30.3.10

Imscrúduithe an Choimisinéara Teanga i 2009

Tuairisc an Choimisinéara Teanga don bhliain 2009 foilsithe.
Méadú 15% ar líon na ghearáin ó 2008.

Tuarascáil Bhliantúil 2009

Cuireadh níos mó gearán ón bpobal i láthair Oifig an Choimisinéara Teanga maidir le deacrachtaí nó fadhbanna le seirbhísí stáit trí Ghaeilge le linn 2009 ná mar a cuireadh in aon bhliain eile ó bunaíodh an Oifig.

Léiríonn Tuarascáil Bhliantúil na hOifige a foilsíodh inniu go ndearnadh 687 gearán éagsúil leis an Oifig le linn na bliana 2009 – méadú 15% ar an mbliain roimhe sin.

Réitíodh formhór mór na gcásanna sin trí chomhairle a chur ar an ngearánach nó trí idirbheartaíocht neamhfhoirmiúil leis an gcomhlacht poiblí cuí.

Sa chás nárbh fhéidir teacht ar réiteach ar an mbealach sin, tionscnaíodh imscrúduithe foirmiúla.

Seoladh 17 gcinn d’imscrúduithe foirmiúla le linn na bliana 2009 sa bhreis ar phéire a bhí fós idir lámha ó dheireadh na bliana roimhe sin. Tugadh chun críche 16 cinn de na himscrúduithe sin agus scoireadh de phéire eile nuair a thángthas ar chomhaontuithe sásúla. Bhí imscrúdú amháin fós idir lámha ag deireadh na bliana.

Cinneadh i dtrí imscrúdú éagsúla gur sháraigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte dualgais reachtúla teanga. Chruthaigh dhá imscrúdú ar leith go raibh dualgais sáraithe ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus b’amhlaidh an scéal i gcás amháin ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus ag Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim.

Rinne dhá údarás áitiúla, Comhairle Contae na Gaillimhe agus Comhairle Contae Fhine Gall, faillí ina ndualgais reachtúla teanga de réir imscrúduithe. Bhí teip i gcomhlíonadh dualgais reachtúla teanga i gceist freisin i gcás na gcomhlachtaí poiblí seo a leanas: an Chomhairle Ealaíon, Ard-Mhúsaem na hÉireann, Oifig an Choimisinéara Faisnéise agus Iarnród Éireann.

Má theip ar chomhlachtaí poiblí dualgais teanga ar leith a chomhlíonadh go cuí, ní hionann sin agus a rá go raibh faillí á déanamh acu i leith dualgais teanga go ginearálta.

Ón nGaeltacht a tháinig an ceathrú cuid de na gearáin a rinneadh anuraidh leis an gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin. Ar bhonn réigiúnach, tháinig 38% de na gearáin ó Chontae Bhaile Átha Cliath agus 16% de na gearáin ó Chontae na Gaillimhe.

Níl i ndéileáil le gearáin ach gné amháin d’obair Oifig an Choimisinéara Teanga.

Tugadh faoi mhionchlár iniúchtaí ar chomhlachtaí poiblí le monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla. Bhain na hiniúchtaí sin le gnéithe ar leith de na dualgais dhíreacha faoin Acht féin, leis na Rialacháin atá déanta faoin Acht agus le scéimeanna reachtúla teanga.

Anuas air seo, rinne fostaithe i gcomhlachtaí poiblí 377 iarratas i rith na bliana i dtaca le comhairle a fháil maidir lena ndualgais teanga. B’ionann sin agus méadú 153% ar an mbliain roimhe sin agus tharla sé, tríd is tríd, de thoradh theacht i bhfeidhm na Rialachán nua maidir le húsáid na Gaeilge ar chomharthaíocht agus ar stáiseanóireacht.

Seoladh feachtais eolais le linn na bliana chomh maith i dtaca le húsáid na Gaeilge sna cúirteanna agus ar chomharthaí tráchta.

Agus é ag seoladh na Tuarascála Bliantúla, dúirt an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, go raibh forbairt déanta ag cuid mhór den státchóras ar líon agus ar chaighdeán na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge agus go raibh méadú ar thuiscint an phobail agus an státchórais ar chearta teanga.

“Os a choinne sin, tá bearnaí suntasacha fós idir leibhéal na seirbhíse a sholáthraítear trí Ghaeilge i gcomparáid leis na seirbhísí céanna sin trí Bhéarla. Tionscnamh fadtéarmach a bheidh ann a chinntiú go líonfar na bearnaí sin,” a dúirt sé.

“Go ginearálta, is dócha go bhfuil seasamh na Gaeilge ag leibhéal náisiúnta níos daingne anois ná ag aon tréimhse eile le deireanas. Tá a bhfuil i ndán don Ghaeilge mar theanga bheo phobail, áfach, fiú sna ceantair is láidre Ghaeltachta ag an leibhéal is leochailí dá bhfuil ann – ag pointe géarchéime más fíor do chuid den lucht anailíse – go háirithe i measc an aosa óig. Cé go leanfaidh mórán ag labhairt na Gaeilge, teastaíonn toirt chriticiúil le go mairfidh sí mar theanga phobail. Ní go fánach a dhéanann tuismitheoirí Gaeltachta rogha teanga dá gclann agus cibé rogha a dhéanann siad, déantar chun leas na bpáistí é. Gach uair a chuireann oifigigh stáit iallach ar chainteoirí Gaeilge an Béarla a roghnú, daingníonn siad teachtaireacht dhiúltach. Caithfear eagraíochtaí pobail sa Ghaeltacht a chumasú le cinntiú go gcloistear glór na Gaeltachta agus nach gcuirtear ina thost é,”
a dúirt sé.

