26.11.10

98.5% den Roinn Oideachas gan Gaeilge!

Creideann Conradh na Gaeilge go bhfuil géarghá le gníomh cothromúcháin earcaíochta san earnáil phoiblí a chinnteoidh líon dóthanach daoine atá inniúil ar an nGaeilge sna Ranna Stáit éagsúla, tar éis don Choimisinéir Teanga tabhairt le fios go bhfuil 98.5% d'fhoireann na Roinne Oideachais agus Scileanna (Béarla) nach féidir leo a gcuid gnó a dhéanamh leis an bpobal trí Ghaeilge.

Ag caint dó ag seimineár a eagraíodh san Institiúid Teicneolaíochta, Trá Lí, Co. Chiarraí níos luaithe inniu, Déardaoin, 26 Samhain 2010, dúirt Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga, gur léirigh suirbhé a rinneadh le gairid go bhfuil líon na foirne riaracháin sa Roinn Oideachais agus Scileanna le
cumas Gaeilge acu tar éis titim 50% le 5 bliana anuas.

Pádraig Mac Fhearghusa
Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Is cúis ollmhór imní dúinn atá ag saothrú in earnáil na Gaeilge, agus go háirithe in earnáil an Ghaeloideachais, go bhfuil laghdú chomh suntasach tagtha arís ar líon na foirne riaracháin sa Roinn Oideachais agus Scileanna a bhfuil ar a gcumas a gcuid seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge.

"Ní chóir Béarla éigeantach a bhrú ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus iad ag plé le heagraíochtaí stáit; mura bhfuil baill foirne atá inniúil ar an nGaeilge fostaithe sna ranna stáit éagsúla áfach, déanann sé ceap magaidh d'Acht na dTeangacha Oifigiúla agus séanann sé cearta teanga phobal
labhartha na Gaeilge, sa Ghaeltachta agus sa Ghalltacht."


Is é príomhchuspóir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ná a chinntiú go mbeidh fáil níos mó ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeidh siad ar chaighdeán níos airde, ach creideann Conradh na Gaeilge gur teip iomlán a bheidh ann mura bhfuil líon áirithe fostaithe sa státchóras in ann freastail ar muintir na Gaeilge agus na Gaeltachta. Chun dul i ngleic leis an éagóir seo, mhol an Comhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta gur chóir gníomh cothromúcháin earcaíochta a shonrú sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge chun a chinntiú go mbeidh líon dóthanach foirne sa tseirbhís phoiblí atá inniúil ar an nGaeilge agus toilteanach í a úsáid i gcomhlíonadh a ndualgas oifigiúla sa tuarascáil a d'fhoilsigh siad maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i mí Iúil 2010 (Moladh 32). Féach

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí  Chonradh na Gaeilge: "Ní fiú Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge gan moladh an Chomhchoiste maidir le gníomh cothromúcháin earcaíochta sa státchóras, agus anois an t-am chun beartas earcaíochta a leagadh síos don earnáil phoiblí, a chinnteoidh go bhfuil seirbhís Ghaeilge ar fáil do phobal na hÉireann amach anseo, agus nach gcosnódh an stát cent.

"Go deimhin, dá n-éireodh leis an rialtas a dhóthain daoine atá inniúil ar an nGaeilge a earcú ag an chéad chéim den phróiseas earcaíochta, bheadh sábháil airgid i gceist ar chostais athoiliúna, ar chostais aistriúcháin, agus eile - bheadh státseirbhísigh ar fáil laistigh den roinn leis na cáipéisí ar spéis leis an bpobal a aistriú go Gaeilge mar shampla, seachas iad a chur go haistritheoirí seachtracha, mar a tharlaíonn faoi láthair."

Ní raibh ach 3% den fhoireann ábalta seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge de réir thorthaí an tsuirbhé a rinneadh sa Roinn Oideachais agus Scileanna i 2005 agus níl ach 1.5% d'oifigigh na Roinne sin a bhfuil a ndóthain cumais sa Ghaeilge acu lena gcuid seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge sa lá
atá inniu ann. Is léir do Chonradh na Gaeilge nach leor na córais reatha earcaíochta agus oiliúna lena chinntiú go mbeidh dóthain foirne san earnáil phoiblí le seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge agus go gcaithfear dul i ngleic leis seo mar ábhar práinne i Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge an Rialtais.
Share/Save/Bookmark

2 comments:

  1. Táim cinnte go bhfuil feidhmeannaigh na Roinne Oideachais ag brostú chun na Gaeltachta anois...not. Ní raibh ann ach 3% cúpla bliain ó shin - agus is cinnte nár feabhsaíodh cúrsaí ó shin agus cad a tharlóidh nuair a bheidh daoine á scaoileadh chun bealaigh go luath, mar chuid den fheachtas choigiltis? Ar aon nós, tá an Chonradh ag troid an fheachtais mícheart. Dírigh ar na meáin, ar tacú le TG4, brú a chur ar RTÉ - agus ag obair chun Gaelscolaíócht a chur ar bun i measc an phobail. Ná bac le bheith ag cur brú ar an Roinn Gaeilge a fhoghlaim - mar níl aon náíre acu gur fiú tracht air agus níl ann ach cur amú ama bheith ag iarraidh orthu Gaeilge a fhoghlaim. Níl siad ach gáirí fúinn. Léiriú arís eile, gan amhras, ar an easpa brí atá le hOIfig an Choimisinéara Teanga. Cúig bliain ó shin thug sé amach ná raibh ach 3% den Roinn ábalta gnó a dhéanamh trí Ghaeilge agus ó shin is in olcas atá cúrsaí imithe.

    ReplyDelete
  2. Tá blag faoi leith scríofa ag Concubhar é féin ar an ábhar seo ar http://wp.me/pcxvk-15Q

    ReplyDelete