28.7.11

Seimineár oibre ar phleanáil sa phobail

Aontas Phobal na Gaeilge ag nascadh geallsealbhóirí na teanga le chéile sg seimineár oibre ar phleanáil sa phobail



Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn.

Tá Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d’fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach.

Déanfaidh an tAontas freastal ar éilimh ghluaiseacht na Gaeilge ar bhonn uile-Éireann sna sála ar fhógra na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) (Béarla) go mbeadh ar Fhoras na Gaeilge iarratais mhaoinithe a lorg ón earnáil dheonach ó “Eagras amháin (nó b’fhéidir líon teoranta eagras, […]), le ról ionadaíochta, scaipeadh eolais, abhcóideachta agus soláthar acmhainní agus tacaíocht, don earnáil go hiomlán” ar an 02 Nollaig 2009.

Leanfaidh Aontas Phobal na Gaeilge leis an obair reatha atá ar bun ag eagrais chomhaontaithe an Aontais, agus cuirfear leis an gclár oibre sin. Forbrófar ar an obair reatha stocaireachta agus abhcóideachta; leagfar béim ar thábhacht an aistriú teanga ó ghlúin go glúin; eagrófar scothfhéilte náisiúnta a dhéanfaidh an Ghaeilge a cheiliúradh go poiblí; reáchtálfar comórtais teanga náisiúnta agus idirnáisiúnta; cinnteofar deiseanna forleathan foghlamtha Gaeilge; agus cothófar deiseanna nuálacha úsáidte teanga. Seo a leanas cuspóirí straitéiseacha Aontas Phobal na Gaeilge:


1. Comhphlean, struchtúr, acmhainní daonna agus fisiciúla a chinntiú d’fheidhmiú an Aontais;
2. Cumas labhartha agus foghlama, seachadadh agus sealbhú na Gaeilge a fheabhsú agus a neartú;
3. Úsáid na Gaeilge i measc an phobail a mhéadú;
4. Stádas, íomhá, cearta agus feasacht na Gaeilge a aithint agus a leathnú;
5. An t-aistriú teanga ó ghlúin go glúin ar bhonn uile-Éireann a chothú; an Ghaeltacht a chaomhnú agus a fhorbairt; agus gréasáin Ghaeltachtaí nua a fhorbairt mar thearmainn teanga.

Cuireann Aontas Phobal na Gaeilge luach ar shaothar dhaoine deonacha na hearnála agus cinnteofar tacaíocht ghairmiúil saineolach leanúnach d’oibrithe deonacha, móide fóram neamhspleách mar thacaíocht don sár-obair a thugann an duine deonach faoi, ar son na Gaeilge.
Tiocfaidh pobal na Gaeilge le chéile ag seimineár oibre san Óstán Menlo Park, Bóthar Áth Cinn, Cathair na Gaillimhe, Dé hAoine, 30 Meán Fómhair 2011, chun moladh a réiteach don Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ó Dheas, don Roinn Cultúrtha, Ealaíon agus Fóillíochta ó Thuaidh, agus d’Fhoras na Gaeilge a chuimseodh a gcuid mianta pleanála agus a thógfadh mianta pleanála an phobail san áireamh.

Seo an chéad imeacht oifigiúil arna eagrú ag Aontas Phobal na Gaeilge (APG), eagras Gaeilge nua-nasctha ina bhfuil Comhluadar, Comhaltas Uladh, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge ag obair le chéile ar gnéithe éagsúla d’fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail, ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach.
Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Ó tá athruithe móra ag teacht ar an gcóras maoinithe in earnáil na Gaeilge, agus ar na bealaí go bhfuil an dá rialtas thuaidh agus theas ag tabhairt faoin nGaeilge a chur chun cinn, tá Aontas Phobal na Gaeilge go láidir den tuairim gur ghá go mbeadh gach cuid de phobal na teanga pro-ghníomhach agus ag obair go dlúth le chéile lena chinntiú go mbíonn ionchur comhtháite, céillí, comhsheasmhach againn sa phróiseas.”