“Caithfidh an Straitéis 20 Bliain atá beartaithe don teanga a bheith láidir a dhóthain le dul i ngleic le daingniú na Gaeilge mar theanga bheo phobail sa Ghaeltacht mar cheann amháin dá croícheisteanna. Nuair a aontófar an Straitéis, tá sé riachtanach go gcuirfear tús éifeachtach agus gasta lena cur i bhfeidhm iomlán. Mura raibh seo le tarlú, agus go rabhthas le caitheamh léi mar a tharla le hiliomad tuarascálacha inmholta roimhe seo, b’fhearr dá gcaithfí i leataobh anois í ar mhaithe le tuilleadh soiniciúlachta a sheachaint. Beart de réir briathra a theastaíonn in áit focail mhilse,” a dúirt Seán Ó Cuirreáin.

An Coimisinéir Teanga: Seán Ó Cuirreáin

Comhairle Contae na Gaillimhe

Rinne an Coimisinéir Teanga sraith moltaí tar éis imscrúdú a léirigh gur sháraigh Comhairle Contae na Gaillimhe dualgais reachtúla teanga nuair a cuireadh oifigeach de chuid na Comhairle gan líofacht saGhaeilge i mbun oibre i gceantar Gaeltachta an Spidéil i gCo. na Gaillimhe. Léirigh an t-imscrúdú freisin go raibh sárú breise i gceist sa chás céanna nuair a eisíodh freagra i scríbhinn i mBéarla ar chumarsáid i nGaeilge.

Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim
Léirigh imscrúdú gur sháraigh Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim foráil de chuid Acht na dTeangacha Oifigiúla nuair nár comhlíonadh gealltanais ina scéim teanga maidir le foilsiú 20% dá preasráitis go dátheangach agus maidir le suíomh gréasáin scáthánaithe dátheangach a chur i gcrích.

Chonacthas don Choimisinéir Teanga nach raibh cleachtas na heagraíochta inghlactha agus í ag foilsiú an leagain Ghaeilge de phreasráitis ar bhonn siarghabhálach ar a suíomh gréasáin tar éis moille, in amanna, idir ceithre agus naoi mí ó chéadfhoilsiú na bpreasráiteas i mBéarla.

Imscrúdú scortha
Rinneadh imscrúdú eile a scor nuair a thug Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim dearbhuithe faoi úsáid na Gaeilge i bhfoilseacháin a d’eiseofaí don phobal i gcoitinne feasta maidir le hathruithe cánach cáinaisnéisí.

Ard-Mhúsaem na hÉireann
Rinne an Coimisinéir Teanga seacht gcinn de mholtaí tar éis dó teacht ar chinneadh go raibh Ard-Mhúsaem na hÉireann ag sárú dualgais reachtúla teanga faoin National Cultural Institutions Act 1997 maidir le líon leordhóthanach foirne a bheith ag an eagraíocht sin a bhí inniúil sa Ghaeilge chun seirbhísí a sholáthar sa teanga sin chomh maith lena soláthar trí Bhéarla.

Tháinig sé chun solais le linn an imscrúdaithe nach raibh cumas sa Ghaeilge tugtha mar riachtanas i gcás aon cheann de na 103 folúntas a líonadh agus foireann bhreise á ceapadh ag an Ard-Mhúsaem ó thús feidhme na reachtaíochta i mí na Bealtaine 2005. Tugadh le fios go raibh an Ghaeilge “inmhianaithe” i gcás 17 gcinn de na folúntais ach ní dhearnadh aon tagairt ar chor ar bith do chumas sa teanga sna 86 cás eile, d’ainneoin an riachtanais faoin reachtaíocht dóthain foirne a cheapadh le hinniúlacht sa Ghaeilge.

Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
Léirigh imscrúdú gur sháraigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Acht na dTeangacha Oifigiúla agus í i mbun cumarsáide leis an bpobal maidir le heipidéim fhliú na muc. Sholáthair an Fheidhmeannacht comharthaí i mBéarla amháin maidir le fliú na muc do chomhlachtaí poiblí lena gcur in airde in aerfoirt, i gcalafoirt agus in ospidéil, i measc áiteanna eile, agus scaip an Fheidhmeannacht leabhrán faisnéise i mBéarla amháin i mí na Bealtaine 2009 ar an bpobal i gcoitinne. Ós rud é go raibh dóthain ama ag an bhFeidhmeannacht chun an leabhrán faisnéise i mBéarla a ullmhú agus a dhearadh, chonacthas don Choimisinéir Teanga nárbh fhiú trácht ar an méid moille a bheadh i gceist chun leabhrán, ina raibh beagán le cois míle focal, a aistriú go Gaeilge.

Léirigh imscrúdú eile go raibh sárú déanta ag an bhFeidhmeannacht ar fhoráil d’Acht na dTeangacha Oifigiúla maidir le cur i bhfeidhm gealltanas áirithe dá scéim teanga do Limistéar an Iarthair. I measc na ngealltanas a sáraíodh, bhí forálacha maidir le leaganacha dátheangacha d’fhoirmeacha a bheith ar fáil, gealltanais maidir le hearcaíocht agus socrúcháin i gceantair Ghaeltachta, cúram othar a bheith ar fáil sna hospidéil i rogha teanga an othair, agus aonad riaracháin Gaeilge ar leith le foireann le Gaeilge líofa a bheith bunaithe i nGaeltacht na Gaillimhe.

