coimisinéir Teanga suntas do dhearcadh i measc na nGardaí san fhiosrúchán a rinne sé gur cheart caitheamh le daoine a labhraíonn Gaeilge amhail is gur theanga eachtrach a bhí á labhairt acu, d’ainneoin stádas bunreachtúil na Gaeilge. Cuireadh “úsáid na Gaeilge” agus “déileáil le náisiúnach eachtrach” sa spás céanna go rialta sa dioscúrsa a bhain leis an imscrúdú seo, a dúirt sé.
Níor bhain an eachtra a bhí i gceist sa chás le haon timpiste ná le haon líomhaintí faoi thiomáint faoi luas nó faoi thionchar óil.

Dúirt an Coimisinéir Teanga gurbh ábhar suntais dó le linn an imscrúdaithe nach raibh Gardaí a raibh a gcuid oideachais faighte acu i gcóras scolaíochta na tíre seo agus nach raibh a gcuid oiliúna mar Ghardaí sa Teampall Mór críochnaithe acu ach le beagán blianta roimhe sin ábalta “Cad is ainm duit?” a fhiafraí ná seoladh tiománaí a lorg trí Ghaeilge ar thaobh an bhóthair. Ní raibh córas sásúil tacaíochta ar fáil dóibh ar an láthair sin lena n-idirbheartaíocht a éascú le duine den phobal a roghnaigh a chuid gnóthaí a dhéanamh leo trí Ghaeilge.

“Ábhar sásaimh dom, áfach, tuairisc a fháil a léirigh an dearcadh dearfach ó Choimisinéir agus ó lucht ardbhainistíochta an Gharda Síochána maidir leis na moltaí a rinne mé tar éis an cás a imscrúdú, agus ba léir gur mhian leo athrú córais a thabhairt i bhfeidhm le cinntiú nach dtarlóidh a mhacasamhail d’eachtra arís. Tá forbairtí i dtaca le feasacht teanga, oiliúint, cleachtas agus prótacail nua ag eascairt as torthaí an cháis seo,” a dúirt sé.

Ní sárbhliain a bhí in 2012
Le linn na bliana 2012, dhéileáil Oifig an Choimisinéara Teanga le 756 cás i dtaca le deacrachtaí nó fadhbanna le seirbhísí stáit á fháil trí Ghaeilge – an bhliain ba mhó ar cuireadh gearáin ón bpobal i láthair na hOifige ó bunaíodh í. B’ionann sin agus méadú 3% ar líon na gcásanna a bhí ann an bhliain roimhe sin. Réitíodh formhór mór na gcásanna sin trí idirbheartaíocht neamhfhoirmiúil leis an gcomhlacht poiblí cuí nó trí chomhairle a chur ar an ngearánach.

Seoladh 13 cinn d’imscrúduithe foirmiúla le linn na bliana 2012. Rinneadh cinneadh gur sáraíodh gnéithe ar leith den reachtaíocht teanga i gcás na n-eagraíochtaí seo a leanas: an Garda Síochána; an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais; an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe; an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil; Suirbhéireacht Ordanáis Éireann; Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte; Banc Ceannais na hÉireann; an tÚdarás Náisiúnta Iompair; Ollscoil Luimnigh; Comhairle Baile Inse; Comhairle Contae Dhún na nGall; agus Comhairle Contae Chill Dara.

“Ní sárbhliain a bhí in 2012 maidir le cur chun cinn na Gaeilge i státchóras na tíre, agus ar scáth aon choiscéim a tugadh chun tosaigh, ba chosúil go raibh péire á dtabhairt ar gcúl,” dar leis an gCoimisinéir Teanga

Cé gur thug figiúirí ón Daonáireamh is deireanaí a foilsíodh le linn na bliana 2012 léargas dearfach go maith maidir le húsáid na Gaeilge ón gceann roimhe sin, agus méadú 7% ar líon na ndaoine a dúirt go raibh Gaeilge acu agus ar líon na ndaoine a labhair go laethúil í, bhí cuid mhaith imní i measc cainteoirí Gaeilge faoina raibh i ndán don teanga agus an-amhras faoi iarrachtaí an Stáit maidir lena cosaint agus lena cur chun cinn.

Scéimeanna teanga
• Cosa nite ag Acht na dTeangacha Oifigiúla (iGaeilge)
Ceart Ar Fad Ag An gCoimisinéir Teanga (Conradh na Gaeilge)
“Ní sárbhliain a bhí in 2012” – Tuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga (Gaelport)
Céim ar gcúl - Coimisinéir (Irish Times)
• Tuarascáil Bhliantúil an Coimisinéir Teanga (Galway Advertiser)
Faillí an Rialtas ag déanamh an dochair don Ghaeilge (Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh SF)
Bhí trí cheathrú de scéimeanna teanga (pleananna reachtúla teanga) na n-eagras stáit faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla in éag gan athnuachan a bheith déanta orthu faoi dheireadh 2012 agus an ceathrú cuid acu as dáta le breis agus 3 bliana.

