16.12.09

Comharthaí

Cá bhfuil ár dtriall?

Tá úsáid na Gaeilge ar chomharthaí tráchta na tíre ar an léiriú is feiceálaí de pholasaí an stáit i leith ár dteangacha oifigiúla, Gaeilge agus Béarla. Caithfidh údaráis bhóithre na tíre cloí leis na dualgais atá leagtha orthu maidir le húsáid na dteangacha sin ar chomharthaí tráchta faoin Lámhleabhar do Chomharthaí Tráchta. Is iad na húdaráis atá i gceist ná an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta agus údaráis áitiúla na tíre.

Lámhleabhar do Chomharthaí Tráchta
Foilseachán oifigiúil atá eisithe mar ordúchán de chuid an Aire Iompair é an Lámhleabhar do Chomharthaí Tráchta.

Má fheictear duit go bhfuil comharthaí tráchta curtha in airde ag na húdaráis bhóithre nach bhfuil ag teacht leis na forálacha reachtúla, is féidir leat gearán a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara Teanga ar an bhfoirm ghearáin.

Agus tú ag líonadh na foirme gearáin, ba chóir duit leas a bhaint as an seicliosta seo. Dá mhéad eolais a chuireann tú ar fáil dúinn, is amhlaidh is fearr a bheimid in ann dul i ngleic go cuí le do ghearán.
Is fearr foirm faoi leith a líonadh i gcás gach comhartha faoina bhfuil tú ag gearán.


SEICLIOSTA
Áit
Tabhair eolas beacht faoin áit ina bhfuil an comhartha tráchta suite. [Mar shampla, ar an R332 idir Tuaim agus Baile an Róba in aice le páirc an Chumainn Lúthchleas Gael timpeall 1.7km ó Thuaim agus tú ag taisteal i dtreo Bhaile an Róba.]

Cuir léaráid, léarscáil agus/nó na comhordanáidí GPS ar fáil a léiríonn suíomh an chomhartha tráchta, más féidir. Tabhair eolas freisin, más féidir, faoi dhath agus faoi chineál an chomhartha tráchta.

Míchruinneas
Tabhair eolas beacht faoin méid atá scríofa ar an gcomhartha tráchta, faoin méid atá mícheart air agus faoin leasú a theastaíonn dar leat, mar shampla botúin litrithe nó gramadaí nó easpa Gaeilge.

Freagracht
Tabhair ainm an údaráis bhóithre atá freagrach as an gcomhartha tráchta, más féidir (mar shampla an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta nó ainm an údaráis áitiúil).

Grianghraf
Cuir grianghraf ar fáil den chomhartha tráchta, más féidir.
M
Is forálacha d'achtachán a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge iad na forálacha faoin nGaeilge ar chomharthaí tráchta sa Lámhleabhar do Chomharthaí Tráchta. Fágann sin go bhfuil údarás reachtúil ag an gCoimisinéir Teanga gearáin a fhiosrú maidir le fadhbanna le húsáid na Gaeilge nó easpa Gaeilge ar chomharthaí tráchta.

Is iad seo a leanas na príomhdhualgais a leagtar ar na húdaráis bhóithre sa Lámhleabhar: An Lámhleabhar do Chomharthaí Tráchta

Logainmneacha ar Chomharthaí Eolais
Caithfidh logainmneacha ar chomharthaí eolais a bheith i nGaeilge agus i mBéarla ach amháin:
  • I gcás ceantair Ghaeltachta, áit a gcaithfidh na logainmneacha a bheith i nGaeilge amháin.

  • Sa chás gur cosúil litriú logainm sa dá theanga, is í foirm Ghaeilge an logainm amháin ba chóir a úsáid (Caibidil 1.9.1 den Lámhleabhar).
Ba chóir don téacs i nGaeilge a bheith i gcló iodálach, i gcás íochtair, leis an túslitir mar cheannlitir. Beidh claonadh 15 chéim ar dheis ar an script i nGaeilge (Caibidil 1.9.2 den Lámhleabhar).