Léirigh imscrúdú eile gur sháraigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Acht na dTeangacha Oifigiúla nuair a scaipeadh cumarsáid i mBéarla amháin maidir leis an leicneach i mí an Aibreáin 2009. Scaipeadh an chumarsáid i mBéarla amháin ar gach dalta dara leibhéal ón Idirbhliain go dtí an Ardteistiméireacht agus ar a gcuid tuismitheoirí/caomhnóirí.

Ní bhfuarthas aon sárú ar dhualgais teanga, áfach, nuair a fiosraíodh gearán maidir le cúinsí teanga a bheith curtha san áireamh agus cúram iarobráide á shocrú d’othair i gContae na Gaillimhe.

An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Léirigh imscrúdú gur sháraigh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta foráil de chuid Acht na dTeangacha Oifigiúla nuair nár comhlíonadh gealltanais ina scéim teanga chomh fada is a bhain sé le tosaíocht a thabhairt d’fhoireann le hinniúlacht sa Ghaeilge a chur ar dualgas i rannóga riaracháin a sholáthraíonn seirbhísí do bhunscoileanna sa Ghaeltacht agus do Ghaelscoileanna. Chomh maith leis sin, theip ar an Roinn an céatadán d’ábhar Gaeilge ar a suíomh gréasáin a mhéadú go 30% agus leaganacha Gaeilge de phreasráitis inar fógraíodh scéimeanna nua nó athruithe polasaí a fhoilsiú. Níor cuireadh i bhfeidhm ach an oiread gealltanas maidir le huimhir theileafóin thiomnaithe a sholáthar le haghaidh fiosrúchán i nGaeilge.

Léirigh imscrúdú eile gur sháraigh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta Acht na dTeangacha Oifigiúla maidir le cumarsáid a fhreagairt sa teanga oifigiúil chéanna i gcás freagra a eisíodh ag Oifig an Aire chuig cathaoirleach bord bainistíochta gaelscoile.

An Roinn Gnóthaí Eachtracha
Léirigh imscrúdú gur sháraigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfoilsiú trí Bhéarla amháin a dhéanamh ar an doiciméad ar a dtugtar White Paper – The Lisbon Treaty 2009, fad is a bhí an leagan Gaeilge fós á ullmhú, in ainneoin na forála reachtúla gur gá doiciméid ina leagtar amach tograí beartais phoiblí a fhoilsiú go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla.

Oifig an Choimisinéara Faisnéise
Léirigh imscrúdú gur sháraigh Oifig an Choimisinéara Faisnéise foráil de chuid Acht na dTeangacha Oifigiúla nuair nár comhlíonadh go cuí gealltanas amháin ina scéim teanga maidir le príomhchinntí an Choimisinéara Faisnéise a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na hOifige go comhuaineach agus go dátheangach.

An Chomhairle Ealaíon
Chinn an Coimisinéir Teanga tar éis imscrúdú go raibh an Chomhairle Ealaíon ag sárú dhá fhoráil éagsúla reachtúla a bhain le húsáid na Gaeilge agus preasráitis á n-eisiúint aici. Bhain foráil amháin le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus bhain an fhoráil eile leis an Acht Ealaíon 2003. Chinn an Coimisinéir Teanga nár leor go n-eiseofaí preasráiteas i dteanga amháin i dtosach agus go bhfoilseofaí sa teanga eile é ar shuíomh gréasáin trí lá níos déanaí ar an meán nó, go deimhin, aon tréimhse níos déanaí.

Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
Léirigh imscrúdú nár sháraigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a dualgas reachtúil teanga i gcás comharthaí nua leictreonacha, a raibh teachtaireachtaí inathraithe orthu i mBéarla amháin, a chur in airde ag fógairt tosaíochta d’iompar poiblí ag Faiche an Choláiste i gCathair Bhaile Átha Cliath. Leasaíodh an riachtanas a bhí ann a leithéid de chomharthaíocht a bheith déanta i bhformáid dhátheangach agus foilsíodh an leagan nua den Lámhleabhar do Chomharthaí Tráchta ar shuíomh gréasáin na Roinne Iompair Oíche Nollag 2008.

Coimisiún na Scrúduithe Stáit
Léirigh imscrúdú nár sháraigh Coimisiún na Scrúduithe Stáit foráil den Acht Oideachais 1998 i dtaca le cinntiú go raibh inniúlacht sa Ghaeilge ag scrúdaitheoirí agus ag scrúdaitheoirí comhairleacha na scrúduithe stáit a roghnaíodh le marcáil a dhéanamh ar pháipéir a freagraíodh sa teanga sin.

Eile
Léirigh imscrúdú gur sháraigh Comhairle Contae Fhine Gall Acht na dTeangacha Oifigiúla nuair a scaipeadh leabhrán faisnéise ar an bpobal i gcoitinne i gceantar feidhme na Comhairle i mBéarla amháin agus gur sháraigh Iarnród Éireann an reachtaíocht i gcás inar scaipeadh bileog eolais i mBéarla amháin ar aicme den phobal i gcoitinne.

An Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí
Imscrúdú scortha
Rinne an Coimisinéir Teanga cinneadh imscrúdú a scor i gcás a bhain leis an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí nuair a tugadh dearbhú ar leith maidir le Lámhleabhair Shaorála Faisnéise (Alt 15 & 16) na Roinne a fhoilsiú go dátheangach i gcomhréir le gealltanas ina scéim reachtúil teanga.