“Níor daingníodh ach 9 gcinn de scéimeanna teanga le linn 2012 agus ar an ráta bliantúil sin d’fhéadfadh 12 bhliain a bheith i gceist sula ndéanfaí athnuachan ina n-iomláine ar na scéimeanna reatha,” a dúirt an Coimisinéir Teanga.

I ndeich gcinn de chásanna eile, bhí breis agus 6 bliana imithe ó d’iarr an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar eagrais stáit dréachtscéimeanna teanga a ullmhú ach bhí siad fós le haontú.

Fásach contúirteach - "Cúlú agus cúngú suntasach!"
Cuireadh beart suntasach eile i gcrích le linn 2012 a d’fhéadfadh a bheith ina fhasach contúirteach do chóras na scéimeanna teanga: den chéad uair riamh, leasaíodh scéim teanga le dualgas a bhí daingnithe ansin a chealú ar fad nuair a rinne duine den phobal gearán nach raibh an dualgas sin á chomhlíonadh.

Scéim teanga na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais a bhí i gceist, agus ba dhualgas neafaiseach go maith a bhí daingnithe, gan aon chostas arbh fhiú cainte air a bheith ag baint leis agus a bhí simplí go leor le cur i bhfeidhm: an chuid “Oiriúnach le Breathnú” de lipéid físeán/dioscaí digiteacha ilúsáide de chuid Oifig Aicmithe Scannán na hÉireann a bheith i bhformáid dhátheangach.

Bhí an gealltanas seo aitheanta ag an Roinn sin féin mar thosaíocht sa scéim teanga chuí, agus seachas an gealltanas a fheidhmiú, spreag gearán ó dhuine den phobal cealú iomlán an ghealltanais sin i ndeireadh na dála.

“Chuir mé in iúl don Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta dá mb’fhasach é seo – gur féidir le comhlacht poiblí, nach maith leis gearán a bheith déanta ina leith nó an toradh a bheadh ar imscrúdú, achainí a dhéanamh ar an Roinn sin an dualgas a bhí daingnithe i scéim teanga a chealú agus go ngéilltear don iarratas sin – gur bhocht an scéal é. Cúlú agus cúngú suntasach a bheadh ann ar na prionsabail a bhaineann le cearta teanga an phobail mar a dhaingnítear iad i scéimeanna teanga, agus ba bhuille eile fós é d’inchreidteacht chóras na scéimeanna teanga mar atá siad á bhfeidhmiú faoi stiúir na Roinne,” dar leis an gCoimisinéir Teanga.

Comharthaí tráchta
Mar thoradh ar shraith leanúnach gearán ó dhuine a bhí san airdeall ar chomharthaíocht tráchta i mBéarla amháin in Inis, Co. an Chláir, rinne Oifig an Choimisinéara Teanga imscrúdú ar leith ar an gcás le linn 2012. Bhí sé i gceist ag an gComhairle Baile fadhb stairiúil le comharthaí a bhí ag teacht salach ar an dualgas reachtúil teanga a réiteach ar bhonn céimnithe, trí chlár pleanáilte, ach de bharr cúngú ar acmhainn airgeadais agus foirne na Comhairle de thoradh na géarchéime sa gheilleagar, bhí cuid mhaith den fhadhb gan réiteach.

Ba shuntasach an rud é go ndearna an Chomhairle iniúchadh dá cuid féin ar líon na gcomharthaí a bhí ag teacht salach ar na dualgais reachtúla teanga agus go bhfuarthas amach i suirbhé ar leath amháin den bhaile go raibh 332 comhartha poiblí a raibh amhras faoina mbailíocht; ar an mbonn sin, d’fhéadfadh suas le 650 comhartha neamhbhailí a bheith in Inis. Is léir sna cásanna seo gur caitheadh acmhainn shuntasach airgeadais stáit a bhí leagtha amach do chomharthaíocht dhátheangach ar chomharthaí i mBéarla amháin, beag beann ar dhualgais reachtúla.