Ba chóir don téacs i mBéarla a bheith i gcló rómhánach agus i gcás uachtair (Caibidil 1.9.3 den Lámhleabhar).

Comharthaí Eolais gan Logainmneacha

Ba chóir na riachtanais thuasluaite a chur i bhfeidhm ar gach uile chomhartha eolais, ar a n-áirítear plátaí eolais a chuirtear in airde in éineacht le comharthaí (Caibidil 1.9.4 den Lámhleabhar).

Foirmeacha & Litriú Logainmneacha
Ba chóir a chinntiú go n-úsáidtear na foirmeacha agus an litriú ceart de logainmneacha ar chomharthaí tráchta (Caibidil 1.9.5 den Lámhleabhar).
    (a) Ba chóir do na húdaráis bhóithre an t-Ordú Logainmneacha cuí a scrúdú.
    [Nóta breise: Tá cóipeanna de na hOrduithe Logainmneacha go léir atá déanta go dtí seo ar fáil ag Suíomh an Choimisinéara Teanga. Baineann an chuid is mó de na hOrduithe le contaetha éagsúla ach tá Orduithe ann freisin a thugann ainmneacha na gcúigí agus na gcontaetha, na lárionad daonra (bailte agus sráidbhailte san áireamh) agus na gceantar Gaeltachta.]

    (b) Mura bhfuil logainm san áireamh san Ordú Logainmneacha, ba chóir dul i gcomhairle le Gasaitéar na hÉireanna d’fhoilsigh an Brainse Logainmneacha den tSuirbhéireacht Ordanáis i 1989 agus a thugann liosta dátheangach de phríomhainmneacha tíreolaíochta na hÉireann.

    [Nóta breise: Is féidir an leagan ceart Gaeilge de logainm a dhearbhú trí leas a bhaint as Bunachar Logainmneacha na hÉireann. Mura bhfuil an logainm ar fáil ansin, is féidir dul i dteagmháil leis an mBrainse Logainmneacha trí leas a bhaint as an bhfoirm ar líne atá ar fáil ag Bunachar Logainmneacha na hÉireann.]

    (c) Agus dearbhú á lorg ar an leagan ceart Gaeilge de logainm nach bhfuil tugtha i gceachtar de na foilseacháin thuasluaite, ba chóir dul i gcomhairle leis an gCoimisiún Logainmneacha. Sula ndéanfadh údaráis bhóithre é sin, d’fhéadfaí a fháil amach trí chomhairliúchán áitiúil an bhfuil tábhacht speisialta go háitiúil le logainmneacha ar leith nó an bhfuil úsáid thraidisiúnta i gceist.

    [Nóta breise: Ba chóir a bheith airdeallach go bhfuil dualgais faoi leith ag baint le logainmneacha Gaeltachta atá daingnithe san Ordú Logainmneacha (Ceantair Ghaeltachta) IR 872 de 2004 atá ar fáil ag suíomh an Choimisinara Teanga.]
Achoimre ar Logainmneacha
Má tá logainmneacha rófhada, is féidir iad a ghiorrú, mar shampla: Baile – B.; Caisleán – Cais.; Droichead – Dr.; Mainistir – Main. (Caibidil 1.9.6 den Lámhleabhar).

Comharthaí Rabhaidh (san áireamh Comharthaí faoi Oibreacha Bóthair)
Ní hiondúil go mbíonn téacs ar na comharthaí seo ach bíonn siombail orthu chun teachtaireachtaí a chur in iúl. Má tá téacs in úsáid, ba chóir an téacs a bheith dátheangach. Má tá an baol ann, áfach, go laghdófaí tionchar na teachtaireachta, ba chóir comharthaí ar leith i nGaeilge agus i mBéarla a úsáid. (Caibidil 1.9.7 den Lámhleabhar).