Tá an tuairisc iomlán le fáil ar shuíomh an Choimisinéara
Share/Save/Bookmark

25.3.10

Dianchúrsa ullmhúcháin i gcruinneas na Gaeilge

Ó bhain an Ghaeilge stádas oifigiúil amach san Aontas Eorpach agus ó achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá deiseanna nua fostaíochta ann dóibh siúd a bhfuil ardscileanna scríofa acu sa teanga. Tá go leor daoine a bhfuil líofacht acu sa Ghaeilge ach nach bhfuair deis cheart riamh gramadach chruinn a fhoghlaim nó cur lena scileanna scríofa. Tá Gaelchultúr chun dianchúrsa ullmhúcháin i gCruinneas na Gaeilge a reáchtáil idir lár mhí na Bealtaine agus lár mhí Lúnasa 2010 chun cabhrú le daoine dul i ngleic leis an bhfadhb seo. Tá an tionscnamh á mhaoiniú ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

Tá an cúrsa páirtaimseartha seo dírithe orthu siúd ar mian leo iarratas a chur isteach ar chúrsa iarchéime Gaeilge – MA san aistriúchán, cuir i gcás – ach a mheasann nach bhfuil an caighdeán cuí bainte amach acu. Tá sé oiriúnach chomh maith do dhaoine a bhíonn ag obair trí mheán na Gaeilge ar bhonn laethúil – iriseoirí, státseirbhísigh agus aistritheoirí, mar shampla – ar mian leo barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna scríofa Gaeilge. €450 an táille a bheidh i gceist.

Díreofar sa dianchúrsa ar chruinneas gramadaí, ar chúrsaí stíle agus ar an aistriúchán. Cuirfear béim chomh maith ar na háiseanna teicneolaíochta atá ar fáil sa Ghaeilge, cinn ar líne ina measc.

‘Déanfaidh na rannpháirtithe an chuid is mó den chúrsa seo ar líne ach eagrófar ceithre sheisiún sa seomra ranga chomh maith,’ a deir Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir. ‘Beidh na seisiúin seo ar siúl ar an Satharn i gceanncheathrú Ghaelchultúir i mBarra an Teampaill i mBaile Átha Cliath. Cruthófar cuntas do na rannpháirtithe ar shuíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, ranganna.com, agus beidh deis acu ceachtanna idirghníomhacha a dhéanamh ar an suíomh sin agus aiseolas a fháil láithreach. Cuirfear fóram ar fáil dóibh ar ranganna.com chomh maith, áit a mbeidh siad in ann ábhar an chúrsa a phlé le mic léinn eile agus lena dteagascóir.’
Share/Save/Bookmark

24.3.10

Rás 2010 - an ceol


Seo amhrán agus iomhánna ó Rith 2010.


Seo tuairisc ar Rith 2010


Seo an réamh poiblíocht (Tá smaoineamh Rith 2010 bunaithe ar Korrika i dTír na mBascach.
Share/Save/Bookmark

Neamhaird déanta ar dhaltaí le hard-chaighdeán sa siollabas nua Gaeilge

Is cúis mhór imní do Gaelscoileanna Teo. gur foilsíodh siollabas leasaithe Gaeilge don Ardteist an tseachtain seo caite a dhéanann neamh-aird ar dhaltaí ar ard-leibhéal Gaeilge. I ngeall ar laghdú suntasach a bheidh ag teacht ar an gcúrsa litríochta, agus méadú ar líon na marcanna a bhronnfar ar an mbéaltriail, beidh impleachtaí ollmhóra ann do chaighdeán Gaeilge na ndaltaí. Is é an toradh a bheidh ar na hathruithe seo ná nach mbeidh dúshlán feiliúnach ag daltaí sna Gaelcholáistí sa chúrsa Gaeilge ag leibhéal na hArdteiste ná ag daltaí sna scoileanna trí mheán an Bhéarla a bhfuil ardchumas sa Ghaeilge acu. Tá ardchaighdeán Gaeilge sna Gaelcholáistí riachtanach chun go mbeidh daltaí in ann dul i ngleic leis na hábhair eile atá á nglacadh acu trí mheán na Gaeilge ag leibhéal na hArdteiste. Gan an leibhéal Gaeilge cuí bheadh brú breise orthu tabhairt faoi na hábhair eile trí Bhéarla.

Tá siad ag éileamh ar an Aire Coughlan sa Roinn Oideachais, (Béarla le píosaí i nGaeilge) a chinntiú go mbeidh ábhar iomlán breise ar fáil ag ardleibhéal na hArdteiste don Ghaeilge, ábhar a rachadh i ngleic leis na dúshláin sa scríbhneoireacht atá ann ag an leibhéal seo faoi láthair. Thabharfadh an t-ábhar seo deis do na daltaí a bhfuil leibhéal ard Gaeilge acu forbairt a dhéanamh ar a scileanna teanga agus tuiscint cheart a fháil ar oidhreacht liteartha na Gaeilge. Sa siollabas Béarla leagtar an-bhéim ar chúrsaí litríochta, rud a chuireann go mór le saibhreas cultúrtha agus forbairt scileanna an dalta. Leis an laghdú seo ar litríocht na Gaeilge, ardaítear an cheist faoi luach na teanga i gcomórtas leis an mór-theanga, Béarla.