Dá réir, tá seimineár oibre á eagrú ag Aontas Phobal na Gaeilge i nGailllimh chun naisc a aimsiú idir na spriocanna sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ó Dheas agus scéimeanna nua uile-oileánda Fhoras na Gaeilge, go háirithe i leith bhunú gréasáin Ghaeltachta agus pleanáil sa phobal ar bhonn réigiúin.

Dúirt Feargal Ó Cuilinn, Stiúrthóir Comhluadar: “Tabharfaidh an seimineár oibre Gaeilge seo deis do dhaoine ag obair leis an bpobal ar an talamh - idir dhaoine deonacha agus oibrithe gairmiúla araon - teacht le chéile chun deiseanna a aimsiú sna beartais fhiúntacha phobail atá le léamh sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 don deisceart, agus molfar áit dóibh sa phleanáil bheartaithe i samhail nua mhaoinithe Fhoras na Gaeilge don tír iomlán.”

Beidh oifigigh i láthair ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ó Dheas le labhairt leis an slua maidir le Bunú Gréasáin Ghaeltachta, agus Ceathrú na Gaeltachta ag an seimineár, chomh maith le hionadaí ó Fhoras na Gaeilge a thabharfaidh léargas ar aidhmeanna agus spriocanna pleanáil de réir réigiúin. Beidh cainteoir neamhspleách ann ar an lá freisin, chun amharc neamhchlaonta a thabhairt ar na naisc agus na deiseanna féideartha don phobal in earnáil na Gaeilge.
Share/Save/Bookmark

27.7.11

Critéir mhúinteoireachta i mBéarla amháin.

Fuair mé eolas ar seo ó Guth na Gaeltachta agus tá roinnt de mo chuid smaointe féin curtha leis.

Tá docuiméid foilsíthe (7/7/2011) ag An Chomhairle Mhúinteoireachta ar chritéir nua atá le leagan síos d'ábhar oidí.  Is cosúul nach bhfuil leagan Gaeilge ar fáil. 

Deireann an Straitéis 20 Bliain, "Tá an córas oideachais ar cheann de na príomhmhodhanna chun an cumas teanga a bhfuil an Straitéis 20 Bliain bunaithe air a chothú." An féidir a bheith muiníneach as Comhairle Múinteoireachta nach bhfuil sásta doiciméidí tabhachta a fhoilsiú sa teanga náisiúnta? Is cuma cé chomh maith nó chomh holc is atá sna critéir ach ós rud é nach raibh sé de cuirtéis acu doicuiméid chomh tabhachtach le foilsiú sa Ghaeilge tá teip air ó thaobh mhuintir na Gaeltachta agus na Gaeilge de. Léiríonn sé a neamh-shuim - meáite nó gan a bheith meáite! Moltar ann faoin nGaeilge, "...using it as a means of communication in schools and using it as a medium of instruction." (Lch 10). Ach is cosúuil nach bhfuil siad fhéin sásta é sin a dhéanamh cén fáth a ndéanfadh múinteoir é?

Ní hé nach bhfuil moltaí maithe ann ach tá a éifeacht laghdaite ó thaobh na Gaeilge de gan é a bheith foilsithe ag an am céanna i nGaeilge.

Seo thíos na príomhphointí (buíochas le Colm Ó Dúlacháin RnaG):

• Beidh tréimhse níos faide le caitheamh ag chuile ábhar oide bunscoile agus iarbhunscoile sa Ghaeltacht ach tá an tréimhse sin le socrú go foill.

• Beidh ar ábhar múinteoirí iarbhunscoile atá ag déanamh cláracha fochéimithe sa Gaeilge  trí mhí a chaitheamh ag cur futhu sa Ghaeltacht mar chuid de chritéir shainiúil chlárúcháin múinteoireachta  An Chomhairle Mhúinteorachta.

• Beidh na cúrsaí Gaeltachta faoi stiúr na coláistí atá ag cur na cúrsaí ar fáil. Moltar sa tuarascáil go mbeidh scrúdú tástala sa Gaeilge de dhith ar iarratasóirí do mhúinteoireacht bhunscoile agus orthu siúd  ar mhian leo Gaeilge a theagasc ar an dara leibhéal.

