26.10.10

Strátéis mar slánaitheoir?

Beidh saineolaithe i gcúrsaí oideachais, Gaeltachta agus an phobail ag fiafraí an í Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: Réiteach an Scéil? ag Seimineár an Chonartha ag Oireachtas na Gaeilge i Seomra Inis Faithleann, Óstán an Gleneagle, Cill Airne, Co. Chiarraí ag 11.00rn Dé Sathairn, 30 Deireadh Fómhair 2010, agus fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh an bpobal páirt a ghlacadh sa díospóireacht ar an lá.

Pádraig Ó hAoláin
Muireann Ní Mhóráin
Feargal Ó Cuilinn
Is iad Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta; Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG); agus Feargal Ó Cuilinn, Stiúrthóir Comhluadar, a labhróidh mar aoichainteoirí ag Seimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge 2010 agus osclófar an t-urlár do cheisteanna agus plé ón lucht freastail ag deireadh na cainte.

Is é Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an Sheimineár an Chonartha 2010 agus deir sé: “Tá go leor plé agus cainte déanta againn maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ó foilsíodh an chéad dréacht um dtaca seo anuraidh, ach an réiteoidh an Straitéis gach fadhb sa Ghaeltacht agus gach buairt maidir le múineadh na Gaeilge amach anseo?


“Tabharfaidh aoichainteoirí Sheimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge léargas dúinn ar na deacrachtaí agus na deiseanna atá i ndán don Ghaeilge, agus pléifear cad eile gur ghá dúinn a dhéanamh mar phobal beomhar, bríomhar chun an Ghaeilge a chothú agus chun spriocanna na Straitéise ní hamháin a láidriú, ach a shárú faoi cheann 2030.”

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha: “Níl áit níos fearr chun plé a dhéanamh ar chur chun cinn agus ar spreagadh úsáid na Gaeilge in Éirinn ná ag Oireachtas na Samhna, áit go mbailíonn lucht labhartha na teanga le chéile ag an bhféile Ghaeilge is mó ar domhan gach bliain.


“Fearann muid fáilte roimh chách cur leis an bplé tábhachtach seo ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ag Seimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge 2010 mar chuid de cheiliúradh na Samhna agus súil againn go gcuirfidh tuairimí an lucht fhreastail le léargas na saineolaithe a bheidh ag labhairt ar an Satharn.”
Share/Save/Bookmark

14.10.10

I measc na poiliteoirí!


D'eirigh go hiontach leis an lá eolais a d'eagraigh Guth na Gaeltachta agus Conradh na Gaeilge ar an Ceadaoin seo caite in Ostan Buswells i mBÁC. Féach thíos an liosta iomlán de na 82 polaiteoirí a chas linn ar an lá le cás na Gaeilge agus na Gaeltachta a phlé. Ar mbuíochas leo siúd agus leis na daoine uilig as na eagraíochtaí Gaeilge, Comhlachas na gComharchumann Gaeltachta, coistí pobail agus daoine aonoracha a thug cuidiú dúinn ar an lá.

Bhí seastan eolais ag Guth na Gaeltachta ag lá ceiliúradh Pobal na Gaeilge sa 6 chonntae i mBéal Feirste le déanaí chomh maith. Bhí scaifte ollmhór i lathair ag an ocaid seo in Aonach Naomh Sheoirse agus is léargas maith é dén obair leanúnach atá a dhéanamh ag na coistí Gaeilge ó thuaidh agus iad go minic ar bheagan acmhainní. Comhghairdeas leo agus tugaimid chuile tacaíocht doibh ina n-iarrachtaí Acht Teanga a bhaint amach mar a bhí geallta i gComhaontú Cill Ríbhínn.

TEACHTAÍ DÁLA

An Cabhán/Muineachán:
Caoimhghín Ó Caoláin (SF)
Dr. Rory O'Hanlon (FF)
Margaret Conlon (FF)
Seymour Crawford (FG)

An Clár:
Joseph Carey (FG)
Patrick Breen (FG)
Timothy Dooley (FF)
Tony Killeen (FF)

An Longfort/Iarmhí:
James Bannon (FG)
Mary O'Rourke (FF)
Peter Kelly (FF)
William Penrose (LO)

An Mhí - Thiar:
Johnny Brady (FF)

An Mhí - Thoir:
Thomas Byrne (FF)

Baile Átha Cliath Láir:
Cyprian Brady (FF)
Maureen O'Sullivan (NS)

Baile Átha Cliath Theas:
Olivia Mitchell (FG)
Tom Kitt (FF)

Baile Átha Cliath Theas Láir:
Aengus Ó Snodaigh (SF)

Baile Átha Cliath Thiar Láir:
Joanna Tuffy (LO)

Baile Átha Cliath Thiar Theas:
Charlie O'Connor (FF)

Baile Átha Cliath Thoir Thuaidh:
Michael Woods (FF)
Terence Flanagan (FG)

Baile Átha Cliath Thuaidh:
Darragh O'Brien (FF)
James Reilly (FG)
Trevor Sargent (CG)

Ceatharlach/Cill Chainnigh:
Bobby Aylward (FF)
John McGuinness (FF)
Matthew J. Nolan (FF)

Cill Dara Thuaidh:
Áine Brady (FF)
Bernard Durkan (FG)
Michael Fitzpatrick (FF)

Cill Mhantáin:
Joe Behan (NS)

Corcaigh Thiar Theas:
Jim O'Keeffe (FG)
P.J. Sheehan (FG)

Corcaigh Thiar Thuaidh:
Michael Creed (FG)
Michael Moynihan (FF)

Corcaigh Thoir:
David Stanton (FG)
Seán Sherlock (LO)

Dún Laoghaire:
Seán Barrett (FG)

Dún na nGall Thiar Theas:
Dinny McGinley (FG)

Dún na nGall Thoir Thuaidh:
Joe McHugh (FG)
Niall Blaney (NS)

Gaillimh Thiar:
Éamon Ó Cuív (FF)
Michael D Higgins (LO)
Pádraic McCormack (FG)

Gaillimh Thoir:
Michael P. Kitt (FF)
Ulick Burke (FG)

Loch Garman:
Paul Kehoe (FG)

Lú:
Fergus O'Dowd (FG)

Luimneach Thiar:
Dan Neville (FG)

Luimneach Thoir:
Jan O'Sullivan (LO)
Kieran O'Donnell (FG)
Michael Noonan (FG)

Maigh Eo:
Beverley Flynn (FF)
Dara Calleary (FF)
Enda Kenny (FG)
John O'Mahony (FG)
Michael Ring (FG)

Port Láirge:
Brendan Kenneally (FF)
Brian O'Shea (LO)

Roscomán/Liatroim Theas:
Frank Feighan (FG)

Tiobraid Árann Theas:
Mattie McGrath (FF)

Tiobraid Árann Thuaidh:
Máire Hoctor (FF)
Noel J. Coonan (FG)


SEANADÓIRÍ

Brian Ó Domhnaill (FF)
Eugene Regan (FG)
Feargal Quinn (NS)
Fidelma Healy Eames (FG)
Ivana Bacik (LO)
Jerry Buttimer (FG)
Joe O'Toole (NS)
John Paul Phelan (FG)
Labhrás Ó Murchú (FF)
Larry Butler (FF)
Mark Daly (FF)
Mary White (FF)
Maurice Cummins (FG)
Niall Ó Brolacháin (CO)
Paschal Canice Mooney (FF)
Paul Coghlan (FG)
Piaras Ó Dochartaigh (SF)
Share/Save/Bookmark