Anuas ar an laghdú suntasach seo ar an gcúrsa litríochta tá slad iomlán déanta ar an gcúrsa 'stair na Gaeilge'. Cé go mbeidh marcanna breise ag dul don bhéaltriail ní léir go fóill cé mhéid de dhúshlán breise a bheidh ann do dhaltaí a bhfuil leibhéal maith Gaeilge acu cheana féin. Ní léir ach an oiread cén chóras measúnachta a bheidh ann don bhéaltriail nua.

Ag labhairt faoin gcás dúirt Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna Teo. "Is ábhar an-mhór mhíshástachta é eisiúint an chiorcláin seo a fhógraíonn athraithe an-mhór sa chúrsa ardteiste don Ghaeilge i ngeall ar an easpa comhairliúcháin a rinneadh le páirtnéirí agus le scoileanna agus an easpa fógra do scoileanna ina leith le cur ar a gcumas an t-ullmhúchán cuí a dhéanamh. Beidh impleachtaí an- mhór ann do scoileanna agus tá an baol ann nach n-éireoidh leis na daltaí caighdeán ard Gaeilge san Ardteist a bhaint amach mar atá á dhéanamh faoi láthair. An toradh a bheidh ar sin ná nach mbeidh dóthain daoine le Gaeilge mhaith ann le tabhairt faoin saol oibre ina mbeadh Gaeilge de dhíth orthu dó, mar shampla, don mhúinteoireacht. Mura dtugtar dúshláin a dhóthain sa teanga ní fhásfaidh sí amach anseo ó thaobh na litríochta, na hiriseoireachta agus eile. Tubaiste a bheadh ann do na coláistí oiliúna agus do thodhchaí na Gaeilge."
Share/Save/Bookmark

23.3.10

Bia sláintiúil i mBaile Bhuirne

Osclaíodh ionad nua Independent Bia Sláintiúil na hÉireann Teo (Béarla) ar Pháirc Ghnó Údarás na Gaeltachta i mBaile Bhuirne le déanaí. Bunaíodh Bia Sláintiúil Teo i bhFearann Fuar i gCo. Chiarraí in 2008 agus chinn an comhlacht athlonnú go Baile Bhuirne de bharr spás níos mó agus níos nua aimseartha a bheith ar fáil. Tá sé beartaithe ag stiúrthóirí an chomhlachta, Richard Wilkins agus Henry Bartlett, scála oibriúcháin an ghnó a leathnú agus dul i mbun táirgíochta. Beidh 15 post nua breise á gcruthú anuas ar an 47 duine atá fostaithe sa chomhlacht faoi láthair.

Agus é ag caint ag an oscailt, labhair Richard Wilkins ar rathúlacht an ghnó ó bunaíodh é in 2008. “Tá fás gasta tagtha ar an mhargadh bia sláinte sa tír seo agus tá Bia Sláintiúil na hÉireann Teo ag leathnú chun freastal ar éileamh an mhargaidh sin. Soláthraíonn muid an chuid is mó de shiopaí sláinte na hÉireann agus beidh muid ag forbairt an ghnó trí dul i mbun táirgíochta chomh maith le díriú ar ár ngnó dáileacháin atá ag fás i gcónaí. Cuidíonn an t-ionad nua seo, atá curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta, lenár bpleananna leathnúcháin a chur i bhfeidhm agus cinnteoidh an spás breise gur féidir leis an ghnó fás agus forbairt sa todhchaí. Tá muid ag feidhmiú i margadh an-iomaíoch agus tacóidh an t-athlonnú seo linn clú an ghnó a neartú.”

Dúirt Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, go raibh an tÚdarás an-sásta a bheith ábalta forbairt agus leathnú an ghnó a éascú. “Bhí riachtanais an chomhlachta soiléir – spás gnó oiriúnach agus infreastruchtúr riachtanach – agus bhí sé sin le fáil i nGaeltacht Mhúscraí. Nuair a fheictear na deacrachtaí atá ag gnólachtaí san aeráid eacnamaíochta reatha, is údar misnigh é gnó mar seo a fheiceáil ag fás agus ag bogadh ar aghaidh lena bpleananna leathnúcháin."

Share/Save/Bookmark

16.3.10


Beidh Gaelscéal, "an nuachtán seachtainiúil Gaeilge is nuálaí, is bríomhaire agus is tráthúla dá bhfuil ann," ar fáil sna siopaí gach Aoine ón 26ú Márta, 2010. Deirtear go dtabharfaidh sé spléachadh do léitheoirí fud fad oileán na hÉireann ar chúrsaí reatha, idirnáisiúnta, náisiúnta agus réigiúnach; oideachas, spórt, cúrsaí saoil, caitheamh aimsire maraon le saol na Gaeilge & na Gaeltachta.

Is nuachtán ildaite, 32 leathanach i bhfoirm tablóideach atá ann a bheidh ar fáil ar fud na 32 condae agus ar shíntúis thar lear. Cuirfidh a suíomh idirlíon www.gaelsceal.ie áis idirghníomhach ar-líne ar fáil do Ghaeil chun iad féin a chur in iúl tré fís, fuaim & focal, chomh maith le caighdeán árd scríbhneoireachta an nuachtáin féin. (agus é seo á scríobh ní raibh fáil air ach beidh sé le fáil go luath!)

Amach anseo, tabharfaidh fóraim agus blaganna deis do dhaoine gur suim leo, a dtuairimí a nochtadh ar iliomad ábhar. Beidh béim faoi leith ar úsáid na meáin dhigitigh chun ábhar oideachasúil agus eile a fhorbairt.