• Beidh cáilíochtaí níos airde san Ard Teist ag teastáil le clárú ar cúrsaí oideachas múinteoirí. Beidh B1 sna hArdchúrsaí  Gaeilge agus Béarla chomh maith le C3 nó níos airde  san Ardchúrsa matamaitic ag teastáil le clárú  sna coláistí oideachais.

• Tá sé mar aidhm ag lucht deartha na cúrsaí úra go dtabharfar san áireamh caighdeán Ghaeilge múinteorí bunscoile & iarbhunscoile .Caithfear cúram a dhéanamh de go mbeidh líofacht sa Ghaeilge ag múinteoirí as seo amach a deirtear sa tuarascáil.

Mar a deirtear thuas níl na critéar foilsithe ach i mBéarla amháin.
Share/Save/Bookmark

8.7.11

Aitheantas don chead uair!

An Straitéis Náisiúnta chun Feabhas a Chur ar Litearthacht agus Uimhearthacht i measc Páistí agus Daoine Óga 2011-2020
Tá straitéis nua fadréimseach foilsithe ag an Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D. agus é mar aidhm aici a chinntiú nach bhfágann aon pháiste an scoil gan scileanna na litearthachta agus na huimhearthachta a bheith foghlamtha aige/aici.
Colún lárnach de Chlár an Rialtais is ea Litearthacht agus Uimhearthacht don Fhoghlaim agus don Saol, an Straitéis Náisiúnta chun feabhas a chur ar litearthacht agus uimhearthacht i measc páistí agus daoine óga. 
Ag labhairt dó ag an lainse, dúirt an tAire Quinn “Creideann an Rialtas nár cheart go bhfágfadh aon pháiste an scoil gan a bheith in ann léamh agus scríobh agus feidhm a bhaint as an matamaitic chun fadhbanna a réiteach.  Tá fhios againn go bhfuil feabhas mór de dhíth faoi láthair agus leagann an straitéis seo amach an plean oibre le spriocanna agus leasuithe inláimhsithe a dhéanfaidh deimhin de go bhfaigheann na páistí, ón luath-óige go dtí an dara leibhéal, máistreacht ar na scileanna lárnacha seo.”
Tá spriocanna uaillmhianacha socraithe faoin Straitéis le baint amach faoi 2020.   Ar fud an náisiúin, áiríonn na spriocanna seo:
Ag an mbunleibhéal, 5 phointe céatadáin a chur leis an líon páistí atá ag feidhmiú ag Leibhéal 3 nó os a chionn sin (na leibhéil is airde) i measúnuithe náisiúnta na léitheoireachta agus na matamaitice 
An céatadán atá ag feidhmiú ag an leibhéal is ísle (Leibhéal 1) nó faoina bhun sin a laghdú de 5 phointe céatadáin
Ag an iarbhunleibhéal, 5 phointe céatadáin ar a laghad a chur leis an líon mac léinn 15 bliain d’aois atá ag feidhmiú ag Leibhéal 4 nó os a chionn sin (na leibhéil is airde) i dtástáil PISA (Clár Idirnáisiúnta um Measúnú Daltaí) na litearthachta agus na matamaitice de chuid an ECFE 
Na líonta atá ag feidhmiú ag Leibhéal 1 (an leibhéal is ísle) i dtástáil PISA na litearthachta agus na matamaitice a laghdú de leath
Feabhas a chur ar an oideachas luath-óige agus ar dhearcthaí an phobail i leith na léitheoireachta agus na matamaitice.
Tá sé mar aidhm ag an Straitéis a chinntiú go mbíonn fócas láidir ag múinteoirí agus ag scoileanna ar scileanna na litearthachta agus na matamaitice, laistigh de churaclam leathan cothromaithe.   Leagann sé amach clár fadréimseach leasuithe i gcúrsaí tosaigh oideachas múinteoirí, i bhforbairt ghairmiúil do mhúinteoirí agus príomhoidí scoile, agus in inneachar an churaclaim ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal, d’fhonn na scileanna riachtanacha seo a bhaint amach.
Bainfidh na scoileanna níos mó feidhme as tástálacha caighdeánaithe sa léitheoireacht agus sa mhatamaitic sa dara agus sa séú rang sa bhunscoil agus tabharfaidh siad na tástálacha seo isteach do dhaltaí na 2ú bliana san iarbhunscoil.  Tuairisceoidh siad na torthaí do thuismitheoirí, do bhoird bainistíochta agus don Roinn Oideachais agus Scileanna.  Éileofar ar scoileanna pleananna feabhsaithe scoile a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm de réir treoraíochta ó Chigireacht na Roinne.
