30.5.11

Deis do na polaiteoirí nua - Dáil & Seanad

An 24ú Seanad Éireann
Sna sála ar dhíospóireacht sa Dáil maidir le Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge de chuid an Rialtais Déardaoin seo caite (26 Bealtaine 2011) tá práinn agus tábhacht níos mó ná riamh ag baint leis an lá eolais atá eagraithe ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta do pholaiteoirí in Óstán Buswells (Béarla), Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, ó 8.00rn - 6.00in an Chéadaoin bheag seo, 1 Meitheamh 2011.
(Cé go raibh an díospóireacht féin dhá-theangach tá suíomh Tithe an Oireachtais i mBéarla. Má bhrútar an cnaipe "Gaeilge ar barr faightear teachtaireacht "Tá an leagan Gaeilge de shuíomh gréasáin an Oireachtais á réiteach agus beidh sé ar fáil go luath!")

Seo an tríú bliain as a chéile go bhfuil a leithéid de sheisiún comhairliúcháin eagraithe ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta le Teachtaí Dála agus Seanadóirí a chur ar an eolas maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. D'éirigh go han-mhaith leis an lá eolais a reáchtáladh anuraidh agus an bhliain roimhe sin (ar an 6 Deireadh Fómhair 2010 agus 01 Nollaig 2009), áit gur labhair breis agus 80 TD agus
Seanadóir le hionadaithe ó ghrúpaí éagsúla Gaeilge agus Gaeltachta maidir le cúrsaí teanga agus pleanáil sa Ghaeltacht.
Tá an lá eolais ina dheis ríthábhachtach d'ionadaithe polaitíochta chun dul i gcomhairle le pobal labhartha na Gaeilge i dtaca le beartais agus cinntí a imríonn tionchar ar an bpobal céanna, dar le Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Seo deis do Theachtaí nua dul i mbun comhairle le hionadaithe Chonradh na Gaeilge agus Ghuth na Gaeltachta óna ndáilcheantar féin i dtaca le cúrsaí teanga, go háirithe i dtaca le múineadh na Gaeilge sa chóras oideachais. Bhí díospóireacht mhaith ann maidir leis an nGaeilge don Ardteist i rith an olltoghcháin, agus táimid anois ag éileamh ar an dá pháirtí sa chomhrialtas gníomhú ar na gealltanais a rinne siad ar cheist na teanga; 'sé sin go mbeadh ábhar sa bhreis ar an nGaeilge, ar nós spóirt nó drámaíochta, á mhúineadh trí mheán na Gaeilge ar an mbunscoil; go mbeadh dhá ábhar Gaeilge ann don Ardteist; agus go gcaithfeadh ábhar múinteoirí tréimhsí níos faide sa Ghaeltacht ag tús an chúrsa."

Tá Guth na Gaeltachta agus Conradh na Gaeilge ag tabhairt cuireadh do Theachtaí na Dála agus an tSeanaid nua teacht leis:
an nGaeilge sa chóras oideachais; 
An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030; 
Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta; 
agus bunú Gaelscoileanna nua;
a phlé le hionadaithe ón dá eagras, áit go mbeidh daoine áitiúla i láthair ó na dáilcheantair éagsúla le labhairt lena bpolaiteoirí féin freisin.

Arsa Éamonn Mac Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta: "Tá sé rítábhachtach dúinn Teachtaí agus Seanadóirí ó na páirtithe ar fad a choimeád ar an eolas sna seachtainí amach romhainn, go háirithe agus plean feidhmiúcháin á chur le chéile acu faoi láthair don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Ní chóir laghdú nó maolú ar bith a dhéanamh ar chúraimí agus freagrachtaí fiontraíochta Údarás na Gaeltachta, ó bheadh deireadh leis an nGaeltacht mura mbeadh an fhostaíocht a chothaíonn sé ar fáil inti. Ba chóir ar a laghad a chinntiú go bhfuil an €12 milliúin atá ag teastáil ón Údarás le 1,000 post nua  a chruthú do 2012 ar fáil dó."

leathanach ocáide facebook  ag an La Eolais seo.

Share/Save/Bookmark

20.5.11

Litir ó Julian & Éamonn

A chairde,

Tá Lá Eolais á eagrú ag Guth na Gaeltachta agus Conradh na Gaeilge ar an gCéadaoin, 1 Meitheamh 2011, chun tacaíocht na bpolaiteoirí a chinntiú leis na héilimh atá againn a chur chun cinn. Tionólfar an lá eolais ó 8.00rn - 6.00in in Óstán Buswells i mBÁC díreach trasna ón Dáil. Iniata, tá cóip den bhileog eolais leis na príomhphoinntí a bheidh le húsáid ar an lá 

Tá sé tábhachtach go mbeadh ionadaíocht mhaith againn ó na coistí pobail éagsúla ar fud na tíre atá ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.  Iarrtar ar aon duine atá ar fáil ar an lá, le labhairt lena n-ionadaithe polaitíochta áitiúla, teagmháil a dhéanamh le Sine Nic an Ailí ag +353 (0)1 4757401 / dail@cnag.ie chun é sin a chur in iúl dúinn roimh an Déardaoin, 26 Bealtaine 2011. Déanfaidh Síne teagmháil le hoifigí do chuid polaiteoirí ansin len iad a mhealladh go dtí an t-óstán nuair  a bheidh tú i láthair.

Is mó seans go dtiocfaidh Teachtaí ó na dáilcheantair s'acu le labhairt linn má tá deis acu bualadh le duine le vóta ón dáilcheantar céanna. Tá cóip den bhileog eolais a bheidh le húsáid ar an lá mar iatán leis seo. 

Ní neart go cur le chéile!

Julian & Éamonn


Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí,  
Conradh na Gaeilge.
Julian@cnag.ie
01 4757401 / 086 8142757

Éamonn Mac Niallais,
Urlabhraí,
Guth na Gaeltachta.
eolas@guthnag.com
087 6387468

Share/Save/Bookmark