Scéalta

Má tá suim agat scéalta a chur cuchu nó eolas faoi imeachtaí nó grianghraf nó fógra chuir istigh ann, seo an seoladh r-phoist: eolas@gaelsceal.ie

Ná déan dearmad inseacht don nuachtánaí is ansa leat cóipeanna do Gaelscéal a ordú dhuit.
Share/Save/Bookmark

12.3.10

Íte Ní Chionnath

Bronnfar Gradam Seachtain na Gaeilge 2010 ar Íte Ní Chionnath anocht i gClub an Chonartha, i mBaile Átha Cliath.

Tá Íte Ní Chionnaith ina ball de Chonradh na Gaeilge ó 1968 agus bhí sí ina hUachtarán ar an gConradh ar feadh ceithre bliana, 1985-1989, an chéad bhean a bhain an gradam sin amach.

Ghlac sí páirt ghníomhach i bhfeachtais éagsúla Chonradh na Gaeilge thar na blianta, ach go háirithe an Feachtas Teilifíse, agus bhi sí ar an gcéad duine as 15 a cuireadh go príosún le linn na tréimhse 1977-1993 san fheachtas sin.

Chaith Íte seachtain ina príosúnach i Mí Eanáir 1977 toisc gur sheas sí go díongbhalta lena prionsabail san fheachtas ar son bhreis chláracha Gaeilge ar RTÉ. Lean sí lena dúshláin don Stáit trí dhiúltiú íoc as ceadúnas teilifíse nuair a scaoileadh saor í go dtí go mbainfí aidhmeanna an fheachtais amach agus gur bunaíodh stáisiún teilifíse Gaeilge.

Bhí sí rannpháirteach freisin san Fheachtas Cearta Teanga a thionscnaigh Conradh na Gaeilge ag lorg stádas reachtúil don Ghaeilge, beart a baineadh amach ar deireadh nuair a cuireadh Acht na dTeangacha Oifigiúla i bheidhm sa bhliain 2003.

Is beag gné d'obair an eagrais nach raibh páirt ghníomhach ag Íte Ní Chionnaith ann ó 1968 ar aghaidh, ina measc: Clódhanna Teoranta, an chuideachta a fhoilsíonn Feasta, iris Chonradh na Gaeilge, agus a reachtálann an Siopa Leabhar; Ógras, óg-eagras an Chonartha; Oireachtas na Gaeilge, féile náisiúnta chultúrtha Chonradh na Gaeilge, ar ar chaith sí tréímhse freisin mar Chathaoirleach; agus mórán fochoistí eile ina raibh ról lárnach aici i bhforbairt iliomad polasaithe an eagrais thar na blianta.

Bhí sí ina heagarthóir ar Feasta 1979-1980; rinne sí moltóireacht ar chomórtais liteartha éagsúla an Oireachtais; chuir sí Gaeilge ar théacsleabhair chreidimh do bhunscoileanna; reachtáil sí ranganna agus dianchúrsaí Gaeilge do thuismitheoirí Ghaelscoil Inse Chór, chomh maith le scoláireachtaí agus turais Ghaeltachta a eagrú do na tuismitheoirí agus dá bpáistí; agus is liosta le háireamh an líon mór rudaí eile a rinne sí mar ghnáthbhall de Chonradh na Gaeilge agus mar bhall den Choiste Gnó thar na blianta.

Bhí sí páirteach chomh maith i gCoiste na hÉireann den Bhiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana ó 1983-1995 agus ba bhall í den choiste a dhréachtaigh chéadpholasaí craolacháin an Bhiúró.

Foilsíodh ailt agus filíocht dá cuid in irisí an Chonartha agus in irisí eile thar na blianta agus is minic go mbíonn sí pairteach i gcláracha nuachta agus cúrsaí reatha ar RTÉ, Raidió na Gaeltachta agus TG4.

Tá sí ina Léachtóir Sinsearach le Gaeilge i Scoil na Meán, in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, áit a bhfuil sí ag múineadh ann ó 1979 i leith. Bíonn sí ag teagasc ar an gcúrsa BA san Iriseoireacht le Teanga (Gaeilge) agus an BA in Ealaíona na Meán Cumarsáide.

Bhí Íte ina Stiúrthóir ar an nuachtán Cumarsáid ó 1980 i leith agus ina bunaitheoir ar an iris Tairseach i 2006, foilseacháin de chuid Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.


Share/Save/Bookmark

9.3.10

An tÚdarás ós comhair an chomchoiste!

Ag deireadh mhí na Samhna, foilsíodh an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge i bhfoirm dréachta, agus ó shin i leith tá an dréachtstraitéis chéanna faoi chaibidil ag an gComhchoiste Dála um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.


An tAcadamh, an tÚdarás, agus Fiontar os comhair an Chomhchoiste Oireachtais (Gaelport; 24 Márta'10)

Go dtí seo tá deis tugtha ag an gComhchoiste Dála seo d’eagraíochtaí náisiúnta Gaeilge agus d’eagraíochtaí Gaeltachta tionchar a imirt ar an straitéis ach a gcuid tuairimí a chur i láthair os comhair an Chomhchoiste. Le linn mhí Eanáir, tugadh cuireadh do shé eagraíocht Ghaeilge agus duine aonair amháin teacht os comhair an Chomhchoiste agus a dtuairimí maidir le Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i láthair.