Tá an teolas seo faighte againn ó shuíomh an Choimisinéara Teanga
Share/Save/Bookmark

9.12.09

Cambus Medical

Cosc ar Ghaeilge

Is dócha gur i 1367 i nDlithe Chill Cheannaigh, (Béarla) dlíthe i gcoinne teanga, dlithe agus nósanna ársa na nGael. I measc na dlithe seo bhí an abairt seo:

"....if any English, or Irish living amongst the English, use the Irish language amongst themselves, contrary to the ordinance, and therof be attainted, his lands and tenements, if he have any, shall be seized into the hands of his immediate lord,..."


Anois ar maidin tuigtear dúinn go bhfuil comhlucht atá lonnaithe sa Ghaeltacht, sa comharsanacht céanna leis an gCoimisinéir Teanga tar éis dlí inmheanach mar sin a thabhairt isteach sa chomhlucht.


Is cosúil go bhfuil
Cambus Medical, (Béarla) i mBaile an tSagairt ar an Spidéal, tár éis riail nua a dhúltaíonn cearta teanga na háite a úsáid ag na hoibrithe sa monarcha. Níl cead acu ach Béarla a úsáid, mar deireann siad go bhfuil an iomarca teanga éagsúla ag na fostaithe ann. Spáinis, Polainnais, Laitvis, Gaeilge agus Béarla. Má sharaítear an riail seo beidh ar an "cúisithe" dul ós comhair "coiste smachta" agus tá seans ann go gcailleadh sé a phost dá bharr.

Agus seo an 21ú aois!

Nóta: Is cosúil go bhfuil an fógra seo tarraingthe siar ag an gcomhlucht tár éis duine ó Údarás na Gaeltachta tengabháil a dhéanamh leo!


Preas Ráiteas ó Udarás na Gaeltachta faoin gComhlucht seo i mí Meán Fomhair:
Breis agus 60 post nua le cruthú sa chomhlacht Cambus Medical, An Spidéal

Share/Save/Bookmark

8.12.09

Stocaireacht - Na pictiúirí

Na cuairteoirí i mBuswells!

Agus lá cinniúnach na Cáináisnéise ag druidim linn, d’fhreastail breis agus 85 ball de chuid an Oireachtais idir Theachtaí Dála, Airí agus Seanadóirí ar lá stocaireachta agus eolais eagraithe ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta in Óstán Buswells i mBaile Átha Cliath 2 Dé Céadaoin, 02 Nollaig 2009. Seo a leanas ainmneacha na ndaoine sna grianghraif ón lá úd. Seo an billeog eolas (fdi
= Formáid Doiciméad Iniompartha = pdf) a scaipeadh ar an lá leis na héilimh i gcoinne moltaí MhicChartaigh agus an tionchar a bheidh ag an dréachtstraitéis 20 bliain don Ghaeilge!

Dinny McGinley, TD Fhine Gael (Dún na nGall Thiar Theas), Enda Kenny, TD agus ceannaire Fhine Gael (Maigh Eo), Éamonn Mac Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta, Peadar Mac Fhlannchadha, Timire Náisiúnta Chonradh na Gaeilge.


Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Aenghus Ó Snodaigh, TD Shinn Féin (Baile Átha Cliath Theas Láir) Éamonn Mac Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta
Peadar Mac Fhlannchadha, Timire Náisiúnta Chonradh na Gaeilge, Frank Feighan, TD Fhianna Fáil (Ros Comáin/Liatroim Theas), Tom Kitt, TD Fhianna Fáil agus cathaoirleach an Chomhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta* (Baile Átha Cliath Theas), Ulick Burke, TD Fhine Gael (Gaillimh Thoir), Éamonn Mac Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta

Dónall Ó Cnáimhsí, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta, An tAire Trevor Sargent, TD an Chomhaontais Ghlais agus Aire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia (Baile Átha Cliath Thuaidh), Máire Nic Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta, Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge

Éamonn Mac Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta, Aoife Nic Shamhráin, Oifigeach Gaeilge Choláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath (UCD), Emmet Stagg, TD agus aoire Pháirtí an Lucht Oibre (Cill Dara Thuaidh)

Thug an lá eolais deis do Theachtaí Dála agus Seanadóirí cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta a phlé le hionadaithe óna ndáilcheantar féin sna sála ar dhréacht de Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge an Rialtais agus ar mholtaí an Bhord Snip Nua, agus roimh fhógairt na Cáináisnéise Dé Céadaoin bheag seo, 09 Nollaig 2009.

*Beidh an dréacht de Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge an Rialtais ag dul os comhair an Chomhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go luath chun tuairimí agus leasuithe a mholadh ina thaobh sula bhfoilsítear an dréacht deireanach de go hoifigiúil.

Share/Save/Bookmark

4.12.09

Stocaireacht!

Lá iomlán i mBaile Átha Cliath

Is cosúil gur éirigh go hiontach leis an lá eolais agus stóchaireachta a bhí ag Guth na Gaeltacha agus Conradh na Gaeilge in Ostan Buswells i mBaile Átha Cliath. Beidh eolas iomlán faoin lá le fáil go goirid (pics agus liosta freastalaithe) ach dfhreastail thart ar 85 TD agus Seanadóir ó chuile pháirtí ar an lá. Duairt Éamonn Mac Niallas, "Ar mbuíochas leo uilig agus le ionadaithe Guth na G agus Conradh na G a thaisteal ó cheann ceann na tíre le bheith linn ar an lá. Buíochas faoi leith le foireann an Chonradh, rinne siad obair mhór. Is sampla maith a bhí ann de Phobal na Gaeilge ag aontú le teachtaireacht láidir a thabhairt. Ní neart go cur le chéile."

Bhí 12 as an 17 ball dén Chomhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltacht i lathair ag an lá stocaireacht. Is seo an comhchoiste a bhéas ag plé leis an Dreacht Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Tá liosta iomlán den na polaiteoirí a fhreastal ar an lá le fáil anseo

Share/Save/Bookmark
Sráideanna naofa Átha Cliath
"Mórchéim chun tosaigh!" Conradh na Gaeilge


Ghlac Comhairle Chathrach Bhaile Átha Cliath (Beagáin Gaeilge!) le tionscnamh an tseachtain seo (2/12/09) arna moladh ag na Comhairleoirí Tom Brabazon agus Críona Ní Dhálaigh, go mbeadh iallach ar lucht forbartha ainmneacha as Gaeilge amháin a chur ar eastáit nua sa Chathair. Beidh na hainmneacha eastáit seo fréamhaithe sa stair agus sa tírdhréacht áitiúil.

Dúirt an Comhairleoir Brabazon “Tá an cleachtas seo i bhfeidhm i móra bailte móra ar fud na tíre ar nós na Gaillimhe agus na hUaimhe le roinnt blianta anuas agus éiríonn leis úsáid na Gaeilge a normalú agus próifíl na teanga a ardú i measc an phobail. Tá mé cinnte go gcuirfidh sé le húsáid na teanga náisiunta anseo sa phríomhchathair”.

Arsa Seán Ó hAdhmaill, Cathaoirleach Coiste Chontae Bhaile Átha Cliath de Chonradh na Gaeilge: “Tá an cleachtas seo i bhfeidhm i móra bailte móra ar fud na tíre ar nós na Gaillimhe agus na hUaimhe le roinnt blianta anuas agus éiríonn leis úsáid na Gaeilge a normalú agus próifíl na teanga a ardú i measc an phobail. Tá mé cinnte go gcuirfidh sé le húsáid na teanga náisiunta anseo sa phríomhchathair”.

Share/Save/Bookmark

1.12.09

Stocaireacht!