Adúirt an tAire Quinn, “Ceist cothromais í seo.  Is minic a choinnítear duine óg nó duine fásta ó rannpháirtíocht iomlán sa tsochaí más rud é nach mbíonn scileanna na litearthachta agus na huimhearthachta ag an duine sin.  Tarlaíonn go bhfágtar i bpoist droch-íoctha iad nó go bhfágtar gan fhostú iad agus gur saolré de bhochtanas agus d’eisiamh a bhíonn rompu.  Is dá bhrí sin atáim cinnte gurb é an cion tairbhe is mó dár féidir linn a dhéanamh don chomhionannas agus don cheart sóisialta sa tír seo againne ná scileanna maithe litearthachta agus uimhearthachta a chur ar fáil don óige.”
Tá líon áirithe de na bearta sa Straitéis á gcur i bhfeidhm cheana féin.  Eiseofar ciorclán chuig na bunscoileanna go gairid ag éileamh orthu an t-am atá ar fáil don litearthacht a mhéadú go dtí 90 nóiméad in aghaidh an lae agus an t-am don mhatamaitic go dtí 50 nóiméad in aghaidh an lae (i gcomparáid le 36 nóiméad faoi láthair) ó mhí Mhéan Fómhair seo chugainn.
D’fhógair an tAire go bhfuiltear chun teorainn de 8 a chur le líon na n-ábhar scrúdaithe sa Teastas Sóisearach chun níos mó ama a fhágáil chun scileanna litearthachta agus uimhearthachta na mac léinn a fhorbairt, agus chun tuilleadh grinnfhoghlama a dhéanamh.  Dúirt sé go mba é an rud is fearr ná go dtiocfadh an t-athrú seo chun cinn i gcomhair mac léinn a bheadh ag dul isteach sa scoil dara leibhéal i mí Mhéan Fómhair 2012.  Tá athbhreithniú níos leithne den timthriall shóisearach á ghabháil de láimh ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta agus eiseoidh sí sin moltaí sa bhfómhar.
Táthar ag déanamh dul chun cinn le hullmhú do chúrsaí forbartha gairmiúla do mhúinteoirí agus príomhoidí.  Chomh maith leis sin, tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta chun tosaíocht a thabhairt don churaclam Gaeilge agus Béarla a athbhreithniú i scoileanna lán-Ghaeilge agus d’obair ar ábhar treorach do na hábhair seo agus don mhatamaitic ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal.
I bhfianaise na sriantachtaí atá ar an dtír, dúirt an tAire Quinn go rabhthas tar éis an Straitéis a fhorbairt i mbealach a choinníonn na costais bhreise ag an íosleibhéal.
“Ciallaíonn sé seo go mbeidh orainn na hacmhainní is gá don litearthacht agus don uimhearthacht a fháil trí thosaíochtaí úra a chur ar chaiteachas mar atá faoi láthair, trí ghearradh siar ar ghníomhaíochtaí a bheadh inmhianta, b’fhéidir, ach gur lú an tábhacht a bhaineann leo, agus trína chinntiú go bhfaighimid na torthaí is fearr ar fad ar pé acmhainní daonna nó airgeadais atá againn,” adúirt an tAire.
Meastar gur costas €6 mhilliún a bheidh ar fheidhmiú na Straitéise i 2012 agus go n-éireoidh sé seo go dtí €19 milliún in aghaidh na bliana faoi 2017. 
Barrchríoch ar phróiseas forleathan comhairlithe is ea foilsiú na Straitéise. D’fhoilsigh an Roinn dréachtphlean i mí na Samhna 2010.
Fuarthas aighneachtaí scríofa ó bheagnach 480 duine agus eagraíocht agus thionól oifigigh den Roinn cruinnithe comhairlithe le breis is 60 ghrúpa leasmhara, ní hamháin ón earnáil oideachais ach ó earnálacha pobail agus eile freisin.
Adúirt an tAire Quinn mar fhocal scoir, “Cruthaíonn an líon mór daoine a ghlac páirt sa phróiseas seo go bhfuil muintir na hÉireann tiomanta go láidir do fheabhas a chur ar chaighdeáin litearthachta agus uimhearthachta.  Is mian liom leas a bhaint as an dtiomantas sin agus é a fhócasú mar chomhiarracht náisiúnta chun scileanna litearthachta agus uimhearthachta den scoth a bhaint amach i measc na bpáistí agus na ndaoine óga againn.“
Lainseáil an tAire Oideachais, Ruairí Quinn An Straitéis Náisíúnta Litearthachta agus Uimhearthachta inniú i mBÁC agus don chead uair ariamh aithnítear sa Straitéis go bhfuil riachtanas teangeolaíoch faoi leith ag Scoileanna Gaeltachta, agus go bhfuil riachtainais sainiúla teanga ag cainteoirí dúchais Gaeilge agus ag na foghlaimeoirí Gaeilge a dhéanann freastal ar an scoileanna sin agus ar Ghaelscoileanna.