Bhí ionadaithe ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Pobal, Comhluadar, TG4 agus Foras na Gaeilge chomh maith leis an taighdeoir agus gníomhaire pobail, Donncha Ó hÉallaithe i measc na ndaoine a bhí i láthair. (Tuairisc!)

I dtreo dheireadh mhí Feabhra, thaisteal toscaireacht de chuid an Chomhchoiste go dtí Conamara, áit ar tugadh an deis d’eagraíochtaí Gaeltachta a bhíonn ag plé le cur chun cinn na Gaeilge ar bhealaí éagsúla a dtuairimí i dtaobh na straitéise a chur os comhair an Chomhchoiste. Tá liosta ar fáil anseo de na heagrais a bhí i láthair chun léargas a thabhairt don chomhchoiste ar staid na Gaeilge sa Ghaeltacht, agus na himpleachtaí teanga a bhaineadh le cur i bhfeidhm na straitéise sa tréimhse fiche bliain amach romhainn.

Seo mar shampla aighneacht Guth na Gaeltachta. Le linn na deireadh seachtaine céanna, d’fhreastail toscaireacht de chuid an Chomhchoiste ar Thóstal na Gaeilge, chun tuairimí an phobail i leith na straitéise a bhailiú.

Baileoidh lucht an Chomhchoiste le chéile amárach(10 Márta 2010) i dTeach Laighean ag 2pm, áit a ndéanfaidh ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Fiontar DCU cur i láthair ar na láidreachtaí agus na laigí a bhaineann leis an dréachtstraitéis, agus ar na hathruithe a fheictear dóibh a bhfuil gá iad a chur i bhfeidhm ar an straitéis sula gcuirfear í i bhfeidhm.

Ag labhairt dó ag Tóstal na Gaeilge le déanaí, dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeilge, Pádraig Ó hAoláin, gur deis a bhí sa straitéis chun tús a chur le ‘ré nua radacach’ don teanga.
Share/Save/Bookmark

8.3.10

Figiúirí facebook!


Tá an leathanach facebook Seirbhís Poiblí tré Ghaeilge ar an saol le breis is dhá mhí anuas. Bunaíodh é chun díriú ar an easpa seirbhís tré Gaeilge ó ranna rialtais, gnóanna poiblí agus príobháideach do phoball na Gaeilge.

Sílim go bhfuil sé spéisiúil na staitisticí a fheiscint ar a tharla ó shin.


Seirbhís poiblí tré Ghaeilge
Déimeagrafaic
38% Fir
51% Mná

Aois Ghrúpa
2% 13-17
30% 18-24
29% 25-34
20% 35-44
8% 45-54
12% 55+
Bhí níos mó ná 3700 cuairteoirí chuige ón 1 lá Feabhra 2010 go dtí inné (6 Márt 2010).

Tá 173 leantóirí ag an leathanach agus an 3ú lá Feabhra an lá is fearr ó thaobh Leantóirí nua, le 29 daoine nua.

Is as na tíortha éagsúla seo a tháinigh formhór na cuairteoirí: Éire 68%; An Ríoch Aontaithe (sic) 14%; Na Stáitaí 10%; An Fhrainc 2%; Ceanada 2%;
Bhí cuairteoirí eile ó An Ísiltír, An Astráil, An Bheilg, An Danmhairg, An Spáinn, An Pholainn, An Rúis, An tSlóvaic, An Tuirc, An Liotuáin, An Ostair, An Ungáir, Na Bahámaí agus an An Iorua chuigh an leathannach chomh maith. Agus tá 68% dár leantóirí lonnaithe i mBaile Átha Cliath, níos mó ná leath de na leantóirí as Éirinn!

Úsáideann 69 (39.88%) an leagan Gaeilge de Facebook. Más mian leatsa an leagan Gaeilge a úsáid, féach thíos ag bun an leathannach facebook agat ar thaobh do láimhe chlé agus deireann sé pé teanga atá á úsáid agat anois. Brú ar sin agus is féidir leat do rogha teanga a roghnú!
Share/Save/Bookmark

1.3.10

Éigse Uladh 2010

Éigse Uladh 2010

"Forbairt Pobail agus Pleanáil Teanga i gcomhthéacs an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i dtaca leis an Ghaeltacht"


Dé hAoine 5 Márta
8:15 Foscladh oifigiúil na hÉigse le Tomás Mac Giolla Bhríghde, Gaoth Dobhair

8:30 Caint na hÉigse le Séamus Mac Giolla Chóill, ón Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta
'An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge dúshláin agus deiseanna do phobal na Gaeltachta'
Cathaoirleach: Domhnall Ó Cnáimhsí

10:00 Suipéar & Ceol leis an "Crann Óg"

Dé Sathairn 6 Márta

12:00 Taispeántas pictiúir le Mícheál Ó Domhnaill ó Acadamh na hOllscoile

8:00 Forum Díospóireachta "Góide atá romhainne sa Ghaeltacht i dtaca leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge?"
Cainteoirí : Aodh Mac Laifeartaigh, Céim Aniar Na Dúnaibh; Seamus Mac Géidigh, Ceannaire áitiúil Raidió na Gaeltachta; Domhnall Ó Cnáimhsí, Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair; Beidh Séamus Mac Giolla Chóill ón Roinn i láthair
Cathaoirleach: Colm Ó Baoill

Dé Domhnaigh 7 Márta
11:30 Aifreann na hÉigse

1.30 Siúlóid Treoraithe le Domhnall Ó Cnáimhsí trí Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha ag teacht le chéile ag an charr- chlós sa Pháirc Náisiúnta.
Is cosúil gur éirigh go maith leis an chruinniú a bhí ann ar an Aoine seo caite leis an Comhchoiste Oireachtais faoin Dréacht Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Bhí cuid mhór toscaireachtaí i lathair ó chuile cheantair Gaeltachta agus is cinnte go bhfuair an Comhchoiste leargas maith ar an ghéarchéim teanga atá sa Ghaeltacht.

