26.11.10

98.5% den Roinn Oideachas gan Gaeilge!

Creideann Conradh na Gaeilge go bhfuil géarghá le gníomh cothromúcháin earcaíochta san earnáil phoiblí a chinnteoidh líon dóthanach daoine atá inniúil ar an nGaeilge sna Ranna Stáit éagsúla, tar éis don Choimisinéir Teanga tabhairt le fios go bhfuil 98.5% d'fhoireann na Roinne Oideachais agus Scileanna (Béarla) nach féidir leo a gcuid gnó a dhéanamh leis an bpobal trí Ghaeilge.

Ag caint dó ag seimineár a eagraíodh san Institiúid Teicneolaíochta, Trá Lí, Co. Chiarraí níos luaithe inniu, Déardaoin, 26 Samhain 2010, dúirt Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga, gur léirigh suirbhé a rinneadh le gairid go bhfuil líon na foirne riaracháin sa Roinn Oideachais agus Scileanna le
cumas Gaeilge acu tar éis titim 50% le 5 bliana anuas.

Pádraig Mac Fhearghusa
Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Is cúis ollmhór imní dúinn atá ag saothrú in earnáil na Gaeilge, agus go háirithe in earnáil an Ghaeloideachais, go bhfuil laghdú chomh suntasach tagtha arís ar líon na foirne riaracháin sa Roinn Oideachais agus Scileanna a bhfuil ar a gcumas a gcuid seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge.

"Ní chóir Béarla éigeantach a bhrú ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus iad ag plé le heagraíochtaí stáit; mura bhfuil baill foirne atá inniúil ar an nGaeilge fostaithe sna ranna stáit éagsúla áfach, déanann sé ceap magaidh d'Acht na dTeangacha Oifigiúla agus séanann sé cearta teanga phobal
labhartha na Gaeilge, sa Ghaeltachta agus sa Ghalltacht."


Is é príomhchuspóir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ná a chinntiú go mbeidh fáil níos mó ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeidh siad ar chaighdeán níos airde, ach creideann Conradh na Gaeilge gur teip iomlán a bheidh ann mura bhfuil líon áirithe fostaithe sa státchóras in ann freastail ar muintir na Gaeilge agus na Gaeltachta. Chun dul i ngleic leis an éagóir seo, mhol an Comhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta gur chóir gníomh cothromúcháin earcaíochta a shonrú sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge chun a chinntiú go mbeidh líon dóthanach foirne sa tseirbhís phoiblí atá inniúil ar an nGaeilge agus toilteanach í a úsáid i gcomhlíonadh a ndualgas oifigiúla sa tuarascáil a d'fhoilsigh siad maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i mí Iúil 2010 (Moladh 32). Féach

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí  Chonradh na Gaeilge: "Ní fiú Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge gan moladh an Chomhchoiste maidir le gníomh cothromúcháin earcaíochta sa státchóras, agus anois an t-am chun beartas earcaíochta a leagadh síos don earnáil phoiblí, a chinnteoidh go bhfuil seirbhís Ghaeilge ar fáil do phobal na hÉireann amach anseo, agus nach gcosnódh an stát cent.

"Go deimhin, dá n-éireodh leis an rialtas a dhóthain daoine atá inniúil ar an nGaeilge a earcú ag an chéad chéim den phróiseas earcaíochta, bheadh sábháil airgid i gceist ar chostais athoiliúna, ar chostais aistriúcháin, agus eile - bheadh státseirbhísigh ar fáil laistigh den roinn leis na cáipéisí ar spéis leis an bpobal a aistriú go Gaeilge mar shampla, seachas iad a chur go haistritheoirí seachtracha, mar a tharlaíonn faoi láthair."

Ní raibh ach 3% den fhoireann ábalta seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge de réir thorthaí an tsuirbhé a rinneadh sa Roinn Oideachais agus Scileanna i 2005 agus níl ach 1.5% d'oifigigh na Roinne sin a bhfuil a ndóthain cumais sa Ghaeilge acu lena gcuid seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge sa lá
atá inniu ann. Is léir do Chonradh na Gaeilge nach leor na córais reatha earcaíochta agus oiliúna lena chinntiú go mbeidh dóthain foirne san earnáil phoiblí le seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge agus go gcaithfear dul i ngleic leis seo mar ábhar práinne i Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge an Rialtais.
Share/Save/Bookmark

25.11.10

An pleán agus an straitéis!