“Tá an baol ann nach bhfuil Inis eisceachtúil ar bhealach ar bith ó limistéir eile nár cloíodh go cuí i gcónaí iontu leis an reachtaíocht a bhaineann le comharthaíocht dhátheangach, ach tugann an t-iniúchadh a rinne an Chomhairle Baile léargas ar scála na faidhbe. Ní bheifí ina dhiaidh ar dhuine a mbeadh amhras air in amanna go bhféadfadh sé tarlú i gcásanna ar leith go dtiocfadh le polasaí “áisiúlacht phearsanta” sa réimse seo teacht salach ar an riachtanas géilleadh do dhualgais sheanbhunaithe a bhí daingnithe le hordúcháin reachtúla. Éilíonn údaráis áitiúla ar an bpobal a bheith géilliúil don dlí i dtaca le híoc cíosa agus rátaí, táillí bruscair, muirear teaghlaigh nó eile agus mar an gcéanna is gá d’údaráis áitiúla cúram a dhéanamh dá ngéilliúlacht féin don dlí, ar a n-áirítear rialacháin maidir le comharthaí tráchta dátheangacha” a dúirt an Coimisinéir Teanga.

Inniúlacht sa Ghaeilge
Tá an easpa foirne le hinniúlacht in dhá theanga oifigiúla an Stáit ar cheann de na cúiseanna is mó go mbíonn deacrachtaí ag eagraíochtaí stáit a gcuid seirbhísí a sholáthar don phobal i nGaeilge chomh maith le Béarla. Le linn na bliana 2012, thug an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le fios go mbeadh na cúraimí i dtaca le hoiliúint agus tástáil cumais i nGaeilge sa Státseirbhís, a bhíodh go nuige seo ar Ghaeleagras, á n-aistriú go dtí an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ó thús 2013. Thug an Coimisinéir Teanga le fios i dtuarascáil ar imscrúdú a bhain leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe gur cur amú ama agus cur i gcéill a bheadh ann mura mbeadh de thoradh ar an athrú seo ach go ndaingneofaí arís an córas lochtach céanna a bhfuil fios againn anois, tar éis tréimhse 40 bliain, nach bhfuil ag éirí leis a chinntiú go bhfuil dóthain foirne le Gaeilge ag leibhéil éagsúla ar fud na Státseirbhíse. Thug an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le fios go mbeadh deis san aistriú seirbhíse chuig an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta na cleachtais reatha a athchóiriú agus go raibh a Roinn féin tiomanta do mheicníochtaí a chur ar fáil trínar féidir le ranna teacht ar na scileanna nó iad a fhorbairt chun a gcuid seirbhísí a sheachadadh go dátheangach.

Cónascadh
Fógraíodh i Samhain na bliana 2011 go raibh cinneadh déanta ag an Rialtas Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman faoi Phlean Athchóirithe an Rialtais don tSeirbhís Phoiblí. Fógraíodh athuair i mí na Samhna, 2012 go rachfaí chun cinn leis an gcónascadh sin agus go n-aistreofaí cumhachtaí agus feidhmeanna reachtúla an Choimisinéara Teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla chuig an Ombudsman agus go dtarmligfí ar ais iad chuig an gCoimisinéir Teanga faoi reachtaíocht leasaithe nach raibh foilsithe fós faoi dheireadh na bliana 2012. Dúradh freisin go leanfadh Coimisinéir Teanga, a bheidh ceaptha go reachtúil agus a bheidh lonnaithe sa Ghaeltacht, de chumhachtaí reatha an Choimisinéara Teanga a fheidhmiú go neamhspleách faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. “Tá iarrtha go foirmiúil agam ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta deis a thabhairt do m’Oifig dréacht de na leasuithe reachtúla a fheiceáil agus torthaí an phróisis comhairliúcháin phoiblí ar an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a fhoilsiú mar thúsphointe ar aon phlé ar an ábhar” a dúirt Seán Ó Cuirreáin.

Gaeilge sa chúirt
Le linn 2012, bhí Oifig an Choimisinéara Teanga páirteach i dtionscnamh a raibh sé ar cheann amháin de na haidhmeanna aige cur le feasacht teanga an phobail maidir leis an gceart atá ann an Ghaeilge a úsáid in aon chúirt sa tír.

Mar léiriú ar thábhacht an chirt sin, d’eagraigh Oifig an Choimisinéara Teanga – i gcomhar le Músaem Cathrach na Gaillimhe agus Conradh na Gaeilge – ócáid chomórtha i mí na Nollag, 2012 ar chás Dhúnmharuithe Mhám Trasna a tharla 130 bliain roimhe sin, tráth nach raibh aon bhonn reachtúil le cearta i leith na Gaeilge sna cúirteanna. Bhí Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn, ina measc siúd a bhí i láthair ag an ócáid chomórtha. Tugadh chun cuimhne go speisialta ar an ócáid sin Maolra Seoighe, a cuireadh chun báis go héagórach nuair a ciontaíodh é as a bheith páirteach i ndúnmharú teaghlaigh i Mám Trasna ar theorainn na Gaillimhe agus Mhaigh Eo sa bhliain 1882; crochadh agus cuireadh é ar láthair Phríosún na Gaillimhe san áit a bhfuil Ardeaglais na Gaillimhe anois.


Share/Save/Bookmark