Beidh cruinniú eile ag an Chomhchoiste gan mhoill ag a mbeidh Údarás na Gaeltachta, údair thuarascail Fiontar DCU agus údair an Staidéar Cuimsítheach Teangeolaíoch ar Úsaid na Gaeilge sa Ghaeltacht ag déanamh cur i lathair.

Beidh deis eile ag pobal na Gaeltachta plé a dhéanamh ar impleachtaí an Dreacht Straitéis don Ghaeltacht le linn Éigse Uladh i nGaoth Dobhair an deireadh seachtaine seo. Beidh Séamus Mac Giolla Choill ón Roinn Gnothaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag tabhairt caint ar an Aoine faoin téama seo agus beidh sé ar fáil chomh maith ar an Satharn don seisiúin plé. Is deis maith é seo do na coistí pobail ach go háirithe soiléiriú a fháil ar an athstruchturadh atá beartaithe ag an Roinn.
Share/Save/Bookmark

Raidío Seachtain na Gaeilge 2010!

Beidh Danny O’Reilly, príomhamhránaí ón mbanna mór le rá The Coronas (Béarla), i measc na nGaeilgeoirí gnéasacha ag seoladh na seirbhíse FM don t-aon chairtstáisiúin cheoil Ghaeilge, Raidió Rí-Rá, Dé Luain 01 Márta 2010, mar thús leis an gcraolachán beo i mBaile Átha Cliath (100.3 FM), Corcaigh (106.7 FM), Gaillimh (99.1 FM), agus Luimneach (105.5 FM) ón 01 - 21 Márta 2010, díreach in am do Sheachtain na Gaeilge 2010.

?????
An gceapann éinne eile go bhfuil sé aisteach nach bhfuil oiread agis focal Gaeilge amháin ar suíomh urraitheoir Seachtain na Gaeilge - Samsung (Ireland/English)?
Mar an gcéanna le suíomh Bhanna Dhanny O'Reilly - The Coronas?
Mar aon le pearsa Sheachtain na Gaeilge Danny O’Reilly ag seoladh na seirbhíse FM do Raidió Rí-Rá i mBaile Átha Cliath, beidh na haisteoirí Michelle Beamish (Paddy sa chlár Seacht) agus Sláine Hutchinson (Claudia sa chlár Aifric) ag seoladh seirbhís FM ilcathrach an chairtstáisiúin i dteannta scoláirí ollscoile agus daltaí Gaelscoile ag preasocáidí i gCorcaigh agus i nGaillimh faoi seach.

Arsa Traic Ó Braonáin, Cathaoirleach Raidió Rí-Rá: “Is iontach an rud é go mbeidh teacht ar bhreis agus milliún go leith duine ar sheirbhís FM ilcathrach Raidió Rí-Rá arís an Márta seo, agus is céim níos cóngaraí í i dtreo stáisiún raidió Gaeilge don aos óg a chur ar an gcóras náisiúnta FM go lánaimseartha.”

Is é Raidió Rí-Rá an t-aon chairtstáisiún lánGhaeilge don aos óg in Éirinn, ag seinm na hamhráin is déanaí ó na cairteacha go hiomlán trí mheán na Gaeilge ar-líne tríd an bhliain ar fad. Thosaigh an stáisiún ag craoladh ar-líne i mí Mhárta 2008 faoin ainm oibre Raidió X agus chaith muintir Raidió Rí-Rá trí sheachtain ag craoladh beo ar FM i Márta 2009 buíochas le ceadúnas sealadach ilcathrach ó Choimisiúin Craolachán na hÉireann agus le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge agus Samsung, (Béarla) urraitheoir corparáideach Sheachtain na Gaeilge.

Deir Síne Nic an Ailí, láithreoir agus Oifigeach Caidrimh Phoiblí Raidió Rí-Rá: “Tá Raidió Rí-Rá ag treabhadh an ghoirt ag soláthar sheirbhís cheoil agus Ghaeilge d’aos óg na tíre seo le feidhmchlár iPhone in aisce agus teacht ar an stáisiún ar ghutháin Nokia anois, agus tá pleananna dul ar an gcóras teilifíse digití chomh maith leis an gcóras FM agus DAB amach anseo chun réimsí éisteachta an chairtstáisiúin a fhorbairt.”

Beidh iarratais cheoil, cláracha spóirt, giotaí popnuachta, Cath na mBannaí agus aíonna speisialta ag glacadh páirt i gcraolachán beo Raidió Rí-Rá arís i mbliana, agus tabharfaidh foireann Rí-Rá cuairt ar chumainn Ghaelacha, ógchlubanna agus scoileanna le Gaeilgeoirí óga timpeall na tíre a chur faoi agallamh le linn an chraolacháin ón 1 – 21 Márta 2010. Beidh fiú Podge agus Rodge le cloisteáil ag labhairt as Gaeilge ar Raidió Rí-Rá i mbliana, mar sin cas ar siúl an steirió agus cuir cluas leis an gcairtstáisiún ceoil is fearr i nGaeilge an Márta seo!
Share/Save/Bookmark