1.  An Plean Téarnaimh Náisiúnta: Gaeilge & Gaeltacht
Ón chead léamh ar an bplean náisiúnta a foilsíodh inne (tá an plean féin i mBéarla ach acoimire i nGaeilge), is léir go bhfuil an Rialtas ag cloí leis na ciorruithe caipitil a bhí leagtha amach i dtuarascail na Roinne Airgidis i mí Iúil:

Caiteachas Caipitil sa Roinn Gnothaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta

2011  EUR86milliúin
2012  EUR86milliúin
2013  EUR86milliúin
2014  EUR40 milliúin

Caithfear a rá gur laghdú substaintiúil atá i gceist anseo go háirithe nuair a cuirfear san aireamh na laghdaithe atá déanta le roinnt blianta anuas:
2008  EUR149 Milliúin
2009  EUR133 Milliuin
2010  EUR105milliúin

Ó thaobh an caiteachas reatha, tá sé i gceist:
  • Caiteachas Gaeltachta & Oileáin a laghdú EUR1.4 milliúin i 2011(thart ar 5% dén caiteachas iomlán reatha EUR29.5 milliúin)
  • Caiteachas Ciste na Gaeilge a laghdú EUR0.6milliúin i 2011(thart ar 10% dén caiteachas iomlán reatha de EUR6 milliúin)
Beidh níos mo eolais againn sa chainfhaisnéis ar an 7 Nollag cén áit a bhfuil sé i gceist ag an Roinn na ciorruithe seo a chuir i bhfeidhm.

Tá laghdú EUR6.5 milliúin ar dheontas TG4 chomh maith ach beidh ar RTÉ an méid sin a ioc sa bhreis le TG4 as an ioncaim a fhaigheann siad ón ceadúnas teilifíse(mar a bhí molta ag An Bord Snip Nua).


2.  An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Bhí cruinníú ag an Coiste Comhaireachta ar an 17 Samháin áit ar ghlac siad leis an dréacht deiridh dén Straitéis da reir tuairiscí ach níl aon eolas tagtha chun cinn faoi cé hiad na hathruithe a rinneadh ar an Dréacht Straitéis.  Tá sé ráite ag an Aire Carey go mbeidh an Straitéis faomhaithe ag an Rialtas roimh dheireadh na bliana agus foilsithe go luath san Athbhliain. 

Bhí diospóireacht sa Dáil ar an Straitéis ar an 18 Samháin.  Léiríodh tacaíocht laidir don Straitéis agus tá muid buíoch do na páirtithe uilig as an tacaíocht traspháirtí seo.  Is ábhar imní mhór dúinn afach an béim a chuir ionadaithe Fhine Gael ar an gá atá leis an riachtanas Gaeilge don Ard Téist a athrú.  Is feidir na trascríbhinní a léamh anseo ar shuíomh Houses of the Oireachtas/Tithe an Oireachtais. (Ait go leoir má bhrútar an an nasc "Gaeilge" faightear an teachtaireacht:
"Gaeilge Notice
Tá an leagan Gaeilge de shuíomh gréasáin an Oireachtais á réiteach agus beidh sé ar fáil go luath. {The Irish version of the Oireachtas website is under construction and will be available shortly}." ach tá an diospóireacht go léir na trascríbhinní ar an suíomh Bearla!)

Féach ar:

  • Gaeilgeoirí Buailte sa Phlean (Gaelscéal 26/11/2010)


  • €8m bainte de bhuiséad na Gaeilge/na Gaeltachta do 2011 – agus €8m eile le baint go fóill ar iGaeilge!




  • Suantraí an tromluí ar An Codú!

  • Share/Save/Bookmark

    4.11.10

    Ceist bunreachta?