Tá an tuarascáil iomlán ar fail ar shíuomh na Roinne Oideachais i nGaeilge (PDF) agus i mBéarla. Seo docuiméid (ó Guth na Gaeltachta) (Word) le roinnt de na píosaí is tábhachtái ó thaobh na Gaeilge de ón chead léamh. Seo thíos dha shampla:


lth 12: Sa straitéis litearthachta agus uimhearthachta seo aithnítear go bhfuil riachtanais foghlama atá an-éagsúil ag foghlaimeoirí i scoileanna Gaeilge agus gur gá dóibh na scileanna litearthachta a fhorbairt i nGaeilge (mar an chéad teanga atá acu nó mar chéad teanga na scoile) agus i mBéarla.

lth 58:  Tá riachtanais litearthachta ar leith ag scoláirí i nGaelscoileanna a fhoghlaimíonn trí Ghaeilge, scoláirí a bhfuil an Ghaeilge mar an teanga bhaile acu ina measc, nach dtugtar fúthu go hiomlán sa churaclam bunscoile(agus meanscoile lth 60) reatha. Ní mór dúinn tabhairt faoi na riachtanais ar leith seo trína chinntiú go ndéanann curaclam na Gaeilge T12* (do Ghaelscoileanna) foráil d'fhorbairt na scileanna litearthachta ar bhealach cosúil leo siúd a ndéantar foráil dóibh i gcuraclam an Bhéarla, forbairt a scileanna cognaíocha agus scileanna ardoird smaointeoireachta leanaí san áireamh.

Déanann an Ghaeilge mar L1 tagairt do theagasc na Gaeilge mar an chéad teanga nó i nGaelscoileanna. Déanann an Ghaeilge mar T2 tagairt do theagasc na Gaeilge mar an dara teanga, i.e. teagasc na Gaeilge i scoileanna ina bhfuil an Béarla mar an phríomhtheanga teagaisc.

Glacann úrlabhraí baill Ghuth na Gaeltachta bhuíochas leis na heagraíochtaí uilig a rinne aighneacht leis an Roinn Oideachais ar an ábhar seo, COGG Gaelscoileanna, Forbairt Naíonraí Teoranta, An Foras Patrúnachta agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta san aireamh.
Share/Save/Bookmark

6.7.11

Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla!


Tá tráchtaireacht ar fheidhm phraiticiúil agus ar oibriú fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 foilsithe ag Oifig an Choimisinéara Teanga ag tráth a bhfuil súil le hathbhreithniú ar an reachtaíocht sin mar chuid de chlár an Rialtais. Cothrom an ama seo cúig bliana ó shin a tháinig forálacha an Achta i bhfeidhm go hiomlán.