Pleán 2030 le plé ag TD & Seanadóirí le Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta
Pictiúirí ón lá ar Facebook
dhá agallamh ag Conchubhair Ó Liatháin ar a bhlog iGaeilge. Ceann le Éamonn Mac Niallais (5 neomid) agus an ceann eile (i mBéarla) le Julian de Spáin, Runaí Chonradh na Gaeilge (7 neomaid).

Tá lá iomlán stocaireachta agus eolais eagraithe ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta in Óstán Buswells (Béarla) i mBaile Átha Cliath 2 idir 8.00rn – 6.00in Dé Céadaoin, 02 Nollaig 2009, le deis a thabhairt do Theachtaí Dála agus Seanadóirí cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta a phlé le hionadaithe óna ndáilcheantar féin sna sála ar dhréachtstraitéis an Rialtas 20 Bliain don Ghaeilge agus ar mholtaí an Bhord Snip Nua.

Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Beidh ionadaithe ó gach aoisghrúpa, ó gach Gaeltacht, agus go deimhin ó dháilcheantair fud fad na tíre ag freastal ar an lá eolais i mBuswells, arna eagrú ag Conradh na Gaeilge i gcomhar le Guth na Gaeltachta, Dé Céadaoin bheag seo.

“Is léiriú é an lá stocaireachta seo go bhfuil pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta idir óg agus aosta aontaithe ag cur in éadan mholtaí an Bhoird Snip Nua, agus go bhfuil géarghá againn ár dtuairimí faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur in iúl dár n-ionadaithe tofa sa Dáil agus an dréachtstraitéis imithe faoi bhráid bhaill an Oireachtais.


“Beidh páirt ríthábhachtach le himirt ag pobal na Gaeilge sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus tá Conradh na Gaeilge ag súil go mbeidh an pobal lárnach, ní hamháin sa phlé i mBuswells lena dTeachtaí Dála áitiúla ar an 02 Nollaig 2009, ach i gcur i bhfeidhm agus i gcur chun cinn na straitéise trí chéile amach anseo.”

Beidh an clár Rónán Beo a chraoladh ó Ostan Buswells amárach idir 3i.n. agus 5i.n. ar Raidió na Gaeltachta. Bígí ag eisteacht agus scaipigí an scéal.
Dúirt Éamonn Mac Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta: “Fáiltíonn Guth na Gaeltachta roimh ráitis éagsúla atá déanta ag an Taoiseach agus ag an Tánaiste araon, agus roimh an dréachtstraitéis 20 bliain atá foilsithe ag an Aire Ó Cuív le déanaí, a thugann le fios go mbeidh an Rialtas ag leanúint ar aghaidh ag tacú leis an Ghaeltacht agus leis an Ghaeilge mar a rinne sé go dtí seo agus ag déanamh neamhairde do mholtaí áirithe ón Bord Snip Nua, ach tá soiléiriú ar cheisteanna sainiúla Gaeltachta fós le cinntiú againn lenár dTeachtaí.

“Tá géarghá le soiléiriú a dhéanamh ar an struchtúr nua ‘Údarás na Gaeilge’ atá molta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Tá sé ríthábhachtach, ach go háirithe go mbeidh cúram ar an Údarás úr leanúint ag cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht mar a bhí Údarás na Gaeltachta go dtí seo, agus caithfidh sé bheith soiléir nach céim síos atá i gceist anseo do chúraimí Gaeltachta na heagraíochta.

“Tá gá chomh maith le soiléiriú ar phointí eile cosúil le stádas na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta mar shampla sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.”


Creideann Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta araon gur am cinniúnach í seo don teanga agus don Ghaeltacht, mar sin fearann siad fáilte roimh idir thoghthóirí agus Theachtaí bualadh isteach orainn in Óstán Buswells idir 8.00rn agus 6.00in ar an 02 Nollaig 2009 le páirt a ghlacadh sa díospóireacht agus le tacaíocht a léiriú don teanga.

Share/Save/Bookmark