    Bhí fear óg ón nGaeltacht ag troid i gcoinne an Rialtais ar son muintir a dháil cheantair ina bhfuil ceantireacha Gaeltachta ann san Árd Chuairt le roinnt mhíonna anuas. Ceist bunreachtúil a bhí i gceist.

    Cén teanga?
    Tá dualgas ar an chúirt agus ar gach eagras stáit seirbhís Gaeilge a thabhairt dá saoránaigh. Cén fáth mar sin a rognaigh an fear seo a cás a thógaint i mBéarla?

    Tá an ceart sin luaite ar shuíomh an Coimisinéara Teanga:
      "Ceadaíonn an Bunreacht don duine gach gnó – agus gach cuid dá ghnó – a dhéanamh leis an stát trí Ghaeilge agus trí Ghaeilge amháin. Ciallaíonn an ceart bunreachtúil go bhfuil, dá réir sin, dualgais ar chomhlachtaí poiblí na tíre géilleadh don cheart sin."
    Tá an breithiúnas (Béarla) le fail ar suíomh na hÁrd Cúirte, i mBéarla amháin. Tá cnaipe “Gaeilge” ann ar bharr an leathaniagh ach má bhrútar é faightear an teachtireacht seo:
      Content is not available in the English language for this section of Judgments.
      Content is not available in the English language for this section of Judgments. Click on this link to return to the previous page.
      Níl ábhar ar fáil sa Bhéarla don rannóg seo de na Breithiúnais. Cliceáil ar an nasc seo chun filleadh ar an leathanach roimhe seo.
    Ait go leor má théann tú chuig an leagan Gaeilge den suíomh féin, an Leathanach Baile féin má bhrútar ar an cnaipe Breithiúnais ní féidir teacht ar an mbreithiúnas áirithe seo. Bíonn ort an leagan Bearla a úsáid.

     Tá Gaeilge ag an Rialts, deireann said go bhfuil said “lán dairíre” faoi cheist na teangan. Tá Gaeilge ag an-chuid de na brethimh, tá abhchóidí le neart Gaeilge acu. Deirtear linn nár cheart aon abhchóide a bheith ann gan Gaeilge, deineann said scrúdú i nGaeilge sula ndéantaer ina nabhchóide iad! Agus ar ndóigh sí an Ghaeilge teanga bunúsach dlíthúil na Bunreachta.

    Mar sin cén fáth ar thóg an fear Gaeiltachta seo, fear gur ball den pháirtí atá in ainm is a bheith níos mó ar son na Gaeilge ná aon pháirtí eile, cén fáth ar thóg sé an cás seo as Béarla?

    Dúradh linn ar an preas ráiteas atá le fáil ar shuíomh Sinn Féin (arís i mBéarla amháin!) gur bua don daonlathas atá ann anseo. Ach is cosúiul nach bhfuil áit do theanga an-chuid dá chuid vótálaithe i nDún na nGall Thiar Theas.

    Share/Save/Bookmark

    3.11.10

    Bandaí caol-láimhe ar son Ráth Tó!

    Sí seo Eilís Ní Fhearnáin ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar thaithí oibre le Conradh na Gaeilge ag Oireachtas na Samhna 2010 agus í ag déanamh mainicíneachta ar bhandaí caol-láimhe an fheachtais Aitheantas chun airgead a bhailiú do Ghaelscoil Ráth Tó, Co. na Mí, a d’oscail gan aitheantas oifigiúil ón Roinn Oideachais agus Scileanna i mbliana.


    Osclaíodh Gaelscoil Ráth Tó, Co. Na Mí ar an 30 Lúnasa 2010 agus is í an t-aon scoil sa tír a d’oscail gan aitheantas oifigiúil ón Roinn Oideachais agus Scileanna i mbliana. Thóg an coiste bunaithe cinneadh cróga chun dul ar aghaidh leis an scoil in ainneoin gur diúltaíodh aitheantas orthu, agus d’fhógair Conradh na Gaeilge, Glór na nGael, Comhluadar agus An Foras Pátrúnachta go bhfuil siad aontaithe ar thacaíocht a sholáthar do Choiste Bunaithe Ghaelscoil Ráth Tó, an chéad Ghaelscoil le hoscailt ó 2008, faoi ainm an fheachtais Aitheantas. 