Seán Ó Cuireáin
Dúirt an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, go raibh súil aige de thoradh an athbhreithnithe go mbeadh Acht ann a bheadh oiriúnach dá fheidhm agus a d’fhreastalódh go cuí ar mhianta an phobail teanga agus a chinnteodh go raibh brí á tabhairt don fhoráil bhunreachtúil gurb í an Ghaeilge an phríomhtheanga oifigiúil ós í an teanga náisiúnta í.

Bhí sé ag labhairt ar ócáid seolta na tuarascála tráchtaireachta sa Spidéal, Co. na Gaillimhe inniu (05 Iúil 2011).

Ar na leasuithe a mholtar, comhairlítear gur cheart rangú a dhéanamh ar chomhlachtaí poiblí ina gcatagóirí éagsúla (A, B, C, etc.) de réir an réimse feidhme agus an chaidrimh atá acu leis an bpobal i gcoitinne – pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta san áireamh – agus go mbeadh an leibhéal seirbhíse a bheadh le soláthar acu trí Ghaeilge i gcomhréir leis an rangú sin de thuras na huaire.

Moltar freisin go mbeadh dualgais reachtúla á gcur ar chomhlachtaí poiblí a gcuid seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht ar chomhchaighdeán leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Bhéarla in áiteanna eile.

Iarrtar freisin go ndíreofaí athuair ar chóras na scéimeanna teanga faoin Acht a chur á fheidhmiú mar is ceart ar bhonn straitéiseach agus comhsheasmhach nó, mar mhalairt air sin, go bhforbrófaí córas nua caighdeán a bheadh bunaithe ar rialacháin reachtúla mar atá beartaithe don Bhreatnais sa Bhreatain Bheag. Maidir le foilseacháin oifigiúla a sholáthar trí Ghaeilge, molann Oifig an Choimisinéara Teanga go dtabharfaí tosaíocht do na foilseacháin sin is mó a bhfuil éileamh ag an bpobal orthu, pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta san áireamh.

Éilítear freisin gur cheart dul i ngleic leis an easpa foirne sa chóras poiblí le cumas in dhá theanga oifigiúla an Stáit, trí chórais nua earcaíochta agus oiliúna nuair a dhéanfar maolú amach anseo ar an lánchosc ar earcaíocht. Dúirt an Coimisinéir Teanga go raibh seo ar an bhfadhb is bunúsaí dá bhfuil ann maidir le soláthar seirbhísí stáit trí Ghaeilge.

Moltar sa tuarascáil freisin go gcuirfí ar bhonn reachtúil ceart na ndaoine a nainm, sloinneadh agus seoladh a úsáid ina rogha teanga oifigiúil agus iad i mbun gnóthaí le comhlachtaí poiblí.

“Níor cheart go dtiocfadh aon chaiteachas breise de bharr na leasuithe seo agus, mura féidir leo airgead a shábháil, ba chóir go mbeadh siad neodrach ar a laghad ó thaobh aon chostais bhreise de” a dúirt an tUasal Ó Cuirreáin.

D’fhógair an Coimisinéir Teanga freisin go raibh dhá thuarascáil speisialta leagtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais aige le roinnt laethanta anuas a thug cuntas ar chásanna ina raibh sárú déanta ag comhlachtaí poiblí ar dhualgais reachtúla teanga ach ina raibh teipthe orthu moltaí a chur i bhfeidhm le géilliúlacht a chinntiú. Ní dhearna na heagraíochtaí a bhí i gceist – Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (Béarla)  agus Ard-Mhúsaem na hÉireann – achomharc chun na hArd-Chúirte i gcoinne an chinnidh a rinne an Coimisinéir Teanga go raibh siad ag sárú forálacha reachtúla ach fós féin, níor chuir siad a chuid moltaí i bhfeidhm. “Is ar Thithe an Oireachtais a thiteann sé anois aon chéimeanna breise a thógáil, má mheastar gur cuí sin a dhéanamh” a dúirt an tUasal Ó Cuirreáin.

Tá an Trachtaireacht agus an dá thuarascáil le híoslódáil on leathanach seo ar shuíomh an Choimisinéara.

• Féach ar Fáilte ón gConradh is ón gComhdháil.
Share/Save/Bookmark