    Tá feachtas tiomsú airgid faoi bhun ag an gcomhfhiontar Aitheantas faoi láthair chun costais na scoile a chlúdach, ó nach bhfaigheann Gaelscoil Ráth Tó tacaíocht stáit ar bith gan aitheantas oifigiúil ón Roinn Oideachais agus Scileanna, agus tá crannchur á reáchtáil ar son Ghaelscoil Ráth Tó le geansaithe CLG sínithe as Gaeilge ag foirne Chorcaí, an Dúin, Thiobraid Árann agus Chill Chainnigh mar dhuaiseanna. Tá na mílte bandaí dubha le hinscríbhinn greanta i mbuí á ndíol ag Aitheantas chomh maith, áit go bhfuil an focal Gaeilge agus comhartha le hordóg in airde le feiceáil orthu. Tá costas €1 ar gach ceann; bronntanais bheaga iontacha atá iontu dóibh siúd atá ag freastal ar Ghaelscoileanna, clubanna óige Gaeilge, páistí ó theaghlaigh Gaeilge, cumainn Ghaelacha agus eile, agus téann aon bhrabús ó dhíol na mbandaí caol-láimhe i dtreo an fheachtais Aitheantas agus Ghaelscoil Ráth Tó.

    Is féidir ordú a dhéanamh ar na bandaí caol-láimhe agus tuilleadh eolais ar chrannchur na ngeansaithe sínithe ar son Ghaelscoil Ráth Tó trí ríomhphost a chur go lorcan@glornangael.ie  nó aitheantas@ireland.com

    nó foirm iarratais a sheoladh go:

    Aitheantas,
    f/ch Glór na nGael,
    Ráth Chairn,
    Baile Átha Buí,
    Co. na Mí.


    IS feidir foirm ordaithe a iosloideal ó www.aitheantas.com/

    Aithníodh Ráth Tó i gCo. na Mí mar cheann de na limistéir sin go bhfuil éileamh ardaithe ann do bhunú bunscoileanna le tosú i mbun feidhmíochta i Meán Fómhair 2010 nuair a rinneadh an scéal a fhiosrú i mí Dheireadh Fómhair 2009. Athraigh an Roinn Oideachais agus Scileanna a haigne i mí Feabhra 2010 áfach, agus níor tugadh aitheantas do Ghaelscoil Ráth Tó a oscailt in am don scoilbhliain seo, in ainneoin na fianaise go mbeidh gá le scoil nua i Ráth Tó go luath sna blianta amach romhainn.

    Is léir go bhfuil an-éileamh ann do Ghaelscoil Ráth Tó ó thuismitheoirí Ráth Tó agus ó phobal Ráth Tó trí chéile - bhí breis agus 30 dalta ar an liosta tinrimh sular dhiúltaigh an Roinn Oideachais agus Scileanna aitheantas a thabhairt don scoil i mbliana; tá 10 dalta ag freastal ar an scoil faoi láthair; agus tá 39 dalta do 2011; 35 dalta do 2012; 32 dalta do 2013; agus 9 dalta do 2014 ar chlár na scoile cheana féin. Creideann pobal Ráth Tó gur chóir go mbeadh rogha ag tuismitheoirí Ráth Tó a bpáistí a oiliúint trí Ghaeilge agus tá eagraíochtaí an fheachtais Aitheantas ag obair lámh i lámh lena chinntiú, ní hamháin go n-aithneofar Gaelscoil Ráth Tó, ach go n-úsáidfidh an Roinn Oideachais agus Scileanna soláthar an Ghaeloideachas mar chritéir agus iad ag roghnú áiteanna do scoileanna nua amach anseo freisin.

    Tá sé beartaithe ag na heagraíochtaí gach tacaíocht a thabhairt do phobal Ráth Tó agus iad ag troid ar son cearta tuismitheoirí agus chun freastal mar ba choir a fháil ón Roinn Oideachais agus Scileanna trí aitheantas a thabhairt do Ghaelscoil Ráth Tó láithreach.
    Share/Save/Bookmark